06/07/2012

Guthanna ón stair

I leabhar liom a foilsíodh anuraidh, chaitheas cúpla leathanach den chéad chaibidil ag cur i gcoinne teoirice a chum Jürgen Habermas, fealsúnaí polaitiúil ón nGearmáin. Is í an teoiric atá i gceist agam an teoiric gur chruthaigh forbairt  na hiriseoireachta i Sasana ag dtús an 18ú céad ‘spás poiblí’ nua inar pléadh ceisteanna a bhain le cúrsaí polaitíochta go hoscailte, rud a chruthaigh ‘tuairim phoiblí’ don chéad uair i stair an domhain. Seo sliocht gairid as an leabhar:
Ní fhéadfadh tuairim phoiblí a bheith ann in éagmais an spáis phoiblí toisc gurbh í an iomarbhá a tharla sa spás poiblí a chruthaigh an tuairim phoiblí. Ní fhéadfaí tuairim phoiblí a chruthú i dtír neamhfhorbartha, i gceantar ‘iargúlta’, i measc daoine nach raibh léamh ná scríobh ag a bhformhór, i dteanga nár cuireadh i gcló ach ar éigean ... Más fíor do theoiric Habermas, ba dheacair a áiteamh go bhfuil tábhacht le litríocht na Gaeilge ó thaobh na staireagrafaíochta de (b’fhéidir go bhfuil tábhacht léi ó thaobh na litríochta de, ach ní bhaineann sé sin le hábhar an leabhair seo).  
Ní ghlacaim le teoiric Habermas, olc, maith ná dona, agus scríobhas ‘nárbh é an briathar clóbhuailte ach an briathar béil a chruthaigh agus a mhúnlaigh dearcadh an phobail ar cheisteanna poiblí i dtús báire’. Ós rud é gur dhírigh Habermas a aird ar imeachtaí  i Sasana, an chéad tír inar cruthaíodh spás poiblí dar leis, dheineas amhlaidh chomh maith agus chuireas sleachta i láthair inar áitigh saineolaithe ar stair Shasana – leithéidí Steve Pincus agus Adam Fox – gur mheáin chumarsáide tábhachtacha iad an reacaireacht, an amhránaíocht agus téacsanna lámhscríofa sa tír sin agus go raibh spás poiblí le fáil ann i bhfad roimh an 18ú céad.

Meáin chumarsáide na Fraince san 18ú céad de réir Robert Darnton

      Tá mórán staraithe a bhíonn ag plé le tíortha eile a bhfuil an bharúil chéanna acu ach níor thagraíos dóibh toisc gurbh é Sasana an tír inar tháinig an spás poiblí ar an saol de réir na teoirice: dá bhféadfainn an bonn a bhaint den teoiric i gcás Shasana féin, ní bheadh dealramh dá laghad léi in aon áit eile. Dá mbeadh an Fhrainc faoi chaibidil agam, áfach, is cinnte go luafainn The Forbidden Best-Sellers of Pre-Revolutionary France le Robert Darnton. Leabhar den scoth is ea é seo – cé go bhfuil roinnt de na léaráidí ann a tógadh ó shaothair thoirmiscthe an 18ú céad chomh graosta sin go molfainn do lucht léite na staire an t-imleabhar a choinneáil ar an tseilf uachtarach, as amharc na leanaí. Ach is iad na gnéithe den saothar ar mhaith liom díriú orthu anseo ná an tuiscint a léirigh an t-údar ar mhodhanna cumarsáide an 18ú céad agus ar an tábhacht a bhain leis an mbriathar béil san aois sin:
In principle, politics was the king’s business ... In practice, however, many power conflicts took place outside the confines of the court, and the public, as participant observers, became increasingly politicized. Politics of this sort took the form of contestation – petitions, protests, graffiti, songs, prints, and talk, much of it witty (bons mots), disaffected (mauvais proposand seditious (bruits publics – “public noise” or rumors) leading to collective violence (émotions populaires – “popular emotions” or riots).
Forbidden Best-Sellers, 188.
Tá castacht agus ilghnéitheacht seo na meán le feiscint sa léaráid thuas ar dheis, mar a bhfuil na meáin labhartha (ráflaí, amhráin) agus na meáin lámhscríofa (dánta, nuachtlitreacha) curtha san áireamh in éineacht leis na meáin chlóbhuailte (priontaí, paimfléid, leabhair) a mbíonn formhór na staraithe taobh leo.

Mar a scaipeadh dánta agus amhráin ó dhuine go duine i bPáras


      Is é an fáth a bhfuil an t-ábhar seo faoi chaibidil agam anois go bhfuil leabhar eile le Robert Darnton léite agam le seachtain anuas. Poetry and the Police: Communication Networks in Eighteenth-Century Paris an teideal atá air. Bheadh drogall orm a mhaíomh go bhfuil an leabhar is déanaí leis níos fearr ná The Forbidden Best-Sellers mar is saothar gairid é (níos lú ná dhá chéad leathanach má fhágtar na nótaí agus an t-innéacs as an áireamh) atá dírithe ar eachtra amháin a thit amach i bPáras sa bhliain 1749 nuair a gabhadh scata fear toisc baint a bheith acu le craobhscaoileadh dánta nó amhrán (bhí an dá rud i gceist) inar cáineadh réimeas Louis XV. Tá an bealach casta inar malartaíodh aistí éagsúla idir na fir a gabhadh léirithe sa bhfíor thuas ar dheis. Fuair roinnt acu bileog lámhscríofa a raibh ceann de na haistí polaitiúla breactha uirthi, ach chuir roinnt eile acu aiste de ghlanmheabhair nuair a chualadar í á haithris nó á canadh. Seo mar a scríobh Darnton:
Oral communication has almost always escaped historical analysis, but in this case the documentation is rich enough for one to pick up echoes of it. In the eighteenth century, Parisians sometimes collected the scraps of paper on which songs were written while being dictated or sung. The scraps were then transcribed, along with other ephemera – epigrams, énigmes (word games), pièces de circonstances – in journals or commonplace books. Journals that consisted mainly of songs were known as chansonniers ...
Poetry and the Police, 76.
Níor mhiste blas den saghas ábhair a bhí le fáil sna hamhráin pholaitiúla a thabhairt ag an bpointe seo:
Qu’une bâtarde de catin
À la cour se voit avancée,
Que dans l’amour et dans le vin
Louis cherche une gloire aisée,
Ah! le voilà, ah! le voici,
Celui qui n’en a nul souci.
Que Monseigneur le gros Dauphin
Ait l’esprit comme la figure,
Que l’État craigne le destin
D’un second monarque en peinture,
Ah! le voilà, ah! le voici,
Celui qui n’en a nul souci.
[Go bhfuil bastard de striapach [Mme de Pompadour]
ag dul chun cinn sa chúirt,
gur sa ghrá agus sa bhfíon
a chuardaíonn Louis [XV] glóir gan stró,
ara! sin thall é, ara! seo chugainn é,
an té ar cuma leis faoi gach rud.
Go bhfuil an Dauphin beathaithe
ramhar sa cheann mar atá sa chorp,
go bhfuil eagla ar an stát roimh a bhfuil i ndán
don ath-rí mar dhea,
ara! sin thall é, ara! seo chugainn é,
an té ar cuma leis faoi gach rud.]
B’fhiú d’aon duine a bhfuil tuiscint na Fraincise aige cúpla nóiméad a chaitheamh ag éisteacht leis na hamhráin á gcanadh (an ceann thuas ina measc) ar an suíomh dar teideal An Electric Cabaret of Paris Street Songs, 1748-50, atá curtha ar fáil ag Harvard University Press, an dream a d’fhoilsigh leabhar Robert Darnton. Ar an drochuair, braithim go bhfuil guth an amhránaí, Hélène Delavault, ró-oilte agus ró-fhíneálta don ábhar: samhlaím cur chuige i bhfad níos gairge le sráidéigse an 18ú céad.

Guthanna stairiúla ó Éirinn


      Má bhí an oiread sin tionchair ag an litríocht bhéil agus ag an litríocht lámhscríofa i bpríomhchathair na Fraince – an tír ba shaibhre agus ba chumhachtaí san Eoraip ag an am – luíonn sé le réasún gur mó fós an tionchar a bhí ag na meáin chéanna in Éirinn, tír ina raibh formhór an phobail gan léamh ná scríobh, agus tír ina raibh tromlach an phobail aineolach ar theanga an stáit. Is leasc le staraithe na hÉireann an fhíric seo a ligean lena n-ais agus is baolach gur fada uainn an lá a bhfoilseoidh aon duine acu taifeadadh d’amhráin pholaitiúla na linne. Ar ámharaí an tsaoil, tá scoláirí Gaeilge ann atá níos tuisceanaí agus níos tionscantaí ná na staraithe. Nuair a d’fhoilsigh Úna Nic Éinrí a heagrán críochnúil d’fhilíocht Uilliam English (c.1695-1778) sa bhliain 2003, chuidigh Micheál Ó Súilleabháin léi mar chomhairleoir ceoil agus chan Pádraig Ó Cearbhaill fiche amhrán ón gcnuasach ar an ndlúthdhiosca a ghabh leis an leabhar. Ní bheadh na téamaí iontu as áit ar shráideanna Phárais:
An eol díbhse ’dhaoine i bhFonn Fáil
Seoirse [II] go cloíte ’s i lomghá?
   Aiteas mo chroí ’stigh
   mar theagmhaigh a bhríste,
’s ná glanfadh an taoide a thiompán.
Dá fheabhas é guth Phádraig Uí Chearbhaill – agus táim cinnte go bhfuil a stíl amhránaíochta i bhfad Éireann níos gaire do stíl an 18ú céad ná mar atá stíl Hélène Delavault – caithfear a admháil mar sin féin gur aithriseoireacht a bhí ar siúl aige: nascadh na focail leis na foinn a luadh leo sna lámhscríbhinní agus deineadh é sin le cáiréis, ach ní dóigh liom gur mhair oiread is ceann amháin de na hamhráin atá le fáil ar an dlúthdhiosca beo sa traidisiún.

      Ní hamhlaidh atá i gcás leabhair agus dlúthdhiosca eile a seoladh i nGuagán Barra an 29 Meitheamh i mbliana. Is é atá in Bláth ’s Craobh na nÚdarcnuasach d’amhráin Mháire Bhuí Ní Laoire (1774-c.1848) a bhfuil réamhrá fada tathagach curtha leis ag an eagarthóir, Tríona Ní Shíocháin. Ba mhór an pléisiúr dom a bheith i láthair ag an seoladh mar tá amhráin Mháire Bhuí fós ar bhéalaibh na ndaoine agus bhí amhránaithe áitiúla den scoth ann chun roinnt acu a rá nuair a bhí an óráidíocht thart. Murab ionann agus cathair Phárais nó cathair Chorcaí (mar a raibh cónaí ar Uilliam English), níor imigh an litríocht bhéil in éag i gceantar Mhúscraí go fóill. Bhí Áine Uí Chuíll ar dhuine de na hamhránaithe a chan ag an seoladh agus tá a leagan breá de ‘Maidin Álainn Gréine’ le fáil ar an dlúthdhiosca. Seo véarsa amháin as:
‘’S a óigfhir chlúmhail léannta, ní héinne mé dá ndúraís
is bean de mhaithibh Gael mé léanaithe i gcruatain—
m’ainm ceart-sa Éire is mac Shéarlais dhá lua liom,
mo bhailte poirt ag béaraibh an éithigh is an fhuadaigh’—
   is gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán.
Bíonn guthanna ón stair le cloisint i gcónaí ach éisteacht leo.