03/06/2012

Tóir na ‘Gé Fiáine’

Is ag triall ar an Château de Vincennes, caisleán atá suite tuairim is 6 km soir ó Pháras, a bhí Jean-Jacques Rousseau sa bhliain 1749 nuair a bhuail taom inspioráide é. Bhí sé ar a bhealach chun cuairt a thabhairt ar Denis Diderot, cara leis a bhí i mbraighdeanas sa chaisleán de bharr a chuid scríbhinní. Príomh-eagarthóir an Encyclopédie agus duine d’fhealsaimh mhóra na hEagnaíochta ba ea Diderot – fear a bhí ar a dhícheall ag iarraidh soiscéal na heolaíochta agus an réasúin a scaipeadh ar fud na Fraince agus na hEorpa. Ach thiontaigh Rousseau i dtreo eile ar fad tar éis an illumination de Vincennes: is ar an nádúr seachas an eolaíocht, ar na mothúcháin seachas an réasún, a dhíreodh sé a aird feasta. Réamhtheachtaire an rómánsachais ba ea é ón lá sin amach.

Príomh-gheata an dúnfoirt in Vincennes


      Deirtear nach mbuaileann tintreach an ball céanna faoi dhó, ach tá amhras orm an fíor é sin mar bhuail splanc léargais mé nuair a bhíos féin i gcaisleán Vincennes i mí Aibreáin na bliana 1992. Tá an difríocht seo idir an dá chás áfach: in ionad néal buan a fhágáil ar m’intinn, mar a tharla i gcás Rousseau, is amhlaidh gur chuir an splanc a bhuail mise le mo chumas mar staraí. Seo mar a tharla.

      Bhí tús curtha agam le tráchtas M.Phil. ar an bhfile Aodh Buí Mac Cruitín (c.1680-1755) sa bhliain 1991 - tráchtas a d’fhoilseofaí faoin teideal An Crann os Coill roinnt blianta ina dhiaidh sin. Is é an plean a bhí agam i dtús báire staidéar a dhéanamh ar leabhar staire leis an bhfile a foilsíodh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1717 – leabhar dar teideal A Brief Discourse in Vindication of the Antiquity of Ireland – ach theastaigh uaim cúlra agus saol an Chruitínigh a fhiosrú chomh maith. Chuige sin, léas a chuid dánta agus chuireas suim ar leith i ndán amháin a bhí luaite leis, dán a chum an file (de réir na gcuntas a bhí ar fáil sna lámhscríbhinní liteartha) nuair a bhí sé ina shaighdiúir sa Régiment de Clare, ceann de na reisimintí Éireannacha a bhí in arm na Fraince san 18ú céad. Seo, mar shampla, an ceannteideal atá ar an dán i lámhscríbhinn 23 C 8 i mbailiúchán Acadamh Ríoga na hÉireann: ‘Aodha baoi mc Cruitín cct & é a bhflóndras, a ccaith thighearna an chláir & súil aco re teacht go héirinn do bhuain a bhfearann dúthchais do ghallaibh isan mbliain 1693’. Ba léir dom go raibh an dáta sin mícheart mar bhí fianaise eile agam a thacaigh leis an tuairim gur timpeall na bliana 1680 a rugadh Aodh Buí. Ach an raibh aon bhunús leis an iomrá seo go raibh seal caite ag an gCruitíneach in arm na Fraince? Ní raibh d’fhianaise agam i ndáiríre ach dán gearr amháin inar labhair an file le guth saighdiúra. Seo é téacs na haiste atá i gceist:

Is grinn an tsollamhain chím fán Nollaig seo ag ríshliocht Gholaimh1 an áithis,
an laochra goradh le gríos an chogaidh le gcloítear coscar a námhad;
tan líontar tonna den fhíon ba tofa do fríth ó phortaibh na Spáinne,
ní smaoinid codladh le gnaoi nach doirbh gach braon gan obadh go dtráfaid. 
An Brianach2 calma, ár dtiarna ceannasach, dian in eagar an ármhaigh,
is an fialmhac fleadhach, ár dtriath Ó Seachnasaigh3, aniar ó shleasaibh an bhán-Ghoirt,
is gach gliaire catha ’na ndiaidh den aicme seo ó iathaibh Banba tháinig,
is is cian na fearaibh le grian na gaisce nach fiad gan seasamh le táintibh. 
Is dóigh má ghabhaimse an cóta dearg so leo go rachad tar sáile,
a scóda leathan, a seolta scartha is an sról ’na mbratachaibh arda;
cóir ná ceannach ní gheobhaid ó Ghallaibh go dtógaid sealbh a n-áitreabh,
is Seoirse4 a thachtadh le corda casta is is ceolmhar screadfas an chláirseach5.

Is léir go raibh cur amach ag an bhfile ar an Régiment de Clare: bhí Séarlas Ó Briain, 6ú tiarna an Chláir, a bhfuil tagairt dó ag tús an dara véarsa ina choirnéal ón mbliain 1720 amach agus bhí Uilliam Ó Seachnasaigh, atá luaite i líne 6, ina leifteanant-choirnéal idir na blianta 1706 agus 1734. Ach níor ghá don fhile liostáil sa reisimint chun teacht ar an eolas sin: déarfainn go mbeadh ainmneacha na n-oifigeach ar eolas ag mórán daoine i gContae an Chláir – contae dúchais an fhile – ag an am. Bheadh sé éasca a áiteamh (agus is iomaí staraí a bheadh réidh lena áiteamh) gur dlúthchuid den litríocht chruthaitheach í an fhilíocht riamh anall, go mbaineann idir shamhlaíocht agus cheapadóireacht léi, agus gur saothar in aisce don staraí é bheith ag iarraidh fíricí fánacha a aithint i measc na háibhéile is na meafar liteartha go léir. B’fhearr le mórán staraithe fianaise na filíochta a fhágáil faoi na scoláirí liteartha agus a n-aird a dhíriú ar fhoinsí a bhfuil cuma níos ‘iontaofa’ orthu – páipéir stáit, paimfléid, nuachtáin agus a leithéidí.

Bratach na reisiminte, éide na reisiminte, agus iontráil an fhile i rolla na reisiminte


      Ach chreideas féin go raibh cuma na dáiríreachta ar dhán Mhic Cruitín, cé nach bhféadfainn an tuairim sin a chruthú gan taighde a dhéanamh i gcartlann mhíleata na Fraince. Sheolas litir chuig an Service historique de l’armée de terre mar a bhí air ag an am, an Service historique de la défense mar atá anois air, agus fuaireas litir ar ais á rá go raibh rollaí na saighdiúirí don Régiment de Clare ón mbliain 1715 anuas ar fáil i gcartlann na seirbhíse sa Château de Vincennes agus go rabhthas sásta cead a thabhairt dom iad a scrúdú. Fúmsa a bheadh sé an cinneadh a dhéanamh arbh fhiú dua a chaitheamh le ‘Wild Goose chase’ – an cur síos cliste a dhein cara liom ar mo thuras taighde chun na Fraince.  Níor ghá dom mórán machnaimh a dhéanamh: dá n-éireodh liom a chruthú gur chaith an file seal ina shaighdiúir i reisimint Thiarna an Chláir, chuirfeadh sé go mór leis an eolas a bhí agam ar a shaol; thairis sin, léireodh sé nach acmhainn d’aon duine a bhíonn ag plé le stair na hÉirinn san 18ú céad neamhshuim a dhéanamh de litríocht Ghaeilge na linne.

      Is ag deireadh an dara lá a bhí caite agam i seomra léitheoireachta na cartlainne míleata in Vincennes a bhain an illumination dom. Bhí sé timpeall a ceathair a chlog agus bhíos stiúgtha leis an ocras mar níor bhacas le greim a ithe ag am lóin ar eagla go gcuirfeadh sé an iomarca moille ar an taighde. Theastaigh uaim an rolla a bhí á léamh agam, rolla a thosaigh sa bhliain 1728, a chríochnú an lá sin sa chaoi go bhféadfainn tosú ar an gcéad rolla eile sa tsraith an mhaidin dár gcionn. Cúig chomplacht déag ar fad a bhí sa reisimint agus ní raibh tásc ná tuairisc ar an bhfile sa cheithre chomplac ht déag a bhí chun tosaigh sa rolla. Complacht amháin a bhí fós le scrúdú agam, mar sin, agus bhíos nach mór cinnte go mbeadh orm an tríú lá a chaitheamh in Vincennes, rud a laghdódh an t-am a bheadh agam le haghaidh taighde eile a bhí le déanamh agam sna Archives nationales. Daichead saighdiúir ar fad a bhí sa chomplacht a bhí fágtha, complacht an Chaptaein Mhic Conmara. Ní raibh an file luaite ar an gcéad leathanach – ar a aghaidh ná ar a chúl – ná ar aghaidh an dara leathanach. Thiontaíos leathanach deireanach na cáipéise, scrúdaíos liosta na n-ainmneacha a bhí breactha ar a chúl, agus phreab ceann amháin acu aníos as peannaireacht thréigthe is páipéar buí an tsean-rolla: ‘hugo macurtin’ a bhí ar an séú saighdiúir is tríocha sa chúigiú complacht déag den reisimint! Thosaigh tinte ealaíne ildathacha ag pléascadh os comhair mo shúl agus cloig mhóra ardeaglaise nó dhó ag bualadh i mo chluasa. Iontráil dhearmadta a bhreac oifigeach anaithnid i rolla na reisiminte, an 12 Deireadh Fómhair 1728, bhí sí tar éis foinse bhailí staire a dhéanamh de dhán Gaeilge beagnach trí chéad bliain dár gcionn.

Stair Mhic Cruitín (1717), foclóir ar chuidigh sé lena fhoilsiú (1732), agus an chéad díolaim dá chuid filíochta (2012)


      Is ceacht é nach ligfidh mé i ndearmad go brách, ach is é an fáth a luaim anois é gur chaitheas an tseachtain seo caite ag ceartú na bprofaí le haghaidh díolama d’fhilíocht Aodh Bhuí Mhic Cruitín a chuireas in eagar faoi stiúir an Ollaimh Bhreandáin Uí Bhuachalla, nach maireann. Cnuasach roghnaithe is ea é ina bhfuil ceann is fiche de dhánta an Chruitínigh. Ní nach ionadh, ní fhéadfainn an dán ba chúis le mo illumination pearsanta féin fiche bliain ó shin a fhágáil ar lár. Foilseoidh Field Day an díolaim níos déanaí i mbliana.



Tagairtí:
1   Ba é ‘Golamh’ ainm dílis Mhíle Easpáinne, sinsear na nGael.
 Séarlas Ó Briain (1691-1761), tiarna an Chláir, bhí sé ina choirnéal ar an Régiment de Clare ón mbliain 1720 amach.
3   Uilliam Ó Seachnasaigh (c.1674-1744), fear a rugadh sa Ghort agus a bhí ina leifteanant-choirnéal ar an Régiment de Clare idir 1706 agus 1734.
 Seoirse II (1683-1760), rí na Breataine ón mbliain 1727.
5   Féach an chláirseach ar bhratach na reisiminte thuas.