16/12/2015

An stair nár tháinig

Aistriúcháin
Is sa 17ú céad a scríobh Seathrún Céitinn Foras Feasa ar Éirinn, cuntas leanúnach ar stair na tíre ón tréimhse roimh an Díle go dtí ionradh na Sasanach. Ní heol dom gur fhéach aon duine le stair na hÉireann a ríomh i nGaeilge i rith an 18ú céad, ach cuireadh Gaeilge ar A Brief Discourse in Vindication of the Antiquity of Ireland (1717) le hAodh Buí Mac Cruitín timpeall na bliana 1785; tá an t-aistriúchán sin le fáil i lámhscríbhinn G.81 sa Leabharlann Náisiúnta faoin teideal ‘Seanreacht na hÉireann’. Sa 19ú céad, scríobh Art Mac Bionaid stair a tháinig anuas chomh fada le Conradh Luimnigh. ‘Comhrac na nGael agus na nGall le chéile’ an teideal a roghnaigh an t-údar, cé gur baisteadh Lámhscríbhinn Staire an Bhionadaigh ar an eagrán breá le Réamonn Ó Muirí a tháinig amach sa bhliain 1994. Shílfeadh duine go bhfoilseofaí stair Ghaeilge nó dhó nuair a thosaigh gluaiseacht na hathbheochana ag deireadh an 19ú céad ach níor tháinig an tuar sin faoin tairngreacht riamh. Ní hé go raibh lucht na hathbheochana dall ar stair na hÉireann. Go deimhin, áirítear Eoin Mac Néill, an chéad rúnaí a bhí ar Chonradh na Geilge, ar dhuine de na staraithe is fearr dár mhair in Éirinn riamh. Bhí Mary Hayden, ollamh le stair i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ina Conraitheoir freisin ach nuair a scríobh sí téacsleabhar meánscoile, A Short History of the Irish People from Earliest Times to 1920, i bpáirt le Seoirse Ó Muanáin, ball eile den Chonradh, ba é an Béarla an teanga a roghnaigh siad. Mar an gcéanna, is i mBéarla a scríobh Eleanor Hull (alias Eibhlín Ní Choill), rúnaí Chumann na Scríbheann nGaedhilge, A History of Ireland and its People (dhá imleabhar, 1926 agus 1931). Ós rud é gur theip ar dhíograiseoirí na hathbheochana an beart a dhéanamh, cheapfá go bhféachfadh an stát nua chuige go mbeadh leagan caoithiúil de stair na tíre le fáil i dteanga dhúchais na tíre, ach níor scríobhadh a leithéid. Is amhlaidh nár foilsíodh oiread is suirbhé téagartha amháin ar stair na hÉireann i nGaeilge ó thús deireadh an 20ú céad. Cuireadh Gaeilge ar chorr-stair a scríobhadh i mBéarla, gan amhras, ach ní hionann an saghas staire a scríobhtar le haghaidh lucht léite an Bhéarla (bíodh Gaeilge ag an údar nó ná bíodh) agus an saghas staire a scríobhfaí i mbunsaothar Gaeilge.

Beathaisnéisí

     Níor foilsíodh ach líon beag monagraf staire i nGaeilge riamh, cé go bhfuil roinnt acu ar ard-chaighdeán. Is leor Aisling Ghéar an Bhuachallaigh a lua le cruthú nach laincis ar bith ar an scoláireacht í an teanga ach a mhalairt. Is fíor go raibh borradh áirithe faoin mbeathaisnéis stairiúil i lár an chéid seo caite, tráth a scríobh Seán Ó Lúing, Leon Ó Broin agus Séamas Mac Giolla Easpaig staidéir fhónta ar Robert Emmet, Thomas Russell, R.R. Madden, Charles Stuart Parnell, Diarmaid Ó Donnabháin Rosa, Arthur Griffith agus John Devoy. Ach tá taoide na mbeathaisnéisí tráite le glúin anuas agus bhí cuma an chadhain aonair ar An Béaslaíoch le Pádraig Ó Siadhail nuair a foilsíodh é sa bhliain 2007. Is fíor, leis, go raibh rath ar genre eile a bhfuil gaol aige leis an mbeathaisnéis: mar atá, an leabhar cuimhní cinn. I measc na bpearsan mór le rá a d’fhág a gcuimhní cinn i nGaeilge, tá Dubhghlas de hÍde, Earnán de Blaghd agus Seán T. Ó Ceallaigh. Is suntasaí fós, b’fhéidir, roinnt de na cuimhní cinn a d’fhág údair nach raibh aird an phobail orthu ach a chaith saoil a bhí as an ngnáth: féach Eoghan Ó Duinnín, mar shampla, cumannach as Baile Átha Cliath a throid ar son Phoblacht na Spáinne; nó, ag ceann eile an speictrim pholaitiúil, Róisín Ní Mheara, Sasanach de bhunadh Éireannach a chaith blianta an Dara Cogadh Domhanda i mBeirlín i dteannta Francis Stuart; nó Tarlach Ó hUid, Londoner a chuaigh isteach san IRA agus a chaith na blianta céanna ‘faoi ghlas ag Gallaibh’ i dTuaisceart Éireann. Ach is cosúil go bhfuil ré na gcuimhní cinn thart chomh maith: nuair a foilsíodh cuimhní cinn duine de mhór-fhilí na Gaeilge le déanaí, is i mBéarla a bhí siad. Ar an láimh eile, braithim go bhfuil cnuasaigh aistí ar ábhair stairiúla ag éirí níos coitianta le tamall anuas. Tháinig cnuasaigh amach nuair a bhíothas ag déanamh cuimhneacháin ar an nGorta Mór agus ar Éirí Amach 1798, mar shampla, agus rachainn i mbannaí go bhfoilseofar díolaim i nGaeilge ar Éirí Amach na Cásca roimh dheireadh na bliana seo chugainn.

Cuimhní cinn

     Ina dhiaidh sin is uile, is bocht an scéal é nach bhfuil stair na hÉireann—gan trácht in aon chor ar stair na hEorpa ná ar stair an domhain—le fáil i nGaeilge. Caithfear a rá nach eisceacht í an stair sa mhéid sin, nó tá réimsí móra den saol comhaimseartha nach féidir eolas a chur orthu trí mheán na teanga seo. Cá bhfuil na leabhair ar an bpolaitíocht, ar an eacnamaíocht, ar an tsocheolaíocht (fág an tsochtheangeolaíocht as an áireamh), ar an bhfealsúnacht, ar an eolaíocht, ar an ríomhaireacht, ar chúrsaí gnó, ar an ealaíon, ar an dearadh, ar an tsláinte, ar an dlí, ar an spórt? Nílid ann, ar an mórgóir, agus is in olcas atá an scéal ag dul. Fiche bliain ó shin, bhí iriseoirí treallúsacha cosúil le Risteárd Ó Glaisne agus Nollaig Ó Gadhra ann a bhí sásta tabhairt faoi leabhair ar ábhair éagsúla a mbeadh suim ag an bpobal léitheoireachta iontu: Ian Paisley, Conor Cruise O’Brien, náisiúnachas na hAlban, nó Teilhard de Chardin i gcás Uí Ghlaisne; Mahatma Gandhi, Richard Daley (méara Chicago), roinnt na dtoghlach i dTuaisceart Éireann, nó aontú polaitiúil na hEorpa i gcás Uí Ghadhra. Ach cá bhfuil a gcomharbaí inniu? B’fhéidir go mbíonn siad ag ‘giolcadh’ ar Twitter ach níl aon cheo a bhfuil tathag ann scríofa acu.

Monagraif

     Ní féidir a shéanadh go bhfuil easpa téagair le brath ar chultúr na Gaeilge anois. Glactar leis gur teanga í a dhéanfaidh cúis le haghaidh liricí beaga neamhurchóideacha (agus le haghaidh gearrscéalta, úrscéalta is drámaí neamhurchóideacha chomh maith) ach nach bhfeileann don fhíor-shaol. Más ag cumadóireacht leat atá tú, ní miste é a dhéanamh i nGaeilge. Ach más ag iarraidh tuairisc ghrinn a thabhairt ar ghné éigin den saol atá tú, ba chiallmhar an beart é tiontú ar theanga an réasúin, na stuaime agus an chruinnis. D’fhéadfaí a rá go bhfuil Gaeilgeoirí na linne seo tar éis cúbadh siar ó mheon na hathbheochana agus go nglacann siad anois leis an dearcadh ciníoch a bhí ag Matthew Arnold i lár an 19ú céad:
The Germanic genius has steadiness as its main basis, with commonness and humdrum for its defect, fidelity to nature for its excellence. The Celtic genius, sentiment as its main basis, with love of beauty, charm, and spirituality for its excellence, ineffectualness and self-will for its defect.
Matthew Arnold, The Study of Celtic Literature (1867)
Oghma ar shlí na fírinne agus níl oiread is nuachtán seachtainiúil amháin fágtha sa teanga. Na meáin úra dhigiteacha atá anois ann, is mó an luí atá acu le tablóideachas agus graostacht ná le hanailís a thabharfadh lón machnaimh don léitheoir tuisceanach. Is fíor gur bunaíodh iris acadúil ar-líne le déanaí, COMHARTaighde, ach tá a scóip thar a bheith cúng:
Foilsítear saothar scolártha den chaighdeán is airde san iris seo, COMHARTaighde, sna réimsí seo a leanas de léann na Nua-Ghaeilge go háirithe: critic na litríochta agus an chultúir, léann na n-amhrán agus na dtraidisiún béil, agus sochtheangeolaíocht na Gaeilge.
Litríocht, amhránaíocht agus béaloideas! Má leanann crapadh an chultúir ar aghaidh mórán níos faide ní bheidh fágtha i ndioscúrsa na Gaeilge ach an teanga í féin. Is gairid go bhfíorófar an fhís a bhí ag Myles fadó:
Má táimid fíor-Ghaelach, ní foláir dúinn bheith ag plé ceist na Gaeilge agus ceist an Ghaelachais le chéile i gcónaí. Ní h-aon mhaitheas Gaeilg bheith againn má bhíonn ár gcórá sa teanga sin ar neithe neá-Ghaelacha.
Myles na gCopaleen, An Béal Bocht (4ú eagrán, 1975), 47.

Cnuasaigh aistí

     Nuair a bhíos ag scríobh anseo i mí na Nollag anuraidh, luas go raibh an chéad dréacht de leabhar i mBéarla scríofa agam. Tar éis dom moltaí a fháil ó roinnt daoine a bhí sásta súil a chaitheamh ar an téacs, chuas i dteagmháil le foilsitheoir ag deireadh mhí Eanáir. Thaitin an achoimre leis an bhfoilsitheoir agus iarradh orm dhá chaibidil shamplacha a sholáthar, rud a dheineas. Ina dhiaidh sin arís, iarradh orm an téacs go léir a chur faoi bhráid bheirt léitheoirí. Níor dúradh liom cérbh iad, ach bhí scoláire Gaeilge agus staraí i gceist. Seoladh tuairiscí na beirte chugam tar éis cúpla mí: bhí an scoláire Gaeilge thar a bheith moltach agus bhí an staraí níos tomhaiste (mar is dual do staraí) ach dearfach mar sin féin. Tugadh breith an fhoilsitheora an mhí seo caite: bhíothas sásta an leabhar a fhoilsiú dá ndéanfainn roinnt leasuithe air: an réamhrá a leathnú agus leabharliosta a chur isteach na hathruithe is tábhachtaí a iarradh. Beidh an obair sin idir lámha agam go ceann míosa eile ach tá an ceann scríbe le feiscint go soiléir anois.

     Ós rud é go raibh an obair ar leabhar amháin ag teacht chun deiridh, bhíos ag déanamh mo mhachnaimh ar an gcéad leabhar eile le tamall anuas. Tá cinneadh déanta agam le déanaí agus táim chun é a fhógairt anois: tá beartaithe agam ar stair na hÉireann a scríobh, i nGaeilge. Aon chaibidil déag a bheidh ann—caibidil amháin ar an réamhstair agus deich gcaibidil ar na tréimhsí staire a leagas amach anseo mí Lúnasa—agus beidh idir 12,000 agus 16,000 focal i ngach caibidil. Timpeall 150,000 focal, nó 300 leathanach, a bheidh sa saothar ar fad. Sílim go dtógfaidh sé idir ceithre mhí agus sé mhí orm caibidil a scríobh. Má mhairim, agus mura rachaidh mé as mo mheabhair idir an dá linn, beidh an chéad dréacht den magnum opus réidh i gceann cúig bliana. Ní chuirfeadh sé ionadh orm dá spreagfadh scríobh an leabhair aiste nó dhó anseo. Bíodh sin mar atá, coinneoidh mé ar an eolas sibh faoi dhul chun cinn na hoibre ó am go chéile.

     Mar is gnách ag an tráth seo bliana, beidh cead ag léitheoirí teachtaireachtaí a fhágáil anseo thíos go dtí tús na hathbhliana.

Mo lón léitheoireachta don Nollaig seo

22/11/2015

I Londain na gCeilteach

Londain mar a shamhlaítear í


Chaitheas cúpla lá i ‘gcathair na smúite’ le déanaí. Cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar chaighdeán an aeir i Londain ón uair a ritheadh an Clean Air Act sa bhliain 1956, tá an smúit fós lárnach don íomhá den chathair atá préamhaithe in intinn an phobail. Thiocfadh dó go bhfuil an t-aer níos úire cois Tamaise ná cois Séine faoin tráth seo, ach is túisce a shamhlaítear toitcheo le príomhchathair Shasana ná le ‘cathair an tsolais’: oireann sé do Big Ben agus do Tower Bridge ar bhealach nach n-oireann don Arc de triomphe ná do thúr Eiffel. Is mó an bhaint atá aige seo leis an gcultúr ná leis an aeráid i ndáiríre. Cé nach raibh pea-souper den sean-déanamh (cumasc plúchtach de dheatach guail is de cheo) i Londain le caoga bliain anuas, maireann aer smúitiúil na cathrach sa chomhchuimhne de bharr thionchar na litríochta agus na scannánaíochta. Nuair a foilsíodh leabhar ar an ábhar le déanaí, is é an teideal a bhí air ná London Fog: The Biography—amhail is dá mba phearsa stairiúil nó réalta scannáin é an toitcheo. Níl an leabhar seo léite agam ach mhol léirmheastóir an London Review of Books é.

     Bhí ceithre bliana imithe ón uair dheireanach a bhíos i bpríomhchathair Shasana agus thugas roinnt athruithe faoi deara—idir athruithe chun donais agus athruithe chun feabhais. Is oth liom a rá go bhfuil níos lú siopaí leabhar ná riamh in Charing Cross Road, mar shampla. Ar an láimh eile, tá roinnt de na seanbhoscaí gutháin in úsáid mar ionaid wi-fi anois, rud a thabharfaidh léas nua saoil dóibh. Tá athruithe eile nár tharla go fóill cé go bhfuil siad ag teastáil go géar. An chéad lá a bhíos thall, bhuaileas isteach i siopa caife ag am lóin. Bhí ainm na háite i bhFraincis, bhí gach saghas latte agus cappuccino luaite ar an gclár, agus dheineas dearmad glan ar bhéasa na tíre: d’ordaíos americano agus súil agam le espresso agus uisce tríd. Ach mo léan, nuair a bhaineas an claibín den chupán ba léir go raibh bainne ann chomh maith. B’shin ceacht a d’fhoghlaimíos nuair a bhí céim dochtúireachta idir lámha agam in Ollscoil Learphoill fadó: má tá tae nó caife ag teastáil uait san oileán béal dorais, caithfidh tú ‘without milk’ a rá go hard agus go soiléir nó steallfar an leacht bán isteach sa deoch gan cead duit.

Peaca i gcoinne na daonnachta, na sibhialtachta agus na loighce
     Bhí drogall orm an baile a fhágáil chomh déanach seo sa bhliain ach mheall dhá thaispeántas anonn mé. Beidh ceann acu, Lee Miller: a woman’s war, ar siúl san Imperial War Museum go dtí mí Aibreáin ach beidh an ceann eile, Celts: art and identity, ag aistriú ón British Museum go Dún Éideann i mí Eanáir. Cé go dtaitníonn ‘Auld Reekie’ liom, beidh a fhios ag léitheoirí rialta an tsuímh seo go bhfuil spéis ar leith agam i Lee Miller. Chinneas gurbh fhiú an deis a thapú chun an dá thaispeántas a fheiscint in aon gheábh amháin. Thugas cuairt ar an Imperial War Museum an 10 Samhain agus thaitin an taispeántas liom: bhí rogha leathan pictiúr a ghlac Miller i Sasana i rith an blitz agus ina dhiaidh, sa Normainn tar éis D-Day, i bPáras tar éis an libération, agus sa Ghearmáin i dtreo dheireadh an chogaidh le feiscint ann. I dteannta na bpictiúr, bhí roinnt giuirléidí a bhain léi: an ceamara a d’úsáid sí, a cárta aitheantais, litreacha a scríobh sí, an éide mhíleata a chaith sí mar ghrianghrafadóir cogaidh, etc. Bhí an téacs a ghabh leis an taispeántas soiléir, grinn, iomlán gan a bheith iomarcach, agus ní bhfuaireas aon bhlas den bholscaireacht air. Mórán pictiúr agus beagán focal a bhí sa chatalóg, áfach, agus níor bhacas lena ceannach. Ina ionad sin, cheannaíos cóip de Lee Miller’s War, leabhar a chuir a mac, Antony Penrose, in eagar roinnt blianta ó shin; tá áit idir Lee Miller in Fashion agus The Art of Lee Miller curtha in áirithint dó i mo leabharlann. Tuigim, ar ndóigh, go bhfuil an tsuim seo beagáinín obsessive ach is taitneamhach an galar é agus ní dóigh liom go ndéanfaidh bean a fuair bás sa bhliain 1977 mórán dochair dom ag an bpointe seo. Bíodh sin mar atá, níorbh í bé an cheamara ach na Ceiltigh faoi deara dom saoire a chaitheamh i Londain i dtús an gheimhridh.

Portráid le Miller, Miller le linn an chogaidh agus roimhe

     Mar is eol don saol, is ábhar conspóide i measc scoláirí iad na Ceiltigh le fiche bliain anuas. Is é an rud a spreag an chointinn i dtús báire, de réir dealraimh, taispeántas idirnáisiúnta dar theideal I Celti: la prima Europa (‘Na Ceiltigh: an chéad Eoraip’) a bhí ar siúl i Veinéis na hIodáile sa bhliain 1991. Glactar leis go raibh an taispeántas úd ar fheabhas ó thaobh na healaíne de, ach bhí seandálaithe áirithe den tuairim gur bhain an ócáid le clár oibre polaitiúil agus go raibh maorlathas na Bruiséile ag iarraidh teacht i dtír ar na Ceiltigh chun dlús a chur le haontú polaitiúil na mór-roinne. Seo, mar shampla, sliocht as an réamhrá a cuireadh le catalóg an taispeántais:
An essential part of the exhibition is its subtitle ... It was conceived with a mind to the great impending process of the unification of western Europe, a process that pointed eloquently to the truly unique aspect of Celtic civilization, namely its being the first historically documented civilization on a European scale. In fact, how else could a people who fanned out from the central-eastern regions of Europe all the way to the Atlantic Ocean and the North Sea, and even as far as the Black Sea, be described except in terms of their common European denominator? We felt, and still feel, that linking the past to this present was in no way forced, but indeed essential, and could very effectively call us back to our common roots.
Kruta, Frey, Raftery agus Szabo (eagarthóirí), The Celts (1991), 14.
Prislíneacht pholaitiúil is ea é sin gan aon agó; ní bheadh sé as áit i mbileog bholscaireachta ón Aontas Eorpach ach ba smál é ar shaothar scolártha. ‘Le haghaidh gach gníomh bíonn frithghníomh, ar cóimhéid agus sa treo contrártha’ mar a scríobh Sasanach cáiliúil sa 17ú céad. Níorbh fhada gur thug na ‘Celtosceptics’—seandálaithe Sasanacha a bhí míshásta leis an léamh Eorpach thuas—faoi ‘mhiotas’ na gCeilteach. Ar na príomhshaothair leo tá The Atlantic Celts: Ancient People or Modern Invention? (1999) le Simon James, agus The Celts: Origins, Myths & Inventions (2003) le John Collis. Níor mhaith liom a chur in iúl go bhfuil na húdair seo ar aon intinn, ach tá cosúlachtaí móra idir a gcuid argóintí. Deinim amach gurb iad seo na príomhphointí:
  1. Gur thug údair Chlasaiceacha ‘Ceiltigh’ (Κελτοί i nGréigis nó Celtæ i Laidin) ar chiníocha ‘barbaracha’ in iarthuaisceart na hEorpa agus nár thagair an téarma do ghrúpa eitneach ar leith.
  2. Nár thug údair Chlasaiceacha ‘Ceiltigh’ ar phobail dhúchasacha na Breataine ná na hÉireann riamh.
  3. Nár thug na ciníocha éagsúla a labhair teangacha Ceilteacha ‘Ceiltigh’ orthu féin riamh.
  4. Nach ionann gaol teangeolaíoch agus gaol fola agus nár chóir a cheapadh gur shíolraigh na ciníocha éagsúla a labhair na teangacha Ceilteacha ón gcine céanna.
  5. Nár shíl na ciníocha éagsúla a labhair na teangacha Ceilteacha go raibh gaol gairid acu le chéile: níor rith sé riamh leis na Gaeil ná leis na Briotanaigh go raibh gaol fola eatarthu.
  6. Nár chóir a cheapadh go raibh an cultúr céanna (creideamh, córas rialaithe, córas sóisialta, stíl ealaíne, etc.) ag na ciníocha éagsúla a raibh teangacha Cheilteacha acu.
  7. Nár úsáideadh ‘Ceilteach’ in aon chor ar feadh níos mó ná míle bliain go dtí gur athbheoigh údair na hAthbheochana agus an tSoilsithe an téarma ón 16ú céad amach.
  8. Nuair a aithníodh an gaol idir na teangacha Gaelacha agus Briotanacha i dtús an 18ú céad, luadh an aidiacht ‘Ceilteach’ leo mar síleadh gur iarsma den Ghaillis í an Bhriotáinis, rud nach fíor.
Agus na cúinsí seo go léir curtha san áireamh, áitíonn lucht an ‘Cheilteasceipteachais’ gur choincheap saorga nua-aoiseach é ‘Ceilteach’ agus gurbh fhearr an téarma a sheachaint lasmuigh de réimse na teangeolaíochta.

Fógra ag doras an British Museum agus an dá leabhar a cheannaíos ann

     Ní leasc liom a rá go bhfuil báidh áirithe agam leis na Ceilteasceiptigh. Ní hamháin go samhlaím an ‘Ceilteachas’ le gach saghas truflaise—drochealaín, drochcheol, ‘draoithe’ nua-phágánacha, etc.—ach aithním go bhfuil bunús maith le roinnt de na hargóintí thuas. Thar aon rud eile, táim sásta gur pointe cruinn tábhachtach é pointe uimhir a cúig. Is cinnte nach raibh trácht ar Cheiltigh i miotas bunaidh na nGael; go deimhin, níor chualathas iomrá orthu in Éirinn roimh an 18ú céad. Is cosúil go bhfuil pointí a dó, a seacht agus a hocht fíor chomh maith, cé nach léir dom go bhfuil mórán tábhachta ag baint leo. Níl a fhios agam an bhfuil uimhir a haon fíor nó bréagach, ach sílim gur pointe neafaiseach é: más amhlaidh go raibh ciall scaoilte leis na téarmaí ‘Κελτοί’ agus ‘Celtæ’, ní léiríonn sé sin ach easpa cruinnis na n-údar Clasaiceach. Os a choinne sin, is cinnte go bhfuil pointe uimhir a trí mícheart. Ní gá breathnú thar an gcéad abairt in De Bello Gallico le Caius Julius Cæsar lena bhréagnú:
Omnis Gallia est divisa in tres partes: unam quarum Belgæ incolunt; alium Aquitani; tertiam, qui lingua ipsorum appellantur Celtæ, nostra, Galli. 
[Tá an Ghaill uile roinnte i dtrí chuid: ceann ina bhfuil Belgæ ag cur fúthu; ceann eile ina bhfuil Aquitani; sa tríú ceann, táidsean a dtugtar Celtæ orthu ina dteanga féin, inár dteanga, Galli.]
Is téarma Ceiltise é ‘Ceilteach’ ó cheart mar sin; ach murarbh ea, nár chuma? Níor thug an cine a labhair an Ind-Eorpais (an teanga réamhstairiúil ónar shíolraigh formhór theangacha na hEorpa, na Peirse agus thuaisceart na hIndia) ‘na hInd-Eorpaigh’ orthu féin riamh, ach ní féidir le scoláirí an lae inniu an dream sin a phlé gan ainm éigin a thabhairt orthu. Mar an gcéanna, ní foláir lucht labhartha na Ceiltise a bhaisteadh agus tá ‘na Ceiltigh’ chomh maith le lipéad ar bith eile. Maidir le pointe uimhir a sé thuas, má tá teangacha gaolmhara á labhairt ag dhá chine, luíonn sé le réasún go bhféadfadh gnéithe eile dá gcultúir a bheith gaolmhar chomh maith—cé nár chóir talamh slán a dhéanamh de sin gan an fhianaise a scagadh. Ní chuirfeadh sé ionadh orm, mar shampla, dá mbeadh gaol sinseartha idir stádas an fhile in Éirinn agus stádas an bardd sa Bhreatain Bhig. Agus maidir leis an bpointe is íogaire ar fad—an gaol fola—táim ar aon fhocal leis an méid a scríobh Kim McCone:
The fact is that, prior to the recent emergence of mass media of communications, people have constituted the only effective means of spreading a language. Accordingly, since Celtic speech apparently emerged in central Europe around the turn of the first millennium BC, its subsequent presence in Britain and Ireland can only be accounted for by positing a migration or migrations of Celtic speakers thither from the Continent.
Kim McCone, The Celtic Question: Modern Constructs and Ancient Realities
(2008), 42.
Chun teacht timpeall ar an bhfadhb seo, áitíonn na Ceilteasceiptigh nár tógadh an Cheiltis ón mór-roinn go dtí Éire agus an Bhreatain in aon chor. Síleann siad go raibh canúintí Ind-Eorpacha á labhairt sa dá oileán faoin mbliain 2000 R.Ch. ar a dhéanaí agus gur tháinig na ‘teangacha Ceilteacha’ (mar a thugtar orthu go hearráideach) chun cinn ar imeallbhord an Atlantaigh. Tá mapa i gcatalóg an taispeántais a léiríonn an teoiric ‘thraidisiúnta’ gur tógadh an Cheiltis go dtí na hoileáin ón mór-roinn timpeall na bliana 500 R.Ch., ach de réir an téacs a ghabhann leis an mapa tá an tuairim seo ‘increasingly challenged’. Agus tá mapa eile sa chatalóg a léiríonn teoiric ‘mhalartach’ na gCeilteasceipteach agus deirtear linn go bhfuil an léaráid seo bunaithe ar ‘current research’. Is leor nod don eolach!

Dhá mhapa i gcatalóg an taispeántais

     Má bhí teachtaireacht amháin ag taispeántas na Veinéise, tá teachtaireacht eile ar fad ag an taispeántas reatha i Londain. Seo sliocht as an réamhrá a chuir stiúrthóir an British Museum leis an gcatalóg:
Celts: art and identity at the British Museum marks the first time that any exhibition has attempted to tell the story of the Celts from 500 BC to the present day. Yet this is not so much a show about a people as a show about a label, exploring how the name ‘Celts’ has been used and appropriated over the last 2,500 years. ‘Celtic’ is a cultural construct that has changed its meaning many times ... While the Celts are not a distinct race or genetic group that can be traced through time, the word ‘Celtic’ still resonates powerfully today, all the more so because it has been continually redefined to echo contemporary concerns over politics, religion and identity.
Farley agus Hunter (eagarthóirí), Celts: Art and Identity (2015), [9]
Is cóir a rá go bhfuil an taispeántas féin thar barr maidir le réimse, le dearadh agus le cur i láthair na n-earraí atá ar taispeáint ann. Is cinnte go dtaitneoidh sé le haon duine a bhfuil suim dá laghad aige san ábhar—agus le mórán daoine ar cuma leo faoi na Ceiltigh. Tá sé roinnte i gcúig chuid:
  1. Aois an iarrainn (c. 500 R.Ch.)
  2. An concas Rómhánach (c. 100 R.Ch.)
  3. An ealaín agus an léann iar-Rómhánach (c. 400 A.D.)
  4. Athbheochaint agus athchumadh (c. 1500 A.D.)
  5. An saol Ceilteach comhaimseartha
Má tá fócas ar mhór-roinn na hEorpa sa chéad chuid, tá béim ar an mBreatain sa dara cuid agus tá níos mó airde ar Éirinn sa tríú cuid. Ach tá bearna de mhíle bliain ansin roimh an gceathrú cuid ina bhfuil trácht ar an Rerum Scoticarum Historia (1582) le George Buchanan, ar an Archaeologia Britannica (1707) le Edward Lhuyd, agus ar chumadóireacht (i ngach ciall den fhocal) James Macpherson (1736-96) is Iolo Morganwg (1747-1826). Tá tionchar na gCeilteasceipteach le brath go soiléir ar an taispeántas: ní luaitear an abairt ‘Celtic nations’, mar shampla, gan comharthaí athfhriotail a cur timpeall uirthi. Tá catalóg an taispeántais níos tomhaiste, áfach, agus is suntasach an ní é nach bhfuil aon trácht inti ar an cúigiú cuid den taispeántas. I measc na n-earraí atá le feiscint sa chuid deireanach tá a leithéidí seo: gúna ard-draoi an Gorsedd; filleadh beag is breacán na nAlbanach; cártaí tarot sa stíl ‘Cheilteach’; dhá mhúrphictiúr i mBéal Feirste a bhfuil Cú Chulainn léirithe orthu—ceann acu i gceantar Poblachtach agus an ceann eile i gceantar Dílseach; cóip de Asterix the Gaul; cnuasach aistreog le haghaidh tatúnna ‘Ceilteacha’; geansaithe de chuid Glasgow Celtic agus na Boston Celts. Ní dríodar go dríodar Ceilteach! An é seo an fáth nach bhfuil cuntas ar an gcúigiú cuid den taispeántas sa chatalóg—ar eagla go laghdódh sé caighdeán ealaíne an leabhair? Nó ar síleadh go mbeadh an t-ábhar comhaimseartha ró-chonspóideach? Is deacair a rá. Seo sliocht eile as an gcatalóg:
The gift shop lies on Edinburgh’s Royal Mile. Half a dozen languages are being spoken around you as tourists crowd round the display cases, full of items advertised as Celtic: jewellery, scarves, jumpers, mugs, key rings. Some of the labels include unfamiliar words in Gaelic. The label ‘Celtic’ sells a country and an ideal to outsiders. But this is not just commercial exploitation of ancient history. Being Celtic is a real element of people’s identity in Scotland, Ireland, Wales, the Isle of Man, Cornwall, Brittany and across the world for people who trace their ancestry to those places.
Farley agus Hunter (eagarthóirí), Celts: Art and Identity (2015), 23
Ach an fíor é seo i ndáiríre? Tá drogall orm a rá gur féiniúlacht chumtha é an Ceilteachas mar ní léir dom gur féiniúlacht de shaghas ar bith é. Cé go bhfuil an teanga Cheilteach ina bhfuilim ag scríobh ar eolas agam, agus cé gurbh Éireannaigh iad mo shinsir uile chomh fada siar agus is féidir liom iad a ríomh, ní rithfeadh sé liom ‘Ceilteach’ a thabhairt orm féin. Braithim go mbeadh sé sin áiféiseach ar fad. B’ionann é agus cás an Rómánaigh a thabharfadh ‘Rómhánach’ air féin—nó cás an tSasanaigh a thabharfadh ‘Gearmánach’ air féin. Thairis sin, ní mhothaím go bhfuil ceangal cultúrtha ar leith agam le Breatnaigh ná le Briotánaigh—tá cás na nAlbanach éagsúil, gan amhras, ach is gaol é sin a bhaineann le Gaelachas seachas le Ceilteachas.

Keltic Kitsch

     Níor chóir an téarma ‘Ceilteach’ a úsáid sa stair tar éis dheireadh na ré Clasaicí. Ach tá teangacha a shíolraigh ón gCeiltis beo i gcónaí agus is téarma dlisteanach é ‘Ceilteach’ sa teangeolaíocht. An té atá stuama, seachnóidh sé an Ceilteachas i réimsí eile den saol comhaimseartha.

     Ós ag trácht ar fhéiniúlachtaí cumtha atáim, ní fhéadfainn aiste na míosa seo a chríochnú gan an scéilín seo a leanas a insint. Bhíos istigh sa taispeántas, macasamhail de charbad ‘Ceilteach’ á féachaint go grinn agam, nuair a chualas guth mná ar challaire an mhúsaeim: bhí sé a haon déag a chlog ar maidin, ar an aonú lá déag den aonú mí déag, agus bhíothas ag tabhairt cuireadh dúinn páirt a ghlacadh i dtost dhá nóiméad ar fud an náisiúin i gcuimhne orthusan a cailleadh agus iad ag troid ar son na saoirse. Níor míníodh dúinn cén náisiún a bhí i gceist (Sasana, an Bhreatain Mhór, nó an Ríocht Aontaithe?) ná níor chualas comharthaí athfhriotail ar an bhfocal ‘náisiún’ má bhíodar ann. Ach bhíos breá sásta seasamh go díreach ar feadh dhá nóiméad agus machnamh a dhéanamh orthusan a thug a mbeatha ar son na saoirse. Níorbh iad na Tommies bochta a chaith éide na hImpireachta sa Chéad Chogadh Domhanda a bhí ar intinn agam, áfach, ach an buíon beag Óglach a thug dúshlán na hImpireachta céanna ar shráideanna Átha Cliath.

20/10/2015

Startha na Gaeilge

Aidan Doyle, an leabhar leis agus Stair na Gaeilge

Foilsíodh A History of the Irish Language: From the Norman Invasion to Independence le hAidan Doyle, léachtóir Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, cúpla mí ó shin agus tá sé díreach léite agam. Chuireas suim ar leith sa leabhar seo mar is gearr go mbeidh aiste liom féin ar an ábhar céanna i gcló sa Princeton History of Modern Ireland. B’éigean dom dul i ngleic leis na fadhbanna stairiúla atá pléite ag Doyle agus b’údar spéise dom é toradh a chuid oibre. Caithfear a rá, áfach, gur mór idir scála an dá shaothar: trí chéad leathanach atá i leabhar Doyle i gcomórtas le fiche leathanach sa chaibidil a scríobhas. Thairis sin, tá scóip na caibidle níos cúinge: níor ghá dom bacadh le stair na hÉireann, ábhar atá pléite go mion ag údair eile sa Princeton History, agus níor bhain stair inmheánach na teanga (na hathruithe a tháinig ar an bhfoclóir, ar an ngramadach, ar an litriú, etc.) le mo chúram. Ach tá iarracht déanta ag Doyle dhá thrá a fhreastal trí stair inmheánach agus stair sheachtrach na Gaeilge a chuimsiú in aon imleabhar amháin. Béarlóirí nach mbeadh ar a gcumas Stair na Gaeilge le Kim McCone et al. a léamh, bainfidh siad tairbhe as an gcuntas comair ar éabhlóid na teanga ón 12ú céad go dtí tús an 20ú céad atá le fáil anois in A History of the Irish Language. Ní phléifidh mé an ghné sin den leabhar, áfach, mar ní hé ‘Cúrsaí Teangeolaíochta’ teideal an tsuímh seo. Ach tabharfaidh mé spléachadh ar an gcur síos a dhein Doyle ar stair na hÉireann, agus scrúdóidh mé an dearcadh sainiúil atá aige ar stair sheachtrach na Gaeilge.

     De réir an nóta admhála i dtosach A History of the Irish Language, léigh staraí anaithnid lámhscríbhinn an leabhair sular ligeadh i gcló í. Más ea, caithfear a rá nár léamh cúramach é mar chuirfeadh líon na mbotún as do staraí gairmiúil ar bith. Ní fíor, mar shampla, gur éiligh rítheaghlach na Stíobhartach an choróin ‘right up to the death of James II’s son in 1766’ (lch. 81): is amhlaidh go raibh an choróin fós á héileamh ag an bPrionsa Séarlas, garmhac Shéamais II, nuair a d’éag sé sa bhliain 1788. Bhain Doyle míthuiscint as abairt i gcín lae Chathail Uí Chonchubhair nuair a d’aistrigh sé ‘athogbhail Dhúncerc’ mar ‘recapturing Dunkirk’ (lch. 93). Níor ghabh na Francaigh Dunkirk sa bhliain 1740, ach thosaigh siad ag atógáil dúnta cosanta an chalafoirt a leagadh de réir théarmaí chonradh Utrecht. Ba chóir ‘athogbhail’ a aistriú mar ‘rebuilding’, cé go mbeadh ‘refortifying’ níos soiléire fós. Ag trácht dó ar chín lae Uí Chonchubhair, scríobh Doyle an méid seo a leanas:
O’Conor’s vocabulary is mostly connected to farming and the weather, but he occasionally displays creativity, as when he uses the word nuaidheacht ‘newness’ in the sense of news ...
Doyle 104.
Taitneoidh an ráiteas seo leosan a shíleann go raibh lucht labhartha na Gaeilge dall ar imeachtaí an tsaoil mhóir i rith an 18ú céad ach níl aon bhunús leis: níorbh aon nuaíocht í an chiall a chuir Ó Conchubhair leis an bhfocal. Seo sliocht as an eagrán den Tiomna Nua a réitigh Uilliam Uí Dhomhnaill—téacs a cuireadh i gcló chomh luath leis an mbliain 1602:
Agus ar bhfhreagra don aingel a dubhairt sé ris, is meisi Gabriél tsheasmhuigheas a bhfhiadhnuisi Dé: agus do cuireadh mé do labhairt riotsa, agus dinnisin na núaidhigheacht maith so dhuit.
Lúcás 1:19
Thuig na Gaeil cad is brí le ‘nuaíocht mhaith’ (‘glad tidings’ atá sa King James Version) faoi thús an 17ú céad ar a dhéanaí. Ní fíor gur eagraigh Dónall Ó Conaill ‘so-called monster meetings’ (lch. 108) mar chuid den fheachtas ar son fhuascailt na gCaitliceach: is amhlaidh gur bhain na cruinnithe ollmhóra (agus bhíodar ollmhór) leis an bhfeachtas ar son Reipéil. Ná níl an ráiteas seo a leanas i dtaobh an Chonallaigh cruinn: ‘for the next seventeen years, until his death in 1847, he campaigned tirelessly for this cause’ (lch. 108); is é an fhírinne gur lig sé Reipéil le sruth sna blianta idir 1834 agus 1840 nuair a bhí sé ag obair i gcomhar le comh-aireacht an Tiarna Melbourne. Ní fheadar an botún staire nó botún mícribhitheolaíochta é ‘víreas’ a thabhairt ar dhúchan na bprátaí (lch. 124), ach is cinnte gur botún é. Mar an gcéanna, nuair a scríobh múinteoir taistil de chuid Chonradh na Gaeilge go raibh an talamh mhaith go léir i gceantar Iorrais ‘faoi bhuláin, agus tá na daoine bochta ar mhóintibh nó ar thaobh-sléibhe’, aistríodh é mar ‘any good land is covered by boulders, and the poor people are on moors or the mountain-side’ (lch 203). Ach cé thabharfadh ‘talamh mhaith’ ar fhearann a bhí breac le carraigeacha? Thabharfainn geall nach ‘bolláin’ a bhí i gceist ach ‘bulláin’: ‘any good land is raising bullocks, and the poor people are on moors or the mountain-side’. 

Leabhair eile a bhaineann le hábhar

     Léireoidh na botúin thuas nach bhfuil an cháiréis le brath ar an leabhar seo a mbeifí ag súil léi i leabhar staire ó fhoilsitheoir acadúil. Ach d’fhéadfaí a áiteamh gur chóir slat tomhais eile a úsáid: gurb í stair sheachtrach na Gaeilge an t-aon ghné den stair is cás le hAidan Doyle i ndáiríre agus gurbh fhearr A History of the Irish Language a mheas ar an mbonn sin amháin. Faraoir, ní féidir liom an cuntas leis ar shocheolaíocht stairiúil na teanga a mholadh ach oiread. Insint na fírinne, tá dearcadh leithleach dá chuid féin curtha i láthair ag an údar seo atá beag beann ar na fíricí go minic. Thairis sin, braithim nár chaith sé go cothrom le daoine ná le dreamanna áirithe a bhfuil trácht orthu sa saothar. Tabharfaidh mé roinnt samplaí dá chur chuige ar ball beag, ach ba mhaith liom súil a chaitheamh ar cheann de mhórthéamaí an leabhair ar dtús.

     Tá Aidan Doyle suite de gur phróiseas mall réidh é an t-athrú teanga a tharla in Éirinn:
The reason I have been at pains to stress the gradualness of the change is that this view of events has failed to filter down into popular consciousness. Indeed, the old view which saw language change as cataclysmic and sudden, even lingers on in academic debate on this subject.
Doyle 131-2 
Dar leis an údar, is ar éigin a tugadh faoi deara go raibh athrú teanga ar siúl: ‘what is important is that Irish declined slowly and imperceptibly’ mar a scríobh sé (lch. 138). Ní shéanfadh aon duine go raibh eolas an phobail ar an mBéarla ag leathnú de réir a chéile ón 17ú céad amach, ach ní hionann smeadar éigin Béarla a fhoghlaim agus dearmad a dhéanamh ar an nGaeilge. Tá an téis go raibh laghdú mór tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge roimh dheireadh an 18ú céad bunaithe ar an taighde a dhein Garret Fitzgerald ar staitisticí daonáireamh. I bhfocail Doyle:
According to the estimates of Fitzgerald (1984), only 45 per cent of the children born in the decade 1771-81 were brought up speaking Irish.
Doyle, 97.
Ach ní fíor é sin. Is leor breathnú ar theideal an ailt inar fhoilsigh an Gearaltach torthaí a chuid taighde chun an mhíchiall a bhain Doyle astu a thuiscint (is liomsa an bhéim): ‘Estimates for baronies of minimum level of Irish-speaking amongst successive decennial cohorts: 1771-1781 to 1861-1871’. Níor scríobh Fitzgerald riamh nár tógadh ach 45 faoin gcéad de na páistí a rugadh sa tréimhse 1771-81 le Gaeilge. Is é an rud a scríobh sé gur tógadh 45 faoin gcéad ar a laghad de na páistí a rugadh sa tréimhse 1771-81 le Gaeilge. Is mór idir an dá ráiteas agus is deacair a thuiscint conas nár thug Doyle an difríocht faoi deara. D’aithin Fitzgerald go raibh claonadh ann sa 19ú céad ‘to encourage understatement of the capacity to speak Irish’ (Fitzgerald, 121). Thairis sin, bhain sé úsáid as daonáirimh a tógadh idir na blianta 1851 agus 1881—is é sin le rá, tar éis an Ghorta Mhóir. Mar is eol don saol, d’athraigh an gorta struchtúr na sochaí ó bhonn. De réir dhaonáireamh na bliana 1841, mar shampla, bhí cónaí ar 46.6% den daonra i gConnachta nó sa Mhumhain, an dá chúige ina raibh Gaeilge ag bunús an phobail, ach bhí an céatadán sin tite go dtí 43.8% deich mbliana dár gcionn. Más fíor gur bhain labhairt na Gaeilge le cúigí áirithe, bhain sí le haicmí áirithe laistigh de na cúigí sin chomh maith. Is iad na boicht is mó a raibh Gaeilge acu faoi lár an 19ú céad agus is iad na boicht is mó a fuair bás i rith an Ghorta. An 45 faoin gcéad úd a tógadh le Gaeilge idir 1771 agus 1781 de réir na ndaonáireamh, is é a bhí iontu i ndáiríre an sciar den phobal a rugadh sa tréimhse sin, a tháinig slán tríd an ngorta, a d’fhan in Éirinn, agus a bhí sásta a insint don chonstábla a bhailigh (nó a líon) foirm an daonáirimh go raibh Gaeilge ar a dtoil acu. Cad í an uimhir cheart le haghaidh líon na ndaoine a tógadh le Gaeilge sna blianta 1771-81 mar sin? Is é an t-aon fhreagra macánta ar an gceist sin nach bhfuil a fhios ag aon duine, ach is cinnte go raibh an uimhir cuid mhaith níos airde ná 45 faoin gcéad. Seo í breith mheáite an té a dhein an taighde bunaidh, Garret Fitzgerald:
it can be deduced from these figures that something approaching half—perhaps even half or more—of the children in Ireland at the start of the nineteenth century spoke Irish.
Fitzgerald, 126.
Maidir liom féin, sílim gur ghá 10 faoin gcéad sa bhreis (ar a laghad) a chur le figiúirí na ndaonáireamh chun teacht ar mheastacháin réalaíoch don tréimhse roimh an ngorta, rud atá déanta agam sa tábla thíos.

Líon na bpáistí a tógadh le Gaeilge: daonáirimh (gorm) agus meastacháin (dearg)




Bhí tionchar as cuimse ag an ngorta ar labhairt na Gaeilge. Ní hamháin gur laghdaigh sé líon na ndaoine a raibh labhairt na Gaeilge acu, ach bhain sé an bonn den teanga ar bhealach eile: cé go raibh Gaeilge fós ag 23 faoin gcéad den daonra de réir dhaonáireamh na bliana 1851, bhí idir Bhéarla is Ghaeilge ag a bhformhór agus ní raibh ach 5 faoin gcéad den phobal fágtha a bhí taobh leis an nGaeilge amháin. Ba dheacair teacht ar Ghaeilgeoirí aonteangacha lasmuigh de na ‘ceantair chúnga’ feasta.

     Má tá an anailís a dhein Aidan Doyle ar chúlú na Gaeilge lochtach, ní féidir a rá go bhfuil a chuntas ar an athbheochaint níos fearr. Is beag tuiscint atá aige ar lucht na hathbheochana:
In the twenty-first century, we find it hard to imagine that anybody would devote their time to the promotion of a dying language for little or no pay.
Doyle, 187.
Fágaimis an tuairim go raibh an Ghaeilge ag saothrú an bháis ag tús an chéid seo caite i leataobh go ceann tamaill, ach cé hiad an we seo a raibh an t-údar ag scríobh thar a gceann? Táim sásta a rá nach bhfuil deacracht dá laghad agam meon na gConraitheoirí a chaith dua leis an nGaeilge a thuiscint. Táim cinnte nach bhfuilim i m’aonar. Go deimhin, tá aithne agam ar dhaoine a chaitheann dua i gcónai ‘ar son na cúise’. In áit eile sa leabhar, thug Doyle sliocht as léacht le hOsborn Bergin a mhol úsáid an chló Rómhánaigh, agus lean sé leis mar seo a leanas:
Unfortunately, Bergin’s appeal to sanity fell on deaf ears, and for many years after his lecture was delivered, most books continued to be printed in the Gaelic font.
Doyle 218.
Gealtachas ba ea úsáid an chló Ghaelaigh, más féidir Doyle a chreidiúint, ach níl aon bhunús leis an tuairim sin. D’fhéadfaí a rá gur mhó na buntáistí a bhain leis an gcló Rómhánach (cé gur tuairim phearsanta seachas fíric oibiachtúil é sin) ach ní féidir a shéanadh go mbaineann buntáistí áirithe leis an gcló Gaelach—tá sé i bhfad níos gonta ná an cló Rómhánach, cuirim i gcás—agus ní fíor in aon chor go raibh lucht na céille agus na stuaime go léir ar thaobh amháin den chonspóid. Ach ní leasc le Doyle drochmheas a chaitheamh ar dhíograiseoirí na hathbheochana. Tar éis dó sliocht a thabhairt as eagarfhocal inar chomhairligh Pádraic Mac Piarais d’fhoghlaimeoirí na teanga gan Béarla a labhairt le muintir na Gaeltacha, thug Doyle an bhreith shearbhasach seo a leanas:
Even allowing for the differences in mentality between our own society and that of Edwardian Ireland, it is hard to avoid the conclusion that holidaying in the Gaeltacht in the company of Patrick Pearse and his ilk might have brought with it a certain amount of stress and tension.
Doyle 200
Ar an láimh eile, is eiseamláir den chaoinfhulaingt is den tuiscint é Doyle nuair a bhíonn naimhde na hathbheochana faoi chaibidil aige. Duine díobh ba ea Robert Atkinson, ollamh le Sanscrait i gColáiste na Tríonóide agus fear a chuir go tréan i gcoinne mhúineadh na Gaeilge sna meánscoileanna nuair a thug sé fianaise os comhair coimisiúin rialtais sa bhliain 1899. Seo cuid dá raibh le rá ag Atkinson:
There is a story mentioned here—“Toruigheacht Dhiarmuda agus Ghrainne,” it is put in there, and they are examined in portions of it. Well, passages are selected, but I assure you the book itself is not fit for children, and I can only say I would allow no daughter of mine of any age to see it.
The Irish Language and Irish Intermediate Education, (BÁC, 1901), lch. 6.
Agus seo sliocht eile as an bhfianaise chéanna:
If I were to express an opinion about it, I would say it would be difficult to find a book [in Irish] in which there was not some passage so silly or so indecent as to give you a shock from which you would never recover during the rest of your life.
The Irish Language and Irish Intermediate Education, (BÁC, 1901), lch. 6.
Tá Aidan Doyle sásta tuairimí Atkinson a chosaint:
Within the context of the Victorian morality of the day, Atkinson was completely right when he described the text-book used in schools, The Pursuit of Diarmid and Gráinne, as indecent.
Doyle, 182.
Is deacair dom a chreidiúint go n-aontódh mórán staraithe a bhfuil cur amach acu ar mheon an fin-de-siècle leis an mbreith seo. An féidir a shamhlú go gcáinfeadh ollamh ollscoile in Oxford na linne an Iliad de bharr iompar Helen agus Paris? Nó an féidir a shamhlú go gcáinfeadh ollamh ollscoile in Cambridge na linne Le Morte d’Arthur de bharr iompar Guinevere agus Lancelot? Ní féidir, ar ndóigh, mar ba dhream réasúnta sofaisticiúil iad na hollúna ollscoile riamh anall agus níor dheacair dóibh an litríocht agus an mhoráltacht a dhealú óna chéile nuair ba mhian leo. Níor bhain clár oibre Atkinson le léiriú liteartha na collaíochta ach le stádas na Gaeilge sa chóras oideachais. Ní nach ionadh, thug lucht tacaíochta na Gaeilge íde na muc is na madraí dó. Ach ba Shasanach é Atkinson agus síleann Doyle gur leor é sin lena dhaoradh:
The unfortunate professor was punished for his nationality, not his morals.
Doyle, 183.
Is áiféiseach an ráiteas é sin. Cáineadh Atkinson toisc gur chuir sé i gcoinne mhúineadh na Gaeilge. Thairis sin, bhí a chur chuige chomh leibideach nár dheacair do na Conraitheoirí ceap magaidh a dhéanamh de i súile an phobail—rud a dheineadar le fonn.

     B’fhéidir gurb í an tuairim is aistí ar fad i leabhar Aidan Doyle an tuairim go raibh muintir na Gaeltachta trí chéile beag beann ar athbheochaint na Gaeilge—is é sin mura raibh siad naimhdeach don teanga:
Despite the best efforts of the League, most of the inhabitants of the Gaeltachts remained hostile, or at best indifferent, to the language of their ancestors.
Doyle 204.
On the negative side, the single greatest failing of the Revival was that it did not manage to involve the native speakers, who were increasingly alienated and excluded from the decisions being made concerning their language. This was a fatal flaw.
Doyle, 261.
Dá mbeadh sé sin fíor, ba dheacair a mhíniú conas a mhair an teanga sna Gaeltachtaí éagsúla anuas go dtí an lá inniu. Ach tá míniú simplí ag Doyle ar an scéal: dar leis, níor mhair an Ghaeilge. Síleann sé gur éag teanga dhúchasach na hÉireann timpeall na bliana 1922. Cheap bunaíocht úr Shaorstát Éireann teanga nua ach ní bhaineann stair na teanga nuachumtha sin le stair na Gaeilge:
Future historians of Irish will be faced with the task of labelling and describing the new language which is still being shaped by second-language speakers, a language which is still in the process of becoming. In some ways, 1922 marks the end of Late Modern Irish, the last variety of the language to be spoken by communities as a first language, rather than as one they learned at school.
Doyle, 8.
this is a language which has been shaped by learners for other learners. With the passage of time, the new Irish is diverging further and further from the traditional Irish spoken until recently in Gaeltacht areas.
Doyle, 266.
Tá an teanga úr ‘still in the process of becoming’ nó, mar adeirtear sa Ghaeilge athbheoite seo a mhúin na Bráithre Críostaí dom fadó, tá sí ‘ag athrú go fóill’. Ar ndóigh, d’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi theanga ar bith atá beo. Sílim go léireoidh an sliocht seo a leanas dearcadh aduain an údair ar Ghaeilge an lae inniu—agus ar lucht a labhartha:
Likewise, on trains in the Republic of Ireland, stations are announced in English and Irish. The phonetics of the voice recordings are heavily influenced by English, and place-names in Irish are unfamiliar to most Irish people. Consequently, a hypothetical Irish speaker who wished to disembark at a particular station would still have to check the English announcement to ensure that he was getting out at the the right stop.
Doyle, 266.
Fiú dá dtuigfeadh an Gaeilgeoir samhailteach leithéidí ‘Cill Dara’, ‘Ros Cré’ nó ‘Port Laoise’, is cinnte go gcuirfeadh ‘Cúil an tSúdaire’, ‘Cathair na Mart’ nó ‘an tInbhear Mór’ mearbhall ar an ainniseoir bocht. Ní déarfadh aon duine seachas language enthusiast a mhalairt.

Le foilsiú go luath


     Níos mó na céad bliain ó shin, bhi an tOllamh Atkinson sásta a admháil gur theangacha breátha iad an tSean-Ghaeilge, an Mheán-Ghaeilge, agus an Nua-Ghaeilge Mhoch. Go deimhin, dhein sé féin staidéar orthu agus bhí sé áirithe ar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge. Os a choinne sin, d’áitigh sé nach raibh i nGaeilge a linne féin ach dríodar teanga—sraith canúintí gan chaighdeán gan litríocht fhónta. Tá cosúlacht nach beag idir an dearcadh a bhí ag Atkinson an tráth úd agus an dearcadh atá ag Aidan Doyle anois. Tuigim, ar ndóigh, go gcleachtann údair acadúla an fhuarchúis. Deinim é chomh maith le cách. Tá súil agam go bhfuil caibidil fhuarchúiseach scríofa agam don Princeton History. Níor mhaith liom go mbeadh mo chuid claontaí le léamh ‘idir na línte’ agus deinim iarracht i gcónaí cibé báidh nó naimhdeas atá agam le pearsana nó le cúiseanna stairiúla a chur i leataoibh nuair a bhíonn an stair á scríobh agam. Ach is mór idir fuarchúis agus drochbhlas; is mór idir ceistiú agus cáineadh; is mór idir amhras agus searbhas.

01/09/2015

An cló, an chaint agus an phoiblíocht

Más fíor an méid a deirtear, bhí Henry Ford sásta tuairisc ar bith air féin a ligean i gcló ach a ainm a bheith litrithe i gceart.

     Tháinig an scéal sin chun cuimhne le déanaí nuair a léas Culture and Society in Ireland since 1750, féilscríbhinn thoirtiúil do Ghearóid Ó Tuathaigh a chuir John Cunningham agus Niall Ó Ciosáin in eagar. Cé go bhfuil trí aiste is fiche (ceithre cinn acu i nGaeilge) ar ghnéithe éagsúla de stair is de chultúr na hÉireann san imleabhar, is é an ceann is mó ar thugas suntas dó aiste le Joep Leerssen dar teideal ‘Public opinion, common knowledge’: ní hamháin go bhfuil trácht orm san aiste seo ach, mar bharr ar an sonas, tá m’ainm litrithe i gceart. Ar an drochuair, ní aithním na tuairimí atá luaite liom. Tá prionsabal sa dlí a deir gurb ionann tost agus aontú (qui tacet, consentit); ar eagla go gceapfadh aon duine go bhfuilim sásta leis an léamh iomrallach a dhein an tOllamh Leerssen ar mo chuid scríbhinní, tá fúm é a cheartú anseo.

An fhéilscríbhinn, Joep Leerssen, agus leabhrán leis a bhaineann le hábhar
     Is é atá san aiste is déanaí ó pheann Leerssen ná spléachadh eile ar an téama a phléigh sé sa leabhrán leis dar teideal Hidden Ireland, Public Sphere (Gaillimh, 2002). Té sé dearbhaithe aige arís nach raibh ‘spás poiblí’ (‘public sphere’ i mBéarla nó ‘Öffentlichkeit’ sa bhun-Ghearmáinis) le fáil ag pobal na Gaeilge san 18ú céad:
Briefly put, my argument was that the Penal Laws prevented the rise of those public institutions (print media, clubs, coffee houses, theatres) that [Jürgen] Habermas sees as centrally important preconditions for the emergence of a public sphere.
Leerssen, ‘Public opinion, common knowledge’, 24.
Tá scoláirí áirithe ann nach n-aontaíonn leis an tuairim sin agus áitíonn siad go raibh lucht labhartha na Gaeilge páirteach sa ‘spás poiblí’ i rith an 18ú céad. Ní duine díobhsan mise, ach síleann Leerssen gurb ea. Seo mar a scríobh sé:
One of the necessary qualifications to this model has been offered by Vincent Morley, for whom the existence of a ‘public opinion’ in Penal Ireland is a given. In his books, Morley investigates a variety of sources to the effect that in rural Ireland, Catholics’ knowledge of current affairs reached far beyond the immediate neighbourhood, involving knowledge of international politics that inspired political stances and attitudes. Morley’s case is a solid one, despite some minor points of chronological overstretch (there is some elasticity between the dates of Morley’s sources and his dating of their applicability) and overstatement. The question, then, stands like this: how justified is it to speak of something like ‘public opinion’ and a ‘public sphere’ in Penal Ireland, and what, if any, structural changes took place in the decades around 1800?
Leerssen, ‘Public opinion, common knowledge’, 25.
Níor thug Leerssen oiread is sampla amháin den ‘overstretch’ ná den ‘overstatement’ a luaigh sé, ach fágaimis an cheist thánaisteach sin i leataoibh agus breathnaímis an príomhráiteas a dhein sé: is é sin, go gcreidim go raibh ‘public opinion’ ann i ré na bPéindlíthe. Mar thacaíocht leis an ráiteas sin, thagair sé (i bhfonóta 7) do leabhar liom dar teideal Irish Public Opinion and the American Revolution, 1760-83. Ach sin leabhar nár scríobhas riamh! Níl na focail ‘public opinion’ le léamh i dteideal mo leabhair; thairis sin, níl an téarma ‘public opinion’ le léamh ó thús deireadh an tsaothair — fág na tagairtí do Irish Public Opinion 1750-1800 le R. B. McDowell agus don aiste dar teideal ‘The misfortunes of Lord Bute: a case-study in eighteenth-century political argument and public opinion’ le John Brewer as an áireamh. Sheachnaíos an téarma d’aon ghnó mar thuigeas go maith nach bhféadfainn na focail ‘public’ agus ‘opinion’ a chur i gceann a chéile gan aird dheisceabail Habermas a tharraingt orm: scrúdódh na fíréin an téacs le cinntiú go raibh sé ag teacht le teagasc an fháidh agus chanfaidís salm na mallacht orm dá n‑aimseofaí an rian is lú eiriceachta ann. Seo mar a mhínigh Leerssen an scéal:
Whereas the term ‘public opinion’ had been used in an a-technical, commonsensical way by earlier Irish historians from Lecky (Leaders of Public Opinion in Ireland, 1889) to R.B. McDowell (Irish Public Opinion 1750-1800, 1944 and Public Opinion and Government Policy in Ireland, 1801-1846, 1952) the work of Jürgen Habermas on the ‘structural transformation of the public sphere’ (Strukturwandel der Öffentlichkeit, 1962) has elicited a re-think of the idea of public opinion, its nature and historical development.
Leerssen, ‘Public opinion, common knowledge’, 23-4
Tá an t-athsmaoineamh déanta, tá an tiomna nua Habermasach foilsithe don slua, agus is geis d’aon duine an abairt liotúirgeach ‘public opinion’ a scríobh feasta gan glúin a fheacadh agus ceann a chromadh i dtreo Frankfurt. Is maith a thuigim an méid sin. Géillim dó, cé nach dtaitníonn sé liom. Ach shíleas go mbeadh cead ag an ainchreidmheach nach nglacann le teagasc Habermas an t-ainmfhocal éiginnte ‘opinion’ a úsáid mar fhocal aonair. Tar éis an tsaoil, tá sé luaite sa bhfoclóir Béarla le Samuel Johnson a foilsíodh chomh fada siar leis an mbliain 1755. Trí chiall a bhí leis an bhfocal an tráth úd, dar le Johnson:
1. Perswasion of the mind, without proof or certain knowledge.
2. Sentiments; judgement; notion.
3. Favourable judgment.
Is é an dara ciall a bhí i gceist agam: ‘Irish sentiments and the American revolution’ is ábhar don leabhar a scríobhas agus don tráchtas dochtúireachta ónar eascair sé. Bhí súil agam nach mbacfadh lucht teoirice le staidéar seanfhaiseanta eimpíreach a chloígh go dlúth le fianaise na bhfoinsí bunaidh agus a sheachain an teoiric mar phláigh. Ach bhí dul amú orm: amhail madraí Pavlov a thosaíodh ag seileagar ar chloisint an chloig dóibh, ní féidir leis an Habermasach dílis an focal ‘opinion’ a léamh gan smaoineamh ar an ‘spás poiblí’.

Mise, leabhar a scríobhas, agus leabhar nach scríobhfainn go deo
     Ar ndóigh, níor thugas le tuiscint riamh go raibh lucht labhartha na Gaeilge páirteach i ‘spás poiblí’ i rith an 18ú céad. Is é an rud atá scríofa agam, arís agus arís eile, gur coincheap gan dealramh é an ‘spás poiblí’ sa chiall Habermasach den téarma sin. Níl sé ag teacht le fianaise na staire, cuireann sé béim iomarcach ar fhoinsí clóbhuailte, agus deineann sé beag is fiú de mhodhanna eile cumarsáide a bhí níos tábhachtaí ná an chlódóireacht. Séanaim gur scrioptúr naofa é Strukturwandel der Öffentlichkeit, fógraím gur fáidh bréagach é Jürgen Habermas, agus diúltaím dá ‘spás poiblí’. Seo mar a scríobhas sa bhliain 2011:
Le blianta beaga anuas tá staraithe nach mian leo dul faoi chuing an ‘spáis phoiblí bhuirgéisigh’ ar a ndícheall ag iarraidh teoiric Habermas a lúbadh agus tá modhanna cumarsáide nár thóg sé ceann dóibh curtha san áireamh acu – bailéid, seanmóirí, drámaí, nuachtlitreacha lámhscríofa, etc. Cé gur féidir roinnt de laincisí na teoirice a scaoileadh trí líon na ‘public spheres’ a mhéadú, tá iarracht seo na staraithe inchurtha leis an iarracht a rinne réalteolaithe na meánaoise chun córas na bpláinéad mar a cheap Ptolemy é a thabhairt slán trí líon na sféar criostail sna spéartha a mhéadú. Nuair a théann teoiric i gcastacht go tapa is comhartha cinnte é go bhfuil an teoiric lochtach ó bhonn agus gur chóir fáil réidh léi. B’éigean do na réalteolaithe a aithint sa deireadh gur timpeall na gréine agus ní timpeall an domhain a ghluaiseann na pláinéid. Mar an gcéanna, is mithid do staraithe an lae inniu a aithint nárbh é an briathar clóbhuailte ach an briathar béil a chruthaigh agus a mhúnlaigh dearcadh an phobail ar cheisteanna poiblí i dtús báire.
Morley, Ó Chéitinn go Raiftearaí, 21.
Ní fhéadfadh an sliocht thuas a bheith mórán níos soiléire. Nílim orthusan ar mhaith leo leaba a chóiriú do litríocht na Gaeilge i ‘spás poiblí’ Habermas. A mhalairt atá fíor: is é atá á rá agam gur chóir an coincheap a chaitheamh ar charn dramhaíola na staireagrafaíochta agus tús áite a thabhairt don bhéalaireacht seachas don chlódóireacht.

     Seo sliocht eile as aiste Leerssen ar chuireas suim ann:
Certain historians like to flaunt their heedlessness of historiographical, social and cultural theory as a form of informed dismissal; they pride themselves on ‘having no truck with theory’, as if their ignorance were an achievement, something they had to work long and hard to acquire.
Leerssen, ‘Public opinion, common knowledge’, 25.
An chugam atá sé? Ar léigh sé ‘An cogadh in aghaidh na teoirice’? Ní fheadar. Ach ní hionann in aon chor naimhdeas don teoiric agus aineolas ar an teoiric. Tuigim go maith nach féidir cur i gcoinne teoirice go héifeachtach gan staidéar a dhéanamh uirthi i dtús báire. Maidir le ‘spás poiblí’ Habermas, léas an leagan Béarla dá leabhar go cúramach. Mar chruthúnas air sin, gheofar achoimre ar a théis in Ó Chéitinn go Raiftearaí, leathanaigh 11-14. Insint na fírinne, bhí The Structural Transformation of the Public Sphere ar cheann de na leabhair is tuire agus is leadránaí dar léas riamh, ach bhraitheas go raibh dualgas orm an stró sin a chur orm féin. Mhaithfinn an pionós do Habermas dá mbeadh dealramh lena théis, ach níl. Dá mbeadh bunús le teoiric an ‘spáis phoiblí’ (‘a public sphere that functioned in the political realm first arose in Great Britain at the turn of the eighteenth century’ mar a scríobh sé), bheadh cuid mhór d’imeachtaí stairiúla an 17ú céad doshamhlaithe: ní bheadh Cùmhnant Nàiseanta ann in Albain, mar shampla, ná éirí amach in Éirinn sa bhliain 1641, ná cogadh cathartha i Sasana, ná Fronde sa bhFrainc, ná cogaí ar son neamhspleáchais sa Phortaingéil ná sa Chatalóin, ná éirí amach in Napoli sa bhliain 1647. Ach tharla na heachtraí sin go léir, rud a léiríonn go raibh tuairimí láidre ar cheisteanna poiblí ag an gcoitiantacht ar fud iarthar na hEorpa sular leagadar súil ar nuachtán, sular chláraíodar le cumann (fág na heaglaisí éagsúla as an áireamh), agus sular bhlaiseadar braon caife. Faraoir, ní bhíonn lucht na teoirice sásta na coincheapa is ansa leo a chur i gcomórtas leis an saol mar a bhí: is tábhachtaí leo slacht agus comhtháiteacht na hidé teibí ná anord agus contrárthachtaí na staire.

Jürgen Habermas agus mórshaothar leis
     Ní raibh Leerssen réidh leis an tromaíocht ar na staraithe agus lean sé leis mar seo a leanas:
Let me repeat for their benefit that the question raised here involves more than mere theoretical woolgathering. In recent work on the rise of national movements in Europe, an important thesis on the nationalist impact of opera in Hungary has pointed out that one of that genre’s most important functions was to bring the enjoyment of music into a public auditorium, freely accessible by all who could afford the price of a ticket; that in such a setting, patriotically inspired libretti, choruses and arias could be applauded, not by individual aficionados separately or in private circles, but by an entire audience. Each applauding listener not only expressed his/her personal approval, but could become aware, from the others’ clapping hands, that one’s endorsement was the very opposite of personal, chimed with a generally felt enthusiasm, formed part of a public response. Thus, public performances turned listeners into an audience, indeed, a public.
Leerssen, ‘Public opinion, common knowledge’, 26.
Aisteach go leor, sílim gur thugas freagra sásúil ar an argóint thuas ceithre bliana sular scríobhadh í. Seo daoibh an freagra in athuair:
An chontrárthacht dhénartha a chonaic sé [Habermas] idir an phríobháideacht agus an phoiblíocht (‘Öffentlichkeit’), is coincheap idé-eolaíoch seachas fíric staire í: más féidir amhrán polaitiúil a chanadh cois teallaigh do bhaill an teaghlaigh, nó ag oíche airneáin agus na comharsana bailithe isteach, nó os comhair lucht ragairne i dtigh tábhairne, nó do mheitheal lá fómhair, nó don saol Fódlach ‘i lár an aonaigh’ (sa chiall litriúil den nath sin) — cá bhfuil teorainneacha an ‘spáis phoiblí’ le tarraingt?
Morley, Ó Chéitinn go Raiftearaí, 14-15
An fear siúil a chas amhrán Gaeilge i lár aonaigh i mbaile beag in Éirinn, bhí sé chomh poiblí céanna leis an mezzo-soprano a chan aria i dtigh na gceoldrámaí i gceartlár chathair Budapest. Go deimhin, d’fhéadfaí a mhaíomh gurbh é an tÉireannach an té ba phoiblí den bheirt mar níor ghá ticéad a cheannach chun éisteacht leis. Agus na bacaigh a shiúladh na róid ó bhaile go baile in Éirinn, níor dheacair dóibh na hamhráin a líonfadh hata le pinginí a aithint thar na cinn a thuillfeadh sceilp de bhata draighin dóibh ó bhunadh na háite. Tá Leerssen dall ar éifeacht an chultúir béil, áfach, agus is léiriú maith é an aiste is déanaí leis ar an easpa réalachais a bhaineann le coincheapa lucht teoirice nuair a dhíríonn siad a n-aird ar chúrsaí staire.

     Is fiú súil a chaitheamh ar shliocht amháin eile. Seo mar a chuir Leerssen clabhsúr ar an aiste:
The divergent drift between the Irish regional dialects indicates that local diffraction outweighed common networks of convergent forces; the fatal misunderstandings and lack of co-ordination between the various pockets of insurrection in 1798 point to the same conclusion. It seems to have been easier for a Kerryman in the 1780s to get news from America or from France than from Donegal or Wexford – let alone on the effect that American and French news had in Donegal or Wexford. The merging of localized, isolated opinions and bodies of knowledge into a new, nationwide public opinion took place with accelerating speed after 1828 – a speed and intensity that turned ‘peasants into Irishmen’, and that is beyond anything we can observe before 1780 or even 1790.
Leerssen, ‘Public opinion, common knowledge’, 30.
Ní léir dom go bhfuil aon bhaint ag canúintí na Gaeilge leis an gceist: tá na canúintí beo i gcónaí, cé go bhfuil seirbhísí raidió agus teilifíse le fáil sa teanga le glúin nó dhó anuas. Maidir leis an argóint i dtaobh na cumarsáide, ní bhaineann sí le tuairimí ach le heolas. Ní hionann an dá rud. ‘Nár bhreá an rud é dá mbuailfeadh Washington an cac as Seán Buí san Oileán Úr’ – sin tuairim. ‘Tá Cornwallis sáinnithe in Yorktown idir arm Washington is cabhlach Laoisigh’ – sin eolas. Más fíor gurbh éifeachtaí an chlódóireacht ná an guth chun eolas a scaipeadh, b’éifeachtaí an focal labhartha ná an focal clóbhuailte chun aigne an phobail a mhúnlú. Agus maidir le hintinn na ‘peasants’, is troime unsa den fhianaise ná tonna den teoiric i gcás mar seo. Seo cuntas a scríobh émigré Francach ar chomhrá a bhí aige le treoraí áitiúil a d’fhostaigh sé lena thabhairt chomh fada le foinse na Sionainne:
“You speak always of eating, lui dis je, I am sure you are an Englishman, are you not?” “Don’t call me, by names, me répondit il.” “Mais un Anglais, lui répartis-je, vaut bien un Irlandais je pense.” Là dessus secouant la tête d’une manière très intelligible, il m’articula proprement un G—d d—n, qui me fit comprendre tout ce qu’il ne voulait pas dire. Il est fort singulier, qu’après tant de siècles que la Conquête de l’Irlande a été faite, les deux peuples ne soient pas encore unis et probablement ne le seront jamais.
De Latocnaye, Promenade d’un Français dans l’Irlande (Dublin, 1797), 210.

(‘Bíonn tú ag trácht ar ithe de shíor’, arsa mise leis, ‘táim cinnte gur Sasanach thú. Nach amhlaidh atá?’ ‘Ná tabhair ainmneacha orm” a d’fhreagair sé. ‘Ach is dóigh liom’, arsa mise leis, ‘go bhfuil Sasanach gach pioc chomh maith le hÉireannach’. Ansin, le croitheadh dá cheann nár dheacair a thuiscint, lig sé ‘God damn’ soiléir as a chuir in iúl dom an méid nach raibh sé sásta a rá. Tá sé thar a bheith aisteach, roinnt céadta bliain tar éis choncas na hÉireann, nach bhfuil an dá chine aontaithe go fóill agus is dócha nach mbeidh siad go deo.)
B’shin an dearcadh a bhí ag tuathánach amháin i gContae an Chabháin i dtreo dheireadh an 18ú céad. Bhí sé suite de gurbh Éireannach é, agus tháinig sé ar an tuairim sin gan chuidiú ón ‘spás poiblí buirgéiseach’.

Wes Hamrick agus an leabharlann in Ollscoil Notre Dame


     Tar éis na míthuisceana a bhain Joep Leerssen as mo chuid scríbhinní, bhí imní orm go raibh an locht orm féin. An raibh mo stíl scríbhneoireachta ró-shimplí don aos acadúil? Arbh fhearr dom béarlagair doiléir a chleachtadh feasta? Ba mhór an faoiseamh dom é, mar sin, nuair a tháinig aiste le Wes Hamrick, léachtóir in Ollscoil Notre Dame, faoi mo bhráid an lá cheana. An ‘spás poiblí’ in Éirinn san 18ú céad a bhí faoi chaibidil aigesean chomh maith. Níl Hamrick ar aon fhocal liom, ach oiread le Leerssen, ach dhein sé cur síos cruinn ar an seasamh atá agam mar sin féin:
Most of Leerssen’s critics have taken one of two different approaches. Vincent Morley and Gearóid Denvir, for instance, argue that Leerssen’s view is driven largely by theory rather than by empirical fact, and that Gaelic culture must be understood on its own terms — primarily by looking at writing in the Irish language. Given Habermas’s emphasis on print, Morley contends that the theory of the public sphere has little to say about the oral and manuscript culture of Irish. At the same time, Morley claims that Habermas makes a binary distinction between print and speech, a purely ideological concept designed to underpin Marxist narratives of the rise of the bourgeoisie ... In contrast to Morley and Denvir, however, most of Leerssen’s recent critics have focused squarely on his claims about the eighteenth-century public sphere, giving the largest part of their attention to the importance of bilingualism, print-manuscript interaction, and the interaction between English and Irish.
Wes Hamrick, ‘The public sphere and eighteenth-century Ireland
in New Hibernia Review, Geimhreadh 2014, 90-91
B’fhearr liom dá scríobhfadh Hamrick ‘has nothing to say’ in ionad ‘has little to say’, ach níor chuir sé an dearcadh atá agam as a riocht agus táim buíoch as sin.

     Ní féidir liom teacht le Henry Ford: tugaigí ‘Morely’ orm más mian libh, ach bíodh bhur dtuairiscí orm cruinn i gcónaí.

02/08/2015

Imchuairt stairiúil na hÉireann

Tá sé de nós agam aiste neafaiseach nach gcuirfidh stró mór ar m’inchinn féin ná ar inchinní na léitheoirí a scríobh i mí Lúnasa gach bliain agus ní bhrisfidh mé an nós go ceann bliana eile ar a laghad.

     Is é an chéad ábhar a rith liom le haghaidh aiste na míosa seo ná liosta de na láithreáin stairiúla is tábhachtaí in Éirinn. Ach tar éis dom roinnt machnaimh a dhéanamh, tuigeadh dom go raibh éagsúlacht rómhór i gceist chun na láithreáin go léir a chur i gcóimheas le chéile: mar shampla, conas is féidir mainistir ón Meánaois a mheas le hais teach parlaiminte ón 18ú céad? Tharla go rabhas ag smaoineamh ar an tréimhsiú is oiriúnaí do stair na hÉireann le tamall anuas (ar chúiseanna a mhíneofar uair éigin eile), chinneas gur chríonna an beart é láithreán ionadaíoch a roghnú le haghaidh gach ceann de na tréimhsí a d’aithin mé. Ní hamháin go mbeadh sé níos fusa an liosta a chur le chéile ar an dóigh sin, ach an léitheoir a thabharfadh cuairt ar na láithreáin go léir gheobhadh sé léargas níos fearr ar chúrsa na staire le dhá mhíle bliain anuas. Sa deireadh, roinneas stair na hÉireann i ndeich dtréimhse agus bhraitheas nár mhiste an réamhstair a chur san áireamh chomh maith, rud a fhágann go bhfuil aon láithreán déag ar an liosta thíos. Dheineas iarracht foirgnimh a roghnú a bheadh oiriúnach mar shiombailí de na haoiseanna inar tógadh iad. Seo daoibh an liosta más ea.

1. An Réamhstair
Brú na Bóinne

     Timpeall na bliana 3200 R.Ch. a tógadh an tuama pasáiste ag Brú na Bóinne. Bhí sé deacair dom rogha a dhéanamh idir ‘Sí an Bhrú’ agus Eamhain Macha de bharr thábhacht an dá láthair sa mhiotaseolaíocht agus sa litríocht, ach thugas tús áite do Bhrú na Bóinne sa deireadh toisc gur suntasaí é mar struchtúr.

2.  Luathré na Críostaíochta (432-795)
Grainán Ailigh

     Thosaigh stair na hÉireann le teacht na Críostaíochta sa 5ú céad agus is féidir a rá gur tháinig deireadh le luathré na Críostaíochta in Éirinn nuair a thosaigh ionsaithe na Lochlannach ag deireadh an 8ú céad. Ar eagla go mbeadh na hUltaigh ag gearán faoin rogha a dheineas don réamhstair, chuas i bhfad ó thuaidh don ré seo agus roghnaíos Grianán Ailigh, caiseal a thóg Uí Néill an Tuaiscirt mar bhunáit ríoga san 8ú céad.

3. Ré na Lochlannach  (795-1002)
Cluain Mhic Nóis

     Chríochnaigh ré na Lochlannach nuair a ghabh Brian Bóramha flaitheas na hÉireann sa bhliain 1002. Is é an láithreán a roghnaíos don tréimhse seo ná Cluain Mhic Nóis, áit ar bhunaigh Naomh Ciarán mainistir i lár an 6ú céad. Bhí an mhainistir faoi bhláth idir an 8ú agus an 11ú céad agus tógadh ‘ardchros na scrioptúr’, an séadchomhartha is cáiliúla ar an láthair, timpeall na bliana 904 ar ordú rí na Teamhrach, Flann Sinna (†916).

4. Ré na nArdríthe (1002-1171)
Carraig Phádraig, Caiseal Mumhan

     Sa tréimhse seo bhí ríthe na gcúigí ag streachailt le chéile chun flaitheas na hÉireann a ghabháil, ach cuireadh cor gan choinne sa stair nuair a tháinig Anraí II Shasana i dtír sa bhliain 1171. Tá ‘séipéal Chormaic’, a tógadh ar Charraig Phádraig sa tréimhse 1127-34, ainmnithe as Cormac Mac Cárthaigh (†1138), rí na Mumhan agus fear a chaith cuid mhaith dá righe ag troid i gcoinne Thoirdhealbhaigh Uí Chonchobhair, rí Chonnacht agus ardrí na hÉireann ‘le freasúra’.

5. Ré an Tiarnais (1171-1318)
Caisleán Bhaile Átha Troim

     Is é an caisleán a thóg Hugh de Lacy ag Baile Átha Troim cúpla bliain tar éis ionradh na Sasanach an ceann is mó dá leithéid in Éirinn. Má tá sé soiléir cén uair a cuireadh tús le tiarnas Shasana in Éirinn, níl sé chomh furasta a rá cén uair a thosaigh taoide na nGall ag trá. Is léir go raibh na Gaeil ag athghabháil dúichí faoi lár an 14ú céad, áfach, agus caithfear dáta éigin a roghnú. Braithim go bhfuil an bhliain 1318 – nuair a bhris na Brianaigh cath ar Richard de Clare ag Díseart Uí Dheá agus nuair a maraíodh Éadbhard de Brús ag cath Fochairde – ina clochmhíle chomh maith le dáta ar bith eile.

6. Ré na dTaoiseach (1318-1485)
Caisleán Bhun Raite

     Tiarna Gallda a thóg an chéad chaisleán cloiche ag Bun Raite i dtreo dheireadh an 13ú céad, ach bhí an suíomh i seilbh na nGael arís faoin gcéad leath den 15ú céad nuair a thóg clann Mhic Conmara an caisleán atá le feiscint ann inniu. Níl sé éasca foirceann na tréimhse ina raibh an lámh in uachtar ag taoisigh Ghaelacha a dhéanamh amach, ach tháinig deireadh le ‘cogaí na rósanna’ nuair a maraíodh Risteard III i gcath Bosworth sa bhliain 1485 agus bhí cumhacht na corónach níos daingne agus níos seasmhaí ón uair a ghabh Anraí VII flaitheas Shasana.

7. Ré na Corónach (1485-1603)
Caisleán Urmhumhan

     Tá an féinmhuinín a bhraith uaisle na Sean-Ghall sa 16ú céad le léamh ar an áras sócúil a thóg Tomás de Buitléir, 10ú Iarla Urmhumhan, i gCarraig na Siúire ón mbliain 1560 amach. Bíodh sin mar atá, níor cloíodh na tiarnaí Gaelacha go léir go dtí blianta tosaigh an 17ú céad nuair a tháinig Séamas VI agus I, an chéad Stíobhartach a bhí ina rí ar Éirinn, i gcoróin.

8. Ré na Ríochta (1603-91)
Daingean Shéarlais


     Ó thús an 17ú céad amach, ba ríocht chomhtháite amháin í Éire don chéad uair riamh. Níl aon fhoirgneamh eile a léiríonn cumhacht an stáit sa 17ú céad níos fearr ná Daingean Shéarlais, dún a ainmníodh as rí na linne, Séarlas II (†1685). Tógadh an daingean sna 1670í chun calafort Chionn tSáile a chosaint ach ghabh an Duke of Marlborough é gan stró i rith Chogadh an Dá Rí: má bhí an dún sochosanta ar thaobh na mara, is ag bun cnoic a bhí sé suite ar thaobh na tíre ...

9. Ré na Parlaiminte (1691-1800)
Teach na Parlaiminte

     Is sean-nath ag staraithe é nach raibh sa pharlaimint i rith an 17ú céad ach ócáid agus gur deineadh institiúid aisti san 18ú céad. Is é an comhartha is feiceálaí den phróiseas seo an foirgneamh taibhseach a tógadh don pharlaimint i lár Bhaile Átha Cliath agus a d’oscail don chéad uair sa bhliain 1731. Inniu féin, tá sé ar cheann de na foirgnimh is suntasaí sa phríomhchathair – cé gur shiombail de chumhacht is de ghradam na mbaincéirí é le fada an lá.

10. Ré an Aontais (1801-1919)
Teach na mBocht i bPort Omna

     Chuir an pharlaimint lámh ina bás féin sa bhliain 1800 agus tháinig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann ar an saol, an 1 Eanáir 1801. Ní féidir liom siombail níos feiliúnaí d’éifeacht (nó de mhí-éifeacht) an ‘Aontais’ sin a shamhlú ná Unions de shaghas eile: mar atá, an céad go leith teach a tógadh le haghaidh na mbocht ar fud na hÉireann. Roghnaíos teach na mbocht i bPort Omna – an Portumna Poor Law Union mar a tugadh air go hoifigiúil – toisc go bhfuil sé ar oscailt don phobal anois.

11. Ré an Mhargaidh (1919 i leith)
Mall siopadóireachta Stigh Lorgan

     Táid ann a déarfadh gurb é an t-ionad siopadóireachta i nDún Droma an tsiombail is fearr d’Éirinn an lae inniu. Tuigim dóibh agus admhaím gurb é sin príomh-theampall an tomhaltachais faoi láthair, ach sílim gur chóir tús áite a thabhairt do Stigh Lorgan óir is ann a osclaíodh an chéad mall siopadóireachta in Éirinn sa bhliain 1967. Is in ithir thorthúil dheisceart Átha Cliath a cuireadh síolta an chórais spioradáltachta nua a phéacfadh agus a bhláthódh ar fud na tíre ar ball. Is ceannaitheoirí sinn uile anois: consumimus ergo sumus.

     Nára fada gurb í Éire an tír bheag is fearr ar domhan le haghaidh gnó. Is ansin a thiocfaidh Gráinne Mhaol thar sáile chun ionad barr feabhais a bhunú. Is ansin a mhúsclóidh Banba as tromluí a staire.