Affichage des articles dont le libellé est Sasana. Afficher tous les articles
Affichage des articles dont le libellé est Sasana. Afficher tous les articles

03/09/2016

Polaitiú na staire

Uimhir 10 Downing Street feistithe i gcomhair lá fhéile Seoirse.

Bhí reifreann ar siúl sa ríocht bhéal dorais le déanaí. Níor mhaith liom mórán a scríobh faoi ábhar an reifrinn mar is cúrsaí staire seachas cúrsaí polaitíochta a bhíonn faoi chaibidil anseo, ach ba chúis bhuartha dom í an pháirt a ghlac dornán staraithe iomráiteacha—agus líon mór staraithe gan iomrá—sa bhfeachtas. Chuir sé díomá orm go raibh níos mó ná trí chéad staraí gairmiúil sa Bhreatain sásta an imlitir mhórchúiseach seo a leanas a shíniú:
As historians of Britain and of Europe, we believe that Britain has had in the past, and will have in the future, an irreplaceable role to play in Europe. On 23 June, we face a choice: to cast ourselves adrift, condemning ourselves to irrelevance and Europe to division and weakness; or to reaffirm our commitment to the EU and stiffen the cohesion of our continent in a dangerous world.
The Guardian, 24 Bealtaine 2016
Sin é téacs iomlán na litreach, más féidir ‘litir’ a thabhairt ar nóta giorraisc mar é. D’áitigh na staraithe go mbeadh an Bhreatain ag imeacht gan treoir feasta agus go mbeadh an Eoraip scoilte agus in ísle brí dá dtabharfadh na vótóirí an chluas bhodhar dá gcomhairle. Níor thugadar aon fhianaise a thacódh leis an tairngreacht seo, áfach, ná níor dheineadar anailís ar bith ar na himeachtaí stairiúla a spreag an achainí thuas, ná níor mhíníodar cad iad na tubaistí a thiocfadh sa mhullach ar mhuintir na Breataine agus na hEorpa trí chéile dá vótálfaí an bealach mícheart. Caint uasal le híseal atá sa litir: ‘is saineolaithe sinn’, adúradar, ‘tuigimid rudaí nach fiú linn a mhíniú ach tá treoir againn daoibh: fanaigí san Aontas Eorpach nó beidh an tír agus an mhór-roinn i mbaol—cé nach fiú linn bunús an bhaoil sin a mhíniú ach an oiread.’ Ar na staraithe mór le rá a bhí sásta a n-ainm a chur leis an bhfoláireamh postúil seo bhí Simon Schama, Ian Kershaw, Michael Burleigh, Richard Evans agus Michael Howard. Ar an drochuair, bhí duine nó beirt ina measc a bhfuil aithne mhaith againn orthu sa tír seo: Roy Foster, mar shampla, a bhí ina ollamh le stair na hÉireann in Oxford go dtí le déanaí, agus Ian McBride, a tháinig i gcomharbas air níos luaithe i mbliana.

‘Obedience Training’: an léamh a bhí ag cartúnaí an Daily Telegraph ar chúrsaí.




     Ní dóigh liom go rithfeadh sé le trí chéad garraíodóir, le trí chéad tiománaí traenach, ná le trí chéad múinteoir bunscoile a leithéid de litir a scríobh. Agus dá mbuailfeadh taom toirtéise iad, táim cinnte nach gcuirfeadh an Guardian spás amú trína n-ainm a liostáil. D’fhéadfaí a rá, b’fhéidir, gur scoláirí iad na staraithe agus go raibh aitheantas ar leith ag dul dóibh dá réir. Ach ní dóigh liom go síneodh trí chéad seandálaí, trí chéad réalteolaí, ná trí chéad máinlia a leithéid de litir ach an oiread. Tuigeann gach duine go mbaineann réimsí cúnga saineolais leis na disciplíní sin agus ní thabharfadh an gamal is saonta amuigh aird ar leith ar thuairimí teangeolaí—chun gairm randamach a lua—dá mbeadh ábhar ar bith seachas an teangeolaíocht faoi chaibidil. Ach ar chúis éigin nach dtuigim, síleann staraithe áirithe go bhfuil a gcuid eolais i bhfad níos fairsinge ná na tréimhsí staire a bhfuil staidéar déanta acu orthu. Creideann siad, de réir dealraimh, go bhfuil an saineolas atá acu chomh leathan sin go gcuimsíonn sé, ní hamháin an t-am atá imithe, ach an t-am atá le teacht chomh maith. Síleann na saoithe seo go bhfuil bua na fáistine acu agus gur chóir don choitiantacht—an daoscar nach bhfuil na dintiúir chuí acadúla acu—éisteacht go humhal lena nglór. An bhfuilim ag dul thar fóir? Ba bhreá liom a cheapadh go bhfuil, ach ní dóigh liom é. Seo daoibh giota beag as alt le Roy Foster a foilsíodh ar an Irish Times cúpla lá tar éis an reifrinn:
The correlation between areas with a high concentration of university graduates, and a vote for Europe, is very striking. I thought irresistibly of the doughty Irish revolutionary Mabel FitzGerald, who – 30 years after 1916 – confided to her friend George Bernard Shaw that she believed that uneducated people did not deserve the vote. Her son Garret corroborated this, telling me that she believed a university degree was a necessary qualification for the franchise “and it should be at least a 2.1”. Nigel Farage, who like Jeremy Corbyn does not have a university degree, will probably now campaign for a referendum to bring back hanging and God knows what else.
The Irish Times, 27 June 2016
An cúis iontais é go bhfuil an saol ina chíor thuathail nuair a ligtear do dhaoine vóta a chaitheamh, seasamh i dtoghcháin, agus suí ar an mbinse tosaigh sa ‘mother of parliaments’ gan chéim mhaith a ghnóthú i dtús báire? Bheinn ag súil go mbeadh tuairimí mar seo á nochtadh os íseal sna seomraí caidrimh i gcoláistí Oxford agus Cambridge, go mall san oíche agus an fíon á dhiúgadh ag na dons, ach ba chúis iontais dom é gur fhoilsigh Roy Foster iad don saol mór—an amhlaidh go raibh spiorad W. B. Yeats ag labhairt tríd? Is ar éigean a bheadh an t-alt san Irish Times léite ag Paul Embery, oifigeach ceardchumainn i Londain a dhein toradh an reifrinn a scagadh ar an Huffington Post, ach leag sé a mhéar go cruinn ar an meon a léiríodh ann:
The sneering contempt displayed towards these and all of the seventeen million who voted Leave by the resentful new alliance of metropolitan liberals, know-all academics, no-mark ‘celebrities’ and know-nothing-yet students should trouble us all.

     To these self-appointed guardians of enlightened society, working-class Leave voters are another breed. Certainly borderline racist, if not the real thing. Thick and uneducated, they could hardly be expected to understand the issues at stake in the referendum or appreciate the benefits of a progressive institution like the European Union.
Paul Embery, The Huffington Post, 1 Iúil 2016
An glantóir mná a d’fhág an scoil go luath agus a fágadh díomhaoin toisc go raibh inimircigh ó oirthear na hEorpa sásta glacadh le huaireanta oibre níos faide ar thuarastal níos lú, bhí an éifeacht chéanna ag an vóta a chaith sise sa reifreann agus ag an vóta a chaith an t-ollamh ollscoile a bhí buartha go dtitfeadh líon na mac léinn ó mhórthír na hEorpa—agus sin mar is cóir!

Chuir Michael O’Leary, eascara na gceardchumann, a ladar sa bhfeachtas.



     Níor dhein iarrachtaí uile na staraithe, Barak Obama, Michael O’Leary agus Sir Bob Geldof maitheas ar bith don fheachtas ar son an Aontais Eorpaigh. Ag an am céanna, bheadh drogall orm a rá gur dhein siad mórán dochair don chúis. Is é an fhírinne lom, mura bhfuil dul amú mór orm, go raibh an cinneadh déanta ag muintir Shasana i bhfad sular thosaigh an feachtas. Táim sásta go bhfuil tuiscint réasúnta maith agam ar mheon agus ar thréithe na Sasanach, ar a gcuid suáilcí agus ar a gcuid duáilcí. Má fhágtar Éire as an áireamh, tá níos mó léite agam faoi stair Shasana ná faoi stair aon tíre eile; dheineas mó chéim dhochtúireachta in Ollscoil Learphoill; agus chaitheas cúig bliana de mo shaol i mo chónaí le bean as Cheshire. Bhí sé á thuar agam roimh ré go mbeadh 55 % de na Sasanaigh ar son imeachta, gur bheag a bheadh idir an dá thaobh sa Bhreatain Bhig (is iad na Breatnaigh an dream thall is lú a bhfuil cur amach agam orthu), agus nach mbeadh na móraimh ar son an Aontais Eorpaigh in Albain agus i dTuaisceart Éireann mór go leor chun breith na Sasanach a chealú. Mar a thit cúrsaí amach, ní raibh ach 53 % ar son imeachta i Sasana (shíleas go mbeadh an vóta cothrom go leor i Londain ach bhí móramh mór i gcoinne imeachta sa phríomhchathair). Os a choinne sin, bhí na Breatnaigh beagnach chomh mór i gcoinne an Aontais is a bhí na Sasanaigh féin. Tríd is tríd, áfach, ní raibh mórán idir an toradh agus an tuar a bhí déanta agam. Ní raibh aon chuid d’alt Roy Foster is mó a chuir ionadh orm ná an sliocht seo a leanas:
At a meeting of 80 academic historians from all parts of the political spectrum at 11 Downing Street a few weeks ago, the sense of intellectual solidarity in favour of European membership was powerful and I was foolish enough to believe that these feelings would prevail.

     I cannot rid myself of the feeling that we have been living in a bubble.
The Irish Times, 27 June 2016
Is admháil é seo go raibh an t-údar agus a chomhghleacaithe dall ar dhearcadh na ndaoine a bhfuil cónaí orthu ina measc. D’fhéadfaí a rá gur léiriú í an easpa tuisceana seo ar leithead na bearna idir na haicmí i Sasana—nó ar airde an túir eabhair ina gcaitheann staraithe acadúla a saol. Ach shílfeá go bhfaigheadh na staraithe léargas ar dhearcadh na Sasanach i leith na hEorpa ó léamh na staire. Cuimhnigh, mar shampla, ar an ráiteas cáiliúil a dhein Winston Churchill i láthair Charles de Gaulle, an 4 Meitheamh 1944:
Nous allons libérer l’Europe, mais c’est parce que les Américains sont avec nous pour le faire. Car, sachez-le ! chaque fois qu’il nous faudra choisir entre l’Europe et le grand large, nous serons toujours pour le grand large.
Charles de Gaulle, Mémoires de guerre: l’unité 1942-44 (Páras, 1980), 266.

[Táimid chun an Eoraip a shaoradh, ach is amhlaidh atá toisc go bhfuil na Meiriceánaigh inár dteannta lena dhéanamh. Óir, bíodh a fhios agat, gach uair a bheidh rogha le déanamh againn idir an Eoraip agus an fharraige mhór, is í an fharraige mhór a roghnóimid i gcónaí!]
Níl aon tuiscint níos lárnaí i bhféiniúlacht na Sasanach ná an tuiscint gur oileánaigh iad. Cheapfá go mbeadh an tuiscint sin i bhfad níos treise in Éirinn ná i Sasana, ach is é a mhalairt atá fíor. Is aisteach an scéal é nár rith an smaoineamh leis na staraithe go raibh an feachtas ar son imeachta ag luí le traidisiúin stairiúla na tíre agus go mbeadh an lá ag lucht imeachta. Ní gá go mbeadh traidisiún ar bith buan, ar ndóigh, ach nuair a théann traidisiún i léig is de réir a chéile a tharlaíonn sé.

Ní bheadh beann ag staraithe ar cheisteanna fánacha mar iad seo.


     Níl aon ghaisce déanta ag an Aontas Eorpach a mheallfadh an Sasanach cothrom chun cúl a thabhairt dá dhúchas. Tuigeann an dream úd nach bhfuil céimeanna ollscoile acu go bhfuil scrios déanta ar gheilleagar na Gréige de bharr pholasaí déine an Bhainc Cheannais in Frankfurt—institiúid is deacair a aithint go minic ón Bundesregierung i mBeirlín. Mar an gcéanna, is léir don dream gan chéimeanna go bhfuil brú as cuimse curtha ar chaighdeáin fhostaíochta agus ar an mbonneagar sóisialta i dtíortha áirithe—go mór mór i Sasana—de bharr shaor-ghluaiseacht na n-oibrithe. Aontaím go raibh an ceart ag Roy Foster nuair a scríobh sé go mbeadh toradh eile ar an reifreann dá mbeadh an cead vótála teoranta do chéimithe ollscoile, ach bainim tátal eile ar fad as an bhfíric sin: ní hé go bhfuil an pobal i gcoitinne níos aineolaí ná na céimithe, ach nach iad na polasaithe céanna a dhéanfadh a leas-san agus leas na meánaicme. Ba mhaith an mhaise do na staraithe é dá gcloífidís leis an stair feasta. Is é sin le rá, gur chóir dóibh a n-aird a dhíriú ar an am atá imithe agus an t-am atá le teacht a fhágáil faoi na polaiteoirí. Is cinnte nach féidir leo páirt a ghlacadh i bhfeachtais chonspóideacha pholaitiúla gan dochar a dhéanamh dá seasamh gairmiúil i súile an phobail. Sa deireadh thiar thall, níl ach cúis amháin go bhfuil tuairimí an staraí níos údarásaí ná tuairimí an tiománaí tacsaí: mar atá, go bhfuil staidéar déanta ag an staraí ar na foinsí príomha a bhaineann le hábhar—é sin, nó go bhfuil saothair le staraithe eile a bhfuil cur amach acu ar na foinsí céanna léite aige.

Is réimsí éagsúla iad an stair agus an pholaitíocht.



     Ar eagla na míthuisceana, nílim á rá nár chóir don staraí tuairimí polaitiúla a bheith aige ná a nochtadh. Tá an ceart ceannann céanna ag an staraí páirt a ghlacadh i saol poiblí a thíre agus atá ag an tiománaí tacsaí, ach má dheineann sé amhlaidh ba chóir dó é a dhéanamh ina cháilíocht mar shaoránach. Níor chóir dó a chur in iúl go bhfuil tábhacht lena sheasamh polaitiúil toisc gur staraí é. Ar ndóigh, d’fhéadfadh sé tarlú ó am go chéile go mbeadh léargas ar leith ag staraí ar cheist áirithe toisc staidéar a bheith déanta aige ar chúlra stairiúil na ceiste; níl cúis ar bith nach roinnfeadh sé a chuid eolais lena chomhshaoránaigh i gcás mar sin ach an fhianaise a chur i láthair ar bhealach tomhaiste. Mar a tharlaíonn sé, b’shin a dhein an tOllamh Ian McBride, comharba, Roy Foster, in alt leis ar impleachtaí an reifrinn do Thuaisceart Éireann a foilsíodh ar an Guardian, an 19 Iúil 2016. Tá téis an ailt soiléir ón teideal (After Brexit, Northern Irish politics will again be dominated by the border) agus ní aontaím le gach dá bhfuil scríofa ann, ach is anailís stuama é a dhíríonn ár n-aird ar roinnt de na fadhbanna a bheidh le sárú sna blianta atá romhainn. Agus is é an rud is fearr ar fad faoin alt ná seo: níl oiread is tagairt amháin ann do ghairm an údair. Braitheann éifeacht uile an ailt ar loighic na n-argóintí ann agus ní ar stádas acadúil an té a scríobh.

Torthaí an reifrinn.



     Sa chéad olltoghchán eile beidh rogha le déanamh ag muintir Shasana idir na Tóraithe faoi cheannas Theresa May, bean a bhfuil céim (dara honóracha, faraor!) aici ó Ollscoil Oxford, agus Páirtí an Lucht Oibre faoi cheannas Jeremy Corbyn, fear nár bronnadh céim ollscoile air riamh. Beidh an chéad dream ag iarraidh an earnáil phoiblí, na liúntais shóisialta agus an rialú stáit a ghearradh. Beidh an dara dream ag iarraidh fóntais a príobháidíodh i ré Margaret Thatcher a náisiúnú in athuair, cánacha a ardú, an soláthar airgid a mhéadú, feabhas a chur ar na seirbhísí sóisialta, agus Iarúsailéim nua a thógáint in England’s green and pleasant land. Is dóichí ná a mhalairt go n-éireoidh leis an gcéad dream, ach cuimhnímis gur dhein na Sasanaigh cinneadh in olltoghchán na bliana 1945 a tháinig aniar aduaidh ar an saol mór ag an am. Is ag na vótóirí i Sasana a bheidh an chumhacht, cibé ar bith, ach beidh cead ag na críocha beaga imeallacha bailiú leo as an ríocht más é sin a theastaíonn uathu. Tá téarma teicniúil ar an socrú seo dá bhféadfainn smaoineamh air ... Is ea, tá sé agam: ‘daonlathas’. Sin a ghlaotar air. Dúirt duine éigin tráth gurb é an córas rialaithe is measa ar domhan é—seachas na cinn eile go léir.

22/11/2015

I Londain na gCeilteach

Londain mar a shamhlaítear í


Chaitheas cúpla lá i ‘gcathair na smúite’ le déanaí. Cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar chaighdeán an aeir i Londain ón uair a ritheadh an Clean Air Act sa bhliain 1956, tá an smúit fós lárnach don íomhá den chathair atá préamhaithe in intinn an phobail. Thiocfadh dó go bhfuil an t-aer níos úire cois Tamaise ná cois Séine faoin tráth seo, ach is túisce a shamhlaítear toitcheo le príomhchathair Shasana ná le ‘cathair an tsolais’: oireann sé do Big Ben agus do Tower Bridge ar bhealach nach n-oireann don Arc de triomphe ná do thúr Eiffel. Is mó an bhaint atá aige seo leis an gcultúr ná leis an aeráid i ndáiríre. Cé nach raibh pea-souper den sean-déanamh (cumasc plúchtach de dheatach guail is de cheo) i Londain le caoga bliain anuas, maireann aer smúitiúil na cathrach sa chomhchuimhne de bharr thionchar na litríochta agus na scannánaíochta. Nuair a foilsíodh leabhar ar an ábhar le déanaí, is é an teideal a bhí air ná London Fog: The Biography—amhail is dá mba phearsa stairiúil nó réalta scannáin é an toitcheo. Níl an leabhar seo léite agam ach mhol léirmheastóir an London Review of Books é.

     Bhí ceithre bliana imithe ón uair dheireanach a bhíos i bpríomhchathair Shasana agus thugas roinnt athruithe faoi deara—idir athruithe chun donais agus athruithe chun feabhais. Is oth liom a rá go bhfuil níos lú siopaí leabhar ná riamh in Charing Cross Road, mar shampla. Ar an láimh eile, tá roinnt de na seanbhoscaí gutháin in úsáid mar ionaid wi-fi anois, rud a thabharfaidh léas nua saoil dóibh. Tá athruithe eile nár tharla go fóill cé go bhfuil siad ag teastáil go géar. An chéad lá a bhíos thall, bhuaileas isteach i siopa caife ag am lóin. Bhí ainm na háite i bhFraincis, bhí gach saghas latte agus cappuccino luaite ar an gclár, agus dheineas dearmad glan ar bhéasa na tíre: d’ordaíos americano agus súil agam le espresso agus uisce tríd. Ach mo léan, nuair a bhaineas an claibín den chupán ba léir go raibh bainne ann chomh maith. B’shin ceacht a d’fhoghlaimíos nuair a bhí céim dochtúireachta idir lámha agam in Ollscoil Learphoill fadó: má tá tae nó caife ag teastáil uait san oileán béal dorais, caithfidh tú ‘without milk’ a rá go hard agus go soiléir nó steallfar an leacht bán isteach sa deoch gan cead duit.

Peaca i gcoinne na daonnachta, na sibhialtachta agus na loighce
     Bhí drogall orm an baile a fhágáil chomh déanach seo sa bhliain ach mheall dhá thaispeántas anonn mé. Beidh ceann acu, Lee Miller: a woman’s war, ar siúl san Imperial War Museum go dtí mí Aibreáin ach beidh an ceann eile, Celts: art and identity, ag aistriú ón British Museum go Dún Éideann i mí Eanáir. Cé go dtaitníonn ‘Auld Reekie’ liom, beidh a fhios ag léitheoirí rialta an tsuímh seo go bhfuil spéis ar leith agam i Lee Miller. Chinneas gurbh fhiú an deis a thapú chun an dá thaispeántas a fheiscint in aon gheábh amháin. Thugas cuairt ar an Imperial War Museum an 10 Samhain agus thaitin an taispeántas liom: bhí rogha leathan pictiúr a ghlac Miller i Sasana i rith an blitz agus ina dhiaidh, sa Normainn tar éis D-Day, i bPáras tar éis an libération, agus sa Ghearmáin i dtreo dheireadh an chogaidh le feiscint ann. I dteannta na bpictiúr, bhí roinnt giuirléidí a bhain léi: an ceamara a d’úsáid sí, a cárta aitheantais, litreacha a scríobh sí, an éide mhíleata a chaith sí mar ghrianghrafadóir cogaidh, etc. Bhí an téacs a ghabh leis an taispeántas soiléir, grinn, iomlán gan a bheith iomarcach, agus ní bhfuaireas aon bhlas den bholscaireacht air. Mórán pictiúr agus beagán focal a bhí sa chatalóg, áfach, agus níor bhacas lena ceannach. Ina ionad sin, cheannaíos cóip de Lee Miller’s War, leabhar a chuir a mac, Antony Penrose, in eagar roinnt blianta ó shin; tá áit idir Lee Miller in Fashion agus The Art of Lee Miller curtha in áirithint dó i mo leabharlann. Tuigim, ar ndóigh, go bhfuil an tsuim seo beagáinín obsessive ach is taitneamhach an galar é agus ní dóigh liom go ndéanfaidh bean a fuair bás sa bhliain 1977 mórán dochair dom ag an bpointe seo. Bíodh sin mar atá, níorbh í bé an cheamara ach na Ceiltigh faoi deara dom saoire a chaitheamh i Londain i dtús an gheimhridh.

Portráid le Miller, Miller le linn an chogaidh agus roimhe

     Mar is eol don saol, is ábhar conspóide i measc scoláirí iad na Ceiltigh le fiche bliain anuas. Is é an rud a spreag an chointinn i dtús báire, de réir dealraimh, taispeántas idirnáisiúnta dar theideal I Celti: la prima Europa (‘Na Ceiltigh: an chéad Eoraip’) a bhí ar siúl i Veinéis na hIodáile sa bhliain 1991. Glactar leis go raibh an taispeántas úd ar fheabhas ó thaobh na healaíne de, ach bhí seandálaithe áirithe den tuairim gur bhain an ócáid le clár oibre polaitiúil agus go raibh maorlathas na Bruiséile ag iarraidh teacht i dtír ar na Ceiltigh chun dlús a chur le haontú polaitiúil na mór-roinne. Seo, mar shampla, sliocht as an réamhrá a cuireadh le catalóg an taispeántais:
An essential part of the exhibition is its subtitle ... It was conceived with a mind to the great impending process of the unification of western Europe, a process that pointed eloquently to the truly unique aspect of Celtic civilization, namely its being the first historically documented civilization on a European scale. In fact, how else could a people who fanned out from the central-eastern regions of Europe all the way to the Atlantic Ocean and the North Sea, and even as far as the Black Sea, be described except in terms of their common European denominator? We felt, and still feel, that linking the past to this present was in no way forced, but indeed essential, and could very effectively call us back to our common roots.
Kruta, Frey, Raftery agus Szabo (eagarthóirí), The Celts (1991), 14.
Prislíneacht pholaitiúil is ea é sin gan aon agó; ní bheadh sé as áit i mbileog bholscaireachta ón Aontas Eorpach ach ba smál é ar shaothar scolártha. ‘Le haghaidh gach gníomh bíonn frithghníomh, ar cóimhéid agus sa treo contrártha’ mar a scríobh Sasanach cáiliúil sa 17ú céad. Níorbh fhada gur thug na ‘Celtosceptics’—seandálaithe Sasanacha a bhí míshásta leis an léamh Eorpach thuas—faoi ‘mhiotas’ na gCeilteach. Ar na príomhshaothair leo tá The Atlantic Celts: Ancient People or Modern Invention? (1999) le Simon James, agus The Celts: Origins, Myths & Inventions (2003) le John Collis. Níor mhaith liom a chur in iúl go bhfuil na húdair seo ar aon intinn, ach tá cosúlachtaí móra idir a gcuid argóintí. Deinim amach gurb iad seo na príomhphointí:
  1. Gur thug údair Chlasaiceacha ‘Ceiltigh’ (Κελτοί i nGréigis nó Celtæ i Laidin) ar chiníocha ‘barbaracha’ in iarthuaisceart na hEorpa agus nár thagair an téarma do ghrúpa eitneach ar leith.
  2. Nár thug údair Chlasaiceacha ‘Ceiltigh’ ar phobail dhúchasacha na Breataine ná na hÉireann riamh.
  3. Nár thug na ciníocha éagsúla a labhair teangacha Ceilteacha ‘Ceiltigh’ orthu féin riamh.
  4. Nach ionann gaol teangeolaíoch agus gaol fola agus nár chóir a cheapadh gur shíolraigh na ciníocha éagsúla a labhair na teangacha Ceilteacha ón gcine céanna.
  5. Nár shíl na ciníocha éagsúla a labhair na teangacha Ceilteacha go raibh gaol gairid acu le chéile: níor rith sé riamh leis na Gaeil ná leis na Briotanaigh go raibh gaol fola eatarthu.
  6. Nár chóir a cheapadh go raibh an cultúr céanna (creideamh, córas rialaithe, córas sóisialta, stíl ealaíne, etc.) ag na ciníocha éagsúla a raibh teangacha Cheilteacha acu.
  7. Nár úsáideadh ‘Ceilteach’ in aon chor ar feadh níos mó ná míle bliain go dtí gur athbheoigh údair na hAthbheochana agus an tSoilsithe an téarma ón 16ú céad amach.
  8. Nuair a aithníodh an gaol idir na teangacha Gaelacha agus Briotanacha i dtús an 18ú céad, luadh an aidiacht ‘Ceilteach’ leo mar síleadh gur iarsma den Ghaillis í an Bhriotáinis, rud nach fíor.
Agus na cúinsí seo go léir curtha san áireamh, áitíonn lucht an ‘Cheilteasceipteachais’ gur choincheap saorga nua-aoiseach é ‘Ceilteach’ agus gurbh fhearr an téarma a sheachaint lasmuigh de réimse na teangeolaíochta.

Fógra ag doras an British Museum agus an dá leabhar a cheannaíos ann

     Ní leasc liom a rá go bhfuil báidh áirithe agam leis na Ceilteasceiptigh. Ní hamháin go samhlaím an ‘Ceilteachas’ le gach saghas truflaise—drochealaín, drochcheol, ‘draoithe’ nua-phágánacha, etc.—ach aithním go bhfuil bunús maith le roinnt de na hargóintí thuas. Thar aon rud eile, táim sásta gur pointe cruinn tábhachtach é pointe uimhir a cúig. Is cinnte nach raibh trácht ar Cheiltigh i miotas bunaidh na nGael; go deimhin, níor chualathas iomrá orthu in Éirinn roimh an 18ú céad. Is cosúil go bhfuil pointí a dó, a seacht agus a hocht fíor chomh maith, cé nach léir dom go bhfuil mórán tábhachta ag baint leo. Níl a fhios agam an bhfuil uimhir a haon fíor nó bréagach, ach sílim gur pointe neafaiseach é: más amhlaidh go raibh ciall scaoilte leis na téarmaí ‘Κελτοί’ agus ‘Celtæ’, ní léiríonn sé sin ach easpa cruinnis na n-údar Clasaiceach. Os a choinne sin, is cinnte go bhfuil pointe uimhir a trí mícheart. Ní gá breathnú thar an gcéad abairt in De Bello Gallico le Caius Julius Cæsar lena bhréagnú:
Omnis Gallia est divisa in tres partes: unam quarum Belgæ incolunt; alium Aquitani; tertiam, qui lingua ipsorum appellantur Celtæ, nostra, Galli. 
[Tá an Ghaill uile roinnte i dtrí chuid: ceann ina bhfuil Belgæ ag cur fúthu; ceann eile ina bhfuil Aquitani; sa tríú ceann, táidsean a dtugtar Celtæ orthu ina dteanga féin, inár dteanga, Galli.]
Is téarma Ceiltise é ‘Ceilteach’ ó cheart mar sin; ach murarbh ea, nár chuma? Níor thug an cine a labhair an Ind-Eorpais (an teanga réamhstairiúil ónar shíolraigh formhór theangacha na hEorpa, na Peirse agus thuaisceart na hIndia) ‘na hInd-Eorpaigh’ orthu féin riamh, ach ní féidir le scoláirí an lae inniu an dream sin a phlé gan ainm éigin a thabhairt orthu. Mar an gcéanna, ní foláir lucht labhartha na Ceiltise a bhaisteadh agus tá ‘na Ceiltigh’ chomh maith le lipéad ar bith eile. Maidir le pointe uimhir a sé thuas, má tá teangacha gaolmhara á labhairt ag dhá chine, luíonn sé le réasún go bhféadfadh gnéithe eile dá gcultúir a bheith gaolmhar chomh maith—cé nár chóir talamh slán a dhéanamh de sin gan an fhianaise a scagadh. Ní chuirfeadh sé ionadh orm, mar shampla, dá mbeadh gaol sinseartha idir stádas an fhile in Éirinn agus stádas an bardd sa Bhreatain Bhig. Agus maidir leis an bpointe is íogaire ar fad—an gaol fola—táim ar aon fhocal leis an méid a scríobh Kim McCone:
The fact is that, prior to the recent emergence of mass media of communications, people have constituted the only effective means of spreading a language. Accordingly, since Celtic speech apparently emerged in central Europe around the turn of the first millennium BC, its subsequent presence in Britain and Ireland can only be accounted for by positing a migration or migrations of Celtic speakers thither from the Continent.
Kim McCone, The Celtic Question: Modern Constructs and Ancient Realities
(2008), 42.
Chun teacht timpeall ar an bhfadhb seo, áitíonn na Ceilteasceiptigh nár tógadh an Cheiltis ón mór-roinn go dtí Éire agus an Bhreatain in aon chor. Síleann siad go raibh canúintí Ind-Eorpacha á labhairt sa dá oileán faoin mbliain 2000 R.Ch. ar a dhéanaí agus gur tháinig na ‘teangacha Ceilteacha’ (mar a thugtar orthu go hearráideach) chun cinn ar imeallbhord an Atlantaigh. Tá mapa i gcatalóg an taispeántais a léiríonn an teoiric ‘thraidisiúnta’ gur tógadh an Cheiltis go dtí na hoileáin ón mór-roinn timpeall na bliana 500 R.Ch., ach de réir an téacs a ghabhann leis an mapa tá an tuairim seo ‘increasingly challenged’. Agus tá mapa eile sa chatalóg a léiríonn teoiric ‘mhalartach’ na gCeilteasceipteach agus deirtear linn go bhfuil an léaráid seo bunaithe ar ‘current research’. Is leor nod don eolach!

Dhá mhapa i gcatalóg an taispeántais

     Má bhí teachtaireacht amháin ag taispeántas na Veinéise, tá teachtaireacht eile ar fad ag an taispeántas reatha i Londain. Seo sliocht as an réamhrá a chuir stiúrthóir an British Museum leis an gcatalóg:
Celts: art and identity at the British Museum marks the first time that any exhibition has attempted to tell the story of the Celts from 500 BC to the present day. Yet this is not so much a show about a people as a show about a label, exploring how the name ‘Celts’ has been used and appropriated over the last 2,500 years. ‘Celtic’ is a cultural construct that has changed its meaning many times ... While the Celts are not a distinct race or genetic group that can be traced through time, the word ‘Celtic’ still resonates powerfully today, all the more so because it has been continually redefined to echo contemporary concerns over politics, religion and identity.
Farley agus Hunter (eagarthóirí), Celts: Art and Identity (2015), [9]
Is cóir a rá go bhfuil an taispeántas féin thar barr maidir le réimse, le dearadh agus le cur i láthair na n-earraí atá ar taispeáint ann. Is cinnte go dtaitneoidh sé le haon duine a bhfuil suim dá laghad aige san ábhar—agus le mórán daoine ar cuma leo faoi na Ceiltigh. Tá sé roinnte i gcúig chuid:
  1. Aois an iarrainn (c. 500 R.Ch.)
  2. An concas Rómhánach (c. 100 R.Ch.)
  3. An ealaín agus an léann iar-Rómhánach (c. 400 A.D.)
  4. Athbheochaint agus athchumadh (c. 1500 A.D.)
  5. An saol Ceilteach comhaimseartha
Má tá fócas ar mhór-roinn na hEorpa sa chéad chuid, tá béim ar an mBreatain sa dara cuid agus tá níos mó airde ar Éirinn sa tríú cuid. Ach tá bearna de mhíle bliain ansin roimh an gceathrú cuid ina bhfuil trácht ar an Rerum Scoticarum Historia (1582) le George Buchanan, ar an Archaeologia Britannica (1707) le Edward Lhuyd, agus ar chumadóireacht (i ngach ciall den fhocal) James Macpherson (1736-96) is Iolo Morganwg (1747-1826). Tá tionchar na gCeilteasceipteach le brath go soiléir ar an taispeántas: ní luaitear an abairt ‘Celtic nations’, mar shampla, gan comharthaí athfhriotail a cur timpeall uirthi. Tá catalóg an taispeántais níos tomhaiste, áfach, agus is suntasach an ní é nach bhfuil aon trácht inti ar an cúigiú cuid den taispeántas. I measc na n-earraí atá le feiscint sa chuid deireanach tá a leithéidí seo: gúna ard-draoi an Gorsedd; filleadh beag is breacán na nAlbanach; cártaí tarot sa stíl ‘Cheilteach’; dhá mhúrphictiúr i mBéal Feirste a bhfuil Cú Chulainn léirithe orthu—ceann acu i gceantar Poblachtach agus an ceann eile i gceantar Dílseach; cóip de Asterix the Gaul; cnuasach aistreog le haghaidh tatúnna ‘Ceilteacha’; geansaithe de chuid Glasgow Celtic agus na Boston Celts. Ní dríodar go dríodar Ceilteach! An é seo an fáth nach bhfuil cuntas ar an gcúigiú cuid den taispeántas sa chatalóg—ar eagla go laghdódh sé caighdeán ealaíne an leabhair? Nó ar síleadh go mbeadh an t-ábhar comhaimseartha ró-chonspóideach? Is deacair a rá. Seo sliocht eile as an gcatalóg:
The gift shop lies on Edinburgh’s Royal Mile. Half a dozen languages are being spoken around you as tourists crowd round the display cases, full of items advertised as Celtic: jewellery, scarves, jumpers, mugs, key rings. Some of the labels include unfamiliar words in Gaelic. The label ‘Celtic’ sells a country and an ideal to outsiders. But this is not just commercial exploitation of ancient history. Being Celtic is a real element of people’s identity in Scotland, Ireland, Wales, the Isle of Man, Cornwall, Brittany and across the world for people who trace their ancestry to those places.
Farley agus Hunter (eagarthóirí), Celts: Art and Identity (2015), 23
Ach an fíor é seo i ndáiríre? Tá drogall orm a rá gur féiniúlacht chumtha é an Ceilteachas mar ní léir dom gur féiniúlacht de shaghas ar bith é. Cé go bhfuil an teanga Cheilteach ina bhfuilim ag scríobh ar eolas agam, agus cé gurbh Éireannaigh iad mo shinsir uile chomh fada siar agus is féidir liom iad a ríomh, ní rithfeadh sé liom ‘Ceilteach’ a thabhairt orm féin. Braithim go mbeadh sé sin áiféiseach ar fad. B’ionann é agus cás an Rómánaigh a thabharfadh ‘Rómhánach’ air féin—nó cás an tSasanaigh a thabharfadh ‘Gearmánach’ air féin. Thairis sin, ní mhothaím go bhfuil ceangal cultúrtha ar leith agam le Breatnaigh ná le Briotánaigh—tá cás na nAlbanach éagsúil, gan amhras, ach is gaol é sin a bhaineann le Gaelachas seachas le Ceilteachas.

Keltic Kitsch

     Níor chóir an téarma ‘Ceilteach’ a úsáid sa stair tar éis dheireadh na ré Clasaicí. Ach tá teangacha a shíolraigh ón gCeiltis beo i gcónaí agus is téarma dlisteanach é ‘Ceilteach’ sa teangeolaíocht. An té atá stuama, seachnóidh sé an Ceilteachas i réimsí eile den saol comhaimseartha.

     Ós ag trácht ar fhéiniúlachtaí cumtha atáim, ní fhéadfainn aiste na míosa seo a chríochnú gan an scéilín seo a leanas a insint. Bhíos istigh sa taispeántas, macasamhail de charbad ‘Ceilteach’ á féachaint go grinn agam, nuair a chualas guth mná ar challaire an mhúsaeim: bhí sé a haon déag a chlog ar maidin, ar an aonú lá déag den aonú mí déag, agus bhíothas ag tabhairt cuireadh dúinn páirt a ghlacadh i dtost dhá nóiméad ar fud an náisiúin i gcuimhne orthusan a cailleadh agus iad ag troid ar son na saoirse. Níor míníodh dúinn cén náisiún a bhí i gceist (Sasana, an Bhreatain Mhór, nó an Ríocht Aontaithe?) ná níor chualas comharthaí athfhriotail ar an bhfocal ‘náisiún’ má bhíodar ann. Ach bhíos breá sásta seasamh go díreach ar feadh dhá nóiméad agus machnamh a dhéanamh orthusan a thug a mbeatha ar son na saoirse. Níorbh iad na Tommies bochta a chaith éide na hImpireachta sa Chéad Chogadh Domhanda a bhí ar intinn agam, áfach, ach an buíon beag Óglach a thug dúshlán na hImpireachta céanna ar shráideanna Átha Cliath.

09/05/2015

An bhua san Eoraip

Lá na bua i Moscó, i Nua-Eabhrac, i Londain agus i bPáras

Seachtó bliain is an lá inné – nó seachtó bliain is an lá inniu más iar-Shóivéadach thú – a chríochnaigh an cogadh. Is é an cogadh atá i gceist agam, ar ndóigh, an cogadh Eorpach a thosaigh nuair a d’ionsaigh an Ghearmáin an Pholainn sa bhliain 1939. Bhí cogadh eile fós faoi lánseol san Áise, cogadh a thosaigh nuair a dhein an tSeapáin ionradh ar an tSín sa bhliain 1937, ach nuair a deirtear ‘an cogadh’ ar an taobh seo den domhan is é an cogadh a thionscain Adolf Hitler a bhíonn i gceist.

     Is suntasach an ní é go bhfuil Sasanaigh go mór chun tosaigh i measc na staraithe a bhíonn ag plé le cogadh Hitler agus le Sóisialachas Náisiúnta na Gearmáine. Is amhlaidh a bhí ón tús: féach, mar shampla, A. J. P. Taylor agus Hugh Trevor-Roper sa tréimhse iarchogaidh. Sa lá atá inniu ann, ní féidir staireagrafaíocht na tréimhse a phlé gan saothair leithéidí Richard Evans, Ian Kershaw, Richard Overy agus Michael Burleigh a lua. Go deimhin, creideann Richard Evans go gcuireann Sasanaigh suim thar an ngnáth i startha na dtíortha máguaird, rud a mhínigh sé i leabhar dar teideal Cosmopolitan Islanders. Caithfidh mé a rá nach bhfuil ‘cosmopolitan’ go hard ar liosta na n-aidiachtaí a ritheann liom nuair a smaoiním ar Shasana (fág Londain as an áireamh), ach tá dealramh le tuairim Evans i gcás na Gearmáine – nó i gcás an Drittes Reich ach go háirithe. Braithim gur mó an aird a thugann staraithe ó Shasana ar réimeas Hitler ná mar a thugann staraithe ó na Stáit Aontaithe, ón Rúis ná ón bhFrainc. Agus in ainneoin threallús na nGearmánach (leitheidí Sebastian Haffner, Joachim Fest, Martin Broszat agus Götz Aly), thiocfadh dó go bhfuil na Sasanaigh bord ar bhord le staraithe na Gearmáine féin. Is aisteach an scéal é ar an gcéad amharc agus sílim go gcaithfear an míniú a lorg lasmuigh den acadamh. Is é is cúis leis, mura bhfuil dul amú orm, go dtuigtear do mhuintir Shasana go bhfuil cogadh Hitler ar cheann de bhuaicphointí stair a dtíre féin. Cuimhnímis an óráid a thug Winston Churchill, an 18 Meitheamh 1940:
The whole fury and might of the enemy must very soon be turned on us. Hitler knows that he will have to break us in this island or lose the war ... Let us therefore brace ourselves to our duties, and so bear ourselves, that if the British Empire and its Commonwealth last for a thousand years, men will still say, ‘This was their finest hour’.
Miotas is ea é a fhágann Ælfred Mór, Magna Carta, cath Agincourt, Armáid na Spáinne, an ‘glorious revolution’ (mar dhea), cath Waterloo, an réabhlóid thionsclaíoch agus gach lieu de mémoire eile dá bhfuil ag na Sasanaigh, in áit na leithphingine. Mar a thit cúrsaí amach, shíothlaigh impireacht na Breataine cúpla bliain tar éis an Tausendjähriges Reich, ach tá an miotas chomh beo is a bhí riamh agus níl aon súil agam go dtiocfaidh maolú ar a éifeacht go luath. Tréimhse is ea í atá fite fuaite le féiniúlacht agus le náisiúnachas Shasana. Dá gcreidfeá na Sasanaigh, ar ndóigh, is rud é an náisiúnachas a bhaineann le tíortha eile: ach an té a mbíonn clog á chloisint aige an t-am ar fad, ní thugann sé an fhuaim faoi deara tar éis tamaill.

Richard Evans agus dhá leabhar leis


     Rith na smaointe thuas liom nuair a bhí The Third Reich in History and Memory (2015) le Richard Evans á léamh agam le déanaí. Ceithre leabhar leis an údar céanna a bhí léite agam cheana agus thaitin siad go léir liom. An chéad leabhar dá chuid a léas riamh, leabhar dar teideal In Defence of History (1997), ní leis an nGearmáin a bhain sé in aon chor ach leis an staireolaíocht. Chosain Evans disciplín na staire ar smaointeoirí an iarnua-aoiseachais, dream a shéanann gur féidir eolas a chur ar ré atá imithe agus a áitíonn gurb ionann saothar na staraithe agus ceapadóireacht liteartha ar aon dul le gach saghas eile litríochta. Is deacair é a chreidiúint anois, ach bhí an t-iarnua-aoiseachas faiseanta i measc scoláirí liteartha fiche bliain ó shin. Is cuimhin liom go rabhas idir dhá chomhairle faoi leabhar Evans nuair a léas é sa bhliain 1998. Ar láimh amháin, shíleas go raibh sé i bhfad ró-fhoighdeach le seafóid chruthanta na gcriticeoirí liteartha – ní dóigh liom go bhfuil oiread is masla amháin ó thús deireadh an leabhair. Ar an láimh eile, bhíos sásta go ndúirt sé rudaí ba ghá a rá ag an am:
So when Patrick Joyce tells us that social history is dead, and Elizabeth Deeds Ermarth declares that time is a fictional construct, and Roland Barthes announces that all the world’s a text, and Hans Kellner wants historians to stop behaving as if we were researching into things that actually happened, and Diana Purkiss says that we should just tell stories without bothering whether or not they are true, and Frank Ankersmit swears that we can never know anything about the past so we might as well confine ourselves to studying other historians, and Keith Jenkins proclaims that all history is just naked ideology designed to get historians power and money in big university institutions run by the bourgeoisie, I will look humbly at the past and say despite them all: it really happened, and we really can, if we are very scrupulous and careful and self-critical, find out how it happened and reach some tenable though always less than final conclusions about what it all meant.
Evans, In Defence of History (1997), 253.

Sárshaothar Evans: an tríológ leis ar an Sóisialachas Naisiúnta
Ina dhiaidh sin arís, léas na himleabhair thoirtiúla a scríobh Evans ar stair an tSóisialachais Náisiúnta de réir mar a tháinig siad amach: The Coming of the Third Reich (2003) ar na blianta roimh 1933 nuair a bhí gluaiseacht Hitler ag dul i dtreis; The Third Reich in Power (2005) ar an tréimhse idir 1933 agus 1939 nuair a bhí Hitler ag ullmhú don chogadh; agus The Third Reich at War (2008) ar leor a theideal mar mhíniú. Ba shuimiúla agus ba spreagúla go mór an tsraith leabhar sin ná an leabhar a scríobh sé ar an staireolaíocht. I bhfocail Goethe:
Grau, theurer Freund, ist alle Theorie,
Und grün des Lebens goldner Baum.

(Is liath gach teoiric, a chara dhil,
ach is glas é órchrann an tsaoghail.)
Is startha tomhaiste cuimsitheacha dea-scríofa iad na leabhair seo agus caithfear iad a áireamh i measc na staidéar is fearr ar fheiniméan an tSóisialachais Náisiúnta. Nuair a chonac go raibh leabhar nua le Evans ar stair na Gearmáine tar éis teacht amach an mhí seo caite, cheannaíos é ar an toirt.

     Cé gur leabhar nua é The Third Reich in History and Memory (2015), bhí ábhar an leabhair i gcló cheana. Is é atá ann cnuasach d’aistí a scríobhadh le cúig bliana déag anuas. Foilsíodh cuid mhaith acu mar aistí léirmheastóireachta ar an London Review of Books nó ar an New York Review of Books, rud a fhágann go bhfuil tagairtí in easnamh níos minice ná a mhalairt agus go bhfuil tuairimí áirithe ráite agus athráite. Bheadh an leabhar níos úsáidí agus níos snoite dá scríobhfaí é mar théacs comhtháite, ach tá aistí léirmheastóireachta ann ar roinnt de na leabhair is tábhachtaí ar an nGearmáin sa chéad seo caite. Ina measc tá: David Stevenson, With Our Backs to the Wall (2011), leabhar ar chliseadh arm na Gearmáine sa bhliain 1918; Sebastian Conrad, German Colonialism: A Short History (2011); Gellaty agus Stoltzfus (eagarthóirí), Social Outsiders in Nazi Germany (2001); Götz Aly, Hitler’s Beneficiaries: Plunder, Racial War and the Nazi Welfare State (2007); Adam Tooze, The Wages of Destruction: The Making and Breaking of the Nazi Economy (2006) David Stahel, Kiev 1941: Hitler’s Battle for Supremacy in the East (2012); Ian Kershaw, The End. Hitler’s Germany 1944-45 (2011); Mark Mazower, Hitler’s Empire (2008); R. M. Douglas, Orderly and Humane: The Expulsion of the Germans after the Second World War (2012). Tugann an leabhar léargas dúinn ar chonspóidí reatha a bhaineann le hábhar: cé chomh domhain agus a bhí préamhacha an chiníochais i gcultúr na Gearmáine? cé mhéad tacaíochta a bhí ag réimeas Hitler? arbh iad laigí tionsclaíocha na Gearmáine faoi deara di an cogadh a chailliúint? cén fáth ar lean na Gearmánaigh orthu ag troid go dtí an deireadh? an bhfuil cinedhíothú na nGiúdach inchurtha le cinedhíothú ar bith eile? Bíodh a fhios agat, áfach, gur leabhar staireagrafaíochta seachas leabhar staire é seo: ní hé stair na Gearmáine atá faoi chaibidil ann i ndáiríre, ach tuiscintí na staraithe ar stair na tíre sin.

Ian Kershaw agus dha leabhar leis

     Thugas suntas ar leith don léirmheas a scríobh Evans ar leabhar le Ian Kershaw dar teideal Fateful Choices: Ten Decisions that Changed the World, 1940-1941 (2007). Tá cáil ar Kershaw de bharr na beathaisnéise a scríobh sé ar Adolf Hitler. Foilsíodh an saothar in dhá imleabhar mhóra faoi na teidil Hubris (1998) agus Nemesis (2000) sular tháinig leagan ciorraithe amach in imleabhar amháin sa bhliain 2008. An t-eagrán ‘ciorraithe’ – eagrán ina bhfuil níos mó ná naoi gcéad leathanach – a léas féin agus shíleas go raibh cuntas den scoth le fáil ann ar an ngluaiseacht Naitsíoch, ar na cúinsí polaitiúla agus eacnamaíocha a lig di teacht i gcumhacht, agus ar an gcóras rialaithe a cruthaíodh sa Ghearmáin sna blianta tar éis 1933. Ach ní féidir liom a rá go bhfuair mé tuiscint níos fearr ar phearsantacht Hitler. Beathaisnéis pholaitiúil is ea é i ndáiríre: thug Kershaw mionchuntas dúinn ar an bhfear ‘poiblí’ ina cháilíochtaí mar cheannaire páirtí, mar cheannaire stáit agus mar cheannaire cogaidh, ach níor chuir sé an fear ‘príobháideach’ in aithne dúinn. Bíodh sin mar atá, cheannaíos Fateful Choices anuraidh nuair a bhí roinnt cóipeanna den eagrán crua ar díol go saor i siopa leabhar ‘Chapters’ i mBaile Átha Cliath. Níor bhreathnaíos air go dtí an tseachtain seo caite, tar éis dom an léirmheas moltach le Richard Evans a léamh.

     Leabhar is ea Fateful Choices inar scrúdaigh Kershaw deich gcinneadh thábhachtacha a dhein ceannairí na gcumhachtaí móra sa tréimhse chinniúnach idir samhradh na bliana 1940 agus fómhar na bliana dár gcionn.
     Ceist: Cén fáth ar chinn Hitler ar an Aontas Sóivéadach a ionsaí?
     Freagra: Toisc gur chaill an Luftwaffe an cath san aer i gcoinne an Royal Air Force, rud a d’fhág gurbh éigean an t-ionradh ar an mBreatain a bhí beartaithe a chur ar cheal. Ba bhealach eile é Fall Barbarossa chun deireadh a chur leis an gcogadh. Mar a scríobh Kershaw, ‘the urgency implicit in the startling suggestion that the Soviet Union should be attacked that autumn was not ideological but military-strategic’ (67). Nuair a bheadh na Rúisigh cloíte ag an nGearmáin, thuigfeadh na Sasanaigh gur mhithid dóibh teacht ar réiteach.
     Ceist: Cén fáth ar bheartaigh na Seapánaigh ar dhul chun cogaidh san Aigéan Ciúin?
     Freagra: Toisc nárbh fhéidir leo leanúint ar aghaidh leis an gcogadh i gcoinne na Síne gan seilbh ar fháil ar na toibreacha ola in Indiacha Thiar na hÍsiltíre (Indinéis an lae inniu), agus bhí na hOileáin Fhilipíneacha (coilíneacht de chuid na Stát Aontaithe ag an am) sa bhealach orthu.
     Ceist: Cén fáth ar bheartaigh na hIodálaigh ar pháirt a ghlacadh sa chogadh?
     Freagra: Toisc gur theastaigh uathu sciar den Fhrainc agus dá hImpireacht a ghabháil: ‘it was important to be in the war before the Germans had won so that Italy would have a bargaining position at the peace negotiations’ (155-6).
     Ceist: Cén fáth ar chinn na Stáit Aontaithe ar lón cogaidh a sholáthar don Bhreatain saor in aisce?
     Freagra: Mar a mhínigh an tUachtarán Roosevelt ag an am, ‘if Great Britain goes down, the Axis powers ... will be in a position to bring enormous military and naval resources against this hemisphere’ (229).
     Ceist: Cén fáth a raibh Stalin cinnte dearfa de nach ndéanfadh an Ghearmáin ionsaí ar an Aontas Sóivéadach go ceann cúpla bliain eile?
     Freagra: Toisc gur thuig sé nach bhféadfadh an Ghearmáin bua a fháil dá mbeadh uirthi troid san iarthar agus san oirthear ag an am céanna. Luigh sé le réasún, mar sin, nach dtosódh Hitler cogadh san oirthear sula mbeadh an Bhreatain cloíte aige.
     Ceist: Cén fáth ar fhógair an Ghearmáin cogadh ar na Stáit Aontaithe?
     Freagra: Toisc go raibh lón cogaidh á sholáthar acu don Bhreatain. Ach ós rud é go raibh cabhlach na Stát Aontaithe gafa le cogadh i gcoinne na Seapáine san Aigéan Ciúin, bheadh fomhuireáin na Gearmáine in ann an lón cogaidh a bhí ag teacht ó Mheiriceá a chur go tóin poill i lár an Atlantaigh.

     Tá na mínithe thuas loighciúil. B’fhéidir go bhfuil siad ró-loighciúil. Nuair a bhí Fateful Choices á léamh agam, bhraitheas go minic gur cluiche fichille seachas cogadh a bhí faoi chaibidil ann. Dá gcreidfeá Ian Kershaw, bhí aird na gceannairí dírithe ar an straitéis mhíleata i gcaitheamh an ama agus is beag baint a bhí ag a dtréithe pearsanta leis na pleananna a bhí á mbeartú acu. Tá eisceacht amháin ann, áfach: theip ar Kershaw an t-ionsaí a dhein an Iodáil ar an nGréig a mhíniú ar bhonn na loighce. B’éigean dó a admháil go raibh Benito Mussolini in éad le Hitler agus gur theastaigh ón Duce a chruthú gurbh acmhainn dó tír a chur faoi chois as a stuaim féin (níorbh fhiú an Aibisín ná an Albáin a lua sa chomhthéacs seo). Ní chreidim gurbh é deachtóir na hIodáile an t-aon duine i measc na gceannairí a ghéill dá chuid mothúchán. Breathnaímis an chéad chinneadh a phléigh Kershaw: an cinneadh a dhein rialtas na Breataine i samhradh na bliana 1940 go leanfaidís ar aghaidh leis an gcogadh. Dar le Kershaw, chreid baill na comh-aireachta nach raibh an dara rogha acu. Is fíor go dtacaíonn cuid mhaith de na ráitis a dhein Churchill ag an am leis an míniú sin:
‘Even if we were beaten, we should be no worse off than we should be if we were now to abandon the struggle’
Kershaw, Fateful Choices, 39

‘We should get no worse terms if we went on fighting, even if we were beaten, than were open to us now.’
Kershaw, Fateful Choices, 43.

‘It was idle to think that, if we tried to make peace now, we should get better terms from Germany than if we went on and fought it out.’
Kershaw, Fateful Choices, 45
Ach nuair a spreagann na mothúcháin duine le beart áirithe a imirt, is dual don intinn leithscéal a dhéanamh chun cuma na loighce a chur ar an mbeart sin.

     Scríobh staraí eile, John Lukacs, leabhar beag ar an gcinneadh céanna, ach in ionad an bhéim a leagan ar an réasúnaíocht theibí mar a dhein Kershaw, d’aithin Lukacs an tábhacht a bhain le tréithe pearsanta na n-airí a dhein an cinneadh. Féach, mar shampla, an giota seo a leanas as teachtaireacht phríobháideach a scríobh Churchill, an 28 Bealtaine 1940:
‘Our only hope is victory and England [sic!] will never quit the war whatever happens till Hitler is beat or we cease to be a state.’
John Lukacs, Five Days in London: May 1940 (2001), 194.
Déarfadh fear réasúnta ar bith nach raibh sa mhéid sin ach rámhaille: bhí Churchill ag smaoineamh ar bhua a fháil ar an nGearmáin nuair a bhí an chuid ba mhó den British Expeditionary Force fós teanntaithe ar an trá ag Dunkerque! Tá an cuntas a scríobh Lukacs ar na comhráite in Downing Street i samhradh na bliana 1940 níos traidisiúnta, níos mothálaí, agus – is ea – níos liteartha ná an cuntas a scríobh Kershaw, ach tá sé níos sásúla chomh maith. Is é sin le rá, go bhfuil cuma níos barántúla ar insint Lukacs toisc gur dhein sé iarracht na cúinsí suibiachtúla a chur san áireamh in éineacht leis na cúinsí oibiachtúla.

     Ní leor an réasún fuarchúiseach chun an saol atá timpeall orainn i láthair na huaire a thuiscint, agus ní leor é nuair a bhíonn an stair á scríobh ach an oiread. Caithfidh an staraí aird chuí a thabhairt ar mhothúcháin na ndaoine a mbíonn sé ag scríobh fúthu; ní foláir dó a aithint go mbíonn an lámh in uachtar ag paisin mhíloighciúla go minic. Is leasc liom é seo a admháil (agus ní dóigh liom go n-admhóinn é deich mbliana ó shin), ach is fíor go bhfuil cosúlachtaí nach beag idir obair an staraí agus obair an úrscéalaí.

     Anois, cén Ghaeilge atá ar ‘emplotment’?


AGUISÍN – 30 Bealtaine 2015


Diarr léitheoir orm an focal emplotment a mhíniú. Téarma is ea é a chum Paul Ricœur, fealsamh Francach, agus má cuireadh Gaeilge ar an gcoincheap cheana ní heol domsa é. Ach seo daoibh an t-aistriúchán a mholfainn:
imeachtraí, fir.  (iol. -raithe). Scéal leanúnach a chumadh trí eagar ar leith a chur ar imeachtaí na staire.
Comhfhocal is ea é ina bhfuil an réimír ‘im-’ agus an t-ainm briathartha ‘eachtraí’.

15/03/2015

Oileán agus oileán eile

Bhíodar na hoileáin Bhriotanacha líonmhar anallód

Foilsíodh litir ar an Irish Times, an 7 Feabhra 2015, a tharraing m’aird. John A. Murphy, iar-ollamh le stair ‘mar ar mhúin Fionnbharr’, a scríobh agus seo daoibh téacs iomlán na litreach:
Sir, – The periodic debate about the use of “the British Isles” has broken out again. Peadar Mac Maghnais (February 5th) suggests that the term is dated. Surely not. It is used regularly by people in the travel and tourist industries, by weather forecasters, and by many others, simply because it is an appropriate – the only appropriate – and useful term to describe this archipelago as distinct from the European continent. It also acknowledges that Great Britain and Ireland share a common culture, by and large. We in Ireland are sometimes reluctant to admit that much of our heritage is British.
     Moreover, in an era of vastly improved British-Irish relations, “the British Isles” has long since lost its possessive or imperial connotation. Beyond all that, were not the ancient Brits our Celtic cousins? The only objection to the sensible usage of “the British Isles” comes from those with a post-colonial chip on their shoulder. Finally, the proposed substitute of “these islands” is limited and inadequate. It would also be extremely comical if used, say, in Washington or Canberra.
     Get over it. 
Níl bunadh na Daonphoblachta ar aon intinn, áfach, mar nocht Alan Titley, iar-ollamh le Gaeilge sa choláiste cois Laoi, tuairim eile ina cholún seachtainiúil, an 18 Feabhra 2015, tuairim a bhí bun os cionn ar fad le tuairim mhic Uí Mhurchú. Seo sliocht gairid as an gcolún:
Cleas sleamhain suarach a áiteamh gur téarma tíreolaíochta é. Níorbh ea ón tús; agus ní hea anois. Is tú atá níos saonta ná saontacht má ghéilleann tú don mhéid sin. Téarma polaitiúil é, iarmhairt Acht na hAontachta, taibhse na gabhála, púca an choncais.
Aon duine a léann ‘Cúrsaí Staire’ go rialta, tuigfidh sé gur fear cúthail caoin cúirtéiseach mé a sheachnaíonn gach saghas conspóide agus cointinne. Dá bhrí sin, fágfaidh mé faoi na hollúnaibh emeritis é an cheist chigilteach thuas a réiteach eatarthu féin. Ach ba mhaith liom téarma eile a tharraing John A. Murphy chuige a scrúdú: mar atá, an focal ‘archipelago’.

Is iad oileáin na Gréige an 'archetypal archipelago'


     Focal is ea ‘archipelago’ a fhreagraíonn do ‘oileánrach’ na Gaeilge. Insint na fírinne, bheadh sé níos cruinne a scríobh gur téarma é ‘oileánrach’ a cumadh d’aon ghnó chun ‘archipelago’  a aistriú. Níl an focal luaite i bhfoclóirí Uí Bheaglaoich (1732), Foley (1855), O’Neill Lane (1904), an Duinnínigh (1927), ná Mhic Cionnaith (1935). Cé gur thuig na Gaeil go maith gur chuid de mhór-roinn na hEorpa é an t-oileán seo, is cosúil nár rith sé leo riamh gur chuid de ‘archipelago’ é chomh maith. Dá rithfeadh an smaoineamh sin leo, bheadh orthu téarma éigin cosúil le ‘oileánrach’ a chumadh i bhfad roimh 1959, an bhliain inar fhoilsigh Tomás de Bhaldraithe é ina fhoclóir. An léiriú é seo ar dhúire, ar iargúltacht, agus ar aineolas oidhreachtúil na nGael? Más ea, caithfidh mé a admháil go bhfuilimse chomh dúr iargúlta aineolach leis na glúine a d’imigh mar ní léir dom fós gur cuid d’oileánrach í Éire. Samhlaím go mbíonn scata oileán den scála céanna in archipelago, mar atá in oileánrach príomhshamhlach na Mara Aeigéiche. (Dála an scéil, is é ‘príomhshamhlach’ an Ghaeilge a bhí ag Daniel Foley ar ‘archetypal’ sa bhliain 1855 agus is sásúla é ar gach bealach ná ‘aircitíopúil’ – an téarma atá á mholadh ar www.tearma.ie.) Tá roinnt de na dea-fhoclóirí ag teacht leis an tuiscint atá agam i dtaobh an ruda is ‘archipelago’ ann – ní féidir liom ciall an fhocail ‘oileánrach’ a phlé ós rud é nach bhfuil sainmhíniú le fáil air ins An Foclóir Beag, an t-aon fhoclóir Gaeilge atá againn. Seo mar a mhínítear ‘archipelago’ nó focail ghaolmhara i dteangacha eile:
Foclóir Chambers (Béarla Shasana)
the Aegean Sea; a sea abounding in islands, such as the Aegean, hence a group of islands 
Foclóir Webster (Béarla Mheiriceá)
1. a large group or chain of islands. 2. a large body of water with many islands. 
Foclóir Fraincise Larousse
Ensemble d’îsles disposées en groupe, sur une surface maritime plus ou moins étendue: Les Açores forment un archipel. 
Foclóir Spáinnise an Real Academia Española
Conjunto, generalmente numeroso, de islas agrupadas en una superficie más ó menos extensa de mar.
Bheinn sásta ‘oileánrach’ a thabhairt ar an Indinéis, ar na hOileáin Fhilipíneacha, agus ar an tSeapáin (le drogall áirithe toisc nach bhfuil ach ceithre mhór-oileán i gceist, móide Sakhalin a bhaineann leis an Rúis anois), ach ní rithfeadh sé liom ‘oileánrach’ a thabhairt ar Éirinn, an Bhreatain agus na carraigeacha mara máguaird. Is é an tríú oileán is mó san oileánrach samhalta seo an inis úd atá roinnte idir Leòdhas agus na Hearadh (níorbh fhiú le haon duine an inis a ainmniú go fóill!) agus níl inti ach 2.6 % d’achar na hÉireann. Braithim go gcuirtear ciall an fhocail as a riocht nuair a ghlaotar ‘archipelago’ ar Éirinn, an Bhreatain, agus na hinsí beaga a bhaineann leis an dá oileán sin.

J. G. A. Pocock agus samplaí den stair Bhriotanach le húdair éagsúla


     Níl anseo go fóill ach ceist téarmaíochta, ach tá baint ag an téarma leis an stair. Níorbh aon sleamhnú pinn a thug ar John A. Murphy an focal ‘archipelago’ a úsáid nuair a bhí Éire agus an Bhreatain faoi chaibidil aige óir is nós coitianta é i measc staraithe ‘archipelago’ a thabhairt ar an dá oileán le glúin anuas. Tá tuairim agam gurb é an tOllamh J. G. A. Pocock a chuir tús leis an bhfaisean nuair a d’úsáid sé an t-ainm cumtha ‘Atlantic archipleago’ in aiste leis dar teideal ‘British history: a plea for a new subject’ a foilsíodh ar an Journal of Modern History sa bhliain 1975. Is é an t-áiteamh a bhí ag Pocock gurbh fhiú plé le startha na dtíortha éagsúla a bhain le coróin na Breataine mar aonad amháin; agus is é an bua mór a bhain le ‘archipelago’ gur lig sé dó an dá oileán, na trí ríocht, na ceithre náisiún, a chuimsiú in aon fhocal amháin. Is iomaí aiste staire atá léite agam le tríocha bliain anuas, ach is í an aiste seo le Pocock an ceann is aistí díobh ar fad. Insint na fírinne, níl aon aiste staire dá bhfuil léite agam atá leath chomh corr leis an gceann seo. Ba dheacair an meon aduain atá léiríthe inti a thuiscint gan eolas áirithe a bheith agat ar chúlra pearsanta an údair: cé gur i Sasana a rugadh Pocock, d’aistrigh an teaghlach go dtí an Nua-Shéalainn nuair a bhí sé ina pháiste agus is ann a tógadh é. Is é atá san aiste leis, i ndáiríre, caoineadh ar impireacht na Breataine:
The British cultural star cluster is at present in a highly dispersed condition, various parts of it feeling the attraction of adjacent galaxies; the central giant has cooled, shrunk, and moved away, and the inhabitants of its crust seem more than ever disposed to deny that the rest of us ever existed.
J. G. A. Pocock, ‘British history: a plea for a new subject’ in
Journal of Modern History, 47 (1975), 621.
Cloistear anseo cumha an choilínigh a tréigeadh ar chósta imigéiniúil Aotearoa nuair a thráigh an taoide bhándearg. Mothaím a phian, ar ndóigh, ach braithim gur chóir dó an caoineadh a dhéanamh in áit níos príobháidí. D’admhaigh Pocock go raibh seal na himpireachta tugtha. Thairis sin, níor shéan sé go raibh aontacht na máthair-thíre i mbaol:
if it has been psychologically possible for them [na Sasanaigh] to annihilate the idea of the Commonwealth – white as well as nonwhite – it is not altogether beyond the bounds of possibility that “United Kingdom” and even “Britain” may some day become similarly inconvenient and be annihilated, or annihilate themselves, in their turn.
Pocock, British history, 602.
Ní gá a rá gur thubaiste é sin, dá dtarlódh sé: ‘these are of course dismal imaginations’, a scríobh sé, ‘we all at least claim to dislike balkanization’. Is ea muis, sin adeirimid uile: nach mbeadh na Gréagaigh bhochta i bhfad níos fearr as dá mbeidís ar ais faoi smacht na dTurcach arís? Cé a shéanfadh é? Ar an drochuair, bhí an ‘balcánú’ faoi lán seoil laistigh de dhisciplín na staire chomh maith:
Instead of histories of Britain, we have, first of all, histories of England, in which Welsh, Scots, Irish, and, in the reign of George III, Americans appear as peripheral peoples when, and only when, their doings assume power to disturb the tenor of English politics; second, and read by limited and fragmented publics, histories of Wales, Scotland, Ireland, and so forth, written as separate enterprises in the effort, sustained to various degrees, to constitute separate historiographical traditions.
Pocock, British history, 603-4.
Pobal cúng teoranta a léann stair na hÉireann; pobal de shaghas eile ar fad a léifeadh an British history a bhí á mholadh ag Pocock. Ní nach ionadh, bhí goimh ar leith air leis na Gaeil bhalcánacha a mhill aontacht na himpireachta. Thug sé le fios nach raibh sa bhfocal ‘Éire’ ach téarma tíreolaíochta nuair a thagair sé don ‘impact of Norman power upon Ireland – to use that geographical expression’ (608). Ach cá bhfágann sé sin Ruaidrí Ua Conchobair? Arís, agus an chogaíocht i lár an 17ú céad faoi chaibidil aige, scríobh sé: ‘Ireland had not attained the degree of political integration necessary if the term “civil war” is to have any meaning’ (605). Ach cá bhfágann sé sin an Chomhdháil Chaitliceach? Agus tá tagairt ait aige don ‘third of the major civil wars which have convulsed British history – the Irish Revolution of 1911-22, the first terrorist war of modern times’ (606). Chreid an tOllamh Pocock gur thosaigh an tríú cogadh cathartha i stair na Breataine sa bhliain 1911 agus go raibh Éire sáite ann ar bhealach éigin! Má shíleann tú gur brilléis gan dealramh é sin, bheinn ar aon fhocal leat. Ach tá ráiteas níos seafóidí fós san aiste. Féach é seo:
The history of Scotland in relation to England in the seventeenth century, like that of the United Kingdom in relation to Europe in the twentieth, is that of the progressive absorption of one political culture by a neighbouring cultural complex whose conflicts it fails to dominate; but Scotland is no more English than Britain is European.
Pocock, British history, 603-4.
Geallaim daoibh nach bhfuil aon bhotún cló sa téacs thuas: shéan Pocock scun scan gur chuid den Eoraip í an Bhreatain! Nuair a foilsíodh cnuasach dá chuid aistí sa bhliain 2005, bhí an t-alt seo a leanas le léamh san achoimre ag tús an imleabhair:
The purpose of the essays is to present British history as the history of several nations interacting with – and sometimes seceding from – association with an imperial state. The American colonies seceded in the eighteenth century; most of Ireland seceded in the twentieth century; in the later part of that century Britain itself secedes from the association of nations it has built up across the globe.
J.G.A. Pocock, The Discovery of Islands: Essays in British History (Cambridge, 2005), [iii]
Púca na n-adharc aige is ea an Eoraip: scrios easumhlaíocht na Meiriceánach is na nÉireannach aontacht na himpireachta san 18ú céad agus sa 20ú céad faoi seach, shlog na hEorpaigh fuíoll na Ríochta Aontaithe ansin agus fágadh Béarlóirí geala na Nua-Shéalainne ar an trá fholamh.

Stephen Conway agus trí mhonagraf leis


     Cé go raibh blas searbh an impiriúlachais le fáil ar aiste Pocock, chuaigh a dhearcadh i bhfeidhm ar roinnt staraithe i Sasana agus tháinig méadú suntasach ar líon na leabhar ar an stair ‘Bhriotanach’ (lenar áiríodh stair na hÉireann) a scríobhadh le tríocha bliain anuas. Má bhí roinnt de na húdair seo ag iarraidh triail a bhaint as cur chuige nua chun cuma níos sainiúla a chur ar a saothair, bhí macallaí den olagón iar-impiriúil pócocach le cloisint i gcásanna eile. Ar an mórgóir, áfach, d’éirigh leis na suirbhéanna is fearr cuntais úsáideacha a thabhairt ar leathnú, ar threisiú agus ar chreimeadh an stáit úd – bíodh ‘Sasana’, an ‘Bhreatain Mhór’ nó an ‘Ríocht Aontaithe’ mar theideal air – a raibh agus a bhfuil a cheanncheathrú suite i Londain. Ní beag san. Caithfear a rá, áfach, gur stair institiúide a bhí faoi chaibidil sna suirbhéanna seo – fiú más institiúid ar scála ollmhór í – seachas stair sochaí, stair pobail, ná stair náisiúin. Is iomaí cnuasach aistí a scrúdaigh gné éigin de stair na ‘dtrí ríocht’ chomh maith agus bhí roinnt acu ar fónamh. Go deimhin, cuireadh aiste liom féin i gcló i gcnuasach dar teideal United Islands? The Languages of Resistance. Bhí na monagraif ar an ‘stair Bhriotanach’ i bhfad níos teirce, áfach, agus ní deacair an chúis a thuiscint: is beag staraí a bhí cáilithe (nó a shamhlaigh go raibh sé cáilithe) chun buntaighde a dhéanamh ar thíortha uile an ‘oileánraigh’. An líon beag monagraf a scríobhadh, níor chuireadar comaoin ar dhisciplín na staire.

     B’fhéidir gurb é Stephen Conway an t-údar is bisiúla den dream a dhein iarracht teagasc Pocock a chur i bhfeidhm agus tá slám monagraf scríofa aige ar samplaí iad den new British history. Bhuail taom imní mé nuair a foilsíodh ceann acu, The British Isles and the War of American Independence (Oxford, 2002), ag am nuair a bhí leabhar liom féin, Irish Opinion and the American Revolution (Cambridge, 2002), ag dul tríd an bpreas: dá mbeadh foinse thábhachtach aimsithe ag Conway nach raibh feicthe agam, bheadh mo leabharsa as dáta sula gcuirfí i gcló é! Ach níor chall dom bheith buartha mar ní raibh úire dá laghad sa mhéid a scríobh sé ar Éirinn – ar Ghaill na hÉireann ba chirte dom a rá, mar ní raibh oiread is foinse amháin i nGaeilge luaite ó thús deireadh a leabhair. Níor thaise don Ghàidhlig ná don Bhreatnais é. Lean Conway leis an gcur chuige aonteangach sa leabhar a scríobh sé ar War, State, and Society in Mid-Eighteenth-Century Britain and Ireland (Oxford, 2006). Tá caibidil sa leabhar seo dar teideal ‘The view from the grassroots’ inar scrúdaigh sé trí cheantar – Berkshire Shasana, Dún Éideann na hAlban, agus cathair Chorcaí. Nuair a bhí Berkshire faoi chaibidil aige, luaigh sé amhrán frith-Sheacaibíteach a chum an tUrramach Daniel Turner, ministir den eaglais Bhaisteach a raibh cónaí air sa chontae sin, ach níorbh fhiú leis tagairt a dhéanamh do na hamhráin pholaitiúla a bhí á gcumadh i gcathair Chorcaí ag leithéidí Uilliam Inglis is Éadbhard de Nógla. An amhlaidh gur fhág Conway litríocht na Gaeilge ar lár toisc nár bhain sí leis an stair Bhriotanach a bhí á scríobh aige? Nó an amhlaidh nárbh eol dó a leithéid a bheith ann? Ní fheadar agus is cuma. ‘Is ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad’, mar adúirt an té adúirt.

     Tá sé seo scríofa agam cheana, ach ní féidir an fhírinne a fhógairt ró-mhinic: cuirtear stair na hÉireann as a riocht nuair a dheineann staraithe neamhshuim de lucht labhartha na Gaeilge. I ndeireadh na dála, níl sa ‘stair nua Bhriotanach’ atá á cleachtadh anois ach leagan úr de shean-tionscadal staire a cheap Sir Winston Churchill fadó: tionscadal ar ar bhaist sé a history of the English-speaking peoples’.

13/01/2015

Leanúnachas na staire

Leanúnachas: Washington agus Kruger

One of the marks of maturity in Irish historical studies has been a growing interest in pinpointing discontinuities rather than ironing out elisions.
R.F. Foster (eag.), The Oxford Illustrated History of Ireland (Oxford, 1989), v.
B’shin í an chéad abairt a scríobh Roy Foster san Oxford Illustrated History of Ireland, leabhar a foilsíodh sa bhliain 1989. Níl aon amhras orm ach go bhfuil an claonadh sin le brath ar staireagrafaíocht na hÉireann le glúin anuas. Ach an fíor gur comhartha é go bhfuil léann na staire in Éirinn tagtha in inmhe sa deireadh thiar thall? Seo mar a scríobhas sa leabhar liom dar teideal Ó Chéitinn go Raiftearaí, leabhar a foilsíodh sa bhliain 2011:
Dá mbeadh orm éirim an leabhair seo a chur i bhfocal amháin, is é ‘leanúnachas’ an focal a roghnóinn.
Vincent Morley, Ó Chéitinn go Raiftearaí (BÁC, 2011), 272.
Is éigríonna an staraí mé, más fíor don Ollamh Foster. Thairis sin, ós rud é gur foilsíodh an chéad leabhar liom chomh fada siar leis an mbliain 1995, níl ach caolseans go dtiocfaidh feabhas orm an tráth seo de mo shaol. Is dóichí ná a mhalairt go bhfuil sé i ndán dom an turas a dhéanamh ó leanbaíocht na hóige go dtí leanbaíocht na haoise gan an ghaois chothrom is dual don staraí aibí a bhaint amach. Insint na fírinne, braithim gur in olcas atáim ag dul. Is é sin le rá, gur léire dom leanúnachas na staire de réir mar a théim in aois. Thánag ar théacs le déanaí a bhaineann le hábhar agus sílim nár mhiste é a chur i láthair anseo.

     Is é atá ann, amhrán Gaeilge a léas don chéad uair níos mó ná deich mbliana ó shin. Bhíos ag múineadh cúrsa in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le linn do bhall den fhoireann bhuan a bheith ar shaoire shabóideach. Ag an am céanna, bhíos ag scríobh an leabhair a foilsíodh faoin teideal Washington i gCeannas a Ríochta sa bhliain 2005. Rith sé liom gurbh fhiú dom an deis a thapú le spléachadh a thabhairt ar na lámhscríbhinní Gaeilge i gcnuasach Dhubhghlas de hÍde, cnuasach atá ar caomhú i leabharlann na hollscoile i nGaillimh. Ar an drochuair, ní raibh aon aiste a bhain le réabhlóid Mheiriceá sa chnuasach ach, mar a tharlaíonn go minic nuair a bhíonn taighde staire ar siúl, d’aimsíos cúpla téacs eile nár bhain leis an ábhar a bhí idir lámha agam ach a bhí fíor-shuimiúil mar sin féin. Bhí an t-amhrán atá le léamh thíos anseo ar cheann acu. Dheineas cóip den amhrán agus chuireas i dtaisce í go cúramach. Coicís ó shin, chinneas gur mhithid na nótaí taighde go léir a bhí caite isteach i bhfillteán ramhar a raibh ‘miscellaneous’ breactha ar a dhroim, gur mhithid dom iad a rangú de réir ábhair agus tréimhse sa chaoi go bhféadfainn teacht orthu go héasca amach anseo. Bhí an t-amhrán dar tús ‘Éistidh lem scéalsa’ ligthe i ndearmad agam, ach nuair a léas an téacs in athuair rith an smaoineamh céanna liom a rith liom an chéad uair a leagas súil air: cé gur amhrán é a bhaineann le blianta deireanacha an 19ú céad, tá an meon ceannann céanna léirithe ann is atá léirithe i litríocht pholaitiúil an 18ú céad. Dá gcloisfeadh Eoghan Rua Ó Súilleabháin an t-amhrán seo, thuigfeadh sé teachtaireacht an fhile ar an toirt.

Leanúnachas: Louis XVI agus Patrice de MacMahon


     Is i lámhscríbhinn 49 i gcnuasach de hÍde atá bunchóip an amhráin. Cóipleabhar is ea é a scríobhadh sa bhliain 1917. De réir nóta atá curtha leis an amhrán, ba é Tadhg Ó Crualaoich, file a bhí i mBaile Bhuirne, an t-údar agus bailíodh na focail ó amhránaí darbh ainm Tomás Ó Suilleabháin a raibh cónaí air i nGuagán Barra. Cuireadh na nótaí seo a leanas leis an téacs sa lámhscríbhinn:
véarsa 1, líne 7: ‘breacadh’ = ‘sean-iarainn chaite’
véarsa 3, líne 7: ‘Tadhg an Easna’ = ‘fonn clúmhail i gCúige Mumhan do chum duine de mhuintir Shúilleabháin’
véarsa 5, líne 6: ‘cataibh’ = ‘ní fheadar cé hiad na cait féin’
Is sa tréimhse 1878-79 a cumadh an t-amhrán de réir dealraimh. Bhí impireacht na Breataine i mbarr a réime ag an am agus í sáite i gcaismirtí ar fud na cruinne. San Afraic Theas, d’fhógair an Bhreatain sa bhliain 1877 go raibh deireadh curtha le neamhspleáchas Phoblacht na hAfraice Theas (an Transvaal mar a ghlaoití uirthi go hiondúil) agus gur choilíneacht Bhriotanach a bheadh sa stát sin feasta. Ní mó ná sásta a bhí na Bóraigh, ach choinníodar guaim orthu féin go ceann tamaill. Thaistil ceannaire an Transvaal, Paul Kruger (féach véarsa 1, líne 7) go Londain faoi dhó sna blianta 1878 agus 1879 ach theip ar na cainteanna comhréitigh agus d’éirigh na Bóraigh amach an bhliain dár gcionn. Bhriseadar ar arm na Breataine i gcathanna Laing’s Nek agus Majuba i mí Eanáir agus i mí Feabhra na bliana 1881 faoi seach. Thuig rialtas na Breataine go mbeadh cogadh dian ag teastáil chun na Bóraigh a chloí agus chinneadar nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid – cuimhnigh nár thángthas ar ór sa Transvaal go dtí an bhliain 1886. D’aithin an Bhreatain neamhspleáchas Phoblacht na hAfraice Theas in athuair. Níor chogadh mór é Céad Chogadh na mBórach ach bhain tábhacht shiombalach leis mar sin féin: bhí an taoide bhándearg a leath ar fud na cruinne i rith an 19ú céad tar éis cúlú in áit amháin. Níor tharla sé seo i ngan fhios do mhuintir Mhúscraí!

     Sa chúigiú véarsa, thuar an file go raibh an Ghearmáin agus an Fhrainc ar tí iompú i gcoinne na Breataine. Bhí Comhdháil Bheirlín ar siúl i samhradh na bliana 1878 agus is iomaí údar easaontais a bhí idir cumhachtaí móra na hEorpa: an chnámh spairne ba mhó ar fad ná conas a roinnfí cúigí na nOtamánach tar éis an bhua a bhain na Rúisigh orthu i gcogadh na mblianta 1877-78. Bhí an Éigipt ar cheann de na cúigí sin agus tá tuairim agam nach é ‘cataibh’ an focal a bhí i gcúigiú véarsa an amhráin ó cheart ach ‘khedive’ - an teideal a bhí ar rialtóir na hÉigipte ag an am. Sa bhliain 1879, chuaigh an Bhreatain agus an Fhrainc i bpáirt le chéile chun an Khedive Iosma’il Paise a bhriseadh agus mac leis a bhí níos géilliúla a cheapadh mar khedive ina áit. Bhí Patrice de MacMahon (véarsa 6, líne 1), fear de bhunadh na hÉireann, ina uachtarán ar an bhFrainc ón mbliain 1873 go dtí an bhliain 1879. Bhí MacMahon ina oifigeach airm sular ghabh sé le polaitíocht agus thuill sé clú dó féin i rith Chogadh na Crimé (véarsa 6, líne 4) nuair a ghabh sé dún de chuid na Rúiseach ag léigear Sevastopol’. Bhí teannas idir impireachtaí na Rúise (véarsa 6, líne 5) agus na Breataine ag an am chomh maith. Sa bhliain 1878 sheol na Rúisigh ambasáid chun na hAfganastáine. Ar ndóigh, ní fhéadfadh rialtas na Breataine a leithéid d’easurraim a fhulaingt – bhí na hAfganastánaigh á n-iompar féin amhail is dá mbeidís neamhspleách. B’éigean fios a mbéasa a mhúineadh dóibh agus chuir na Briotanaigh tús leis an Dara Cogadh Angla-Afganastánach an bhliain chéanna. Bhí an bua acu agus nuair a síníodh conradh síochána sa bhliain 1880 ghlac na hAfganastánaigh leis go mbeadh polasaí eachtrach a dtíre faoi stiúir na Breataine feasta.

Leanúnachas: Géanna Fiáine agus Fíníní

     Seo é téacs an amhráin a chum Tadhg Ó Crualaoich:

Éistidh lem scéalsa a charaid

Éistidh lem scéalsa a charaid,
     cé gurbh annamh ar siúl mo bhéal,
táim ag smaoineamh ar fhilíocht le tamall
     is tá an-bhunús lem scéal;
rod iron Sheáin mhóir ag leaghadh
     is go tapaidh mura mbuailfear é,
go mbainfidh Pól Kruger as breacadh
     ar maidin le fáinne an lae.

Is a dhaoine, “cad é ’tá bhur ndalladh?”
     nár abraimid linn féin,
is gur mithid dúinn tinteacha lasadh
     is fada táimid gan spré;
abraimis an chré is an salm
     agus iarraimis cúnamh Dé,
agus tógaimis suas ár gcuid airm
     ar maidin le fáinne an lae.

Tá ór is stór faoinár dtalamh
     dá gcnagfaí an slabhra tréan,
do dhein go dlúth sinn do cheangal
     is d’fhág sinn dall gan léann;
caitear an báire suas feasta
     tá an talamh go brách chun plé,
agus seinntear máirseáil Thaidhg an Easna
     ar maidin le fáinne an lae.

Tá páirceanna breátha chun reatha againn
     is ár gcapaill tá umhal chun léim,
nuair cuirtear an púdar sa charraig
     is tapaidh go bpléascann sé;
tá Clanna Gael láidir thar caise
     is a bpící breá geal roimh ré,
is tiocfaidh siad chugainn faoi mhaise
     ar maidin le fáinne an lae.

Tá an Prúiseach ag dúchaint le fearg
     is ní fada go labharfaidh sé,
is tabharfaidh sé cúnamh dá charaid
     is fada tá siúd dá léamh;
ach má chorraíonn an Francach mór fada
     is ós na cataibh má gheibheann fair play,
déanfaidh sé poll tríd an bhfala
     ar maidin le fáinne an lae.

Is ní maíte orthu claíomh géar MhacMahon,
     tá a ainm go hard á léamh,
gur lena intleacht d’ísligh sé an fala,
     le gaisce san ard-Chrimé;
má thagann an Rúiseach thar charraig
     is go gcnapfaidh sé Seán mór méith,
beidh Kruger i Londain go tapaidh
     ar maidin le fáinne an lae.

Is tiocfaidh Ó Donnabháin Rosa
     thar farraige chugainn go tréan,
is a thrúip lena ngéar-chlaimhtibh geala
     is is tréan beidh caitheamh piléar;
traochfaimid béara na Sacsan
     gan mhairg le grásta Dé
is beidh Éire againn féin chun ár sleachta
     ar maidin le fáinne an lae.


Ó Donnabháin Rosa agus banna a d’eisigh Fíníní Mheiriceá
     Ní nach ionadh, baineann dramatis personae an amhráin leis an ré inar cumadh é. Ní hionann é agus litríocht pholaitiúil an 18ú céad sa mhéid sin: má choinnigh an Fhrainc an pháirt lárnach a bhí aici riamh anall, ghlac an Ghearmáin is an Rúis páirteanna na Spáinne is na hOstaire. Mar an gcéanna, thóg Paul Kruger agus na Bóraigh an áit a bhíodh ag George Washington agus na Meiriceánach. Agus seo rud atá níos suimiúla fós: tugadh an pháirt a bhíodh ag Tiarna an Chláir agus na ‘géanna fiáine’ san 18ú céad do Dhiarmaid Ó Donnabháin Rosa agus ‘Clanna Gael’. Dhá fhocal – ‘Clanna Gael’ – atá scríofa sa lámhscríbhinn, leagan atá slán ó thaobh na gramadaí, ach bheadh trí fhocal níos cruinne ó thaobh na staire de: ‘Clan na Gael’ a bhí ar eagraíocht na bhFíníní sna Stáit Aontaithe. Thosaigh Ó Donnabháin Rosa ag bailiú airgid le haghaidh ciste cogaidh (an skirmishing fund) sa bhliain 1875. Is é an plean a bhí aige ná Fíníní aonair a chur ó Mheiriceá go Sasana chun buamaí a leagan agus foirgnimh a bhain le rialtas nó le harm na Breataine a shéideadh san aer. I bhfocail an amhráin, ‘nuair cuirtear an púdar sa charraig is tapaidh go bpléascann sé’ ...

     Neamhaibí agus saonta mar atáim, chím leanúnachas soiléir idir dearcadh polaitiúil an amhráin thuas agus an dearcadh a léiríodh sa litríocht pholaitiúil a cumadh i rith an 18ú céad. Admhaím, áfach, go bhfuilim faoi mhíbhuntáiste mór: is amhlaidh go dtuigim na foinsí príomha agus cuireann an t-eolas sin srian nach beag ar mo chumas samhlaíochta. Dá mbeinn dall ar an nGaeilge, cá bhfios nach mbeadh easpa leanúnachais na staire chomh feiceálach domsa is atá sé do staraithe eile?