06/09/2013

An stair de réir an Chumainn Lúthchleas Gael

Curaidh nua chúige Laighean

Níl aon amhras ach gurb é an Cumann Lúthchleas Gael an t-eagras deonach is tábhachtaí in Éirinn. Is iomaí éacht stairiúil a chonacthas ar pháirceanna imeartha an chumainn ón uair a d’fhreastail ochtar ar an gcruinniú bunaidh in Hayes’s Commercial Hotel, Durlas Éile, an 1 Samhain 1884. I mbliana, mar shampla, bhuaigh iománaithe Átha Cliath ar Chill Chainnigh i gcluiche craoibhe don chéad uair le bliain is seachtó anuas, agus bhuadar craobh Chúige Laighean don chéad uair ón mbliain 1961. Ar an drochuair, ní raibh an t-ádh leis na Duibhlinnigh sa chluiche leath-cheannais i gcoinne Chorcaí ach d’imríodar go maith agus táid áirithe anois i measc na bhfoirne is fearr don chéad uair le mo chuimhne. Maidir le peileadóirí na príomhchathrach, chloíodar na Ciarraígh mhallaithe a bhris mo chroí an oiread sin uaireanta sa tréimhse fhada sheasc idir mórthubaiste na bliana 1978 (Ciarraí 5-11, BÁC 0-9) agus mórthubaiste na bliana 2009 (Ciarraí 1-24, BÁC 1-7) i gcluiche craoibhe don dara bliain as a chéile – an chéad uair a tharla a leithéid ó ré órga na mblianta 1976-77 i leith. Thairis sin, sílim gurb é an cluiche leath-cheannais idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí an cluiche peile is fearr dá bhfacas riamh – tuairim a bhí agam sular aimsigh Kevin beannaithe McManamon eangach Chiarraí sa naoú nóiméad is seasca den chluiche.

Mícheál Cíosóg i bPáirc an Chrócaigh agus cath Omdurman (1898)

      Ach más eagraíocht spóirt go príomha é an Cumann Lúthchleas Gael riamh anall, caithfear a rá gur bhain gné pholaitiúil leis ón tús: iarradh ar bheirt fheisirí, Charles Stuart Parnell agus Michael Davitt, bheith ina bpátrúin ar an gcumann nuabhunaithe agus bhí cuid mhaith de na baill ba luaithe gníomhach i mBráithreachas Poblachtach na hÉireann. Ba náisiúnaí daingean é Mícheál Cíosóg, fear a chuidigh le bunú Irisleabhar na Gaedhilge sa bhliain 1882 agus an té is mó atá luaite le bunú an chumainn. Seo mar a scríobh sé i litir a foilsíodh ar Fáinne an Lae, an 30 Aibreán 1898:
The sixteenth centenary of the fatal battle of Gabhra was approaching, and I took it into my head to celebrate it by establishing the Gaelic Athletic Association, with the assistance of some active members of the Gaelic Union, and of my fellow survivors of the Society of which Colonel John O’Mahony, had been Head Centre. 
Troideadh cath Gabhra idir Fianna Éireann agus ardrí na linne sa bhliain 284 AD de réir an chuntais a scríobh Michéal Ó Cléirigh in Annála Ríoghachta Éireann - cuntas a chreid an Cíosógach. Nuair a bhí taighde staire idir lámha agam roinnt blianta ó shin tháinig mé ar litir eile leis a foilsíodh ar eagrán an 24 Meán Fómhair 1898 den Worker’s Republic, nuachtán sóisialach a raibh James Connolly ina eagarthóir air. Litir is ea í a thugann an-léargas go deo ar an meon frith-impiriúlach a bhí go smior ann. Thrácht sé ar chath Omdurman, cath a troideadh an 2 Meán Fómhair 1898 idir arm na Breataine agus arm dúchasach gar do Khartoum na Súdáine: 47 fear den chéad dream a maraíodh, más fíor, i gcomórtas le deich míle fear (móide nó lúide cúpla míle) den dara dream. Ós rud é go bhfuil cumhachtaí impiriúlacha an ‘iarthair’ fós ag imirt a gcuid weapons systems sofaisticiúla ar Mhoslamaigh i dtíortha i bhfad ó bhaile, braithim gur mithid an litir a athfhoilsiú. Seo mar a scríobh bunaitheoir an CLG:
Sir, – The Sunday Chronicle, an English paper which is read by some people in Dublin, quotes the following passage from The Worker’s Republic: – “May the grave of every hired assassin who fell fighting this brave and courageous people [na Súdánaigh] be defiled by the curs of the desert.” The paragraph writer of the Sunday Chronicle gives vent to the desire of his valiant soul in the following terms – “If there be any decent Irishman who wouldn’t be glad to kick the author of this sentiment, but from the fear of soiling his boot, I would like to meet him.”
      I am a native of the parish of Carron, in the barony of Burren, in the county of Clare. I was born on the forty-fourth anniversary of the murder of Robert Emmet. I am just fifty-one years of age today. I have been working in a quiet way for Ireland ever since I entered my nineteenth year. I am the founder of the Gaelic Athletic Association. My birth, my early training, and my subsequent career, continued uninterruptedly for thirty-two and a half years years in the service of Ireland, should justify me in claiming a place in the ranks of my “decent” fellow-countrymen. I am not the writer of the paragraph. I approve of the sentiment to which the Sunday Chronicle takes exception. Conceding this insolent scribe ten years of a handicap in age, I will undertake to meet him, and if he desires to do any kicking, to strangle him in ten minutes, if he is not a professional pugilist. – Yours faithfully,
      Michael Cusack
      Dublin, Sep. 20th 1898.
Ní raibh an Cíosógach ag scríobh thar ceann an CLG agus níor chóir a cheapadh go raibh na baill ar aon intinn maidir le ceisteanna polaitiúla. Ach is féidir talamh slán a dhéanamh de go raibh báidh ag cuid mhaith de na baill le dearcadh an Chíosógaigh.

      An té ar mian leis cultúr stairiúil an CLG a mheas, níl rud is fearr a d’fhéadfadh sé a dhéanamh ná ainmneacha na bhfochumann a bhfuil tagairtí stairiúla iontu a iniúchadh – rud a dheineas le déanaí. Tá fochumainn ann a bhfuil gluaiseachtaí stairiúla luaite ina n-ainm (‘Éire Óg’, ‘Fenians’), tá eachtraí ar leith luaite in ainmneacha eile (‘Fontenoy’, ‘Four Masters’) agus tá tagairtí níos scaoilte in ainmneacha eile fós (‘Rapparees’, ‘Wild Geese’). Ach formhór na n-ainmneacha stairiúla, is do phearsana a thagraíonn siad. Níor mhiste a lua go bhfuil tagairtí stairiúla níos coitianta i gcontaetha áirithe: tríd is tríd, táid fairsing i gcúige Uladh, nílid chomh líonmhar céanna in oirthear chúige Laighean ná san iarthar, agus táid tearc go leor sa deisceart agus i lár na tíre. Tá minicíocht na dtagairtí stairiúla sna contaetha éagsúla léirithe ar an mapa thíos:

Líon na bhfochumann a bhfuil tagairtí stairiúla ina n-ainm

Agus seo iad na sonraí le haghaidh na gcontaetha: Ard Mhacha 47% (28/59), Tír Eoghain 41% (23/56), Fear Manach 41% (9/22), Lú 40% (19/48), Aontroim 27% (16/60), an Longfort 25% (7/28), Cill Mhantáin 17% (7/42), Áth Cliath 16% (13/89), Doire 15% (7/47), Maigh Eo 15% (9/59), Dún na nGall 15% (6/40), Gaillimh 14% (12/88), Tiobraid Árann 14% (12/88), Loch Garman 12% (6/49), Cill Chainnigh 12% (5/42), Ros Comáin 12% (4/33), Cill Dara 11% (7/66), Ceatharlach 11% (4/35), an Clár 9% (5/58), Muineachán 9% (3/33), Luimneach 7% (7/96), Ciarraí 7% (5/72), Port Láirge 7% (4/58), an Mhí 6% (4/65), an Dún 6% (3/51), Corcaigh 4% (7/189), an Iarmhí 3% (2/58), an Cabhán 2% (1/52), Uíbh Fháilí 1% (1/71), Laois 0% (0/69), Sligeach 0% (0/26), Liatroim 0% (0/28). Níor chuireas ach triúr naomh san áireamh nuair a bhí an anailís thuas á déanamh agam: mar atá, Pádraig Naofa, Lorcán Ó Tuathail agus Oliver Plunkett. Sílim gur mó an bhaint atá ag na naoimh eile leis an gcreideamh ná leis an stair – cé go rabhas idir dhá chomhairle maidir le Colum Cille.

      Cé hiad na pearsana stairiúla is mó a dtugann an Cumann Lúthchleas Gael ómós dóibh? Ní hansa.

      Tá ocht nduine fichead ann a bhfuil fochumann amháin ainmnithe astu. Seo iad de réir na dtréimhsí inar mhaireadar: Brian Bóramha (Fear Manach), Art Mac Murchadha (Fear Manach), Éibhear Mac Mathúna (Fear Manach), Réamann Ó hAnluain (Ard Mhacha), Dáibhí Ó Bruadair (Luimneach), ‘Féilim Ó Brádaigh’ (Ard Mhacha), Lord Edward Fitzgerald (Ros Comáin), Watty Graham (Doire), Gerald Griffin (Luimneach), William Smith O’Brien (an Clár), an tAthair John Kenyon (Éireannach Óg, Tiobraid Árann), Eoghan Ó Comhraí (an Clár), an tArdeaspag Seán Mac Héil (Gaillimh), John Locke (Fínín, Cill Chainnigh), J.K. Bracken (Tiobraid Árann), Roger Casement (Aontroim), Tom Clarke (Tír Eoghain), Michael O’Hanrahan (Loch Garman), Sam Maguire (Corcaigh), an tAthair Michael Griffin (Gaillimh), Austin Stack (Ciarraí), Sean Connolly (Óglach a maraíodh i gCogadh na Saoirse, Longfort), Michael Glavey (Óglach a maraíodh i gCogadh na Saoirse, Ros Comáin), Kevin Barry (Tír Eoghain), Micheál Mac Craith (Óglach a maraíodh i gCogadh na Saoirse, Port Láirge), Seán Sabhat (Ard Mhacha), Fergal O’Hanlon (Muineachán), Kevin Lynch (Doire).

      Tá deichniúr ann a bhfuil dhá fhochumann an duine ainmnithe astu agus seo iad in ord ama: Seán Ó Néill (Aontroim agus Ard Mhacha), Aodh Rua Ó Domhnaill (Dún na nGall ×2), an tAthair Nioclás Mac Síthigh (Tiobraid Árann ×2), Henry Grattan (Fear Manach agus Longfort), Henry Joy McCracken (Aontroim agus Doire), Thomas Davis (Ard Mhacha agus Áth Cliath), Seán Ó Mathúna (Lú agus an Mhí), Mícheál Cíosóg (an Clár agus Gaillimh), Tomás Mac Donncha (Tiobraid Árann ×2), Liam Mellows (Gaillimh agus Loch Garman).

      Níl ach triúr ann a bhfuil trí fhochumann ainmnithe astu: mar atá, Michael Dwyer (Aontroim, Ard Mhacha agus Cill Mhantáin), James Stephens (Cill Chainnigh agus Maigh Eo ×2) agus Seán Treacy (Ard Mhacha, Lú agus Tiobraid Árann).

      Tá triúr eile ann a bhfuil ceithre fhochumann an duine ainmnithe astu: Lorcán Ó Tuathail (Ard Mhacha. Áth Cliath agus Cill Dara ×2), Dónall Ó Conaill (Ard Mhacha, Áth Cliath, Fear Manach agus Lú) agus Charles Stuart Parnell (An Cabhán, Áth Cliath, Cill Mhantáin agus Lú).

Charles Kickham, Diarmaid Ó Donnabháin Rosa, Ó Rathaille agus Seán Mac Diarmada

      Táim ag teannadh anois leis an dream is mó a bhfuil meas ag lucht an CLG orthu, más féidir brath ar an bhfianaise seo. Tá ceathrar a bhfuil cúig fhochumann an duine ainmnithe astu: Charles Kickham (Aontroim ×2, Áth Cliath, Lú agus Tiobraid Árann), Diarmaid Ó Donnabháin Rosa (Aontroim, Ard Mhacha, Corcaigh, Doire agus Tír Eoghain), Micheál Seosamh Ó Rathaille (Ard Mhacha, Ciarraí, Fear Manach, Loch Garman agus Tír Eoghain), agus Seán Mac Diarmada (Aontroim, Ard Mhacha, Gaillimh, Lú agus Muineachán).

Michael Davitt, Eoghan Rua Ó Néill agus Oliver Plunkett

      Tá sé fhochumann an duine ainmnithe as Eoghan Rua Ó Néill (ceann amhain in Ard Mhacha, in Áth Cliath, i nDoire is sa Dún, agus dhá cheann ina chontae dúchais,Tír Eoghain) agus as Michael Davitt (ceann amháin in Aontroim, in Ard Mhacha, i gCeatharlach agus dhá cheann ina chontae dúchais, Maigh Eo). Tá beirt eile a bhfuil ocht bhfochumann ainmnithe astu: mar atá, Oliver Plunkett (Ard Mhacha, Áth Cliath, Cill Dara, Corcaigh, an Iarmhí, Lú, Port Láirge is Tír Eoghain) agus John Mitchel (Aontroim ×2, Ciarraí, an Dún, Lú, Maigh Eo ×2 is Port Láirge).

John Mitchel, Theobald Wolfe Tone agus Pádraig Sáirséal

      Ghnóthaigh Theobald Wolfe Tone an cúigiú háit sa pantheon agus tá aon fhochumann déag ainmnithe as sna contaetha seo a leanas: Ard Mhacha, an Clár, Corcaigh, Gaillimh, Longfort, Lú (×2), an Mhí (×2) agus Tír Eoghain (×2).

      Roinn an bheirt Phádraig, Sáirséal agus Mac Piarais, an bonn cré-umha. Tá cúig fhochumann déag tiomnaithe don Sáirséalach sna contaetha seo a leanas: Aontroim, Ard Mhacha, Áth Cliath, Cill Dara (×2), Corcaigh, Doire, Gaillimh, Loch Garman, Longfort, Luimneach, Maigh Eo (×2), Tiobraid Árann agus Tír Eoghain. Cúig fhochumann déag atá ainmnithe as an bPiarsach chomh maith, sna contaetha seo a leanas: Aontroim, Ard Mhacha (×2), Ciarraí, Corcaigh, Gaillimh (×3), Lú (×2), Luimneach, Ros Comáin agus Tír Eoghain (×3).

Pádraic Mac Piarais, Robert Emmet agus Pádraig Naofa

      Bhuaigh Robert Emmet, sárimreoir óg, an bonn airgid le naoi bhfochumann déag sna contaetha seo a leanas: Aontroim, Ard Mhacha (×4), Áth Cliath, Ciarraí, Cill Mhantáin, Dún na nGall, Fear Manach, Gaillimh, Longfort, Lú (×4), Luimneach agus Tír Eoghain (×2).

      Ach chríochnaigh buaiteoir an bhoinn óir i bhfad chun tosaigh ar na pearsana stairiúla eile. Cé a bheadh ann ach éarlamh agus aspal na hÉireann, Pádraig mac Calprainn, fear a bhfuil ceithre fhochumann is tríocha ainmnithe as i bhfiche contae: Aontroim, Ard Mhacha (×3), Áth Cliath (×2), Ceatharlach (×2), Cill Chainnigh, Cill Mhantáin (×2), an Dún, Dún na nGall (×2), Fear Manach (×2), Gaillimh, an Iarmhí, Loch Garman, Longfort (×2), Lú, Luimneach, Maigh Eo, an Mhí, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann (×2), Tír Eoghain (×6).

      Ní fhéadfainn clabhsúr a chur ar an aiste seo gan aird a tharraingt ar ghné amháin den pantheon thuas. Tá feachtas ar siúl sa bhFrainc faoi láthair chun líon na mban atá curtha sa Panthéon i bPáras a mhéadú: beirt bhan atá adhlactha ann faoi láthair – Marie Curie, eolaí, agus bean eile nach cuimhin liom a hainm. Ach dá dhonacht é cás na Fraince, is mó an neamart atá déanta i mná stairiúla na hÉireann. Cé adéarfadh nach bhfuil oiread is fochumann amháin tuillte ag Anne Devlin ná ag Constance Markievicz?

AGUISÍN 1 - 22 Meán Fómhair 2013

Cluichí ar ar fhreastail mé i mbliana agus buaicphointe na bliana

An í seo an bhliain is fearr riamh i stair an CLG? Deinim comhbhrón ó chroí le muintir Mhaigh Eo agus guím gach rath ar fhoireann an chontae úd an chéad uair eile a bheidh siad ag imirt i gcoinne Chiarraí! Is ag magadh atáim ar ndóigh. Tuigim go maith gur daoine lácha cneasta iad na Ciarraígh. Go deimhin, bhronn col ceathrair liom ón gcontae sin ticéad don chluiche leath-cheannais idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí orm. Caithfidh mé an gar a chúiteamh leis ar bhealach éigin - b’fhéidir gur mhaith leis DVD de chraobh na bliana seo a fháil mar bhronntanas Nollag ...