04/04/2012

Cuimhneamh nó comóradh?

Bhíos i láthair ag caint phoiblí a thug Mícheál Mac Aonghusa  mar chuid de Sheachtain na Gaeilge i mbliana. ‘Comórthaí conspóideacha chugainn’ an teideal a bhí ar léacht Mhíchíl agus seo é téacs an fhógra ríomhphoist a seoladh chugam cúpla lá roimh ré:
Tréimhse chorraitheach i saol na hÉireann a bhí sna blianta 1912-1922. Anois táthar ag ullmhú le cuid d’imeachtaí móra na mblianta sin a chomóradh agus táthar a rá linn go mba cheart a bheith ‘cúramach’ nach gcuirfimid olc ar dhaoine. Tá iarracht ar bun go háirithe sraith imeachtaí, idir fhorásach agus fhrithbheartach, a chur le chéile in aon phacáiste comorthaí amháin beag beann ar a mbrí pholaitiúil ná shóisialta ná a n-impleachtaí sa lá inniu.
Ar na heachtraí stairiúla a luadh ar an oíche bhí an ghéarchéim i dtaobh Home Rule, frithdhúnadh na bliana 1913, tabhairt i dtír na ngunnaí an bhliain dár gcionn, cogadh mór na mblianta 1914-18 agus, ar ndóigh, éirí amach 1916. Léacht tathagach tomhaiste ba ea é agus b’fhiú é a chur i gcló. Mar a bheifí ag súil leis i bhfianaise úsáid na dtéarmaí ‘forásach’ agus ‘frithbheartach’ sa bhfógra thuas, níor sheachain an cainteoir an pholaitíocht. Go deimhin, ba dheacair a dhéanamh amach conas a d’fhéadfaí an t-ábhar a bhí faoi chaibidil aige a dhealú ón bpolaitíocht óir is gníomh polaitíochta seachas gníomh staire é comóradh a dhéanamh ar phearsa nó ar eachtra ar leith sa stair. Ba é teachtaireacht an chainteora go bhfuil sé de cheart ag gach dream comóradh a dhéanamh ar na pearsana stairiúla a bhfuil meas acu féin orthu, agus gur chóir do na staraithe staidéar a dhéanamh ar ghné ar bith den stair a bhfuil tábhacht léi, ach nár chóir don stát comóradh a dhéanamh ach ar ar eachtraí a dhein leas an phobail – is é sin le rá, ar na himeachtaí ‘forásacha’ a luadh sa bhfógra thuas.

      Ní rabhas sásta go hiomlán le húsáid an fhocail ‘comóradh’ áfach. Bhraitheas go rabhthas á úsáid mar aistriúchán ar ‘commemoration’ an Bhéarla nuair nach ionann an dá choincheap. De réir mo thuisceana, is ionann ‘comóradh’ agus ‘móradh coiteann’. Ach is rud eile ar fad é an commemoration: téarma neodrach is ea é sin nach bhfuil impleachtaí dearfacha ná diúltacha ag baint leis. Níl i gceist leis ach cuimhniú foirmeálta de shaghas éigin agus is féidir cuimhniú a dhéanamh ar thubaistí na staire – ar an nGorta Mór abraimis – chomh maith agus is féidir cuimhniú a dhéanamh ar eachtraí glórmhara na staire. Ritheann sampla liom láithreach: thugas cuairt roinnt blianta ó shin ar an ionad cuimhneacháin i gcathair Yerevan na hAirméine, áit a mbíonn searmanas cuimhneacháin ar an 24 Aibreán gach bliain i gcuimhne ar chinedhíothú na bliana 1915 nuair a mharaigh na Turcaigh níos mó ná milliún Airméineach.

An t-ionad cuimhneacháin in Yerevan
      Bhí cead ag an lucht éisteachta ceisteanna a chur nó ráitis a dhéanamh tar éis léacht Mhíchíl Mhic Aonghusa agus thapaíos mo dheis. D’áitíos go bhfreagraíonn an focal ‘comóradh’ do ‘celebration’ an Bhéarla agus gurb é ‘cuimhneachán’ an leagan Gaeilge is cruinne ar ‘commemoration’. Ghlac Mícheál leis an mbeachtú sin. Bhí tuairim agam, agus mé ag labhairt ón úrlár, go raibh sampla suntasach den mheascán aisteach seo idir ‘comóradh’ agus ‘commemoration’ feicthe agam in áit éigin cheana ach níorbh fhéidir liom smaoineamh air ag an am. Bhíos ar mo bhealach abhaile nuair a phreab an tagairt a bhí uaim aníos as duibheagán m’inchinne. Seo daoibh é:

Comóradh = commemoration? Comóradh ≠ ceiliúradh?
      Léas an leabhar sin leis an Ollamh Tom Dunne go luath tar éis a fhoilsithe sa bhliain 2004 agus tá mórán rudaí ann ar aontaíos leo. Ar láimh amháin, chuir sé i gcoinne na staraithe úd a mhaíonn gur ghnáth-réimeas de chuid Eoraip an ancien régime seachas coilíneacht a bhí in Éirinn i rith an 18ú céad; ar an láimh eile, d’aithin sé nár ‘fhás aon oíche’ é poblachtachas na 1790í agus gur ghluaiseacht í a raibh préamhacha doimhne aici i stair na hÉireann. Ach nocht sé tuairimí eile sa leabhar nach bhféadfainn glacadh leo ar chor ar bith agus tá ceann acu le léamh sa sliocht thuas. Ní raibh aon uisce faoi thalamh ar siúl ag Comóradh ’98 – an t-eagras a bunaíodh i Loch Garman chun comóradh (cad eile?) nó ‘celebration’ a dhéanamh ar éirí amach na nÉireannach Aontaithe. Bhí an cuspóir sin fógartha go neamhbhalbh agus go neamh-leithscéalach i dteideal an eagrais. Ba léir ón teideal sin gur theastaigh ó bhaill Chomóradh ’98 ómós a thabhairt do lucht an éirí amach agus nár chóir d’aon duine bheith ag súil le hanailís fhuarchúiseach acadúil mar thoradh ar a gcuid oibre. Níor léir dom go raibh údar gearáin ag an Ollamh Dunne: cad eile a dhéanfadh poblachtaigh Loch Garman ach a sinsir a throid chun poblacht a bhunú a chomóradh? Cad eile a dhéanfaidh sóisialaithe Bhaile Átha Cliath an bhliain seo chugainn ach bunú an Airm Chathartha a chomóradh? Cad eile a dhéanfaidh aontachtaithe Uladh i gceann dhá bhliain ach tabhairt i dtír na ngunnaí i Latharna a chomóradh?

      Ach ina dhiaidh sin is uile, cheapfá go mbeadh teorainn leis an gcomóradh seo go léir. Luíonn sé le ciall go ndéanfadh poblachtaigh comóradh ar na fir a throid chun poblacht a bhunú sa bhliain 1798 ach is deacair dom a thuiscint cén fáth a ndéanfaidís comóradh ar an éirí amach féin nuair a briseadh go tubaisteach ar na poblachtaigh a d’éirigh amach – níorbh ionann é agus éirí amach na Cásca ar deineadh bua polaitiúil de laistigh d’achar gearr. Ach b’fhéidir gur tuairim phearsanta é sin agus go gcuireann tubaistí na staire ardú croí ar dhaoine eile: chím go raibh Eoghan Ó Néill ag scríobh ar chath an Somme a chomóradh le déanaí agus go raibh Gerry Moriarty ag trácht ar ‘celebration’ a dhéanamh ar bhá an Titanic an lá cheana ...

Let’s all celebrate!


      Caithfear a admháil go bhfuil ceangal idir an dá choincheap – idir ‘comóradh’ agus ‘cuimhneachán’, idir ‘celebration’ agus ‘commemoration’ – in aigne an phobail mar sin, ach ní fhágann sé sin gur chóir neamhshuim a dhéanamh den difríocht mhór atá eatarthu. Tá na foclóirí cuardaithe agam le cúpla lá anuas agus sílim nár mhiste torthaí mo chuid taighde a chur i láthair anseo.  Ba sa bhliain 1732 a foilsíodh foclóir Béarla-Gaeilge Chonchobhair Uí Bheaglaoich agus is é an leagan Gaeilge a mhol sé le haghaidh ‘commemoration’ ná ‘cuimhniughadh shollamannta’ (‘cuimhniú sollúnta’ i litriú an lae inniu) – is dócha gur bhotún cló é an ‘s’ séimhithe. Is aistriúchán gonta cruinn é sin ar dheacair é a shárú, dar liom. Is cosúil nach raibh aon aistriúchán ar ‘commemoration’ ag Edward O’Reilly ina fhoclóir Gaeilge-Béarla  (1821) ach d’aistrigh sé ‘cuimhneachán’ mar ‘a memorandum; a keep-sake’ agus ‘cuimhniughadh’ mar ‘remembering, memorial’. Is léir gur tháinig foclóir Béarla-Gaeilge Daniel Foley (1855) faoi anáil shaothar Uí Bheaglaoich: trí aistriúchán a bhí aige ar ‘commemoration’, mar atá ‘cuimhne’, ‘cuimhneas’ agus ‘sollamnughadh’ (‘sollúnú’ i litriú an lae inniu), moltaí nach bhfuil ró-shásúil. Bhí moltaí níos casta fós ag T. O’Neill Lane (1917):
Commemoration, n., (1) the act of commemorating, comhchuimhniughadh, - nighthe, m. (2) A memorial or observance in memory, (a) comhchuimhne, gen. id. f.; (b) nás, -áis, m.; (c) féil bhais, c. of the dead.
Tá blas na sean-litríochta ar ‘nás’ agus baineann ‘féil bháis’ le deasghnátha reiligiúnacha, ach is dóigh liom gur moltaí maithe iad ‘comhchuimhniú’/’comhchuimhne’ – leaganacha ata cloiste nó feicthe agam corruair cé nach bhfuil siad sna foclóirí is déanaí.  Tá tionchar fhoclóir O’Reilly le brath ar mholtaí an Duinnínigh (1927) agus is cosúil go raibh deasghnátha an chreidimh chun tosaigh in aigne an fhoclóirí seo chomh maith. Seo dhá iontráil óna fhoclóir:
Cuimhniughadh, -ighthe, m. a commemoration; cuimhniughadh bliadhna, a yearly c.; c. míosa, a monthly c.; cuimhneamh, id.
Cuimhneachán, -áin, pl. id., m. a memorial, a keepsake, a memorandum.
Mhol Lambert McKenna (1935) ‘cuimhniu’ agus ‘cuimhneamh’, dhá leagan chanúnacha den fhocal céanna, agus bhí dhá théarma ag Tomás De Bhaldraithe (1959) ar ‘commemoration’ leis: ‘cuimhneachán’ agus ‘ceiliúradh cuimhne’. Bhí an chuma ar chúrsaí go raibh an cheist réitithe faoi dheireadh nuair a tháinig foclóir Néill Uí Dhónaill amach (1977):
cuimhneachán, m. (gs. & npl. –áin, gpl. ~).  1. Commemoration. Beidh sé mar chuimhneachán orthu, it will be a reminder of them. 2. Memento, souvenir.
Níl aon tagairt i gceann ar bith de na foclóirí atá luaite agam go dtí seo a thugann le fios go bhfuil baint dá laghad idir ‘comóradh’ agus ‘commemoration’. Seo mar a mhínítear an téarma sa Dictionary of the Irish Language:

Fianaise na Sean-Ghaeilge



Sin mar a bhí sa tSean-Ghaeilge agus níor athraigh ciall an fhocail sa Nua Ghaeilge. Míniodh é mar ‘to gather together, to assemble’ i bhfoclóir Gaeilge-Béarla John O’Brien (1768) agus d’aistrigh O’Reilly (1821) an téarma mar ‘an assembly, congregation’. Bhí ‘an assembly of any kind’ mar aistriúchán ag an Duinníneach (1927), ach bhí ciall eile aige chomh maith: ‘co-extolling, magnifying’.  Is léir go bhfuil an chiall sin bunaithe ar shanasaíocht an fhocail: ‘comóradh’< ‘comh’ + ‘móradh’. Trí chiall ar leith a bhí ag Niall Ó Dónaill (1977): ‘gathering, assembly’, ‘celebration’, agus ‘accompaniment, escort of honour’. Tá sé sin ag teacht leis an iontráil sa Foclóir Beag (1991):
comóradh f1 comhthionól, cruinniú; ceiliúradh (~ na Cásca); cóisir; coimhdeacht
      Cad as a dtáinig an tuairim go bhfuil baint éigin idir ‘comóradh’ agus ‘commemoration’ más ea? Is cosúil go n-eascraíonn an mearbhall seo go léir as iontráil dhoiléir amháin sa Foclóir Póca (1986). Níl aon locht agam ar an iontráil le haghaidh ‘commemoration’:
commemoration n cuimhneachán; searmanas cuimhneacháin
Seo í an iontráil a dhein an dochar de réir dealraimh:
commemorate vt, to ~ a person duine a chomóradh; duine a chuimhneamh
Cé go bhfuil an iontráil le haghaidh ‘comóradh’ sa chuid Gaeilge-Béarla den fhoclóir ar fheabhas, ní leor é chun drochéifeacht na hiontrála thuas a chur ar ceal:
comóradh komo:rɘ m1 gathering, assembly; celebration; accompaniment, escort
Tá an Collins Pocket Irish Dictionary (1997) níos measa fós. Cé nach bhfuil ‘commemoration’ luaite sa bhfoclóir in aon chor, tá an iontráil seo a leanas le léamh ann:
commemorate vt: to commemorate sb cuimhneachán a dhéanamh ar dhuine, duine a chomóradh or a chuimhneamh; to commemorate sth rud a cheiliúradh
An ‘comóradh’ é seo?

An ag ‘ceiliúradh’ atá na daoine seo in Yerevan? Dá gcreidfeá an Collins Pocket Irish Dictionary, bheadh ort a rá gurb ea. An ag ‘comóradh’ atá siad? Más é ‘cruinniú’ an chiall atá leis an bhfocal, d’fhéadfá a rá gurb ea, ach níl an rian is lú den mhóradh le brath orthu. Is é an t-aon mhothúchán atá le brath ar an searmanas cuimhneacháin seo an cumha a eascraíonn go minic ó chuimhniú na staire.

      Seo í an fhoinse is mó a chuir alltacht orm:

Focal.ie, 4 Aibreán 2012


Sin é an leagan Gaeilge ar ‘commemoration’ atá á mholadh faoi láthair ar focal.ie. Is fíor go bhfuil an nod ‘reiligiún’ luaite leis an aistriúchán agus go ndéantar naoimh agus féilte a chomóradh san eaglais Chaitliceach, ach an gcreideann aon duine gurb é sin an chiall is coitianta le ‘commemoration’ sa lá atá inniu ann? Táim cinnte de gurb í an stair seachas an reiligiún a bhíonn ag dó na geirbe d’fhormhór na ndaoine a dteastaíonn uathu Gaeilge a chur ar ‘commemoration’.

      Nuair a chonac an moladh thuas chuireas teachtaireacht ríomhphoist chuig Fiontar ar an toirt agus moladh dom dul i dteagmháil leis an gCoiste Téarmaíochta, an dream a réitíonn an t-ábhar a fhoilsítear ar focal.ie. Dheineas amhlaidh agus fuaireas an freagra seo a leanas ó oifigeach de chuid Fhoras na Gaeilge, an 14 Márta:
Glacaimid le do phointe agus táimid ag aontú leat. Mholfaimis cuimhneachán a thabhairt ar commemoration, agus comóradh ar celebration. Molfaimid don Choiste go ndéanfar na hiontrálacha ar focal.ie a leasú dá réir.
Níl an leasú sin curtha i gcrích go fóill, ach táim ag faire an tsuímh agus tá súil agam go mbeidh dea-scéala le léamh anseo go luath ...

AGUISÍN - 15 Aibreán 2012


Fuaras scéala ón gCoiste Téarmaíochta cúpla lá ó shin ach ní dea-scéala é. Seo í an teachtaireacht ríomhphoist a cuireadh chugam:
Pléadh an cheist seo ag cruinniú den Choiste Stiúrtha le déanaí.  
Deir an Coiste i gcoitinne gurb é ‘ceiliúradh’ an gnáthfhocal ar ‘celebration’. Aontaíodh freisin leis an leagan amach atá sa bhunachar i gcás ‘commemoration’. Admhaíodh go bhféadfadh gné cheiliúrtha a bheith ag baint le ‘comóradh’ uaireanta, agus i gcanúintí tuaisceartacha go hairithe, ach b’é tuairim an Choiste go mba chóir cúrsaí a fhágáil mar atá, agus gan ‘comóradh’ a chur le ‘celebration’.  
Bhí siad den tuairim gur bhain an cheist le réimse na gnáthfhoclóireachta seachas na téarmaíochta per se, agus gur ceist aistriúcháin phearsanta a bheadh ann.  
Is cinnte gur féidir naomh nó féasta, laoch nó bainis a chomóradh, ach an féidir bithiúnach nó gorta, feallaire nó dúnmharú a chomóradh? Ní dóigh liom gur féidir - agus murar féidir níl an téarma sin oiriúnach mar aistriúchán ar ‘commemoration’.

      Má dheintear pearsana nó eachtraí stairiúla a chomóradh mar chuid de shearmanais chuimhneacháin go minic, is minic freisin nach ndeintear. Is é an cuimhniú ar dhóigh éigin atá eagraithe an t-aon riachtanas le haghaidh commemoration.