23/03/2014

Cultas na clódóireachta

An Músaem Náisiúnta Cló

Chaitheas lá taitneamhach sa Mhúsaem Náisiúnta Cló, an 2 Márta, nuair a d’fhreastalaíos ar chúrsa lae sa bhrúchló. Is é is brúchló ann an modh priontála is sine agus is bunúsaí: brúitear páipéar i gcoinne línte de litreacha miotail inaistrithe a bhfuil dúch leata orthu. Cé gur léas faoin bpróiseas go minic ní raibh aon taithí agam air roimhe seo ach chuir sé ionadh orm cé chomh tapa is a d’fhoghlaimíos conas a bhí na litreacha rangaithe sa chás, agus bhí sé i bhfad níos fusa an téacs (a bhí droim ar ais agus bun os cionn) a eagrú ar an ‘maide’ ná mar a shíleas roimh ré. Rud beag eile nach raibh coinne agam leis ná troime an chló; ní deacair a aithint gur luaidhe is mó atá sa chomh-mhiotal. Iarradh ar an seisear againn a  bhí sa rang cárta gnó a dhearadh agus a phriontáil chun na scileanna a bhí foghlamtha againn a chleachtadh – tá m’iarracht le feiscint sa léaráid thuas. B’údar sásaimh dom é go raibh cló Gaelach le fáil sa Mhúsaem agus d’úsáideas dhá cheannlitir as mar lógó. Ní rún é go bhfuil sraith clónna Gaelacha i bhfoirm dhigiteach deartha agam ón mbliain 1994 i leith: admhaím go bhfuil mo mhaidí mar dhearthóir cló ligthe le sruth le cúpla bliain anuas ach tá sé i gceist agam filleadh ar an gclódhearadh nuair a bheidh an chéad dréacht den leabhar atá á scríobh agam réidh. Thairis sin, tá dúspéis agam i ngach gné den chlóghrafaíocht (ábhar atá i bhfad níos leithne ná an clódhearadh), rud a bheidh soiléir ón bpictiúr thíos de na leabhair ar an ábhar atá i mo leabharlann.

Seilfeanna na clóghrafaíochta i mo leabharlann

      Ach má tá suim ar leith agam sa chlódóireacht, aithním gur féidir an iomarca béime a chur ar an gceird sin sa stair. Insint na fírinne, feictear dom go bhfuil an bhéim mhíchuí a leagann staraithe na hÉireann ar an gclódóireacht ag déanamh aimhleas na staire: baineann an bhéim a chuirtear ar ábhar clóbhuailte ár n-aird ó mhodhanna eile cumarsáide a bhí níos tábhachtaí san am atá imithe – mar atá, an reacaireacht, an amhránaíocht, an litríocht lámhscríofa. Ní raibh dóthain airgid ag an gcoitiantacht sa 17ú céad ná san 18ú céad chun leabhair chlóbhuailte a cheannach; dá dtiocfadh leabhar fánach faoina mbráid ní fhéadfaidís ciall a bhaint as mar ní raibh léamh ag a bhformhór; agus fiú dá léifí an leabhar os ard is ar éigean a thuigfidís é mar bhíodar ar bheagán Béarla. Ar an láimh eile, thuigfeadh bunús an phobail dán nó amhrán Gaeilge, nó téacs lámhscríofa Gaeilge a léifí os ard. Luíonn sé le réasún, mar sin, gur mheán tánaisteach cumarsáide í an chlódóireacht sa tír seo anuas go dtí an dara leath den 19ú céad ar a luaithe. A mhalairt de thuairim atá ag mórán staraithe. Seo mar a scríobh Louis Cullen:
The efforts to explain the decline of Irish as a result of oppression, associations with poverty, or middle class abandonment of the language are all inadequate. The essential problem is that the amount of Irish in printed form had been very limited. Most of the writing in Irish was in the manuscripts written in the countryside, often by people of quite simple social position ... what led to the rapid abandonment of Irish was the prestige of written over oral culture, and the fact that for most Irishmen in the absence of printed texts, English was perforce their introduction to literacy ...
L. M. Cullen, The Emergence of Modern Ireland 1600-1900 (Nua-Eabhrac, 1981), 131-2.
Bhí an chlódóireacht riachtanach don saol nua-aimseartha ach bhí aos liteartha na Gaeilge ró-choimeádach chun leas a bhaint as an teicneolaíocht úr; deineadh imeallú ar an teanga de bharr na siléige seo agus ghlac an choitiantacht teanga an chló chucu go fonnmhar. Teoiric néata shimplí is ea í, ach níl aon dealramh léi. Is iomaí teanga nár clóbhuaileadh ach ar éigean roimh an 19ú céad agus atá in úsáid go forleathan mar theanga náisiúnta anois: féach leithéidí na Fionlainnise, na hEastóinise, na Laitvise, na Slóivéinise, na Máltaise. Dá mbeadh bunús leis an teoiric, bheadh an tSualainnis, an Rúisis, an Ghearmáinis nó – i gcás Mhálta – an Béarla in uachtar sna tíortha sin anois. Is baolach go bhfuil an teoiric bunaithe ar dhearcadh cúng atá anglafónach agus angla-lárnaithe.

Clúdach an leabhair agus an pictiúr bunaidh
      Ar an drochuair, glacann cuid mhaith scoláirí leis an teoiric a nocht an tOllamh Cullen. Mar shampla, bhí an léamh céanna ag James Kelly sa chnuasach aistí dar teideal Irish and English: Essays on the Irish Linguistic and Cultural Frontier, 1600-1900 (Baile Átha Cliath, 2012) a chuir sé in eagar i dteannta Chiaráin Mhic Mhurchaidh. Caithfear a admháil gur tugadh suntas éigin don litríocht lámhscríofa sa chnuasach seo (ní nach ionadh ós rud é go bhfuil aiste liom féin ann), ach is ar an gclódóireacht a leagadh an bhéim. Mar chruthúnas air sin, is leor breathnú ar an gclúdach: is é atá ann pictiúr comhaimseartha de bhearbóir ag léamh nuachtáin os ard i dteach tábhairne. Bhí amhras orm faoin léaráid seo ón tús: bhraitheas go raibh feisteas an chomhluadair ró-ghalánta (féach peiriúic an bhearbóra, nó spéaclaí agus carbhat an fhir atá suite le bord); go raibh an litearthacht ró-fheiceálach (seachas an bearbóir, tá litir á taispeáint ag bean, tá cleite ina láimh ag fear na spéaclaí, agus tá fear eile ag scrúdú féilire atá crochta ar an bhfalla); go raibh an caidreamh idir na saighdiúirí agus na sibhialtaigh ró-éasca; agus gur rud as an ngnáth ar fad é gunnaí a fheiscint i dtigh tábhairne in Éirinn. Spreag an t-amhras seo mé chun beagán taighde a dhéanamh. An t-ealaíontóir a tharraing an pictiúr, John Boyne, is i gContae an Dúin a rugadh é timpeall na bliana 1750 ach bhog sé go Londain nuair a bhí sé ina pháiste agus chaith sé an chuid eile dá shaol ann. Taispeánadh an pictiúr sa Royal Academy, Londain, in 1809, tráth a raibh cónaí ar Boyne i gcomharsanacht Pentonville. Is é teideal an phictiúir (agus teideal an nuachtáin atá á léamh ag an mbearbóir) ná ‘The County Chronicle’. Ba leor cuardach gasta le cabhair Google chun teacht ar an eolas a bhí uaim: foilsíodh The County Chronicle and Weekly Advertiser for Essex, Herts, Kent, Surrey, Middlesex, &c idir 1788 agus 1841. B’fhéidir go léiríonn an pictiúr seo tábhacht na clódóireachta sna home counties i Sasana, ach tá sé as áit ar fad i leabhar faoi dhála na Gaeilge. Agus seo sliocht as an leabhar céanna a tharraing m’aird toisc go bhfuil seanchara liom, Aodh Buí Mac Cruitín, luaite ann:
It is notable that the grammatical and lexicographical undertakings of the energetic Hugh Mac Curtin were not printed in Ireland. Mac Curtin’s Elements of the Irish language, grammatically explained in English was published in Louvain in 1728, and that [sic] the landmark dictionary he compiled with Conor Begley was published in Paris four years later ... the fact that they were not published locally attests to the lack of capacity to generate print in Irish, and, one may assume, since there was no legal prohibition on Irish print per se, to the perception of printers that it must involve a financial outlay that prudence discouraged.
James Kelly agus Ciarán Mac Murchaidh (eag.), Irish and English: Essays on the Irish Linguistic and Cultural Frontier, 1600-1900 (BÁC, 2012), 207
Má tá bunús ar bith leis an argóint seo, ní léir domsa é. Dá laghad é an margadh le haghaidh an ghraiméir agus an fhoclóra in Éirinn, caithfidh go raibh an t-éileamh níos lú fós in Ísiltír na hOstaire agus sa bhFrainc, ach dá ainneoin sin cuireadh an dá shaothar i gcló sna tíortha úd – rud nárbh fhéidir a dhéanamh in Éirinn.

      Is fíor nach raibh sé i gcoinne an dlí foilseacháin Ghaeilge a chur amach in Éirinn, ach an leomhfadh clódóir cúramach – fear a mbeadh a ghnó ag brath ar chead a ghild, ar dhea-thoil an bhardais, ar easpa mioscaise an rialtais – an leomhfadh fear mar sin dul sa seans agus caoinfhulaingt na n-údarás a thástáil sa réimse íogair seo? Mar shampla, is suntasach an ní é nach bhfuil ainm clódóra ná log foilsithe le léamh ar An Teagasg Criosdaidhe a nGoidhleig le James Pulleine, teagasc Críostaí Caitliceach a cuireadh amach (sa chló Rómhánach agus gan síntí fada) sa bhliain 1748. Agus seo mar a scríobh Charles Lucas in alt nuachtáin a foilsíodh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1749:
It is a trite Story of one of our Lord Mayors, that he put a Man in Confinement for saying, May be so, in Irish, and released him, for saying it afterwards in English.
The Censor, 24 Meitheamh 1749
Ba mhór idir ‘b’fhéidir é’ agus ‘maybe so’ san 18ú céad! Nó breathnaímis an méid a scríobh an tUrramach John Richardson sa bhliain 1711. Ministir den eaglais bhunaithe ba ea Richardson agus bhí plean aige leabhair urnaithe agus seanmóirí Anglacánacha a fhoilsiú i nGaeilge chun bundúchasaigh na hÉireann a mhealladh ó phiseogacht na Róimhe. Níor réitigh an scéim le huachtaráin a eaglaise féin, áfach, agus b’éigean dó an cur chuige a bhí aige a chosaint go poiblí:
Preaching in the Irish Language is not an Encouragement of the Irish Interest, any more, than preaching in French in England, is an Encouragement of the French Interest; For the Irish Papists, who can speak English, ever were, and still are as great Enemies to the English Interest, as the Irish Papists who cannot speak English. And I see no Reason why the Welsh Language in England, and the Irish Language in Scotland, should not be as pernicious to the British Interest, as the Irish Language in Ireland: Wherefore it is very evident that it is the Popish Religion, and not the Irish Language, that is repugnant to the English Interest in Ireland.
John Richardson, A Proposal for the Conversion of the Popish Natives of Ireland to the Establish’d Religion (BÁC, 1711), 6.
Ach chreid an dream a chuir i gcoinne Richardson a mhalairt: tuigeadh dóibh go raibh an Ghaeilge ‘repugnant to the English interest in Ireland’. Ní hé ganntanas na bhfoilseachán ba chúis leis an nGaeilge a bheith ar an imeall, ach a mhalairt: is é imeallú na teanga ba chúis le ganntanas na bhfoilseachán.
Is próiseas mall leanúnach í forbairt na meán cumarsáide

      Maidir leis an gclódóireacht, is beag rian a d’fhág sí ar shaol na coitiantachta in Éirinn ar feadh i bhfad. Bhí léamh agus scríobh ag mo sheanathair agus ag mo sheanmháthair, ach deir mo mháthair liom nach léití ach dhá fhoilseachán sa teach feirme inar tógadh í: Old Moore’s Almanack a cheannaítí um Nollaig gach bliain agus a choinnítí ar an matal i rith na bliana dár gcionn, agus nuachtán áitiúil, an Tuam Herald, a cheannaítí gach seachtain. Níor fhág sé sin go raibh an líon tí – ná na comharsana sa cheantar máguaird – scoite amach ón domhan mór. Is amhlaidh go raibh an meán cumarsáide is sine agus éifeachtaí ar fad acu: mar atá, an chaint. Bhuail na comharsana le chéile tar éis Aifrinn, ag cluichí peile, ag aonaigh, ag oícheanta airneáin chun cártaí a imirt, ag damhsaí tuaithe. Phléadar ceisteanna móra na linne: an ‘cogadh eacnamaíoch’, na Blueshirts, ath-armáil na Gearmáine, Mrs Simpson agus rí Shasana, agus tuilleadh nach iad. Tuigeadh go maith cé a bhí ar thaobh Dev agus cé a bhí ina choinne; cé a thuig do Benito Mussolini agus cé a raibh báidh aige le Haile Selassie. Ba chosúla, ar mórán bealaí, an saol a chaitheadh muintir na tuaithe sna 1930í leis an saol a chaitheadh a sinsir san 18ú céad ná le saol an lae inniu. Is fíor gur athraigh cúrsaí go mór idir an dá linn, ach tá tuairim agam gur mó an bhaint a bhí ag an gcraoltóireacht ná ag an gclódóireacht leis an gclaochlú sin. Ní chuirfeadh sé ionadh orm dá mbeadh tionchar níos mó fós ag an idirlíon sna blianta atá romhainn.

      Más mian linn cultúr an phobail a thuiscint i gceart, ní foláir dúinn a aithint cé chomh mall agus a chuaigh an chlódóireacht i bhfeidhm air, agus cé chomh héifeachtach agus a bhí modhanna eile cumarsáide. Fillfidh mé ar an ábhar seo go luath.

AGUISÍN

D’éag Conrad Devlin, an clódóir a mhúin an rang ar ar fhreastail mé i mí an Mhárta seo caite, an 19 Deireadh Fómhair 2014. B’shin an t-aon uair amháin a casadh orm é ach ba leor deich nóiméad a chaitheamh ina theannta le tuiscint go raibh a chroí istigh i gceird nó clódóireachta. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.