19/05/2013

Ball dearmaid

Pierre Nora agus an tsraith leabhar a chuir sé in eagar


Ag scríobh dom anseo an mhí seo caite, thugas le fios gurb iad scríbhinní Joep Leerssen a spreag mé chun Ó Chéitinn go Raifteraí a scríobh. Spreagadh diúltach ba ea é sin, óir is ag iarraidh tuairimí an scoláire ón Ísiltír a bhréagnú a bhíos. Níorbh é sin an t-aon tionchar a bhí ag imirt orm áfach, mar bhí spreagadh dearfach i gceist chomh maith: bhíos an-tógtha le saothar Pierre Nora, staraí Francach a chuir sraith leabhar dar teideal Les lieux de mémoire in eagar. Is é atá sa tsraith cnuasach aistí le húdair éagsúla ina scrúdaítear na ‘baill chuimhne’ is tábhachtaí a bhaineann le stair na Fraince – is é sin le rá, na heachtraí, na hionaid, na hinstitiúidí, na siombailí, na pearsana, na saothair ealaíne is mó a bhfuil cur amach ag an bhFrancach cothrom orthu. Ní hionann in aon chor an ‘chuimhne’ shóisialta seo agus an stair. Seo mar a mhínigh Nora an difríocht eatarthu:
La mémoire est un phénomène toujours actuel, un lien vécu au présent éternel; l’histoire est une représentation du passé.
Pierre Nora, Les lieux de mémoire, I (Paris, 1984), xix.

[Is feiniméan í an chuimhne a bhaineann leis an am i láthair i gcónaí, is nasc beo í leis an bhfreacnairc shíoraí; samhail den am atá imithe is ea an stair.]
Tuairim is caoga aiste atá sa trí imleabhar den tsraith; i measc na ‘mball cuimhne’ a bhfuil trácht orthu tá leithéidí Charlemagne, Jeanne d’Arc, Reims (mar ar choisrictí ríthe na Fraince), Versailles, an Bastille, an ‘Marseillaise’, an mana náisiúnta (‘liberté, égalité, fraternité’), túr Eiffel, cás Dreyfus, À la recherche du temps perdu le Marcel Proust, cath Verdun, réimeas Vichy, agus go fiú an tour de France. B’fhacthas dom gur éirigh le Nora bealach tionscantach a aimsiú chun an tuiscint atá ag muintir na Fraince ar stair a dtíre a scagadh agus a léiriú. Ní fhéadfainn gan fiafraí díom féin cad iad ‘baill chuimhne’ na hÉireann?

     Is mór idir an dá chás, ar ndóigh: ba stát aontaithe cumhachtach neamhspleách í an Fhrainc leis na céadta blian, stát a bhunaigh institiúidí agus a chruthaigh siombailí a chuaigh i gcion ar an bpobal – faoin ancien régime agus faoi na réimis go léir a bunaíodh ó aimsir na réabhlóide i leith. Bhí stát in Éirinn chomh maith ach ba stát coilíneach é. An bhfágann sé sin nár chóir Caisleán Átha Cliath a áireamh ar cheann de ‘bhaill chuimhne’ na hÉireann? Ná an ‘old house on College Green’? Is ceist chigilteach í seo agus is dócha go mbeadh ort agallamh a chur ar shampla ionadaíoch d’Éireannaigh na linne seo chun teacht ar fhreagra sásúil. Bíodh sin mar atá, d’aithin Pierre Nora nach bhféadfaí an múnla a bhí aige don Fhrainc a easpórtáil gan é a leasú:
Tous les pays vivent sous le règne de la mémoire. Cependant, la notion de lieux de mémoire présente des difficultés d’exportation. Pour les historiens, le vrai problème n’est pas de repérer des lieux mais de s’interroger sur leur modèle de mémoire. Les interrogations commencent dans l’examen du rapport entre son histoire et sa mémoire.
Agallamh le Pierre Nora in Jean-Claude Ruano-Borbalan (eag.),
L’histoire aujourd’hui (Auxerre, 1999), 347-8.

[Maireann gach tír faoi réimeas na cuimhne. Ach fós gabhann deacrachtaí le heaspórtáil choincheap na mball cuimhne. An fhadhb a bhíonn ag na staraithe, ní le haithint na mball a bhaineann sí i ndáiríre ach le ceistiú a dtuisceana féin ar an gcuimhne. Eascraíonn na ceisteanna nuair a scrúdaítear an gaol idir stair tíre agus a cuimhne.]
Sa deireadh, dhíríos m’aird ar eachtraí móra na staire agus níl aon trácht i mo leabhar ar Chnoc na Teamhrach, ar an ‘dear little shamrock’, ar an gcloigtheach, ar Knocknagow, ar an gcruach mhóna, ná ar chluiche ceannais na Mumhan san iomáint – i measc mórán gnéithe eile dár n-oidhreacht stairiúil a bheadh luaite ar liosta cuimsitheach de bhaill chuimhne na hÉireann.

Baill chuimhne agus ball dearmaid (nó dhó)

     D’áiríos go raibh sé théama i stair na hÉireann a bhí ina ‘lieux de mémoire’ faoi thús an 18ú céad:
Naomh Pádraig agus an ré órga a lean bunú na Críostaíochta nuair a thuill ‘oileán na naomh’ cáil ar fud na hEorpa; ionradh na Lochlannach, ansmacht Thurgéisius, agus laochas Bhriain Bhóramha a thug a anam chun an tír a fhuascailt; mígheanmnaíocht Dhiarmaid ‘na nGall’, an feall a d’imir sé ar an tír, agus ionradh tubaisteach na Sasanach; mígheanmnaíocht Anraí VIII agus Eilís I agus an scrios a rinneadh ar an eaglais Chaitliceach agus ar Éirinn i rith an Reifirméisin; an troid chalma a rinne na Gaeil faoi cheannas Eoghain Rua Uí Néill ar son a gcreidimh, a rí agus a dtíre, agus an t-ár a rinne Oliver Cromwell tar éis bhás Eoghain Rua; an troid chalma a rinne na hÉireannaigh faoi cheannas Phádraig Sháirséal ar son a gcreidimh, a rí agus a dtíre, agus an t-ansmacht úr a bhí mar thoradh ar bhua Uilliam Oráiste.
Vincent Morley, Ó Chéitinn go Raiftearaí (BÁC, 2011), 166.
Ach thugas rud eile faoi deara nuair a bhí an taighde don leabhar ar siúl agam: go bhfuil ‘baill dearmaid’ (‘lieux d’amnésie’?) ann chomh maith. Nuair a thug cara liom, Éamonn Ó Ciardha, cuireadh dom páipéar a léamh ag an gcomhdháil idirnáisiúnta ar ‘imeacht na n-iarlaí’ a d’eagraigh sé i Leitir Ceanainn sa bhliain 2007, thugas caint dar theideal ‘The earls in popular memory’ inar áitíos gur beag tagairt do na hiarlaí atá le fáil i litríocht an 18ú céad. Foilsíodh an páipéar san imleabhar mór maisiúil d’imeachtaí na comhdhála a chuir Éamonn agus beirt eile in eagar. Seo sliocht as:
The historical episodes which fail to feature in the literature may be as revealing as those that are remembered: Edward Bruce’s campaign to win the crown of Ireland, the rebellion of ‘Silken Thomas’, and the Desmond rebellion are notable examples. But none of these ‘sites of amnesia’ is more surprising or more obvious than the comparative lack of references to Aodh Ó Néill, to Aodh Rua Ó Dónaill, to Ruairí Ó Dónaill, or to the ‘flight of the earls’. Indeed, it must also be said that references to the plantation of Ulster are surprisingly scarce.
Vincent Morley, ‘The earls in popular memory’ in Finnegan, Ó Ciardha, Peters (eag.),
The Flight of the Earls; Imeacht na nIarlaí (Doire, 2010), 271.
Níl raibh ach tagairt fhánach amháin do phlandáil Uladh i mo pháipéar ach tá athmhachnamh déanta agam ar an ábhar le mí anuas, tar éis d’Éamonn Ó Ciardha cóip den saothar is déanaí leis a bhronnadh orm.

Éamonn Ó Ciardha agus dhá leabhar atá curtha in eagar aige

     The Plantation of Ulster: Ideology and Practice atá ar an leabhar nua, Manchester University Press a d’fhoilsigh agus is iad Éamonn Ó Ciardha agus Micheál Ó Siochrú na heagarthóirí. Is é atá ann, cnuasach téagartha aistí atá bunaithe ar pháipéir a léadh ag dhá chomhdháil a tionóladh sa bhliain 2009, mar aon le réamhrá a scríobh na heagarthóirí ar staireagrafaíocht na plandála. I measc na míreanna sa leabhar, tá caibidlí ar an gcúlra polaitiúil agus idé-eolaíoch in Albain is i Sasana, agus caibidlí ar dhála na bplandóirí is na heaglaise Caitlicí i gcúige Uladh. Mar a bheifí ag súil leis ó na heagarthóirí tuisceanacha seo, níl aon chall leis an ngnáth-chasaoid a bhíonn ar siúl agam maidir le heaspa suime na staraithe sna foinsí Gaeilge - an rud is annamh is iontach! Is é Marc Caball a scríobh an chéad cheann den dá aiste a bhaineann le hábhar, aiste ar ar thug sé ‘Responses to transformation: Gaelic poets and the plantation of Ulster’. Tá léirmhíniú le fáil sa chaibidil seo ar dhornán dánta siollacha a chum filí gairmiúla (leithéidí Eochaidh Uí Eodhasa, Fhearghail Óig Mhic an Bhaird, Eoghain Rua Mhic an Bhaird) ach, le heisceacht amháin (an dán dar tús ‘Cáit ar ghabhadar Gaoidhil’ atá luaite le Lochlainn Ó Dálaigh), ní léir dom go bhfuil baint dhíreach acu leis an bplandáil. Go deimhin, déarfainn gur mó an bhaint atá acu le himeacht na n-iarlaí agus leis na hathruithe sóisialta a thit amach sna blianta dár gcionn. Tuigim, ar ndóigh, gur chuir an phlandáil dlús leis na hathruithe sin, ach bhí claochlú den saghas céanna ag tarlú ar fud na hÉireann sa chéad cheathrú den 17ú céad. Is é an rud a bhí eisceachtúil i gcúige Uladh gur aistrigh lear mór plandóirí ón mBreatain isteach sa chúige agus gur ghlacadar seilbh ar sciar mór den talamh a bhíodh ag na Gaeil. Cheapfá go mbeadh tagairtí don phróiseas coilínithe sin le fáil go flúirseach i litríocht na linne ach is cosúil nach bhfuil. Is é Diarmaid Ó Doibhlin údar an dara aiste, aiste dar teideal ‘The plantation of Ulster: aspects of Gaelic letters’. Ach arís, is beag tagairt don phlandáil atá luaite aige – fág ‘Cáit ar ghabhadar Gaoidhil’ as an áireamh. Braithim gurb é is ábhar don chaibidil seo i ndáiríre ná litríocht chúige Uladh sa ré iar-phlandála. Mar a scríobh Ó Doibhlin:
There is little direct or specifically focused contemporary reference to the plantation in Ulster’s Gaelic letters, a possible consequence of the immediate and subsequent destruction of manuscripts. It may also be the case that the native Irish set little store by it.
Ó Ciardha agus Ó Siochrú (eag.), The Plantation of Ulster (Manchester, 2012), 201.
Dá shuimiúla iad an dá aiste mar sin – agus tá cuntais fhónta iontu ar ghnéithe de litríocht an tuaiscirt sa 17ú céad – sílim go dtacaíonn siad leis an tuairim a bhí agam sa bhliain 2007: an tuairim ‘that references to the plantation of Ulster are surprisingly scarce’ sna foinsí Gaeilge. Bheinn sásta a rá gur ‘ball dearmaid’ í plandáil Uladh ó thaobh na litríochta de.

     Is fíor nár bhac scríobhaithe léannta an 17ú céad le hamhráin na coitiantachta, rud a fhágann nach féidir linn guth an phobail a chloisint roimh bhlianta deireanacha an chéid. Ach is áirithe go mbíodh amhráin á gcanadh ag an bpobal i bhfad roimhe sin. Is eol dúinn, mar shampla, gur tógadh fonn an amhráin cháiliúil ‘Lilibulero’ – amhrán a ndúradh faoi gur shéid sé Séamas II as trí ríocht – ó amhrán a chanadh lucht páirte na Comhdhála Caitlicí sna 1640í ach tá focail an bhunleagain caillte. Go bhfios dom, níor tháinig oiread is amhrán amháin ó Chogadh an Dá Aodh nó ó Chogadh na Comhdhála anuas chugainn. An té ar mian leis éisteacht le hamhráin pholaitiúla chomhaimseartha, ní foláir dó teacht aniar chomh fada le Cogadh an Dá Rí:
A Phádraig Sáirséal, is duine le Dia thu,
is fearrde an talamh ar sheasadh tu riamh air;
do bhuainteá allas as clanna na striapach,
’s do sciob an barr ó láimh Rí Uilliam leat!
Caithfear an cheist a chur: cad is brí leis an tost seo i dtaobh phlandáil Uladh? Má tá patuaire na scríobhaithe intuigthe, cén fáth nár mhair amhráin ón gcéad leath den 17ú céad sa traidisiún béil go dtí an 18ú céad nuair a bheadh scríobhaithe neamhphostúla na linne sin sásta focail na n-amhrán a bhreacadh síos? Agus cén fáth nár thagair aos litríochta an 18ú céad don phlandáil ina gcuid aistí nuachumtha féin? An sampla luath é seo de cháiréis oidhreachtúil na nUltach (‘whatever you say, say nothing’)?

     Ní ligfidh mé orm go bhfuil freagraí na gceisteanna thuas agam. Ach is maith an rud é go bhfuil an t-imleabhar scolártha seo tar éis solas úr a chaitheamh ar cheann de na ‘lieux d’amnésie’ is suntasaí dá bhfuil againn i stair na hÉireann.