Affichage des articles dont le libellé est Réamhstair. Afficher tous les articles
Affichage des articles dont le libellé est Réamhstair. Afficher tous les articles

21/12/2016

Ag scríobh liom

An leabhar is déanaí liom agus dhá leabhar ghaolmhara

Ní réitíonn an scríobh liom. Is é an rud a tharlaíonn go mbíonn rud éigin le rá agam—scéal éigin le hinsint nó tuairim éigin le nochtadh—agus téim i mbun pinn chun mo chuid smaointe a chur i láthair an tsaoil mhóir. Bíonn iallach orm é a dhéanamh. Tugann sé faoiseamh is sásamh dom nuair a bhíonn an téacs le léamh ar pháipéar nó ar scáileán; braithim ansin gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid. Is dócha go mbeidh mé ag scríobh a fhad is a bheidh mo chiall is mo shláinte agam, ach ní thaitníonn an próiseas liom. Is crácamas ceart é ullmhú an chéad dréachta i gcónaí, cé go n‑éiríonn an obair níos éasca nuair a bhíonn an dúshraith leagtha. Ní rabhas sásta an chéad dréacht de théacs a ligint i gcló riamh: bíonn orm dul siar air arís agus arís eile chun ord níos loighciúla a chur ar an ábhar, chun abairtí doiléire a shoiléiriú, chun botúin a cheartú, chun tuilleadh fianaise a sholáthar, nó chun snas a chur ar an bprós. Bíonn an t-ádh orm má bhíonn an cúigiú dréacht i riocht a fhoilsithe. Níl ach céim amháin den phróiseas a thaitníonn liom i ndáiríre: is é sin, nuair a chuireann an foilsitheoir na profaí chugam le ceartú agus nuair a leagaim súil ar an saothar clóchurtha don chéad uair. Ach más leabhar é an téacs, bíonn an chealg is nimhní ar fad in eireaball na hoibre: mar atá, an t-innéacsú. Is obair riachtanach é seo ach is obair fíor-leadránach é chomh maith. Agus sin é an saghas oibre a bheidh idir lámha agam i rith shaoire na Nollag i mbliana: beidh mé ag ullmhú an innéacs don saothar is déanaí liom, The Popular Mind in Eighteenth-Century Ireland, leabhar a fhoilseofar i mí Feabhra—má éiríonn liom an t-innéacs a chríochnú in am.

Buntéacs agus aistriúchán ón leabhar

     Bhí sé beartaithe agam Hidden Ireland Revisited a thabhairt ar The Popular Mind i dtús báire ach shíl beirt de na léitheoirí a chaith súil ar an gclóscríbhinn gur chóir dom an teideal sin a athrú. Ghlacas lena gcomhairle agus táim sásta anois gur dheineas amhlaidh: cé go bhfuil an leabhar bunaithe ar fhoinsí liteartha, ní saothar léirmheastóireachta é ach saothar staire agus cuireann an teideal nua an méid sin in iúl go soiléir. Ocht gcaibidil atá sa leabhar: ‘Kingdom’, ina bhfuil scrúdú ar dhearcadh polaitiúil na coitiantachta ag tús an 18ú céad; ‘Faith’, ina bhfuil cúrsaí creidimh faoi chaibidil; ‘Memory’, ina bhfuil achoimre ar an leabhar liom dar teideal Ó Chéitinn go Raiftearaí; ‘War’, inar scrúdaíos tuairimí an phobail ar chogaí na hEorpa agus ar na hÉireannaigh a ghlac páirt iontu; ‘Patriots’, ina bhfuil scagadh déanta ar na hathruithe a tháinig ar mheon na coitiantachta le linn réabhlóid Mheiriceá; ‘Land’, ar leor a teideal chun ábhar na caibidle a mhíniú; ‘Rebellion’, ina bhfuil cuntas ar na blianta corraithe a lean réabhlóid na Fraince; agus ‘Union?’, an chaibidil dheireanach ina bhfuil spléachadh ar an tréimhse tar éis Acht an Aontais. Tá dán nó amhrán le léamh ina iomláine ag tús gach caibidle—leagan amach a d'úsáideas cheana in Ó Chéitinn go Raiftearaí. Seo mar a mhíníos an cur chuige sin i réamhrá an leabhair:
Throughout this book, I have sought to give as much space as possible to voices from the ‘long eighteenth century’ and to minimise both my own commentary and references to secondary works. The primary sources are the only means we have of distinguishing past reality from historical speculation. In recognition of this fact, each chapter is preceded by an unabridged text that was chosen to illustrate, in context, some of the themes discussed in the following chapter. As far as I am aware, only one of the eight texts has been translated previously.
Vincent Morley, The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland (Corcaigh, 2017), 12.
Seo iad na haistí atá i gceist agus na caibidlí lena mbaineann siad:

     1. Ríocht
‘Tuireamh Shomhairle Mhic Dhónaill’ (1691). Is caoineadh é seo a chum Séamas Dall Mac Cuarta ar oifigeach in arm Shéamais II a maraíodh i gcath Eachroma. Foilsíodh an aiste seo cúpla uair: féach, mar shampla, Seán Ó Gallchóir (eag.), Séamas Dall Mac Cuarta: Dánta (BÁC, 1971). Go bhfios dom, níor cuireadh Béarla ar an dréacht seo cheana.

     2. Creideamh
‘Staid nua na hÉireann, 1697’ le Seán Ó Gadhra. Chuir an tAthair Mac Domhnaill an dán seo in eagar in Dánta is Amhráin Sheáin Uí Ghadhra (BÁC, 1955). Go bhfios dom, níor aistríodh é cheana.

     3. Cuimhne
‘A Bhanba is feasach dom do scéala’ a chum Aodh Buí Mac Cruitín timpeall na bliana 1715. Chuireas féin an dán seo i gcló don chéad uair in Ó Céitinn go Raiftearaí (BÁC, 2011). Níor foilsíodh aistriúchán Béarla de cheana.

     4. Cogadh
‘Cá raibh tú le bliain’ le Peadar Ó Doirnín (1747). Chuir Seán de Rís an dán seo in eagar in Peadar Ó Doirnín (BÁC, 1969). Go bhfios dom, níor foilsíodh leagan Béarla den dán cheana.

     5. ‘Patriots’
‘Tráth dom ag smaoineamh ar chríochaibh an tsaoil seo’, amhrán a cumadh sa bhliain 1775. Seán Mac Cathail ab ainm don údar, de réir dealraimh, agus foilsíodh an t-amhrán don chéad uair sa leabhar liom dar teideal Washington i gCeannas a Ríochta (BÁC, 2005).

     6. Talamh
‘Do shagartaibh agus do mhinistirí’, amhrán nach fios cé a chum ach baineann sé leis na Buachaillí Bána a d’éirigh amach ar fud na Mumhan sa bhliain 1785. Mise a chuir an téacs seo in eagar don chéad uair in Eighteenth-century Ireland: Iris an Dá Chultúr, 19 (2004), agus tá sé aistrithe agam anois.

     7. Éirí amach
‘Táid maithe na Breataine in anbhroid péine’, amhrán poblachtach a chum Fínín Ó Scannail sa bhliain 1795. D’fhoilsíos téacs iomlán an amhráin don chéad uair in Eighteenth-century Ireland: Iris an Dá Chultúr, 28 (2013) agus tá sé aistrithe agam anois don chéad uair.

     8. Aontas?
Election na Gaillimhe’, amhrán a chum Antaine Raiftearaí sa bhliain 1830. Foilsíodh é cúpla uair cheana: féach, mar shampla, Ciarán Ó Coigligh (eag.) Raiftearaí: Amhráin agus Dánta (BÁC, 1987). Chuir Dubhghlas de hÍde Béarla air sa bhliain 1903 ach tá aistriúchán nua déanta agam atá níos dílse don bhunleagan.

Beidh téacsanna iomlána na n-aistí seo le léamh acusan a bhfuil Gaeilge acu. Maidir leis na léitheoirí eile, tá súil agam go dtabharfaidh na haistriúcháin tuiscint níos fearr dóibh ar dhearcadh na coitiantachta le linn an 18ú céad.

Roinnt de na leabhair ar an réamhstair atá léite agam le déanaí

     Nuair a bhíos ag scríobh anseo anuraidh, thugas le fios go raibh sé i gceist agam tabhairt faoi stair na hÉireann a scríobh ó thús aimsire go dtí ár linn féin, agus go dtógfadh sé tuairim is cúig bliana orm an obair sin a chur i gcrích. Ach go luath ina dhiaidh sin, chinneas gurbh fhearr dá gcuirfinn leabhar gairid eile díom i dtús báire. Tuairim is seachtó nó ochtó faoin gcéad den téacs sin atá scríofa agam anois agus is cosúil go mbeidh an chlóscríbhinn réidh le cur i lámha foilsitheora um Cháisc. Is i nGaeilge atá an leabhar sin, dála an scéil, agus táim i ndóchas go mbeidh sé sna siopaí roimh dheireadh na bliana seo chugainn. Bíodh sin mar atá, cuirfidh mé tús le scríobh an magnum opus a luaithe is a bheidh an saothar eile curtha chun siúil. Tá cuid mhaith léitheoireachta déanta agam faoin ré réamhstairiúil—ábhar na chéad chaibidle; ní féidir liom a áiteamh gur saineolaí mé ar an tréimhse go fóill, ach táim ag foghlaim de réir a chéile. Insint na fírinne, táim ag éirí mífhoighneach le tosnú ar an scríobh faoin am seo.

     Ar an drochuair, is léir dom nach mbeidh sé ar chumas an ghobadáin seo an dá thrá a fhreastal feasta: is é sin le rá, ní bheidh sé ar mo chumas an stair a chríochnú laistigh de chúig bliana má leanaim ar aghaidh ag scríobh aiste anseo gach mí. Níl sé i gceist agam deireadh a chur le ‘Cúrsaí Staire’, ach táim chun gearradh siar ar an soláthar agus ní bheidh na haistí ag teacht chomh minic céanna as seo amach. Déanfaidh mé iarracht aiste amháin a scríobh gach ráithe, agus ní chuirfeadh sé ionadh orm dá mbeadh sleachta as an magnum opus le léamh anseo ó am go chéile.

     Mar is gnách ag an tráth seo, beidh cead ag léitheoirí teachtaireachtaí a bhreacadh ag bun na haiste seo go ceann seachtaine nó dhó. Níl le déanamh agam anois ach an clabhsúr traidisiúnta a chur ar obair na bliana agus beannachtaí na féile a ghuí ar léitheoirí uile an tsuímh seo ...


12/03/2013

Cé sinne?

É fein agus í fein

Ní raibh fonn orm cuairt a thabhairt ar Chicago. Shamhlaíos é mar chathair thionsclaíoch nua-aoiseach a d’fhás go rábach i dtreo dheireadh an 19ú céad, cathair nárbh ann dó in aon chor san 18ú céad (an tréimhse is suimiúla i stair an domhain) agus cathair nár thuill mórán clú di féin ón uair a tháinig sí ar an saol – fág Alphonse Capone agus an loitiméir eile úd Milton Friedman as an áireamh. Ach sa bhliain 2008 tugadh cuireadh dom léacht a thabhairt in institiúid an léinn Éireannaigh in Ollscoil Notre Dame agus is deacair taisteal idir Baile Átha Cliath agus South Bend, Indiana, gan dul trí Chicago. Thairis sin, theastaigh uaim rud amháin sa chathair a fheiscint: bhí a fhios agam go raibh ‘Nighthawks’ le Edward Hopper, ceann de na saothair ealaíne is mó a thaitníonn liom, ar caomhnú san Art Institute of Chicago. Caithfidh mé a admháil go raibh Chicago níos suimiúla agus níos tarraingtí mar chathair ná mar a shíleas roimh ré, cé gur chuir pictiúr Hopper díomá áirithe orm toisc gur cheapas go mbeadh sé níos mó ná mar atá i ndáiríre. Ach bhí dhá phictiúr eile san Art Institute a bhain stangadh asam. Ní fhéadfainn gan suntas a thabhairt do phortráid de bhean scothaosta mar rith sé liom – a luaithe is a chonac an pictiúr – gurbh Éireannach í. D’fhéachas an lipéad a bhí crochta taobh leis an bpictiúr: ‘Herself’ an teideal a bhí air agus ealaíontóir darbh ainm Robert Henri a dhathaigh. Ní raibh log, dáta ná aon eolas eile luaite ar an lipéad, rud nach gnách san Art Institute. Ar aghaidh liom go dtí an chéad phictiúr eile agus cad a bheadh ann ach portráid dar teideal ‘Himself’. Ba léir gurbh é an t-ealaíontóir céanna a dhear an dá phictiúr agus bhíos cinnte gurbh Éireannach é an fear chomh maith. Bhí eolas níos iomláine ar an lipéad an babhta seo mar bhíos tar éis dul timpeall tuathal seachas deiseal agus bhí na lipéid léite agam san ord mícheart: is amhlaidh gur phéinteáil Henri na portráidí seo de Johnnie agus Biddy Cummings nuair a chaith sé seal in Acaill sa bhliain 1913.

      Seo scéal eile atá fíor. Nuair a bhíos deich mbliana d’aois nó mar sin thugas cuairt ar Londain in éineacht le mo mháthair. Tharla go rabhamar ag taisteal sa tube lá áirithe. Ní raibh aon chomhrá ar siúl eadrainn ón uair a shuíomar i gcarráiste na traenach mar bhí greannán á léamh agam, ach labhair fear a bhí ina shuí os ár gcomhair go béasach le mo mháthair tar éis nóiméid nó dhó: ‘Excuse me,’ ar seisean, ‘I hope you don’t mind me asking, but are you Irish?’ Bhí blas Éireannach ar a chuid cainte ach ba léir go raibh tamall maith caite aige i Sasana. Dúirt mo mháthair go raibh an ceart ar fad aige agus d’fhiafraigh sí de conas a raibh a fhios aige. ‘It’s the boys freckles’, arsa mo dhuine, ‘sure you’d never see the likes on a child in England’. Bhíos iontach sásta liom féin ag an am agus níor thuigeas i gceart cén fáth ar scairt m’aintín amach ag gáire nuair a d’inis mo mháthair an scéal di an oíche chéanna.

      Ar ndóigh, ní bhíonn an míniú chomh simplí leis sin i gcónaí. D’aithníos gur Ghaeil iad Johnnie agus Biddy Cummings cé nach raibh oiread is bricín amháin le brath ar a n-aghaidh agus cé gur casadh orm iad i seomra den Art Institute of Chicago a bhí tiomnaithe d’ealaíon na Stát Aontaithe. Is cosúil go mbaineann tréithe sainiúla corpartha, dá chaolchúisí iad, le muintir na hÉireann. Níor mhaith liom dul ró-fhada síos an chonair seo ach is deacair éalú ón tuairim nach ionann ar fad lorg géiniteach na nÉireannach agus lorg géiniteach na bpobal eile a lonnaigh in iarthar na hEorpa, gan trácht in aon chor ar chríocha atá níos faide i gcéin.

Mo chuid leabhar seandálaíochta
      Tháinig an dá eachtra thuas chun cuimhne nuair a léas leabhar suimiúil a foilsíodh le déanaí: The Origins of the Irish an teideal atá air agus is é J.P. Mallory, ollamh emeritus le seandálaíocht in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, a scríobh. Mar a tharlaíonn sé, léas leabhar eile leis an údar céanna tuairim is fiche bliain ó shin: In Search of the Indo-Europeans an teideal a bhí air. Leabhar is ea é inar dhein sé iarracht a mheas cérbh iad na hInd-Eorpaigh, cárbh as dóibh, agus cén uair a shroicheadar na críocha éagsúla ina labhraítear teangacha Ind-Eorpacha. Ní féidir liom a rá go bhfuil suim mhór agam sa tseandálaíocht mar ábhar. Insint na fírinne, níl ach dhá leabhar ar sheandálaíocht na hÉireann i mo leabharlann phearsanta: Ireland in Prehistory le Michael Herity agus George Eogan, a foilsíodh sa bhliain 1977, agus The Prehistoric Archaeology of Ireland le John Waddell, a foilsíodh sa bhliain 1998 - cé gurbh é eagrán na bliana 2010 atá agam. Is lú fós an tsuim atá agam i seandálaíocht tíortha eile, ach cheannaíos In Search of the Indo-Europeans toisc nach gnáth-leabhar seandálaíochta é, rud a d’admhaigh an t-údar sa réamhrá:
I believe that a discussion of the Indo-Europeans without the evidence of their languages would be like statistics without mathematics. For this reason, a number of linguistic ‘figures’ have been included in my belief that the general reader is far more interested in seeing what a line of Sanskrit or Gothic looked like than what pot the speakers of these languages may have cooked in or what device held their clothes together. Throughout this work I have always tried to keep in sight the fact that Indo-European is fundamentally a linguistic concept and that any cultural (pre)historian has certain obligations to the evidence of comparative linguistics.
J.P. Mallory, In Search of the Indo-Europeans (Londain, 1989), 8.
Ní féidir liom labhairt thar ceann an general reader, ach is cinnte go bhfuil an méid sin fíor fúmsa agus ba mhó an tsuim a chuireas sa bhfianaise teangeolaíochta ná sa bhfianaise seandálaíochta a chuir Mallory i láthair, cé gurbh fhusa dom an téis a nocht sé a chreidiúint toisc go raibh sé bunaithe ar dhá dhisciplín neamhspleácha (agus ar thrí dhisciplín don tréimhse stairiúil). Thaitin an leabhar go mór liom, agus sílim gurb é an rud is mó a chuaigh i gcion orm ná go raibh Mallory sásta géilleadh don teangeolaíocht agus don stair nuair a bhí fianaise na ndisciplíní sin ag teacht salach ar fhianaise (nó ar easpa fianaise) a dhisciplín féin. Seo sampla amháin de sin:
Historical evidence relates how peoples in Ulster migrated to western Scotland in the fifth to sixth centuries AD. The linguistic evidence before this time clearly indicates that various Brittonic languages were spoken in Scotland prior to this colonization and after it we find the transplanted Gaelic language expanding through Scotland. Yet no archaeologist reviewing the sparse evidence for both Ulster and western Scotland would independently declare that there was sufficient evidence to substantiate a linguistic expansion from Ulster to Scotland. The same could be said of the introduction of Breton to Brittany from southern Britain, and many other historically attested but so far archaeologically unverified movements of people.
J.P. Mallory, In Search of the Indo-Europeans (Londain, 1989), 166.
Ar an drochuair, ní bhíonn gach seandálaí chomh humhal céanna. Mar shampla, níl John Waddell sásta géilleadh don tuairim gur thóg Ceiltigh a dteanga leo nuair a lonnaíodar in Éirinn:
There is simply no archaeological trace of the large-scale immigration necessary not just to implant a new language but also to eradicate virtually all traces of the pre-existing language as well ... The emergence of a Celtic language in Ireland was arguably not the result of mass immigration but the culmination of a long process of social and economic interaction between Ireland and Britain, and between these islands and adjacent parts of Atlantic continental Europe, a picture now gaining support from genetic evidence, including the study of mitochondrial DNA, that suggests a lengthy history of shared Atlantic ancestry ... In short, the Celticisation of Ireland was not an event but a process, and a Bronze Age process at that.
John Waddell, The Prehistoric Archaeology of Ireland (BÁC, 2010), 302-3.
Ach murar tháinig lucht labhartha na Ceiltise i dtír riamh ar an scála mór a bheadh riachtanach chun an teanga a bhí á labhairt anseo a athrú, conas a fuair an teanga nua an lámh in uachtar? Is é an freagra atá ag Waddell, má thuigim i gceart é, gur phróiseas fadálach a bhí ann a tharla i bhfad siar sa Chré-umhaois (an tréimhse idir c.2400 agus c.700 R.Ch.) agus gur fhoghlaim bundúchasaigh na hÉireann an teanga nua diaidh ar ndiaidh toisc go rabhadar ag malartú earraí le críocha eile ar fud iarthar na hEorpa! Ní dóigh liom go nglacfadh na teangeolaithe lena leithéid de shamhail. Seo mar a scríobh duine amháin acu in aiste a foilsíodh sa bhliain 2008 (is liomsa an bhéim):
The fact is that, prior to the recent emergence of mass media of communications, people have constituted the only effective means of spreading a language. Accordingly, since Celtic speech apparently emerged in central Europe around the turn of the first millennium BC, its subsequent presence in Britain and Ireland can only be accounted for by positing a migration or migrations of Celtic speakers thither from the Continent, regardless of whether this is corroborated by non-linguistic evidence. The numbers involved cannot, of course, be determined but need not have been unduly large, as long as the incomers succeeded in establishing themselves as a dominant élite liable to be imitated by their more numerous subjects.
Kim McCone, The Celtic Question: Modern Constructs and Ancient Realities 
(BÁC, 2008), 42.
Is staraí seachas teangeolaí mé, ach aontaím go hiomlán le tuairim an teangeolaí sa chás seo.

An tOllamh J.P. Mallory agus dhá leabhar leis



      Bhí súil agam go mbeadh an ildánacht a léirigh sé cheana le brath ar an leabhar is déanaí ó pheann J.P. Mallory agus níor chuir sé díomá orm. Sa chéad chaibidil tharraing sé fianaise as an bhfisic agus as an ngeolaíocht chun cruthú an domhain agus an oileáin seo a mhíniú. I gcaibidlí 2-6 d’úsáid sé a shaineolas dílis féin mar sheandálaí chun cuntais ghonta a thabhairt ar an Meán-Chlochaois (c.8,000-4000 R.Ch.), ar an Nua-Chlochaois (c.4000-c.2500 R.Ch.), ar an gCré-umhaois Luath (c.2500-1500 R.Ch.), ar an gCré-umhaois Dhéanach (c.1500-700 R.Ch.), agus ar an Iarannaois (c.700 R.Ch.-400 AD) in Éirinn. Sa seachtú caibidil scrúdaigh sé fianaise na litríochta mar a tháinig sí anuas chugainn i Leabhar Gabhála Éireann. San ochtú caibidil phléigh sé an fhianaise is déanaí i dtaobh shinsearacht na nÉireannach atá curtha ar fáil ag an ngéineolaíocht. I gcaibidil 9, d’fhill sé ar an teangeolaíocht chun fianaise na Sean-Ghaeilge a scagadh. Sa chaibidil dheireanach, d’fhéach sé le ceist thábhachtach a fhreagairt: cén uair a tháinig na Gaeil ar an tuairim gur chine ar leith iad?

      Caithfidh mé a rá nach mbeinn ag teacht le breith an údair gur timpeall na bliana 1000 R.Ch. a tháinig lucht labhartha na Ceiltise go hÉirinn:
One of the most plausible mechanisms for language shift during the target period was the appearance and spread of hillforts and a class of elite warriors c.1000 BC.
J.P. Mallory, The Origins of the Irish (Londain, 2013), 286
Lena cheart a thabhairt dó, dhein sé dealú idir an ‘initial spread’ a tharla timpeall míle bliain roimh Chríost agus an ‘consolidation’ nár tharla go dtí an Iarannaois:
The rise of Iron Age ritual centres in the first centuries BC may also have been a vehicle for language shift and stimulated the consolidation of the Goidelic language.
J.P. Mallory, The Origins of the Irish (Londain, 2013), 286
Ach tá Gaeilge na nOghamchloch chomh gar sin don Ghaillis nach féidir liom a chreidiúint gur scar an dá theanga chomh luath le míle bliain roimh Chríost. Ar ndóigh, d’fhéadfaí a mhaíomh gur theanga ársa liotúirgeach í an teanga a greanadh ar na hOghamchlocha, ach braithim go bhfuil blas na ‘pléadála speisialta’ ar an teoiric sin. Aontaím le William of Ockham gurb é an míniú is simplí an míniú is fearr i gcónaí. Dá mbeadh orm buille faoi thuairim a thabhairt, déarfainn gur uair éigin timpeall na bliana 300 R.Ch. a tháinig an Cheiltis go hÉirinn. Bíodh sin mar atá, is é an rud is tábhachtaí go bhfuil an fhianaise a bhaineann le hábhar curtha i láthair go cothrom ag an údar sa leabhar seo agus go mbeidh gach léitheoir in ann a bhreith féin a thabhairt. ‘Ní lia duine ná tuairim’.

      Tá moladh ar leith tuillte ag J.P. Mallory ar thrí chúis. Sa chéad áit, tá iarracht déanta aige ceist mhór a fhreagairt. Sa dara áit, chleacht sé stíl phróis a mheallfaidh léitheoirí nach scoláirí gairmiúla iad, agus dhein sé é sin gan ró-shimpliú a dhéanamh ar an ábhar casta a bhí idir chamáin aige. Sa tríú áit, níor fhan sé laistigh de chuibhreann na seandálaíochta ach bhí sé sásta dul i ngleic le disciplíní eile; thuig sé gur ionar gan uaim é an léann agus ghníomhaigh sé dá réir. Ní beag san.