07/05/2018

An mheán-chlochaois

[Ar leanúint ón mí seo caite.]

Léiríonn an anailís phailine gur athraigh fásra na hÉireann go tapa nuair a théigh an aeráid: rinneadh cluainte den tundra ar dtús agus ba ghearr gur thosaigh sceacha aitil agus saileacha ag fás ar na machairí. Scaip coillte beithe go rábach ar fud an oileáin ina dhiaidh sin, agus bhí an crann coill is an crann giúise flúirseach faoin mbliain 8500 RCh. Nuair a d’fhill daoine ar Éirinn, tuairim is deich míle bliain ó shin, bhí an t-oileán clúdaithe le coillte dlútha. Is ina dhiaidh sin arís a thosaigh an leamhán agus an dair ag leathnú aneas, ach ba iad na crainn ab fheiceálaí iad i gcoillte na hÉireann ocht míle bliain ó shin.

     De réir mar a shín na coillte ó thuaidh, ghluais an cine daonna aneas ar fud na hEorpa. Bhain na daoine seo leis an bpór céanna a bhí suas sa tsean-chlochaois: dream ar a dtugann géineolaithe ‘Sealgairí an Iarthair’. Bhain DNA miteacoindreach an chine seo leis na haplaghrúpaí U4 agus U5 don chuid is mó, rud a chiallaíonn go bhfuil gaol acu le dhá chine a bhfuil leithead iomlán na hEorpa eatarthu anois: mar atá, na Beirbeirigh san Afraic Thuaidh agus na Sámi i dtuaisceart Chríoch Lochlann. Ní thugann an fhianaise ghéiniteach seo aon leide dúinn i dtaobh theanga na sealgairí, áfach, mar ghlac na Beirbeirigh agus na Sámi teangacha nua chucu féin níos faide anonn. Más fíor gur shíolraigh muintir na hEorpa sa mheán-chlochaois ón stoc a bhí san Eoraip sa tsean-chlochaois, bhí forbairt tagtha ar a gcultúr idir an da linn: in ionad lanna simplí na sean-chlochaoise, bhain lucht na meán-chlochaoise leas as uirlisí níos casta a raibh sraitheanna de lanna beaga suite iontu. Dhealródh sé gur úsáideadh roisín beithe chun na mionlanna a ghreamú i gcleitheanna adhmaid nó i gcosa cnáimhe, cé gur annamh a fhágann na hábhair orgánacha seo iarsmaí san ithir.

Mar a shamhlaítear na botháin ag Cill Santail
     Bhí an Bhreatain nasctha le mórthír na hEorpa go ceann cúpla míle bliain i ndiaidh chúlú na n‑oighearshruthanna, agus is eol dúinn go raibh daoine ag cur fúthu in Albain arís faoin mbliain 8300 RCh: b’shin an dáta a fuarthas nuair a rinneadh dátú carbóin ar láthair ag East Barns, i Lodainn Thoir. Ós rud e go bhfuil cósta na hÉireann le feiceáil go soiléir ó Earra-Ghàidheal, ní hionadh é gur in oirthuaisceart Uladh a tháinig seandálaithe ar an lonnaíocht is sine a aimsíodh in Éirinn go dtí seo: láthair is ea í atá suite ag Cill Santail, gar do bhaile Chúil Raithin agus le hais abhainn na Banna. De réir an dátú carbóin a rinneadh, bhí an suíomh ag Cill Santail in úsáid timpeall na bliana 7700 RCh. Thaithíodh lucht na meán-chlochaoise bruacha na n-aibhneacha agus ciumhaiseanna na lochanna — ní nach ionadh ós rud é go raibh formhór na tíre faoi choillte dlútha. Thairis sin, bheadh foinse fionnuisce ag teastáil uathu agus is eol dúinn gur sciar mór dá gcothú é an t-iasc. Luíodh sé le réasún dá dtaobhódh buíonta áirithe an cósta chomh maith, ach is deacair teacht ar fhianaise a chruthódh an tuairim sin mar bhí leibhéal na mara ag ardú i rith an ama agus bádh stráicí fada de chósta na meán-chlochaoise idir an dá linn.

     Bheifí ag súil nach bhfanfadh buíon sealgairí rófhada in áit ar leith, ós rud go rabhadar ag brath go hiomlán ar an iascach, ar an bhfiach is ar an gcnuasach. Tá sé le tuiscint ón bhfianaise sheandálaíoch go raibh bunchampaí acu a bhí seasta go leor ach go raibh campaí eile ann a bhí in úsáid ag tráthanna áirithe den bhliain. Is cosúil gur bhain an campa ag Cill Santail leis an gcéad aicme agus go mbíodh daoine ag cur fúthu san áit ó cheann ceann na bliana. Bhí dearadh na mbothán ann ar aon dul leis na botháin in East Barns na hAlban, rud a thacaíonn leis an tuairim gur anall thar Shruth na Maoile a tháinig lucht na meán-chlochaoise go hÉirinn. Thógadar a gcuid bothán trí shlataí a shá sa talamh i gcruth ciorcail. Ceanglaíodh na slataí le chéile ag an mbarr agus clúdaíodh an creatlach adhmaid le seithí. Bhí na botháin tuairim is 6 m trasna agus bhí dóthain spáis iontu le haghaidh ochtair nó mar sin. Bhí teallach suite i lár baill agus is cosúil gur fágadh poll i mullach an dín chun an toit a ligean amach. Bhí poill urláir sna botháin chomh maith agus meastar gur úsáideadh iad chun bia a stóráil: d’fhéadfaí idir iasc agus fheoil a leasú le deatach. Ar na cineálacha bia a d’itheadh muintir Chill Santail bhí éisc (bradáin, bric, eascanna), toirc allta, éanlaith (coilm choille, creabhair, capaill choille) agus plandaí (cnónna coill, fia-úlla agus síolta na bual-lile).

Loch na Buaraí mar atá sé anois
     Mas fíor gur thosaigh meán-chlochaois na hÉireann sa tuaisceart, níor thóg sé i bhfad ar na háitritheoirí nua scaipeadh ar fud an oileáin: d’aimsigh seandálaithe láthair ar bhruach Loch na Buaraí i gContae Uíbh Fhailí atá ar comhaois, nach mór, leis an láthair i gContae Dhoire. Fuarthas lannaí beaga den dearadh céanna sa dá áit ach níorbh ionann an t-ábhar iontu: breochloch ar fad a bhí in úsáid ó thuaidh ach bhí lannaí déanta as seirt ní ba choitianta ó dheas. Bhí an réimse bia ó dheas an-chosúil leis an réimse bia i gCill Santail: bhí bric is eascanna tábhachtach, ba é an torc allta an fheoil ba choitianta, agus fuarthas mórán blaoscanna cnó ar an láthair.

     Cé go raibh stíl na n-uirlisí a úsáideach in Éirinn ag tús na meán-chlochaoise ar aon dul le stíl na n‑uirlisí a bhí coitianta ar fud thuaisceart na hEorpa sa tréimhse chéanna, tháinig stíl nua chun cinn uair éigin roimh 6500 RCh nuair a iompaíodh ar lanna a bhí níos faide agus níos troime a dhéanamh in ionad na mionlann a bhí coitianta i dtosach na meán-chlochaoise. Níl sé cinnte cad ba chúis leis an athrú stíle seo. Thiocfadh dó go raibh lanna fada ag teastáil chun ainmhithe móra a mharú: má bhí feoil an bhéir imeallach mar bhia i gcónaí, d’fhéadfaí éadaigh theolaí a dhéanamh as seithí na mbéar. Arís ar ais, b’fhéidir gur ghá lanna troma a cheangal go teann le feirceanna na n‑uirlisí nuair a tháinig an adhmadóireacht chun cinn: fuarthas crann snámha ar bhruach Loch nEachach, mar shampla, agus thángthas ar ghaistí iasc in inbhir na Life a rinneadh as cliatha adhmaid thart ar 6000 RCh. Cibé cúis a bhí leis, tá sé le tuiscint ón stíl shainiúil uirlisí a bhí in úsáid in Éirinn i dtreo dheireadh na meán-chlochaoise nach raibh teagmháil rialta ag bunadh an oileáin leis an gcuid eile d’iarthar na hEorpa.

Suímh a bhfuil tagairtí dóibh san aiste seo
     Faoin mbliain 6000 RCh bhí leibhéal na mara mórán mar atá sé anois, nó beagán níos airde, rud a fhágann gur fusa do sheandálaithe teacht ar láithreacha a bhí suite cois cladaigh tar éis an dáta sin. Léiríonn suíomh i gCill Fhionntain, taobh le Binn Éadair i mBaile Átha Cliath, an tairbhe a baineadh as an mbia mara: fuarthas níos mó ná fiche cineál sliog-iasc i gcarn dramhaíola ar an láthair — bairnigh, ruacain, diúilicíní, cuachmaí, muiríní, faochain agus oisirí ina measc — cé gur caitheadh cnámha an toirc allta agus an ghiorria ar an gcarn chomh maith. Cruthaíonn na hiarsmaí a fuarthas ag láthair chósta eile, láthair atá suite ag Cuan an Chaoil i leithinis Chorca Dhuibhne agus a bhí in úsáid sa tréimhse idir 5000 agus 4000 RCh, go raibh forbairt tagtha ar an iascaireacht mhara roimh dheireadh na meán-chlochaoise. Bhain na cnámha éisc a fuarthas ar an láthair seo le cúig speiceas déag: ba iad an faoitín agus an ballach breac na cinn is mó a maraíodh, ach bhí cnámha an langa, an trosc agus an roc flúirseach chomh maith. Nuair a rinneadh anailís ar chnámh dhaonna agus ar fhiacail dhaonna ón láthair chéanna, fuarthas amach go raibh muintir na háite ag brath ar an bhfarraige le haghaidh 78 % den bhia a d’itheadar. Is áirithe go raibh báid, eangacha agus foirne a bhí inniúil ar an iascach le fáil ag an am. Ní dhéanfadh crann snámha gan chíle cúis san Aigéan Atlantach agus is dóichí ná a mhalairt go raibh báid iascaigh na linne ar aon dul le curacha an lae inniu ach amháin go raibh frámaí adhmaid na mbád clúdaithe le craiceann róin.

     Ní féidir cuntas a thabhairt ar eagar na sochaí sa mheán-chlochaois agus an fhianaise chomh scáinte is atá. Mar shampla, is i gCill Santail amháin a aimsíodh áitreabh ón tréimhse. Mar an gcéanna, níor thángthas ar uaigheanna ón aois ach in aon áit amháin: láthair atá suite ar bhruach na Sionainne, gar do Chaisleán Uí Chonaill, áit ar dódh na taisí sular adhlacadh iad. Más féidir brath ar thomhas na mbothán i gCill Santail, is cosúil nach mbíodh in aontíos le chéile ann ach na tuismitheoirí agus a gclann. Bheifí ag súil go gcruinneodh líon beag teaghlach a raibh gaol fola eatarthu i mbuíon ar leith chun cuidiú agus cosaint a thabhairt dá chéile, go n‑aistreoidís ó áit go háit ag cuardach bia, ach go gcaithfidís an geimhreadh faoi fhothain i gcampa seasta. Os a choinne sin, ní féidir go raibh na buíonta neamhspleách ar fad: b’éigean dóibh teacht le chéile chun earraí a mhalartú nó chun céilí leapa a fháil. Is údar suntais é, mar shampla, go bhfuarthas roinnt uirlisí breochloiche ag Loch na Buaraí cé nach bhfuil an chloch sin le fáil áit ar bith sa réigiún, rud a dheimhníonn go mbíodh earraí á malartú. Ar fud na cruinne, is gnách go mbíonn idir tríocha agus caoga ball i mbuíonta a chleachtann an tsealgaireacht mar shlí bheatha. Dá sínfeadh fearann seilge gach buíne 10 km soir is siar ó champa lárnach, chuimseodh sé 300 km2 den dúiche máguaird agus ní bheadh dóthain spáis ach le haghaidh trí chéad buíon in Éirinn. D’fhéadfadh na fearainn a bheith níos lú i gcásanna áirithe, ar ndóigh, ach tacaíonn an meastachán garbh seo leis an tuairim go raibh daonra na hÉireann amach is isteach le deich míle duine sa mheán-chlochaois.

     Thiocfadh méadú as cuimse ar an líon beag sin le teacht na chéad fheirmeoirí.

13/04/2018

Tús maith?

‘Tús maith leath na hoibre’, más fíor don seanfhocal ...

     Nuair a bhíos ag scríobh anseo i mí na Nollag sa bhliain 2015, thugas le fios go raibh sé beartaithe agam stair na hÉireann a scríobh ón tús go dtí an lá atá inniu ann. Tig liom a rá anois go bhfuil tús curtha leis an obair agus go bhfuil an chéad dréacht den chéad chaibidil, ina bhfuil cuntas ar an réamhstair, beagnach réidh. Foilseofar sleachta as an leabhar anseo ó am go chéile de réir mar a théann an obair ar aghaidh. Is fearr tosú ag an tús: anseo thíos tá an chéad mhír as an leabhar. Níl na fonótaí curtha isteach anseo.

Is ó 'tor Breoghain san Galisia' a sheol clanna Míle go hÉirinn

Caibidil 1: An Réamhstair


Más fíor don chuntas i Leabhar Gabhála Éireann, ba í Ceasair, iníon Bheatha mhic Naoi, an chéad duine a leag cos in Éirinn. Tháinig sí féin agus a lucht leanúna i dtír ag Dún na mBárc, daichead lá roimh an Díle inar bádh an cine daonna go léir seachas Naoi, a thriúr mac agus a gcuid ban. Bhí Éire gan áitritheoirí go ceann trí chéad bliain eile sular ghabh muintir Pharthaláin an t-oileán, ach mharaigh pláigh an dream úd agus fágadh an chríoch ina fásach arís. Bhain clann Neimhidh Éire amach tríocha bliain dár gcionn, agus chaitheadar ceithre chéad bliain ina gcónaí abhus, ach b’éigean dóibh teitheadh thar lear sa deireadh chun éalú ó ionsaithe na bhFomhórach. Bhí an t-oileán bánaithe ar feadh dhá chéad bliain sular fhill na Fir Bholg, cine a shíolraigh ó chlann Neimheadh, faoi cheannas Shláine mhic Deala. Ba é an Sláine seo an chéad rí a bhí riamh ar Éirinn. Níor mhair flaitheas na bhFear Bolg ach seacht mbliana is tríocha, áfach, mar bhris Tuatha Dé Danann, cine eile a shíolraigh ó chlann Neimheadh, cath orthu ag Maigh Tuireadh. Dhá chéad bliain nach mór a mhair gabháltas Thuatha Dé Danann. Tharla go raibh flaitheas na ríochta roinnte idir Mac Gréine, Mac Céacht agus Mac Coill – triúr ríthe a bhí pósta ar na banríonacha Éire, Fódla agus Banba – nuair a bhuaigh clanna Míle orthu i gcath Tailltean. Chuir na Gaeil, faoi cheannas Éibhir agus Éireamhóin, ruaig ar Thuatha Dé Danann agus ghabhadar seilbh ar an tír sa bhliain 1700 RCh, más féidir brath ar an áireamh in Annála Ríochta Éireann.

     Níl sa mhéid thuas ach miotais ó thús deireadh, ar ndóigh, cé gur miotais iad a chreid bunadh na hÉireann ar feadh i bhfad. Diaidh ar ndiaidh, tá modhanna nua taighde ag tabhairt léargais dúinn ar shaol na nglún a mhair in Éirinn sa réamhstair – is é sin le rá, sa deich míle bliain idir deireadh na hoighearaoise agus an cúigiú céad nuair a thosaigh Éireannaigh ag scríobh don chéad uair. Ní stair go scríobh! Is ag brath ar fhianaise na seandálaíochta atáimid go príomha chun eolas a chur ar chúinsí beatha na ndaoine ón tsean-chlochaois anuas go dtí an iarannaois dhéanach, tráth a raibh na Gaeil i dteagmháil le himpireacht na Róimhe. Is í an tochailt an modh taighde is bunúsaí sa tseandálaíocht: déantar taisí daonna agus déantúsáin a nochtadh, scrúdaítear iarsmaí na dtithe agus na rianta a d’fhág feirmeoirí luatha ar an talamh, déantar staidéar ar shéadchomharthaí na réamhstaire. Is mór an cuidiú é dul chun cinn na teicneolaíochta: fágann an dátú carbóin agus an dátú fáinní crainn gur féidir dátaí cruinne a chur le foirgnimh adhmaid agus le hábhair orgánacha eile; tugann an anailís phailine eolas ar athruithe a tharla de bharr cúrsaí aeráide nó de bharr shaothrú na talún; is minic a léiríonn fótagrafaíocht ón aer láithreacha seandálaíochta a bhí dofheicthe ón talamh. Ach thar aon rud eile, tá an fhorbairt rábach a tháinig ar theicnící na géinitice le blianta beaga anuas tar éis cruth nua a chur ar an tuiscint atá againn ar réamhstair na hÉireann agus ar réamhstair na hEorpa trí chéile.

     Tá sé ar chumas na ngéineolaithe anois próifíl DNA a bhaint as cnámha daoine a fuair bás na mílte bliain ó shin. I gcás taisí na bhfear, is féidir leo anailís a dhéanamh ar DNA an Y-chrómasóim—an crómasóm gnéis fireann a thagann anuas ó athair go mac sa líne athartha amháin. Mar an gcéanna, is féidir leo anailís a dhéanamh ar DNA na mitreacoindrí – míreanna beaga DNA atá suite lasmuigh de núicléas na cille agus a thagann anuas ó mháthair go páiste sa líne mháthartha amháin. Úsáidtear na teicnící cumhachtacha seo chun géanóim a bhí ag daoine a mhair na mílte bliain ó shin a chur i gcomórtas le chéile, agus an gaol a bhí idir pobail a mhair i gcríocha éagsúla nó i dtréimhsí éagsúla a shoiléiriú. Is féidir aistriú na bpobal (agus aistriú na n-ainmhithe a thógadar leo) a leanúint i rith na réamhstaire, rud nárbh fhéidir a shamhlú go dtí le deireanas. De réir mar a thagann an fhianaise ghéiniteach chun solais, tá seanteoiricí na seandálaithe á leasú agus seancheisteanna á réiteach. Íorónta go leor, tá cosúlachtaí nach beag idir an tuiscint is déanaí ar an réamhstair agus insint an Leabhair Ghabhála: glactar leis anois gur lonnaigh ciníocha éagsúla in Éirinn agus gur thit an daonra siar ar uairibh. Má bhí trácht ag seanchaithe ar na Fir Bholg, ar Thuatha Dé Danann agus ar shliocht Míle anallód, is iad Sealgairí an Iarthair, na Curadóirí Luatha, agus an Cultúr Yamnaya a bhíonn faoi chaibidil ag scoláirí na linne seo.

Mar a shamhlaítear an suíomh ag Pincevent

An tsean-chlochaois


Beagán le cois daichead míle bliain ó shin, bhain baill dár speiceas féin, Homo sapiens, an Eoraip amach. Bhí baill de speiceas gaolmhar, Homo neanderthalensis, ina gcónaí sa mhór-roinn le ceathrú milliún bliain roimhe sin agus is cosúil gur mhair an dá dhream taobh le taobh ar feadh cúpla míle bliain sular imigh na Néandartálaigh in éag ar chúis nach dtuigtear. Tharla crosphórú idir an dá speiceas, áfach, agus áirítear go bhfuil bunús Néandertálach le 2 faoin gcéad de ghéanóm Eorpaigh na linne seo – rud nach bhfuil fíor i gcás na nAfracach.

     Timpeall 35,000 míle bliain ó shin thosaigh aeráid na hEorpa ag fuarú agus leathnaigh sruthanna oighir aduaidh ó na críocha Artacha: b’éigean don chine daonna tuaisceart na hEorpa a thréigean agus cúlú i dtreo críocha na Meánmhara. Níl aon fhianaise ann go raibh daoine ag maireachtáil in Éirinn sular athraigh an aeráid; ach má bhí, bheadh orthu aistriú ó dheas de réir mar a chuaigh an aimsir in olcas. San achar ab fhuaire den oighearaois, tuairim is 25,000 míle bliain ó shin, ceaptar go raibh gach cearn d’Éirinn clúdaithe le brat oighir a bhí 500 méadar ar tiús in áiteanna. Thosaigh an  aeráid ag téamh arís thart ar 16,000 bliain ó shin.  Bhí an oiread uisce i dtaisce san oighear go raibh dromchla na mara 120 méadar faoi bhun leibhéal an lae inniu nuair a thosaigh an t oighear ag leá, rud a d’fhág go raibh talamh tirim idir oirdheisceart na hÉireann, iardheisceart na Breataine agus an Bhriotáin. De réir mar a chúlaigh an t-oighear, thosaigh plandaí agus ainmhithe ag leathnú ó thuaidh: ar na mamaigh a tháinig chomh fada le hÉirinn bhí an béar donn, fia mór na mbeann, an réinfhia, an mac tíre, an giorria agus an easóg. Bhog daoine aneas chomh maith: bhíodar níos moille ná na hainmhithe ach lean buíonta fiagaithe na tréada níos faide ó thuaidh de réir a chéile. Áirítear go raibh daoine lonnaithe sa Bhreatain in athuair 15,000 bliain ó shin.

     An lorg daonna is sine a aimsíodh in Éirinn go dtí seo, baineann sé leis an ré seo: is é atá ann pláitín glúine de bhéar ar fágadh rianta an sceana air nuair a bhí an fheoil á gearradh thart ar 12,700 bliain ó shin.  Is in uaimh i gContae an Chláir a thángthas ar an bhfianaise seo agus, ós rud é go bhfuil an láthair in iarthar tíre, dhealródh sé go raibh na daoine a mharaigh an béar ag cur fúthu in Éirinn. Cé nár aimsíodh déantúsáin ná taisí daonna ón tsean-chlochaois in Éirinn go fóill, is féidir talamh slán a dhéanamh de gur bhain na céadáitritheoirí leis an gcine céanna a bhí ar fud iarthar na hEorpa ag an am: dream a dtugann na géineolaithe ‘Sealgairí an Iarthair’ orthu. Rinneadh tochailt seandálaíochta ag Pincevent na Fraince a thugann léargas dúinn ar dhálaí beatha na ndaoine seo. Bhí an láthair, atá suite ar bhruach abhainn na Séine, in úsáid ag buíon fiagaithe timpeall 12,300 bliain ó shin. Mhaireadh an dream seo i bpubaill chruinne a bhí trí mhéadar ó thaobh go taobh, le teallach os comhair gach doras. Tá sé le tuiscint ón dríodar a fágadh sa champa go mbídís ag déanamh uirlisí as breochloch atá le fáil gar don láthair. Is sa samhradh agus i dtús an fhómhair amháin a bhíodh an suíomh in úsáid, rud a thugann le fios go mbíodh tréada á leanúint ó áit go háit ag na fiagaithe. Réinfhianna is mó a mharaídís ag Pincevent, cé go n-ithidís éisc chomh maith. Thug na seandálaithe faoi deara nach raibh mórán easnacha i measc na gcnámh a fuarthas in Pincevent, agus ceaptar go leasaítí easnacha na réinfhianna le deatach agus go n-ití iad ar ball i gcampa geimhridh a raibh níos mó fothana ann. Ach más é sin an saghas saoil a chleacht céadáitritheoirí na hÉireann, tháinig deireadh tobann leis nuair a thosaigh an aeráid ag dul in olcas arís.

     Thit an teocht in Éirinn go grod nuair a chlis Sruth na Murascaille thart ar 12,600 bliain ó shin: ceaptar gurbh é leá an oighir i Meiriceá Thuaidh a chuir isteach ar an sruth san aigéan a bheireann uisce te ó Mhurascaill Mheicsiceo trasna an Atlantaigh chun iarthuaisceart na hEorpa a théamh. Nuair a múchadh an sruth tábhachtach seo, ghluais an t-oighear ó dheas arís agus d’fhás sruthanna oighir as an nua ar shléibhte na hÉireann.  Níor chlúdaigh an t-oighear gach cearn d’Éirinn an babhta seo, ach bhí na stráicí ísle talún nár clúdaíodh cosúil le tundra an lae inniu. Tháinig ainmhithe áirithe slán in ainneoin an fhuachta – an béar, an mac tíre, an giorria agus an easóg ina measc – ach bhí fia mór na mbeann agus an réinfhia ar na speicis a chuaigh in éag. Thréig daoine an chuid ba mhó den Bhreatain i rith na tréimhse sioctha seo agus níl ach caolseans go raibh áitritheoirí buana in Éirinn i rith an ama.

     D’fhill Sruth na Murascaille ar a chúrsa thart ar 11,700 bliain ó shin. Ba ghearr gur ardaigh an teocht ar fud iarthuaisceart na hEorpa arís. Chúlaigh an t-oighear don uair dheireanach agus d’ardaigh leibhéal na mara de réir a chéile. Bhí droichead talún fós ag nascadh na hÉireann leis an mBreatain agus scaip speicis nua trasna an droichid: orthu seo bhí an torc allta, an lincse, an sionnach, an cat fiáin, an dobharchú agus an luch, mar aon le mórán feithidí agus seilmidí. Ach níor éirigh le nathracha an turas ón mBreatain a dhéanamh. Mar an gcéanna, theip ar roinnt de na mamaigh ba mhó (an lon, an damh, an fia rua) agus ba lú (an vól, an dallóg fhraoich, an caochán) a bhí sa Bhreatain ag an am teacht go hÉirinn. Tacaíonn sé seo leis an tuairim gurbh eanach é an droichead idir an dá limistéar agus gur chuir an talamh bog bac ar ainmhithe a bhí an-trom nó an-bheag. Thairis sin, is ar éigean a bhí an droichead os cionn leibhéal na farraige agus bádh é de réir mar a leáigh an t-oighear. Thiocfadh dó gurbh oileán í Éire faoin mbliain 9000 RCh.

11/03/2018

Murtaí Óg

Gerard Lyne agus a leabhar

Foilsíodh léirmheas a scríobhas ar Gerard J. Lyne, Murtaí Óg (Geography Publications, 2017) in eagrán na míosa seo den Dublin Review of Books. Is féidir teacht air anseo.

14/02/2018

Gliomach in imigéin

Nuair a bhíos ag scríobh anseo níos mó ná cúig bliana ó shin, i mí Iúil 2012, mholas leabhar dar teideal Poetry and the Police: Communication Networks in Eighteenth-Century Paris a scríobh Robert Darnton. Shíleas gur leabhar fuaimintiúil é a léirigh cé chomh tábhachtach is a bhí an amhránaíocht, an aithris bhéil agus lámhscríbhinní chun aistí polaitiúla a chraobhscaoileadh i bPáras faoi lár an 18ú céad. Seo sliocht gairid as an leabhar:
Oral communication has almost always escaped historical analysis, but in this case the documentation is rich enough for one to pick up echoes of it. In the eighteenth century, Parisians sometimes collected the scraps of paper on which songs were written while being dictated or sung. The scraps were then transcribed, along with other ephemera – epigrams, énigmes (word games), pièces de circonstances – in journals or commonplace books. Journals that consisted mainly of songs were known as chansonniers ...
Poetry and the Police, 76
Más amhlaidh a bhí i bpríomhchathair na ríochta ba chumhachtaí san Eoraip ag an am, luífeadh sé le réasún go mbeadh na modhanna céanna cumarsáide níos tábhachtaí fós in Éirinn—ós rud é go raibh ábhar clóbhuailte i dteanga na coitiantachta chomh tearc is a bhí. Dheineas an pointe céanna ag deireadh an leabhair liom dar teideal The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland a foilsíodh anuraidh.

Robert Darnton, an leabhar leis, agus an leagan Portaingéilise


     Tharla go rabhas ag póirseáil ar an ngréasán domhanda an lá cheana agus tháinig mé ar léirmheas suimiúil ar Poetry and the Police. Is é Jefferson Queler, ollamh le stair ón mBrasaíl, an t-údar agus foilsíodh an léirmheas leis in Topoi, iris acadúil staire a chuirtear amach in Rio de Janeiro, sa bhliain 2016. Le bheith go hiomlán cruinn, is léirmheas é ar aistriúchán Brasaíleach dar teideal Poesia e Polícia: Redes de comunicação na Paris do século XVIII . Is i bPortaingéilis atá an léirmheas ach, ar ámharaí an tsaoil, is féidir liom an teanga sin a léamh. An chéad bhean ar thiteas i ngrá léi riamh agus mé i mo mhac léinn óg sa tríú bliain ar an ollscoil, is i Liospóin a tógadh í—rud a spreag mé chun staidéar a dhéanamh ar a teanga dhúchais. Níor bhaineas líofacht amach riamh ach bhí dóthain foghlamtha agam chun comhrá simplí a dhéanamh le daoine nuair a thugas cuairt ar an bPortaingéil. Dheineas staidéar ar an Spáinnis ina dhiaidh sin, áfach, agus tháinig an teanga sin salach ar an mbeagán Portaingéilise a bhí foghlamtha agam toisc go bhfuil gaol gairid idir an dá theanga. Ba dheacair dom abairt a rá i bPortaingéilis anois nach mbeadh truaillithe le Spáinnis, ach is féidir liom í a léamh i gcónaí.

Jefferson Queler agus an leabhar liom dar thagair sé


     Seo mar a chuir an tOllamh Queler tús lena léirmheas:
Buscar e compreender sons do passado, fazer a história cantar. Estes são os principais objetivos de Robert Darnton neste livro recentemente traduzido no Brasil - a publicação original foi feita nos Estados Unidos em 2010. Intelectual renomado, capaz de entrar em fóruns de discussão composto por historiadores do porte de François Furet, Albert Soboul e Roger Chartier, e ainda assim propor abordagens e interpretações novas para a França do Antigo Regime; pesquisador notável, capaz de encontrar documentação inédita em arquivos e seguir suas pistas e desdobramentos em fontes as mais variadas possíveis; dono de uma narrativa ágil e eletrizante, capaz de dialogar não apenas com a academia, como também com o público em geral; ele certamente traz todos esses elementos nesta obra e faz jus à série de resenhas elogiosas que ela vem recebendo em revistas acadêmicas e jornais de grande circulação, tanto no Brasil quanto no exterior.1 Contudo, pouco ou nada se discutiu sobre suas contribuições à luz dos debates em torno do seu tema central, a oralidade. 
[Chun teacht ar fhuaimeanna ó ré atá imithe agus iad a thuiscint, chun fonn a bhaint as an stair. Sin iad na príomhchuspóirí a bhí ag Robert Darnton sa leabhar seo a aistríodh sa Bhrasaíl le déanaí—foilsíodh é sna Stáit Aontaithe i gcéaduair sa bhliain 2010. Is intleachtóir cáiliúil é a bhíonn páirteach i seimineáir le François Furet, Albert Soboul, Roger Chartier agus le staraithe ar chomhchéim leo, ach fós féin bíonn bealaí oibre agus tuiscintí nua á moladh aige don Fhrainc i ré an ancien réigime. Taighdeoir as an ngnáth, tig leis cáipéisí nár foilsíodh a aimsiú sna cartlanna, a lorg agus a gcraobhscaoileadh a rianú sna foinsí is éagsúla dá bhfuil ann. Scéalaí a bhfuil stíl bheoga spreagúil aige, is féidir leis comhrá a dhéanamh, ní leis an aos acadúil amháin ach leis an bpobal i gcoitinne chomh maith. Is cinnte go bhfuil na buanna sin uile léirithe aige sa saothar seo, agus go bhfuil an tsraith de léirmheasanna moltacha atá faighte aige in irisí acadúla agus i nuachtáin mhóra, sa Bhrasaíl agus thar lear, ag dul dó. In ainneoin sin, níl mórán plé déanta ar a bhfuil ráite aige i dtaobh a théama lárnaigh: an bhéalaireacht.]
Aontaím go huile is go hiomlán leis an méid sin agus leanas orm ag léamh. Cuireadh idir ionadh agus alltacht orm nuair a tháinig mé chomh fada leis an alt seo i lár an léirmheasa:
Suas técnicas de sedução, sua elevada qualidade de pesquisa e de interpretação, sem esquecer a estimada reputação do autor e o sedimentado interesse pela história francesa, talvez ajudem a explicar a boa recepção deste livro sobre poesia política no Brasil. Para efeitos de comparação, vale a pena destacar que o historiador irlandês Vincent Morley publicou trabalho muito parecido em 2002. Nessa obra de pouquíssima repercussão no país, o autor se dedica a investigar os impactos do processo de independência das colônias norte-americanas entre 1760 e 1783 na opinião de diversos setores da sociedade irlandesa. Morley demonstra como as notícias sobre o conflito que cruzavam o Atlântico e eram publicadas nos principais jornais irlandeses logo adentravam o universo da oralidade, sendo transformadas em música e versos em língua vernácula. Seu conhecimento de gaélico permitiu-lhe traduzir essas composições e perceber como a grande massa da população católica e analfabeta, outrora considerada passiva e despolitizada, acompanhou de perto os acontecimentos na América do Norte e apoiou a resistência dos norte-americanos ao domínio britânico, algo a que também aspirava, transformando figuras como George Washington em heróis populares. Não se trata aqui de diminuir a originalidade de Darnton, mas apenas de situar seu trabalho numa tendência mais ampla. Ademais, tal exemplo nos leva a refletir sobre as condições de circulação de conhecimento historiográfico, ou melhor, sobre os aspectos que levam um determinado assunto ou abordagem a receber atenção e reconhecimento entre historiadores. 
[Míníonn a stíl tharraingteach, an caighdeán ard taighde agus mínithe atá ann, gan trácht ar dhea-chlú an údair agus ar an tsuim sheasta i stair na Fraince, míníonn siad an fáilte a bhí roimh an leabhar seo ar fhilíocht pholaitiúil sa Bhrasaíl. Chun rudaí a chur i gcomórtas, is fiú a rá gur fhoilsigh staraí Éireannach, Vincent Morley, leabhar ata an-chosúil leis sa bhliain 2002. Sa saothar seo, saothar nár tharraing ach fíor-bheagán airde sa tír seo, chuir an t-údar roimhe taighde a dhéanamh ar an éifeacht a bhí ag an mbogadh i dtreo neamhspleáchais sna coilíneachtaí i Meiriceá Thuaidh idir 1760 agus 1783 ar dhearcadh na n-aicmí éagsúla i sochaí na hÉireann. Na tuairiscí faoin gcogadh a chuaigh trasna an Atlantaigh agus a foilsíodh sna príomhnuachtáin in Éirinn, léiríonn Morley gur glacadh leo gan mhoill i saol na béalaireachta, gur cumadh amhráin agus dánta fúthu i dteanga an phobail. Toisc go bhfuil Gaeilge aige, bhí sé ar a chumas na haistí sin a aistriú agus thuig sé go raibh bunús na gCaitliceach a bhí gan léamh, dream a síleadh a bheith gan suim sa pholaitíocht, go rabhadar ag faire go géar na n-imeachtaí i Meiriceá Thuaidh agus ag tacú le seasamh na Meiriceánach i gcoinne fhorlámhas na Breataine, rud ar mhaith leosan a dhéanamh freisin, agus gur laochra de chuid an phobail iad leithéidí George Washington. Ní chun úire Darnton a laghdú atáim anseo, ach chun a shaothar a shuíomh laistigh de threocht níos leithne. Thairis sin, spreagann sampla mar seo sinn le machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a scaiptear eolas ar an staireagrafaíocht, nó, le bheith níos cruinne, ar na cúinsí a chinntíonn go dtabharfaidh staraithe suntas agus aitheantas d’ábhair nó do chur chuige áirithe.]
Is fíor don seanfhocal: is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach!