Affichage des articles dont le libellé est The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland. Afficher tous les articles
Affichage des articles dont le libellé est The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland. Afficher tous les articles

20/08/2017

Ag scríobh liom 2

Ní rabhas anseo le ráithe anuas ach ná ceapaigí go bhfuilim díomhaoin. Nílim, ná baol air. Is amhlaidh go bhfuil leabhar nua á scríobh agam, i nGaeilge an babhta seo. Tá súil agam go mbeidh an téacs réidh roimh dheireadh na míosa seo chugainn agus go mbeidh sé le fáil sna siopaí in am do mhargadh na Nollag. Beidh tuilleadh eolais agam daoibh i dtaobh an leabhair seo an mhí seo chugainn.

     Idir an dá linn, tá díolaíocht mhaith ar The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland i gcónaí agus tá áthas orm a fhógairt go mbeidh leagan faoi chlúdach bog le fáil sna siopaí i gceann seachtaine nó dhó. Ar ndóigh, beidh an leagan bog cuid mhaith níos saoire ná an leagan crua. Athchló seachas eagrán nua atá i gceist agus níl athscríobh déanta ar an téacs, ach bhí deis agam botúin chló a cheartú. Anseo thíos tá liosta de na hathruithe go léir a dheineas:
Leathanach 43:           they were slain > who were slain
Leathanach 63, fonóta:            (9 William, c.1) > (9 William III, c.1)
Leathanach 102, fonóta:           an Talfhuil > an Tálfhuil
Leathanach 112:            Turgéisius > Turgésius
Leathanach 112:           dá gcéasadh > á gcéasadh
Leathanach 112:           Értoin > Éarton
Leathanach 203:            foresaking > forsaking
Leathanach 229:            bheith ‘na > bheith ’na
Leathanach 229:            Ó Dóirnín > Ó Doirnín
Leathanach 252:            monarch, George II was > monarch, George II, was
Leathanach 268:            of Gadelus who > of Gadelus, who
Leathanach 300:            scéal díbh > scéal daoibh
Leathanach 300:            baol díbh > baol daoibh
Leathanach 302            he’ll topple > they’ll topple
Leathanach 311            Habsberg > Habsburg
Leathanach 315, nóta 26:            an t-Aos > an tAos
Leathanach 315, nóta 29:            agus an taos > agus an t-aos
Leathanach 315, nóta 33:            Penal laws > Penal Laws
Leathanach 315, nóta 35:            Ó Cheitinn > Ó Chéitinn
Leathanach 317, nóta 43:            an t-Aos > an tAos
Leathanach 337:            an t-Aos > an tAos
Má cheannaigh tú an leagan crua, tig leat na ceartúcháin a bhreacadh i do chóip féin.

Clúdach cúil an leagain úir

07/05/2017

Tuarisc ar an seoladh

Seoladh an leabhar is déanaí liom, The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland, an 11 Aibreán, san Acadamh Ríoga i mBaile Átha Cliath. I measc na ndaoine a d’fhreastail ar an ócáid bhí scoláirí aitheanta mar James McGuire (a stiúir mo thráchtas máistreachta fadó), Andrew Carpenter, Bernadette Cunningham, Michelle O Riordan, Éamonn Ó Ciardha, Mícheál Ó Siochrú agus Éamon Ó Ciosáin. Thug Alan Titley caint mholtach a bhí téagartha agus géarchúiseach, cé gur bhraith sé go raibh roinnt de na haistriúcháin sa leabhar ró-shéimh agus nár éirigh liom boirbe, gairge agus graostacht na mbunleaganacha a thabhairt liom i gcónaí. Tá súil agam go bhfeicfear a chaint i gcló amach anseo.

     Ag tús mo chainte, ghabhas buíochas le hAlan as an moladh a thug sé don leabhar ag an seoladh agus, go mór mór, as an moladh a thug sé dó nuair a léigh sé an chlóscríbhinn ar son na bhfoilsitheoirí bliain nó dhó ó shin. Ghabhas buíochas chomh maith le Mike Collins agus le Maria O’Donovan, na baill d’fhoireann Chló Ollscoile Chorcaí a rabhas ag plé leo, as a gcuid cúirtéise agus gairmiúlachta ó thús deireadh an phróisis. Bhí sé de gheasa orm ábhar an leabhair a mholadh, ar ndóigh, ach shíleas go raibh cead agam dhá ghné den saothar a mholadh nach raibh baint agam féin leo: mar atá, an eagarthóireacht agus an dearadh—idir mhaisiú an chlúdaigh agus chlóghrafaíocht an téacs.

     Níor theastaigh uaim moill ró-mhór a chur ar an lucht éisteachta, ach bhraitheas gur chóir dom rud éigin a rá faoi théama an leabhair a bhí á sheoladh. Thógfadh sé ró-fhada orm achoimre a dhéanamh ar théis an leabhair—agus níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid ós rud é go raibh an dream a bhí i láthair ar tí é a cheannach. Ina ionad sin, dúras gur theastaigh uaim a n-aird a dhíriú ar roinnt impleachtaí a bhain leis an saothar. Is i mBéarla a labhair mé, ós rud é gur leabhar Béarla a bhí le seoladh, agus ní raibh téacs na cainte scríofa amach agam roimh ré. Ní raibh os mo chomhair ach cúpla pointe a bhí breactha ar chlúdach litreach. Fágann sé sin nach féidir liom téacs na cainte a thabhairt anseo focal ar fhocal, ach tá an clúdach litreach le m’ais agus an tuairisc seo á scríobh agam agus déanfaidh mé mo dhícheall leagan Gaeilge den chaint a thugas ar an oíche a athchruthú anseo thíos ...

Mise agus Alan Titley, ag labhairt i láthair Mike Collins ó Chló Ollscoile Chorcaí

Óráid an tseolta

Tá trí cinn de cheachtanna, de thátail, nó d’impleachtaí a eascraíonn ón leabhar seo ar mhaith liom bhur n-aird a dhíriú orthu.

     Is é an chéad tátal tábhacht an leanúnachais. I dtreo dheireadh an leabhair [féach leathanach 309], tá tagairt agam do ráiteas a dhein Roy Foster inar áitigh sé go bhfuil béim ar leith curtha ag staraithe na hÉireann ar an neamhleanúnachas le tamall anuas. Táim ar aon fhocal leis an Ollamh Foster faoin méid sin, ach creideann seisean gur rud maith é agus táimse ar mhalairt tuairime. Is annamh a bhíonn neamhleanúnachas le feiscint i stair tíre ar bith. Dá n-iarrfaí orm sampla den neamhleanúnachas a thabhairt i stair na hEorpa, is dócha go smaoineoinn ar na himeachtaí a tharla sa Phrúis Thoir sa bhliain 1945 nuair a aistríodh an pobal Gearmánach amach as an gcúige gur lonnaíodh pobail nua, idir Pholannaigh agus Rúisigh, ina n-áit. Ní léir dom gur tharla a leithéid d’eachtra riamh i stair na hÉireann. Cibé athruithe a tháinig ar an gcóras rialaithe nó ar úinéireacht na talún abhus, lean sciar maith den phobal dúchais orthu ag maireachtáil san áit inar mhaireadar riamh. Agus má thagann an pobal slán, tiocfaidh traidisiúin, creideamh, dílseachtaí, cultúr agus féiniúlacht an phobail sin slán. Athraíonn cultúir, ar ndóigh, ach ní thar oíche a tharlaíonn sé: éabhlóid a bhíonn i gceist agus ní bhriseann sé an leanúnachas. Is fearr liom i gcónaí bheith ag plé le samplaí ón stair ná le teoiricí teibí agus ritheann dhá shampla liom ós rud é go bhfuilimid bailithe anseo faoi dhíon an Acadaimh Ríoga. San 11ú céad, chum file darbh ainm Gilla Cáemáin dán dar tús ‘Éire ard inis na rí’ inar rianaigh sé ríthe págánacha na hÉireann ó Shláine, an chéad rí a bhí ar na Fir Bolg, go dtí Lóeguire, a bhí ina rí ar Theamhair nuair a chuir Pádraig tús lena mhisean in Éirinn. Céad éigin bliain dár gcionn, chum file darbh ainm Gilla Mo Dutu Ua Casaide dán dar tús ‘Éire ógh inis na naomh’ a rianaigh ríthe Críostúla na hÉireann ó Laoghaire go dtí Máel Sechnaill II. Is sa Mheán-Ghaeilge a cumadh na dánta seo, ar ndóigh, ach leasaigh scríobhaithe iad de réir a chéile chun an teanga a chur in oiriúint do Ghaeilge a linne féin agus leanadar orthu á gcóipeáil anuas go dtí lár an 19ú céad. Tuairim is tríocha cóip den dá dhán ón 18ú agus an 19ú céad atá ar caomhnú i gcnuasach an Acadaimh Ríoga amháín. Is eiseamláir ghlinn é seo de leanúnachas an chultúir in Éirinn. Leanúnachas is ea é a bhfuil formhór na staraithe dall air, ach caithfear é a chur san áireamh más mian linn stair na tíre seo a thuiscint.

     Is é an dara tátal ar mian liom bhur n-aird a dhíriú air tábhacht na heisceachtúlachta. Má tá an leanúnachas as faisean, ní taise don eisceachtúlacht é. Ní féidir a shéanadh go bhfuil claonadh sa staireagrafaíocht faoi láthair chun stair na hÉireann a shamhlú le cúrsa na staire i dtíortha Eorpacha eile, agus chun beag is fiú a dhéanamh de na tréithe sainiúla a dhealaíonn stair na tíre seo ón norm Eorpach. Ach ní féidir stair na hÉireann a scrúdú gan eisceachtaí suntasacha a thabhairt faoi deara inti. Sa 16ú céad, mar shampla, ba í Éire an t-aon ríocht i gCríostaíocht an iarthair nár ghlac leis an bprionsabal ‘cuius regio, eius religio’ (‘an té ar leis an réigiún, is leis an reiligiún’). Ina ionad sin, bhuail an Reifirméisean ding sa scoilt idir an pobal agus an stát. Arís, sa 17ú céad, díothaíodh na huaisle dúchasacha, idir Ghaeil agus Shean-Ghaill, agus fuair aicme cheannais nua thar cuan isteach seilbh ar thailte na hÉireann. Go bhfios dom, níl ach sampla amháin eile san Eoraip atá inchurtha le cás na hÉireann: mar atá, an Bhoihéim, ríocht inar chaill na huaisle Protastúnacha, ar Sheicigh iad a bhformhór, a n-eastáit nuair a bhris arm Caitliceach an Impire Ferdinand II orthu ag cath an tSléibhe Bháin [Bílá hora]. Cé nach raibh an t-aistriú talún chomh forleathan sa Bhoihéim is a bhí in Éirinn, b’fhéidir gur mhó an claochlú é ansiúd toisc gur tharla sé in aon gheábh amháin. Ach má tharla aistriú talún ar an scála céanna i dtír Eorpach eile sa ré nua-aoiseach, ní heol domsa é. Agus maidir leis an 18ú céad, ní fhéadfainn an leabhar atá á sheoladh anocht a scríobh in aon chor mura mbeadh cultúr eisceachtúil ag Éireannaigh na linne: is amhlaidh go raibh litríocht á saothrú i dteanga an phobail anseo a bhí neamhspleách go hiomlán ar an gclódóireacht. Go bhfios dom, ní raibh ach tír amháin eile in iarthar na hEorpa sa chás céanna: tír atá níos imeallaí fós ná Éire, mar atá, an Íoslainn. Agus tamall gearr i ndiaidh na tréimhse atá faoi chaibidil sa leabhar seo, tharla tubaiste mhillteanach an ghorta mhóir, tubaiste a chuir tús le himirce ar scála ollmhór agus a d’fhág go mbeadh titim leanúnach ar dhaonra na hÉireann go dtí an dara leath den chéad seo caite. Ní féidir a shéanadh go bhfuil eisceachtaí carntha ar eisceachtaí i stair na hÉireann. Is fíor, ar ndóigh, go bhfuil stair gach tíre eisceachtúil, sa mhéid is go bhfuil stair dhifriúil ag gach tír, ach ní féidir liom éalú ón tuairim go bhfuil stair na hÉireann níos éagsúla leis an norm Eorpach ná startha na dtíortha eile máguaird.

     Is é an tríú tátal ar mian liom labhairt faoi ná tábhacht na bhfoinsí príomha. Is é mionscrúdú na bhfoinsí bunaidh an bhunchloch a bhfuil staidéar na staire tógtha uirthi. Is éigean go mbeadh an staraí gairmiúil in ann na foinsí príomha a bhaineann leis an ábhar taighde atá idir lámha aige a thuiscint agus a scagadh. Ar an drochuair, is minic a dheintear neamhshuim den phrionsabal seo in Éirinn. In ionad iad féin a thumadh i bhfianaise chomhaimseartha na bhfoinsí bunaidh, tá luí aimhleasta ag staraithe na hÉireann le teoiricí réamhdhéanta a cruthaíodh i dtíortha eile. Is fusa go mór teacht ar thagairtí don ‘moral economy’, don ‘public sphere’ , don ‘ancien régime society’—coincheapa nach cuidiú dúinn iad chun stair na hÉireann a thuiscint—ná ar shleachta as litríocht chomhaimseartha na Gaeilge i staireagrafaíocht an 18ú céad. Is é Jonathan Clark, staraí Sasanach, a d’áitigh gur ‘ancien régime society’ é Sasana i rith an 18ú céad ‘fada’, aois nár chríochnaigh gur leasaíodh an pharlaimint sa bhliain 1832. Seo mar a mhínigh sé an téarma sin: ‘gentlemen, the Church of England, and the crown commanded an intellectual and social hegemony’. Sílim gur cur síos cruinn go leor é sin ar shochaí Shasana san 18ú céad, ach tugaim bhur ndúshlán The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland a léamh agus a rá liom ansin go raibh ceannas intleachtúil ag daoine uaisle, ag cléir na heaglaise bunaithe, nó ag ríthe Shasana in Éirinn an 18ú céad.

     Má spreagann an leabhar seo staraithe na hÉireann chun níos mó airde a thabhairt ar an leanúnachas, ar an eisceachtúlacht agus—go háirithe—ar fhianaise na bhfoinsí príomha, raghad abhaile, mo ghnó agam críochnaithe.

25/03/2017

Seoladh leabhair

An t-óráidí, an leabhar atá le seoladh, agus an láthair

Tá na socruithe déanta anois le haghaidh sheoladh an leabhar is déanaí liom, The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland, agus tá áthas orm gurb é Alan Titley, iar-ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, duine de na húdair is céimiúla agus is bisiúla dá bhfuil ag scríobh sa Ghaeilge faoi láthair, agus colúnaí seachtainiúil de chuid an Irish Times, a bhrisfidh an buidéal seaimpéine.

     Seolfar an leabhar Dé Máirt, an 11 Aibreán 2017 ag 6.00 p.m. i gceannáras Acadaimh Ríoga na hÉireann, 19 Sráid Dhásain, BÁC 2.

     Cuirfear sólaistí ar fáil agus beidh fáilte is fiche roimh léitheoirí Chúrsaí Staire ag an ócáid.


25/02/2017

Aigne an phobail san 18ú céad

An t-údar agus a leabhar
Tháinig réamhchóip den leabhar nua liom faoi mo bhráid an lá cheana. Cibé locht a gheobhaidh na staraithe nó (rud a chuireann i bhfad níos mó imní orm) na scoláirí Gaeilge ar théacs an tsaothair, táim sásta nach mbeidh siad in ann an dearadh a lochtú mar tá an slacht céanna ar an imleabhar seo is a bhíonn ar gach leabhar a chuireann Cló Ollscoile Chorcaí amach.

     Go deimhin, b’shin ceann amháin den dá chúis ar chuireas an chlóscríbhinn chucu seachas chuig aon fhoilsitheoir acadúil eile. An chúis eile a bhí agam, dála an scéil, go bhfoilsíonn Cló Ollscoile Chorcaí leabhair i nGaeilge agus i mBéarla. Bhí súil agam, mar sin, go gcaithfí an dua céanna leis na sleachta i nGaeilge is a chaithfí leis na haistriúcháin nó leis an tráchtaireacht i mBéarla. Ní raibh dul amú orm.

     Is gearr go mbeidh an leabhar le fáil sna siopaí maithe leabhar go léir. Ach má éiríonn tú mífhoighneach idir an dá linn, is féidir é a cheannach go díreach ó na foilsitheoirí. Ní gá dom a rá gur sladmhargadh é ar €39.

31/01/2017

Réamhspléachadh

Beidh an leabhar is déanaí liom, The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland, le ceannach sna siopaí leabhar go luath. Idir an dá linn, is féidir réamhspléachadh a fháil air: má tá gach rud ag feidhmiú mar is cóir, beidh sibh in ann an réamhrá a léamh anseo thíos. Nó, mura bhfuil an nasc ag obair, téigh go díreach chuig an leathanach seo.

21/12/2016

Ag scríobh liom

An leabhar is déanaí liom agus dhá leabhar ghaolmhara

Ní réitíonn an scríobh liom. Is é an rud a tharlaíonn go mbíonn rud éigin le rá agam—scéal éigin le hinsint nó tuairim éigin le nochtadh—agus téim i mbun pinn chun mo chuid smaointe a chur i láthair an tsaoil mhóir. Bíonn iallach orm é a dhéanamh. Tugann sé faoiseamh is sásamh dom nuair a bhíonn an téacs le léamh ar pháipéar nó ar scáileán; braithim ansin gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid. Is dócha go mbeidh mé ag scríobh a fhad is a bheidh mo chiall is mo shláinte agam, ach ní thaitníonn an próiseas liom. Is crácamas ceart é ullmhú an chéad dréachta i gcónaí, cé go n‑éiríonn an obair níos éasca nuair a bhíonn an dúshraith leagtha. Ní rabhas sásta an chéad dréacht de théacs a ligint i gcló riamh: bíonn orm dul siar air arís agus arís eile chun ord níos loighciúla a chur ar an ábhar, chun abairtí doiléire a shoiléiriú, chun botúin a cheartú, chun tuilleadh fianaise a sholáthar, nó chun snas a chur ar an bprós. Bíonn an t-ádh orm má bhíonn an cúigiú dréacht i riocht a fhoilsithe. Níl ach céim amháin den phróiseas a thaitníonn liom i ndáiríre: is é sin, nuair a chuireann an foilsitheoir na profaí chugam le ceartú agus nuair a leagaim súil ar an saothar clóchurtha don chéad uair. Ach más leabhar é an téacs, bíonn an chealg is nimhní ar fad in eireaball na hoibre: mar atá, an t-innéacsú. Is obair riachtanach é seo ach is obair fíor-leadránach é chomh maith. Agus sin é an saghas oibre a bheidh idir lámha agam i rith shaoire na Nollag i mbliana: beidh mé ag ullmhú an innéacs don saothar is déanaí liom, The Popular Mind in Eighteenth-Century Ireland, leabhar a fhoilseofar i mí Feabhra—má éiríonn liom an t-innéacs a chríochnú in am.

Buntéacs agus aistriúchán ón leabhar

     Bhí sé beartaithe agam Hidden Ireland Revisited a thabhairt ar The Popular Mind i dtús báire ach shíl beirt de na léitheoirí a chaith súil ar an gclóscríbhinn gur chóir dom an teideal sin a athrú. Ghlacas lena gcomhairle agus táim sásta anois gur dheineas amhlaidh: cé go bhfuil an leabhar bunaithe ar fhoinsí liteartha, ní saothar léirmheastóireachta é ach saothar staire agus cuireann an teideal nua an méid sin in iúl go soiléir. Ocht gcaibidil atá sa leabhar: ‘Kingdom’, ina bhfuil scrúdú ar dhearcadh polaitiúil na coitiantachta ag tús an 18ú céad; ‘Faith’, ina bhfuil cúrsaí creidimh faoi chaibidil; ‘Memory’, ina bhfuil achoimre ar an leabhar liom dar teideal Ó Chéitinn go Raiftearaí; ‘War’, inar scrúdaíos tuairimí an phobail ar chogaí na hEorpa agus ar na hÉireannaigh a ghlac páirt iontu; ‘Patriots’, ina bhfuil scagadh déanta ar na hathruithe a tháinig ar mheon na coitiantachta le linn réabhlóid Mheiriceá; ‘Land’, ar leor a teideal chun ábhar na caibidle a mhíniú; ‘Rebellion’, ina bhfuil cuntas ar na blianta corraithe a lean réabhlóid na Fraince; agus ‘Union?’, an chaibidil dheireanach ina bhfuil spléachadh ar an tréimhse tar éis Acht an Aontais. Tá dán nó amhrán le léamh ina iomláine ag tús gach caibidle—leagan amach a d'úsáideas cheana in Ó Chéitinn go Raiftearaí. Seo mar a mhíníos an cur chuige sin i réamhrá an leabhair:
Throughout this book, I have sought to give as much space as possible to voices from the ‘long eighteenth century’ and to minimise both my own commentary and references to secondary works. The primary sources are the only means we have of distinguishing past reality from historical speculation. In recognition of this fact, each chapter is preceded by an unabridged text that was chosen to illustrate, in context, some of the themes discussed in the following chapter. As far as I am aware, only one of the eight texts has been translated previously.
Vincent Morley, The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland (Corcaigh, 2017), 12.
Seo iad na haistí atá i gceist agus na caibidlí lena mbaineann siad:

     1. Ríocht
‘Tuireamh Shomhairle Mhic Dhónaill’ (1691). Is caoineadh é seo a chum Séamas Dall Mac Cuarta ar oifigeach in arm Shéamais II a maraíodh i gcath Eachroma. Foilsíodh an aiste seo cúpla uair: féach, mar shampla, Seán Ó Gallchóir (eag.), Séamas Dall Mac Cuarta: Dánta (BÁC, 1971). Go bhfios dom, níor cuireadh Béarla ar an dréacht seo cheana.

     2. Creideamh
‘Staid nua na hÉireann, 1697’ le Seán Ó Gadhra. Chuir an tAthair Mac Domhnaill an dán seo in eagar in Dánta is Amhráin Sheáin Uí Ghadhra (BÁC, 1955). Go bhfios dom, níor aistríodh é cheana.

     3. Cuimhne
‘A Bhanba is feasach dom do scéala’ a chum Aodh Buí Mac Cruitín timpeall na bliana 1715. Chuireas féin an dán seo i gcló don chéad uair in Ó Céitinn go Raiftearaí (BÁC, 2011). Níor foilsíodh aistriúchán Béarla de cheana.

     4. Cogadh
‘Cá raibh tú le bliain’ le Peadar Ó Doirnín (1747). Chuir Seán de Rís an dán seo in eagar in Peadar Ó Doirnín (BÁC, 1969). Go bhfios dom, níor foilsíodh leagan Béarla den dán cheana.

     5. ‘Patriots’
‘Tráth dom ag smaoineamh ar chríochaibh an tsaoil seo’, amhrán a cumadh sa bhliain 1775. Seán Mac Cathail ab ainm don údar, de réir dealraimh, agus foilsíodh an t-amhrán don chéad uair sa leabhar liom dar teideal Washington i gCeannas a Ríochta (BÁC, 2005).

     6. Talamh
‘Do shagartaibh agus do mhinistirí’, amhrán nach fios cé a chum ach baineann sé leis na Buachaillí Bána a d’éirigh amach ar fud na Mumhan sa bhliain 1785. Mise a chuir an téacs seo in eagar don chéad uair in Eighteenth-century Ireland: Iris an Dá Chultúr, 19 (2004), agus tá sé aistrithe agam anois.

     7. Éirí amach
‘Táid maithe na Breataine in anbhroid péine’, amhrán poblachtach a chum Fínín Ó Scannail sa bhliain 1795. D’fhoilsíos téacs iomlán an amhráin don chéad uair in Eighteenth-century Ireland: Iris an Dá Chultúr, 28 (2013) agus tá sé aistrithe agam anois don chéad uair.

     8. Aontas?
Election na Gaillimhe’, amhrán a chum Antaine Raiftearaí sa bhliain 1830. Foilsíodh é cúpla uair cheana: féach, mar shampla, Ciarán Ó Coigligh (eag.) Raiftearaí: Amhráin agus Dánta (BÁC, 1987). Chuir Dubhghlas de hÍde Béarla air sa bhliain 1903 ach tá aistriúchán nua déanta agam atá níos dílse don bhunleagan.

Beidh téacsanna iomlána na n-aistí seo le léamh acusan a bhfuil Gaeilge acu. Maidir leis na léitheoirí eile, tá súil agam go dtabharfaidh na haistriúcháin tuiscint níos fearr dóibh ar dhearcadh na coitiantachta le linn an 18ú céad.

Roinnt de na leabhair ar an réamhstair atá léite agam le déanaí

     Nuair a bhíos ag scríobh anseo anuraidh, thugas le fios go raibh sé i gceist agam tabhairt faoi stair na hÉireann a scríobh ó thús aimsire go dtí ár linn féin, agus go dtógfadh sé tuairim is cúig bliana orm an obair sin a chur i gcrích. Ach go luath ina dhiaidh sin, chinneas gurbh fhearr dá gcuirfinn leabhar gairid eile díom i dtús báire. Tuairim is seachtó nó ochtó faoin gcéad den téacs sin atá scríofa agam anois agus is cosúil go mbeidh an chlóscríbhinn réidh le cur i lámha foilsitheora um Cháisc. Is i nGaeilge atá an leabhar sin, dála an scéil, agus táim i ndóchas go mbeidh sé sna siopaí roimh dheireadh na bliana seo chugainn. Bíodh sin mar atá, cuirfidh mé tús le scríobh an magnum opus a luaithe is a bheidh an saothar eile curtha chun siúil. Tá cuid mhaith léitheoireachta déanta agam faoin ré réamhstairiúil—ábhar na chéad chaibidle; ní féidir liom a áiteamh gur saineolaí mé ar an tréimhse go fóill, ach táim ag foghlaim de réir a chéile. Insint na fírinne, táim ag éirí mífhoighneach le tosnú ar an scríobh faoin am seo.

     Ar an drochuair, is léir dom nach mbeidh sé ar chumas an ghobadáin seo an dá thrá a fhreastal feasta: is é sin le rá, ní bheidh sé ar mo chumas an stair a chríochnú laistigh de chúig bliana má leanaim ar aghaidh ag scríobh aiste anseo gach mí. Níl sé i gceist agam deireadh a chur le ‘Cúrsaí Staire’, ach táim chun gearradh siar ar an soláthar agus ní bheidh na haistí ag teacht chomh minic céanna as seo amach. Déanfaidh mé iarracht aiste amháin a scríobh gach ráithe, agus ní chuirfeadh sé ionadh orm dá mbeadh sleachta as an magnum opus le léamh anseo ó am go chéile.

     Mar is gnách ag an tráth seo, beidh cead ag léitheoirí teachtaireachtaí a bhreacadh ag bun na haiste seo go ceann seachtaine nó dhó. Níl le déanamh agam anois ach an clabhsúr traidisiúnta a chur ar obair na bliana agus beannachtaí na féile a ghuí ar léitheoirí uile an tsuímh seo ...