03/09/2016

Polaitiú na staire

Uimhir 10 Downing Street feistithe i gcomhair lá fhéile Seoirse.

Bhí reifreann ar siúl sa ríocht bhéal dorais le déanaí. Níor mhaith liom mórán a scríobh faoi ábhar an reifrinn mar is cúrsaí staire seachas cúrsaí polaitaíochta a bhíonn faoi chaibidil anseo, ach ba chúis bhuartha dom é an pháirt a ghlac dornán staraithe iomráiteacha—agus líon mór staraithe gan iomrá—sa bhfeachtas. Chuir sé díomá orm go raibh níos mó ná trí chéad staraí gairmiúil sa Bhreatain sásta an imlitir mhórchúiseach seo a leanas a shíniú:
As historians of Britain and of Europe, we believe that Britain has had in the past, and will have in the future, an irreplaceable role to play in Europe. On 23 June, we face a choice: to cast ourselves adrift, condemning ourselves to irrelevance and Europe to division and weakness; or to reaffirm our commitment to the EU and stiffen the cohesion of our continent in a dangerous world.
The Guardian, 24 Bealtaine 2016
Sin é téacs iomlán na litreach, más féidir ‘litir’ a thabhairt ar nóta giorraisc mar é. D’áitigh na staraithe go mbeadh an Bhreatain ag imeacht gan treoir feasta agus go mbeadh an Eoraip scoilte agus in ísle brí dá dtabharfadh na vótóirí an chluas bhodhar dá gcomhairle. Níor thugadar aon fhianaise a thacódh leis an tairngreacht seo, áfach, ná níor dheineadar anailís ar bith ar na himeachtaí stairiúla a spreag an achainí thuas, ná níor mhíníodar cad iad na tubaistí a thiocfadh sa mhullach ar mhuintir na Breataine agus na hEorpa trí chéile dá vótálfaí an bealach mícheart. Caint uasal le híseal atá sa litir: ‘is saineolaithe sinn’, adúradar, ‘tuigimid rudaí nach fiú linn a mhíniú ach tá treoir againn daoibh: fanaigí san Aontas Eorpach nó beidh an tír agus an mhór-roinn i mbaol—cé nach fiú linn bunús an bhaoil sin a mhíniú ach an oiread.’ Ar na staraithe mór le rá a bhí sásta a n-ainm a chur leis an bhfoláireamh postúil seo bhí Simon Schama, Ian Kershaw, Michael Burleigh, Richard Evans agus Michael Howard. Ar an drochuair, bhí duine nó beirt ina measc a bhfuil aithne mhaith againn orthu sa tír seo: Roy Foster, mar shampla, a bhí ina ollamh le stair na hÉireann in Oxford go dtí le déanaí, agus Ian McBride, a tháinig i gcomharbas air níos luaithe i mbliana.

‘Obedience Training’: an léamh a bhí ag cartúnaí an Daily Telegraph ar chúrsaí.




     Ní dóigh liom go rithfeadh sé le trí chéad garraíodóir, le trí chéad tiománaí traenach, ná le trí chéad múinteoir bunscoile a leithéid de litir a scríobh. Agus dá mbuailfeadh taom toirtéise iad, táim cinnte nach gcuirfeadh an Guardian spás amú trína n-ainm a liostáil. D’fhéadfaí a rá, b’fhéidir, gur scoláirí iad na staraithe agus go raibh aitheantas ar leith ag dul dóibh dá réir. Ach ní dóigh liom go síneodh trí chéad seandálaí, trí chéad réalteolaí, ná trí chéad máinlia a leithéid de litir ach an oiread. Tuigeann gach duine go mbaineann réimsí cúnga saineolais leis na disciplíní sin agus ní thabharfadh an gamal is saonta amuigh aird ar leith ar thuairimí teangeolaí—chun gairm randamach a lua—dá mbeadh ábhar ar bith seachas an teangeolaíocht faoi chaibidil. Ar chúis éigin nach dtuigim, áfach, síleann staraithe áirithe go bhfuil a gcuid eolais i bhfad níos fairsinge ná na tréimhsí staire a bhfuil staidéar déanta acu orthu. Creideann siad, de réir dealraimh, go bhfuil an saineolas atá acu chomh leathan sin go gcuimsíonn sé, ní hamháin an t-am atá imithe, ach an t-am atá le teacht chomh maith. Síleann na saoithe seo go bhfuil bua na fáistine acu agus gur chóir don choitiantacht—an daoscar nach bhfuil na dintiúir chuí acadúla acu—éisteacht go humhal lena nglór. An bhfuilim ag dul thar fóir? Ba bhreá liom a cheapadh go bhfuil, ach ní dóigh liom é. Seo daoibh giota beag as alt le Roy Foster a foilsíodh ar an Irish Times cúpla lá tar éis an reifrinn:
The correlation between areas with a high concentration of university graduates, and a vote for Europe, is very striking. I thought irresistibly of the doughty Irish revolutionary Mabel FitzGerald, who – 30 years after 1916 – confided to her friend George Bernard Shaw that she believed that uneducated people did not deserve the vote. Her son Garret corroborated this, telling me that she believed a university degree was a necessary qualification for the franchise “and it should be at least a 2.1”. Nigel Farage, who like Jeremy Corbyn does not have a university degree, will probably now campaign for a referendum to bring back hanging and God knows what else.
The Irish Times, 27 June 2016
An cúis iontais é go bhfuil an saol ina chíor thuathail nuair a ligtear do dhaoine vóta a chaitheamh, seasamh i dtoghcháin, agus suí ar an mbinse tosaigh sa ‘mother of parliaments’ gan chéim mhaith a ghnóthú i dtús báire? Bheinn ag súil go mbeadh tuairimí mar seo á nochtadh os íseal sna seomraí caidrimh i gcoláistí Oxford agus Cambridge, go mall san oíche agus an fíon á dhiúgadh ag na dons, ach ba chúis iontais dom é gur fhoilsigh Roy Foster iad don saol mór—an amhlaidh go raibh spiorad W. B. Yeats ag labhairt tríd? Is ar éigean a bheadh an t-alt san Irish Times léite ag Paul Embery, oifigeach ceardchumainn i Londain a dhein toradh an reifrinn a scagadh ar an Huffington Post, ach leag sé a mhéar go cruinn ar an meon a léiríodh ann:
The sneering contempt displayed towards these and all of the seventeen million who voted Leave by the resentful new alliance of metropolitan liberals, know-all academics, no-mark ‘celebrities’ and know-nothing-yet students should trouble us all.

     To these self-appointed guardians of enlightened society, working-class Leave voters are another breed. Certainly borderline racist, if not the real thing. Thick and uneducated, they could hardly be expected to understand the issues at stake in the referendum or appreciate the benefits of a progressive institution like the European Union.
Paul Embery, The Huffington Post, 1 Iúil 2016
An glantóir mná a d’fhág an scoil go luath agus a fágadh díomhaoin toisc go raibh inimircigh ó oirthear na hEorpa sásta glacadh le huaireanta oibre níos faide ar thuarastal níos lú, bhí an éifeacht chéanna ag an vóta a chaith sise sa reifreann agus ag an vóta a chaith an t-ollamh ollscoile a bhí buartha go dtitfeadh líon na mac léinn ó mhórthír na hEorpa—agus sin mar is cóir!

Chuir Michael O’Leary, eascara na gceardchumann, a ladar sa bhfeachtas.



     Níor dhein iarrachtaí uile na staraithe, Barak Obama, Michael O’Leary agus Sir Bob Geldof maitheas ar bith don fheachtas ar son an Aontais Eorpaigh. Ag an am céanna, bheadh drogall orm a rá gur dhein siad mórán dochair don chúis. Is é an fhírinne lom, mura bhfuil dul amú mór orm, go raibh an cinneadh déanta ag muintir Shasana i bhfad sular thosaigh an feachtas. Táim sásta go bhfuil tuiscint réasúnta maith agam ar mheon agus ar thréithe na Sasanach, ar a gcuid suáilcí agus ar a gcuid duáilcí. Má fhágtar Éire as an áireamh, tá níos mó léite agam faoi stair Shasana ná faoi stair aon tíre eile; dheineas mó chéim dhochtúireachta in Ollscoil Learphoill; agus chaitheas cúig bliana de mo shaol i mo chónaí le bean as Cheshire. Bhí sé á thuar agam roimh ré go mbeadh 55 % de na Sasanaigh ar son imeachta, gur bheag a bheadh idir an dá thaobh sa Bhreatain Bhig (is iad na Breatnaigh an dream thall is lú a bhfuil cur amach agam orthu), agus nach mbeadh na móraimh ar son an Aontais Eorpaigh in Albain agus i dTuaisceart Éireann mór go leor chun breith na Sasanach a chealú. Mar a thit cúrsaí amach, ní raibh ach 53 % ar son imeachta i Sasana (shíleas go mbeadh an vóta cothrom go leor i Londain ach bhí móramh mór i gcoinne imeachta sa phríomhchathair). Os a choinne sin, bhí na Breatnaigh beagnach chomh mór i gcoinne an Aontais is a bhí na Sasanaigh féin. Tríd is tríd, áfach, ní raibh mórán idir an toradh agus an tuar a bhí déanta agam. Ní raibh aon chuid d’alt Roy Foster is mó a chuir ionadh orm ná an sliocht seo a leanas:
At a meeting of 80 academic historians from all parts of the political spectrum at 11 Downing Street a few weeks ago, the sense of intellectual solidarity in favour of European membership was powerful and I was foolish enough to believe that these feelings would prevail.

     I cannot rid myself of the feeling that we have been living in a bubble.
The Irish Times, 27 June 2016
Is admháil é seo go raibh an t-údar agus a chomhghleacaithe dall ar dhearcadh na ndaoine a bhfuil cónaí orthu ina measc. D’fhéadfaí a rá gur léiriú í an easpa tuisceana seo ar leithead na bearna idir na haicmí i Sasana—nó ar airde an túir eabhair ina gcaitheann staraithe acadúla a saol. Ach shílfeá go bhfaigheadh na staraithe léargas ar dhearcadh na Sasanach i leith na hEorpa ó léamh na staire. Cuimhnigh, mar shampla, ar an ráiteas cáiliúil a dhein Winston Churchill i láthair Charles de Gaulle, an 4 Meitheamh 1944:
Nous allons libérer l’Europe, mais c’est parce que les Américains sont avec nous pour le faire. Car, sachez-le ! chaque fois qu’il nous faudra choisir entre l’Europe et le grand large, nous serons toujours pour le grand large.
Charles de Gaulle, Mémoires de guerre: l’únité 1942-44 (Páras, 1980), 266.

[Táimid chun an Eoraip a shaoradh, ach is amhlaidh atá toisc go bhfuil na Meiriceánaigh inár dteannta lena dhéanamh. Óir, bíodh a fhios agat, gach uair a bheidh rogha le déanamh againn idir an Eoraip agus an fharraige mhór, is í an fharraige mhór a roghnóimid i gcónaí!]
Níl aon tuiscint níos lárnaí i bhféiniúlacht na Sasanach ná an tuiscint gur oileánaigh iad. Cheapfá go mbeadh an tuiscint sin i bhfad níos treise in Éirinn ná i Sasana, ach is é a mhalairt atá fíor. Is aisteach an scéal é nár rith an smaoineamh leis na staraithe go raibh an feachtas ar son imeachta ag luí le traidisiúin stairiúla na tíre agus go mbeadh an lá ag lucht imeachta. Ní gá go mbeadh traidisiún ar bith buan, ar ndóigh, ach nuair a théann traidisiún i léig is de réir a chéile a tharlaíonn sé.

Ní bheadh beann ag staraithe ar cheisteanna fánacha mar iad seo.


     Níl aon ghaisce déanta ag an Aontas Eorpach a mheallfadh an Sasanach cothrom chun cúl a thabhairt dá dhúchas. Tuigeann an dream úd nach bhfuil céimeanna ollscoile acu go bhfuil scrios déanta ar gheilleagar na Gréige de bharr pholasaí déine an Bhainc Cheannais in Frankfurt—institiúid is deacair a aithint go minic ón Bundesregierung i mBeirlín. Mar an gcéanna, is léir don dream gan chéimeanna go bhfuil brú as cuimse curtha ar chaighdeáin fhostaíochta agus ar an mbonneagar sóisialta i dtíortha áirithe—go mór mór i Sasana—de bharr shaor-ghluaiseacht na n-oibrithe. Aontaím go raibh an ceart ag Roy Foster nuair a scríobh sé go mbeadh toradh eile ar an reifreann dá mbeadh an cead vótála teoranta do chéimithe ollscoile, ach bainim tátal eile ar fad as an bhfíric sin: ní hé go bhfuil an pobal i gcoitinne níos aineolaí ná na céimithe, ach nach iad na polasaithe céanna a dhéanfadh a leas-san agus leas na meánaicme. Ba mhaith an mhaise do na staraithe é dá gcloífidís leis an stair feasta. Is é sin le rá, gur chóir dóibh a n-aird a dhíriú ar an am atá imithe agus an t-am atá le teacht a fhágáil faoi na polaiteoirí. Is cinnte nach féidir leo páirt a ghlacadh i bhfeachtais chonspóideacha pholaitiúla gan dochar a dhéanamh dá seasamh gairmiúil i súile an phobail. Sa deireadh thiar thall, níl ach cúis amháin go bhfuil tuairimí an staraí níos údarásaí ná tuairimí an tiománaí tacsaí: mar atá, go bhfuil staidéar déanta ag an staraí ar na foinsí príomha a bhaineann le hábhar—é sin, nó go bhfuil saothair le staraithe eile a bhfuil cur amach acu ar na foinsí céanna léite aige.

Is réimsí éagsúla iad an stair agus an pholaitíocht.



     Ar eagla na míthuisceana, nílim á rá nár chóir don staraí tuairimí polaitiúla a bheith aige ná a nochtadh. Tá an ceart ceannann céanna ag an staraí páirt a ghlacadh i saol poiblí a thíre agus atá ag an tiománaí tacsaí, ach má dheineann sé amhlaidh ba chóir dó é a dhéanamh ina cháilíocht mar shaoránach. Níor chóir dó a chur in iúl go bhfuil tábhacht lena sheasamh polaitiúil toisc gur staraí é. Ar ndóigh, d’fhéadfadh sé tarlú ó am go chéile go mbeadh léargas ar leith ag staraí ar cheist áirithe toisc go raibh staidéar déanta aige ar chúlra stairiúil na ceiste; más amhlaidh atá, níl cúis ar bith nach roinnfeadh sé a chuid eolais lena chomhshaoránaigh ach an fhianaise a chur i láthair ar bhealach atá tomhaiste cothrom. Mar a tharlaíonn sé, b’shin a dhein an tOllamh Ian McBride, comharba, Roy Foster, in alt leis ar impleachtaí an reifrinn do Thuaisceart Éireann a foilsíodh ar an Guardian, an 19 Iúil 2016. Tá téis an ailt soiléir ón teideal (After Brexit, Northern Irish politics will again be dominated by the border) agus ní aontaím le gach dá bhfuil scríofa ann, ach is anailís stuama é a dhíríonn ár n-aird ar roinnt de na fadhbanna a bheidh le sárú sna blianta atá romhainn. Agus is é an rud is fearr ar fad faoin alt ná seo: níl oiread is tagairt amháin ann do ghairm an údair. Braitheann éifeacht uile an ailt ar loighic na n-argóintí ann agus ní ar stádas acadúil an té a scríobh.

Torthaí an reifrinn.



     Sa chéad olltoghchán eile beidh rogha le déanamh ag muintir Shasana idir na Tóraithe faoi cheannas Theresa May, bean a bhfuil céim (dara honóracha, faraor!) aici ó Ollscoil Oxford, agus Páirtí an Lucht Oibre faoi cheannas Jeremy Corbyn, fear nár bronnadh céim ollscoile air riamh. Beidh an chéad dream ag iarraidh an earnáil phoiblí, na liúntais shóisialta agus an rialú stáit a ghearradh. Beidh an dara dream ag iarraidh fóntais a príobháidíodh i ré Margaret Thatcher a náisiúnú in athuair, cánacha a ardú, an soláthar airgid a mhéadú, feabhas a chur ar na seirbhísí sóisialta, agus Iarúsailéim nua a thógáint in England’s green and pleasant land. Is dóichí ná a mhalairt go n-éireoidh leis an gcéad dream, ach cuimhnímis gur dhein na Sasanaigh cinneadh in olltoghchán na bliana 1945 a tháinig aniar aduaidh ar an saol mór ag an am. Is ag na vótóirí i Sasana a bheidh an chumhacht, cibé ar bith, ach beidh cead ag na críocha beaga imeallacha bailiú leo as an ríocht más é sin a theastaíonn uathu. Tá téarma teicniúil ar an socrú seo dá bhféadfainn smaoineamh air ... Is ea, tá sé agam: ‘daonlathas’. Sin a ghlaotar air. Dúirt duine éigin tráth gurb é an córas rialaithe is measa ar domhan é—seachas na cinn eile go léir.