Affichage des articles dont le libellé est Thomas Davis. Afficher tous les articles
Affichage des articles dont le libellé est Thomas Davis. Afficher tous les articles

18/06/2016

Ancien régime na hÉireann

‘The most potent and mighty king’: Séamas mac Shéarlais mhic Shéamais

Ba sa bhliain 1985 a foilsíodh leabhar le J. C. D. Clark, staraí Sasanach, a spreag conspóid i measc speisialtóirí an 18ú céad. English Society 1688-1832 a bhí ar an saothar agus seo mar a mhínigh an t-údar an sprioc a chuir sé roimhe:
My aim throughout has been to re-integrate religion into an historical vision which has been almost wholly positivist; to discard economic reductionism, to emphasise the importance of politics in social history, and to argue against the familiar picture of eighteenth century England as the era of bourgeois individualism by showing the persistence of the ancien régime until 1828-32, and the autonomous importance of religion and politics in its final demise.
J. C. D. Clark, English Society 1688-1832; Ideology, Social Structure and
Political Practice during the Ancien Régime
(Cambridge, 1985), ix-x.
Mórán staraithe a scríobh faoin 18ú céad i Sasana—go háirithe an dream úd a tháinig faoi thionchar an Mharxachais—leagadar béim ar chumhacht na parlaiminte, ar fhás na buirgéiseachta, ar dhul chun cinn na heolaíochta, agus ar bhorradh an gheilleagair. Is é sin le rá, thugadar suntas ar leith don fhorbairt is don fhorás, do lucht an chaipitil is do lucht an réasúin. Shíl Clark go raibh an saghas sin staire mí-aimseartha: na húdair a bhí á scríobh, ní ag iarraidh sochaí Shasana mar a bhí sí san 18ú céad a thuiscint a bhíodar in aon chor, dar leis, ach ag iarraidh préamhacha an domhain nua thionsclaíoch a thiocfadh ar an saol le linn an 19ú céad a aithint. Bhí léamh eile ar fad ag Clark ar Shasana an 18ú céad. Thug sé tús áite don ríogachas, do shuiteacht na creatlaí sóisialta agus, thar aon rud eile, don reiligiún: ‘gentlemen, the Church of England, and the crown commanded an intellectual and social hegemony’ mar a scríobh sé. Níor leasc leis síneadh a bhaint as an téarma Fraincise ancien régime trína bhaisteadh ar an gcóras rialaithe a bhí i réim i Sasana i rith an 18ú céad agus nár baineadh dó, ach ar éigean, idir réabhlóid na bliana 1689 agus leasú na parlaiminte sa bhliain 1832.

J. C. D. Clark agus an dara eagrán dá leabhar

     Chuaigh an t‑athbhreithniú a dhein Clark thar fóir in áiteanna, mar a tharlaíonn ar uairibh nuair a bhíonn leagan seanbhunaithe den stair le ceartú, ach bhí gá le hathrú béime chun éalú ón gcinnteachas eacnamaíoch agus aird a dhíriú ar ghnéithe den smaointeachas coimeádach a bhí neamhfhaiseanta ag an am. D’fhág a shaothar lorg ar staireagrafaíocht Shasana atá le brath uirthi i gcónaí. Níl aon amhras ach go dtugann staraithe an 18ú céad níos mó airde ar chúrsaí creidimh anois ná mar a thugaidís sular foilsíodh leabhar Clark. Níorbh fhada gur deineadh aithris ar an bhfaisean is déanaí ó choláistí Oxbridge abhus: féachadh le múnla an ancien régime, mar a cheap Clark é, a bhualadh anuas ar Éirinn an 18ú céad. Níor dheacair Éire na linne úd a chur i gcomórtas leis an tsamhail den ancien régime a chum Clark ach an staidéar a bheith teoranta don chomhphobal Angla-Éireannach, agus b’shin an rud a dhein S. J. Connolly sa leabhar leis dar teideal Religion, Law and Power: The Making of Protestant Ireland 1660-1760 (Oxford, 1992). Ach a luaithe a dhéantar iarracht an pobal dúchasach a chuimsiú laistigh den fhráma tagartha seo, titeann múnla an ancien régime as a chéile. Is leor spléachadh a thabhairt ar litríocht Ghaeilge na linne le tuiscint nach raibh ach meas gadaí ag na Gaeil ar an rí a bhí i gcoróin. Mar an gcéanna, féachadh ar na ‘huaisle’ Angla-Éireannacha mar fháslaigh choimhthíocha. Maidir le ministrí na heaglaise bunaithe, glacadh leis gan cheist gur eiriceacht a bhí á teagasc acu. Ba mhór idir an ‘intellectual and social hegemony’ a bhí ag an gcoróin, na huaisle agus an eaglais Anglacánach i Sasana i rith an 18ú céad, dar le Clark, agus an doicheall forleathan a bhí ag an gcoitiantacht roimh a macasamhla in Éirinn. In ionad ómós agus dílseacht a thabhairt don chinsealacht Angla-Éireannach, chreid bunadh na tíre go raibh córas polaitiúil, córas sóisialta agus córas eaglasta na linne mídhlisteanach ó bhonn. Níorbh aon ancien régime é an réimeas a bhí in Éirinn i rith an 18ú céad ach réimeas a aistríodh thar tír isteach agus a cuireadh ar bun anseo le láimh láidir.

     Más ea, an amhlaidh nach raibh ancien régime in Éirinn riamh? Caithfear a aithint nach bhfuil san ‘ancien régime’ seo ach coincheap teibí a cumadh in intinn J. C. D. Clark, ach sílim gur féidir an coincheap a úsáid i staireagrafaíocht na tíre seo (dá mbeadh an fonn sin ar dhuine) má bhogtar ré an tseanreachta siar go dtí an tréimhse roimh an réabhlóid—dála ancien régime na Fraince. Thug cath Eachroma buille an bháis don réimeas a mhol Dáibhí Ó Bruadair sa dán leis dar teideal ‘Caithréim an Dara Séamais’: réimeas ina raibh ‘ríghe don Scotfhuil chraoisigh chorcraigh’ ag cosaint na heaglaise fíre (‘atáid bhur bhfírchléir sámh gan dí-mhiadh’), ag tabhairt cúraimí stáit d’uaisle dílse na tíre, idir Ghaeil agus shean-Ghaill (‘atáid ar bínse Dálaigh, Rísigh’), agus ag brath ar thacaíocht an phobail dhúchasaigh (‘i ngarda a bhrataí atáid bhur macaomh’).

Cath Eachroma mar a shamhlaigh John Mulvany é

     Tá an t‑ábhar seo tarraingte anuas agam anois toisc gur chaitheas cúpla lá le déanaí ag léamh The Acts of James II’s Irish Parliament of 1689 (BÁC, 2016), imleabhar a chuir John Bergin is Andrew Lyall in eagar agus a d’fhoilsigh Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann ar na mallaibh. Is é atá ann, eagrán nua-aimseartha scolártha de théacsanna na n-achtanna a ritheadh i bparlaimint na bliana 1689 agus ar thoiligh Séamas II leo. Go dtí seo, ní raibh le fáil ach eagrán bearnach a réitigh Thomas Davis sa 19ú céad agus a cuireadh amach faoin teideal The Patriot Parliament of 1689. Tá an díolaim nua i bhfad níos iomláine. Ar an drochuair, ní féidir a rá gur eagrán deifnídeach í mar tá deich gcinn de na cúig acht is tríocha a ritheadh sa bhliain 1689 fós ar iarraidh: d’ordaigh an pharlaimint a ghairm Uilliam III sa bhliain 1695 go ndófaí na taifid a bhain le parlaimint Rí Shéamais agus is cosúil nach bhfuil na téacsanna atá in easnamh ar fáil anois. Déarfainn go gcuirfí suim san acht dar theideal ‘An act for encouragement of strangers and others to inhabit and plant in the kingdom of Ireland’ dá mbeadh teacht air inniu. Tríd is tríd, áfach, is féidir a rá gur tháinig cóipeanna de na hachtanna ba thábhachtaí slán agus nach raibh an éifeacht chéanna ag na cinn a cailleadh: ‘An act for securing the water course for the castle and city of Dublin’, cuirim i gcásMá bhí a leithéid de rud agus ancien régime in Éirinn riamh, níl aon amhras ach gurbh í parlaimint na bliana 1689 buaicphointe an réimis úd. Má tá locht amháin agam ar an eagrán breá d’achtanna na parlaiminte atá curtha ar fáil anois ag Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann, is é an locht sin nach bhfuil aon chuntas san imleabhair ar na baill—idir fheisirí agus thiarnaí—a ghlac páirt sa pharlaimint. Tá an t-eolas sin le fáil san imleabhar a scríobh Thomas Davis, áfach, rud a chiallaíonn go mbeidh mé á cheadú go ceann tamaill eile.

John Bergin agus an t-eagrán úr d’achtanna pharlaimint Shéamais II

     Sa chaoineadh a chum sé ar Shomhairle Mac Dónaill, coirnéal in arm Shéamais II a maraíodh i gcath Eachroma, scríobh Séamas Dall Mac Cuarta  gur throid an t-oifigeach:
Fá aon chreideamh Phádraig is ar ghrá Mhic na hóighe,
le fírinne dár náisiún is do shásamh na córa ...
Tá na príonsabail ba bhonn don ancien régime in Éirinn le léamh go soiléir ar na línte thuas: mar atá, an creideamh, an náisiúntacht, an dlisteanacht. Go deimhin, fógraíodh na prionsabail chéanna caoga bliain roimhe sin nuair a ghlac Caitlicigh na Comhdhála leis an mana ‘Hiberni unanimes pro Deo, rege et patria’ (‘Éireannaigh aontaithe ar son Dé, rí agus tíre dúchais’). Is mór idir Gaeilge chorraitheach an fhile agus Béarla tur na ndlíodóirí ó thaobh foirme de, ach tá an idé-eolaíocht chéanna le léamh ar achtanna pharlaimint na bliana 1689. Seo sliocht as an ‘Act for liberty of conscience’ a thug saoirse chreidimh do gach uile chineál Críostaí:
Whereas it is found by experience, that persecuting of people upon the account of religion, doth no way advance Christian faith or piety ... all and every person or persons whatsoever professing Christianity, shall have and enjoy liberty of conscience, and full and free exercise of their respective religion, ways, and forms of worship, within this kingdom, without any molestation, loss or penalty whatsoever.
Bergin agus Lyall, The Acts of James II’s Irish Parliament of 1689 (BÁC, 2016), 19.
Mar an gcéanna, ghlac baill na parlaiminte le ‘Act of recognition’ a d’aithin gurbh é Séamas II, ‘the most potent and mighty king’ mar a tugadh air, rí dlisteanach na dtrí ríocht:
We therefore your majesties most loyal, and most dutifull subjects ... do recognize and acknowledge, and thereby express our unspeakable joys, that immediately upon the dissolution and decease of your royal brother King Charles the Second, of ever blessed memory, the imperial crown of this realm, and of all other your majesties kingdoms and dominions, did by inherent birth-right, and lawful and undoubted succession, descend, and come to your most excellent majesty, as being lineally, justly and lawfully, next and sole heir of the blood-royal of this realm ...
Bergin agus Lyall, The Acts of James II’s Irish Parliament of 1689, 4-5.
Ach d’fhógair an ‘Act declaring that the parliaments of England cannot binde Ireland’ gur ríocht ar leith í Éire agus nach raibh sé de chumhacht ag an bparlaimint in Westminster dlíthe a dhéanamh di. Ba cheart é sin a bhain le parlaimint na hÉireann amháin:
Whereas this his majesties realme of Ireland is and hath always been a distinct kingdom from that of his majesties realm of England ... it is so hereby declared, that no act of parliament past, or to be past, in the parliament of England tho Ireland should be therein mentioned, can be, or shall be any way binding in Ireland, excepting such acts past, or to be past in England, as are, or shall be made into law by the parliament of Ireland.
Bergin agus Lyall, The Acts of James II’s Irish Parliament of 1689, 54.
Séalaíodh teastas báis an ancien régime in Éirinn nuair a síníodh conradh Luimnigh agus ní raibh restauration i ndán di. Mhair idé-eolaíocht an dlisteanachais go ceann i bhfad i litríocht na Gaeilge; ach má mhair, bhí difríochtaí suntasacha idir dearcadh na coitiantachta—mar a léiríodh é in amhráin agus i ndánta Seacaibíteacha an 18ú céad—agus an dearcadh a cuireadh in iúl in achtanna pharlaimint na bliana 1689.

‘Réx ceart na Féinne’: Séarlas mac Shéamais mhic Shéamais mhic Shéarlais mhic Shéamais

     Maidir le cúrsaí creidimh, dhein na filí talamh slán de go mbeadh an eaglais Chaitliceach faoi ghradam nuair a thiocfadh an rí ceart i gcoróin arís: ‘beidh dlí na Rómha i ngnás go mór’ (Seán Ó Tuama); ‘beidh a gcealla ag an Eaglais fhíre’ (Aindrias Mac Craith); ‘beidh cléir go seasamhach, talamhach, tóiceach’ (Piaras Mac Gearailt); ‘oird bhinne is cléirigh ina ndúchas’ (Dáibhí Ó hIarlaithe). Os a choinne sin, is deacair a dhéanamh amach ón litríocht cén stádas go díreach a bheadh ag Protastúnaigh tar éis bhua an Stíobhartaigh. Arís, d’aithin na húdair Ghaeilge go raibh ceart an Stíobhartaigh don choróin bunaithe ar shinsearacht a theaghlaigh, ach ba thábhachtaí leo Míle Easpáine ná aon duine eile dá shinsir sa chomhthéacs seo. Ba é an Stíobhartach ‘an duine ba ghile ar shliocht chine Scoit trí huaire’ (Aogán Ó Rathaille); ‘taoiseach na nGaoidheal nglan’ (Conchúr Ó Briain); ‘an réx de shaorshliocht cheap Ghaoidheal’ (Seán Ó Tuama); ‘réx ceart na Féinne’ (Liam Dall Ó hIfearnáin); an ‘ráib leabhair léidmheach d’ard-fhuil Mhilésius’ (Seán de Hóra). Bhain an difríocht ba thábhachtaí ar fad le stádas polaitiúil na hÉireann. Ní hamháin gur ríocht ar leith í an tír, dar le húdair Ghaeilge an 18ú céad, ach ba ríocht í a raibh coróin dá cuid féin aici chomh maith. Trí choróin a bhí ag na Stíobhartaigh, dar le filí an 18ú céad: ‘ag cailliúint a thrí gcorónach’ (Seon Ó hUaithnín); ‘go nglacathar thu i dtrí chróinnibh’ (Conchúr Ó Briain); ‘réidhfidh ar trí choróiníbh’ (Seán Ó Tuama); ‘ná hiarrfaidh acht trí chróinní’ (Liam Rua Mac Coitir); ‘seilbh trí gcoróin ag an leon ná habraim’ (Aindrias Mac Craith). Ba mhór idir an tuiscint seo agus dearbhú lom na bhfeisirí san ‘Act of recognition’ gur choróin impiriúil amháin a bhí os cionn ríochtaí uile Shéamais II. Ar ndóigh, ní raibh nuaíocht ar bith ag baint le tuiscint seo na bhfilí: chomh fada siar le blianta tosaigh an 17ú céad chuir file Ultach, Fearghal Óg Mac an Bhaird, fáilte roimh an rí nua, Séamas VI agus I, le dán dar thús ‘Trí coróna i gcairt Shéamais’.

     Conas is féidir na difríochtaí seo a mhíniú? Is cinnte gur choinnigh feisirí na bliana 1689 súil amháin ar thuairimí Shéamais II nuair a bhí billí á ndréachtú acu: níorbh fhiú dóibh bille a chur trí dhá theach na parlaiminte dá ndiúltódh an rí é a shíniú sa deireadh thiar thall—mar shampla, b’éigean dóibh éirí as an iarracht a deineadh dlí Poynings a aisghairm. Ach tá barúil agam go raibh níos mó ná sin i gceist. Tugaim faoi deara go raibh sloinnte Gaelacha ar mhionlach mór de na feisirí: bhí tuairim is ochtó Gael ar an dá chéad feisire a shuigh i dTeach na gComóntach. Ba laige go mór é guth na nGael i dTeach na dTiarnaí, áfach, áit nach raibh ach seachtar Gael as breis agus caoga ball, idir thiarnaí saolta agus easpaig den eaglais bhunaithe. Cé go raibh na Gaeil agus na sean-Ghaill ag druidim le chéile i rith an 17ú céad, is cosúil go raibh idirdhealú fós le brath ar dhearcadh an dá chine i leith choróin na hÉireann agus stádas na ríochta chomh déanach leis an mbliain 1689. Bhí na Gaeil suite de go raibh coróin ar leith ag gach ceann de na trí ríocht agus gur de thimpiste a tharla sé go raibh na corónacha go léir á gcaitheamh ag an rí céanna, ach ghlac na sean-Ghaill leis an tuiscint oifigiúil gur choróin impiriúil amháin a bhí ann agus go raibh rí Shasana ina rí ex officio ar Éirinn.

     Íorónta go leor, ba í an tuiscint Shasanach seo ar stádas bunreachtúil na hÉireann a chinnteodh go bhféadfaí tiarnaí Seacaibíteacha na ríochta a eisreachtú agus a dtailte a choigistiú nuair a bheadh an bua ag Uilliam III i gCogadh an Dá Rí.

20/06/2015

An t-óg agus an sean

Ciarán Brady (ar chlé), a dhein an leabhar a sheoladh, agus James Quinn


Bhíos i láthair in Acadamh Ríoga na hÉireann, an 29 Aibreán 2015, nuair a seoladh an leabhar is déanaí le James Quinn, fear a bhfuil dhá leabhar scríofa aige cheana: Soul on Fire: A Life of Thomas Russell (2002) agus John Mitchel (2008). Tá aithne agam air ón uair a bhíos i mo thaighdeoir don Dictionary of Irish Biography, tionscnamh uaillmhianach a bhfuil sé ina eagarthóir air. Thuigfeá ón méid sin go bhfuil luí ar leith aige leis an mbeathaisnéis stairiúil mar genre, ach tá leabhar de shaghas eile curtha ar fáil aige an babhta seo. ‘An rud is annamh is iontach’ adeirtear, agus is annamh a fhoilsítear monagraif ar staireagrafaíocht na hÉireann: má tháinig leabhar amach ar an ábhar sin ón uair a foilsíodh saothar liom féin, Ó Chéitinn go Raiftearaí, ceithre bliana ó shin, is i ngan fhios dom a tharla sé.  Is leor an méid sin chun an tsuim a chuireas sa leabhar is déanaí le James Quinn a mhíniú, ach bhí rud eile i gceist chomh maith: is amhlaidh go dtosaíonn a leabharsan san áit inar chríochnaigh mo cheannsa. Is é an sprioc a bhí agam, an traidisiún dúchais staire a ríomh ó aimsir Chéitinn sa chéad leath den 17ú céad go dtí aimsir Raiftearaí sa chéad leath den 19ú céad. Go deimhin, tá cúpla leathanach ag deireadh mo leabhair inar phléas an leanúnachas follasach idir an saghas staire a bhí á scríobh i mblianta tosaigh an 19ú céad agus scríbhinní staire lucht Éire Óg. Tá an chéad mhír eile den scéal sin scríofa ag James Quinn anois.

     Leabhar suimiúil soléite is ea Young Ireland and the Writing of Irish History ina léirítear an dearcadh agus an cur chuige a bhí ag na hÉireannaigh Óga i leith na staireagrafaíochta. Seo mar a mhínigh Thomas Davis, príomh-intleachtóir an ghrúpa, an tábhacht a bhain leis an stair i gcolúin an Nation, an 28 Meitheamh 1845: ‘If we live influenced by wind and sun and tree, and not by the passions and deeds of the past, we are a thriftless and hopeless people’ (Quinn, lch 6). Chuir an Nation, nuachtán seachtainiúil na nÉireannach Óg, béim nár bheag ar amhráin agus ar dhánta nuachumtha faoi stair na hÉireann, agus chuir baill na gluaiseachta sraith leabhar amach ar phraghas íseal inar deineadh cúram ar leith den stair. Ar na teidil sa tsraith bhí leithéidí History of the Volunteers of 1782 le Thomas MacNevin, Life and Times of Aodh O’Neill, Prince of Ulster le John Mitchel, History of the Confederation of Kilkenny le C. P. Meehan, agus Life and Conquests of Art MacMurrogh le Thomas D’Arcy McGee. Bhí an-éileamh ar an nuachtán agus ar na leabhair ón tús: ceithre mhíle cóip a díoladh den chéad eagrán den Nation – dhá oiread an nuachtáin sheachtainiúil ba mhó díol ag an am. Níorbh fhada go raibh deich míle cóip den nuachtán á ndíol in aghaidh na seachtaine. Cé gur chuir tubaiste an ghorta mhóir agus éirí amach neamhéifeachtach na bliana 1848 deireadh grod le hÉire Óg mar ghluaiseacht pholaitiúil, níor tháinig maolú ar an tionchar intleachtúil a bhí ag iarbhaill na gluaiseachta go ceann i bhfad – mar is léir ó shuirbhé a deineadh sa bhliain 1884:
A survey of the reading habits of the Catholic Young Men’s Society in County Cork found that among the most popular works were Mitchel’s Jail Journal (1845) and History of Ireland (1869), McGee’s Popular History of Ireland (1867), Duffy’s Young Ireland (1880) and Four Years of Irish History (1883), O’Callaghan’s History of the Irish Brigades (1854), A. M. Sullivan’s Story of Ireland (1867), and T. D. Sullivan’s Penny Readings for the Irish People (1879), a selection of Young Ireland prose and verse.
James Quinn, Young Ireland and the Writing of Irish History, 129
Aontaíonn Quinn leis an mbreith a thug P. S. O’Hegarty ar thionchar na gluaiseachta:
Although their attempted insurrection in 1848 failed in a military sense, O’Hegarty argued that ‘in the long run, they won. The written word remained. The principles of nationality expounded in the Nation were never again wholly obscured. They became an integral part of the Irish consciousness’.
Quinn, Young Ireland, 137
Molaim Young Ireland and the Writing of Irish History d’aon duine a bhfuil suim aige i staireagrafaíocht na hÉireann, i stair pholaitiúil na hÉireann sa 19ú céad, nó i stair an náisiúnachais in Éirinn.

Lucht bunaithe an Nation: Thomas Davis, Charles Gavan Duffy agus John Blake Dillon sa bhliain 1842

     Ar an drochuair, tá easnamh amháin sa leabhar is cóir a lua. Féach an ráiteas seo a leanas (is liom an bhéim):
After 1848 growing prosperity and literacy ensured that print culture would play an ever greater role in creating an awareness of Ireland as an historic and distinct nation.
Quinn, Young Ireland, 8.
Níl ach focal amháin san abairt thuas nach n-aontaím leis, ach is focal tábhachtach é: dá scríobhfadh an t-údar ‘perpetuating’ in ionad ‘creating’, bheinn ar aon fhocal leis. Tá sé léirithe agam in Ó Chéitinn go Raiftearaí gur cruthaíodh an tuiscint náisiúnaíoch ar stair na hÉireann sa 17ú céad agus gur dhein mórán údar saothrú ar an tuiscint sin i rith an 18ú céad agus i dtús an 19ú céad. Ní rachaidh mé siar ar an ábhar sin anseo – léigh an leabhar muna gcreideann tú mé! Dá bhrí sin, ní fhéadfainn teacht leis an tuairim gur chuir Éire Óg cor nua ar fad i stair na hÉireann:
Young Ireland can be seen as a prime example of Benedict Anderson’s theory of the use of print-capitalism to create a new kind of shared experience and mass solidarity.
Quinn, Young Ireland, 74-5.
Is liom an bhéim arís. Lena cheart a thabhairt don údar, is beag tagairt eile atá sa leabhar do theoiricí baotha na n-eolaithe polaitiúla. Tá sé sásta brath ar fhianaise na bhfoinsí príomha don chuid is mó, mar a dhéanfadh staraí maith, agus is trua é nár thug sé droim láimhe ar fad don teoiric.

     Taispeánann Quinn go raibh drochmheas ag na hÉireannaigh Óga ar litríocht an phobail. Ní raibh an Ghaeilge ar a thoil ag Thomas Davis, ach dhein sé beag is fiú de na hamhráin Ghaeilge a bhí ar bheola na coitiantachta ag an am in aiste leis dar theideal ‘Essay on Irish Songs’ a foilsíodh ar an Nation:
There are great gaps in Irish Song to be filled up. This is true even of the songs of the Irish-speaking people. Many of the short snatches preserved among them from olden times are sweet and noble; but the bulk of the songs are very defective. Most of those hitherto in use were composed during the last century, and, therefore, their structure is irregular, their grief slavish and despairing, their joy reckless and bombastic, their religion bitter and sectarian, their politics Jacobite, and concealed by extravagant and tiresome allegory.
Michael Joseph Barry, The Songs of Ireland (BÁC, 1845), 33.
Ní raibh Davis ná a chomrádaithe cáilithe chun litríocht na Gaeilge a mheas. Chuir Michael Joseph Barry athchló ar aiste Davis i gcnuasach d’amhráin na hÉireann a foilsíodh sa bhliain 1845, ach bhí sé de mhacántacht ann a admháil nach raibh sé féin ná Charles Gavan Duffy – fear a chuir The Ballad Poetry of Ireland in eagar an bhliain chéanna – nach rabhadar inniúil don obair a bhí idir lámha acu:
Like him I have found myself, in the main, restricted to the last half century for the materials of my collection—the old songs of the country being still a sealed fountain to that large class of Irishmen whose knowledge is confined to foreign tongues ...
Barry, The Songs of Ireland, v.
Sin í an fhírinne ghlan. Bhain lucht Éire Óg le haicme ghairmiúil na mbailte móra. Ní raibh aon chur amach acu ar litríocht an phobail; níorbh fhéidir leo í a thuiscint ná a thomhas; agus bhí sé i bhfad thar a gcumas litríocht a chumadh i dteanga dhúchais na tíre. Ní hamháin sin, ach bhí sé thar cumas a bhformhór litríocht a scríobh i dteanga ar bith. B’fhéidir go bhfuil blas searbh ar an mbreith sin, ach b’éigean dom cuid mhaith den dríodar a chumadar a léamh le cúig bliana déag anuas agus níl an crá croí maite agam dóibh go fóill. Níl aon amhras ach gurbh é James Clarence Mangan an file ab fhearr ina measc – an t-aon duine acu a raibh féith na filíochta ann i ndáiríre – ach níl aistí áirithe leis thar moladh beirte. Féach, mar shampla, an véarsa seo a leanas as bailéad dar teideal ‘Lamentation of Mac Liag for Kincora, 1015’:
Oh, where, Kincora! is Brian the Great?
     And where is the beauty that once was thine?
Oh, where are the princes and nobles that sate
     At the feast in thy halls, and drank the red wine?
                    Where, oh, Kincora?
D.F. McCarthy, The Book of Irish Ballads (BÁC, 1846), 102.
‘Sate’? Is ea, muise, ‘sate’. Maidir le Thomas Davis, cé go raibh sé sásta locht a fháil ar fhilí na Gaeilge, níl ina chuid véarsaíochta féin ach truflais. Seo daoibh véarsa as amhrán leis dar teideal ‘Sweet Eily MacMahon, the Flower of Finae’ ina bhfuil an rím is leanbaí dá bhfuil feicthe agam:
For Fergus O’Farrell was true to his sire-land,
And the dark hand of tyranny drove him from Ireland;
     He joins the Brigade, in the wars far away,
     But he vows he’ll come back to the Flower of Finae.
Charles Gavan Duffy, The Ballad Poetry of Ireland (BÁC, 1845), 205.
Muna gcuireann ‘sire-land’/‘Ireland’ múisc ort, tá goile níos láidre agat ná mar atá agamsa.

     Má chuirtear na deilíní maoithneacha i mBéarla crochta a chum lucht Éire Óg i gcomórtas leis na hamhráin pholaitiúla a chum filí aitheanta na Gaeilge, beidh sé soiléir cén dream a raibh bua na filíochta acu:
D’aithníos féin gan bhréag ar fhuacht
is ar anfaithe Thétis taobh le cuan,
ar chanadh na n-éan go séiseach suairc,
go gcasfadh mo Shaesar glé gan ghruaim.
Measaim gur subhach don Mhumhain an fhuaim
is dá maireann go dubhach de chrú na mbua:
torann na dtonn le sleasaibh na long
ag tarraingt go teann ’nár geann ar cuairt.  
Is breith shuibiachtúil í seo, gan amhras, ach táim sásta a rá go bhfuil níos mó filíochta sa véarsa thuas – véarsa as amhrán dar teideal ‘Rosc Catha na Mumhan’ a chum Piaras Mac Gearailt (1709-c.1792) – ná mar atá i ngach aiste dá bhfuil léite agam ó pheann Thomas ‘very defective’ Davis.

Staraithe Éire Óg: Charles Gavan Duffy, Thomas D’Arcy McGee agus John Mitchel


     Ní shéanann James Quinn go raibh caighdeán liteartha an Nation go hainnis:
Much of the Nation’s verse was characterised by bombastic sentiment, facile rhyme and nationalist cliché ...
Quinn, Young Ireland, 48
Ach in ainneoin droch-chaighdeán na véarsaiochta, caithfear a admháil go raibh tóir as cuimse ag muintir na hÉireann ar amhráin an Nation ar feadh i bhfad. Aithníonn an t-údar an fhíric seo chomh maith:
These patriotic hymn-books became the most pervasive means of disseminating popular nationalist history and the most enduring legacy of Young Ireland.
Quinn, Young Ireland, 121.
Ní féidir a rá go bhfuil éifeacht Éire Óg ídithe go fóill. Nuair a chuir World Service an BBC comórtas ar siúl sa bhliain 2002 chun na deich n-amhrán is ansa le héisteoirí ar fud na cruinne a roghnú, bhain ‘A Nation Once Again’ le Thomas Davis an chéad áit amach:
And from that time, through wildest woe,
     that hope has shone a far light,
nor could love’s brightest summer glow
     outshine that solemn starlight;
it seemed to watch above my head
     in forum, field and fane,
its angel’s voice sang ’round my bed
     ‘A nation once again!’ 
Thabharfainn geall nár thuig oiread is duine as céad den dream a chaith vóta ar son an amhráin i gcomórtas an BBC ciall an fhocail ‘fane’. Caithfidh nár thuig Gael as míle an focal i lár an 19ú céad, ach ba chuma leo. Thuigeadar cad a bhí á rá ag Davis: bhí dóthain Béarla acu le tuiscint go raibh sé ‘ag fógairt fáin ar Ghallaibh’.  Ba leor an teachtaireacht sin leo sa bhliain 1844 – agus sa bhliain 2002 chomh maith.

     Níor theastaigh ard-chaighdeán litríochta ó léitheoirí an Nation. Is é a bhí uathu ná saothair bolscaireachta a d’fhógródh an dearcadh a bhí acu cheana féin don saol mór. Bhí an ceart ar fad ag Raymond Aron nuair a scríobh sé:
Or, la majorité des lecteurs des grands journaux exigent que leur journal justifie leurs opinions.
Raymond Aron, Le Spectateur engagé (Paras, 2005), 274.

[Mar éilíonn an chuid is mó de léitheoirí na mór-nuachtán go ndeimhneofar a gcuid tuairimí ina rogha nuachtáin.]
Níorbh é caighdeán liteartha an Nation a mheall na léitheoirí ina sluaite, ach an tuiscint ar stair na hÉireann a bhí le léamh ar na leathanaigh. Tuiscint ba ea í a shealbhaigh léitheoirí an nuachtáin sular rugadh Thomas Davis sa bhliain 1814. Thángadar ar an tuiscint seo i litríocht na Gaeilge agus i bhfoilseacháin Bhéarla le húdair dhátheangacha – san Irish Magazine a chuir Watty Cox amach idir 1807 agus 1815, mar shampla, nó sna leabhair staire a scríobh Tadhg Ó Flannagáin, Dennis Taaffe, Pádraig Ó Loingsigh, agus tuilleadh nach iad. Lean lucht Éire Óg an chonair chéanna: d’éirigh leo an tuiscint ar stair na hÉireann a bhí ag an gcoitiantacht a bhuanú, ach níorbh iad a chruthaigh an tuiscint sin.

AGUISÍN


Dá dhonacht iad na rabháin a chum na hÉireannaigh Óga, caithfidh mé a admháil gur féidir roinnt den phrós a scríobhadar a áireamh mar litríocht. Bheinn sásta mórán a mhaitheamh do John Mitchel, mar shampla, fear a bhreac an abairt seo a leanas ina Jail Journal:
A good rant, like a canter on the back of a brisk horse, gives me an appetite for dinner.
Is fíor sin, agus tá goile agam anois.