03/11/2017

Ceartú na bprofaí

Tá cuid mhaith ama caite agam ag ceartú profaí le déanaí. Caithim níos mó dua leis an obair seo de réir mar a théim in aois mar tuigim go maith nach gá dom faillí mhór a dhéanamh chun botún cló a scaoileadh tharam. Profaí dhá shaothar a bhí á gceartú agam.

The Cambridge History of Ireland
     Tháinig na profaí don chaibidil liom a bheidh i gcló sa Cambridge History of Ireland cúpla seachtain ó shin agus ní raibh sé saor ó locht. I gcás amháin, is cosúil gur athraigh Microsoft Word an tagairt a bhí agam don stair cháiliúil leis an Abbé MacGeoghegan dar teideal Histoire de l’Irlande ancienne et moderne trí ‘modern’ a dhéanamh den fhocal deiridh sa teideal, agus i gcás eile dhein fo-eagarthóir daonna tuaiplis nuair a chuir sé ‘100’ isteach mar mhalairt ar an tagairt a bhí agam don ‘four hundred’ saighdiúirí ó reisimintí Éireannacha na Fraince a throid in éirí amach na bliana 1745 in Albain. Thugas na botúin seo faoi deara agus beidh siad ceartaithe sa leagan clóbhuailte den leabhar, ach cá bhfios nár scaoileas botúin eile tharam—botúin nach n-aithním toisc gur mise faoi deara iad?

     Ceithre imleabhar a bheidh sa stair seo agus beidh tuairim is céad caibidil le húdair éagsúla sa saothar ina iomláine. Is é ‘Irish Jacobitism, 1691–1790’ an teideal atá ar an gcaibidil a scríobh mise agus beidh sé i gcló ag tús an tríú imleabhar. Chun faobhar a chur ar bhur ngoile, seo daoibh an chéad pharagraf:
Irish Jacobitism has been likened to Samuel Beckett’s Waiting for Godot: a drama in which nothing happens, twice. This is amusing, but to base an assessment of the ideology’s significance on its failure to inspire spontaneous rebellions in 1715 and 1745 would be to discount its role in shaping the political culture of the Catholic community for most of the eighteenth century, in driving recruitment to Irish regiments in the armies of France and Spain during the first half of the century, and in forestalling an accommodation between the Catholic Church and the British state until after the death of James Francis Stuart (‘James III’ to Jacobites) in 1766. Furthermore, as the vernacular literature of the period was pervaded with Jacobite sentiment, elements of the ideology continued to influence Irish popular culture well into the nineteenth century. 
Foilseofar na himleabhair go léir i dteannta a chéile i bhFeabhra na bliana seo chugainn, ach beifear in ann iad a cheannach ina gceann is ina gceann.

Cúrsaí Staire: an leabhar
     Is le seachtain anuas a tháinig profaí an leabhair is déanaí liom agus níl an t-innéacsú déanta agam go fóill. Creidim gur áis riachtanach é innéacs i leabhar staire ar bith: dá mbeinnse i mo dheachtóir, bheadh sé i gcoinne an dlí leabhar neamhfhicsin a chur amach gan innéacs maith ann. Is dóigh liom go mbeidh suim ar leith ag léitheoirí ‘Cúrsaí Staire’ sa chnuasach aistí seo. Seo daoibh téacs an réamhrá a ghabhann leis:
Is é atá sa leabhar seo cnuasach aistí ar an stair, ar staraithe, agus ar scríobh na staire.
     Foilsíodh na haistí go léir ar an suíomh idirlín dar teideal ‘Cúrsaí Staire’ (http://cstair.blogspot.ie/) sa tréimhse idir 2012 agus 2016. Bhí aiste amháin in aghaidh na míosa á scríobh agam i rith na mblianta sin agus tá a leath acu tiomsaithe sa chnuasach seo. Fágadh ar lár aistí eile a bhí ró-phearsanta nó ró-neafaiseach, a bhain go dlúth le tráth a bhfoilsithe, nó a raibh ábhar ilmheáin iontu nach féidir a chur ar fáil i leabhar.
     Na haistí atá le léamh anseo thíos, braithim go bhfuil téagar iontu agus nár chailleadar puinn dá n‑éifeacht nuair a aistríodh iad ón idirlíon go dtí an leathanach clóbhuailte. A mhalairt atá fíor, mar tá foinse gach tagairt luaite sna fonótaí anois agus tá innéacs cuimsitheach curtha leis an ábhar. Deineadh leasuithe beaga eile ar na téacsanna lena gcur in oiriúint don chló.
     Tá súil agam go mbainfidh léitheoirí na Gaeilge ar suim leo an stair idir shult agus thairbhe as an gcnuasach seo: más seanfhaiseanta an meán é an leabhar, is áisiúla agus is soléite an t-earra é ná an scáileán is fearr. Thairis sin, is buaine é ná an suíomh gréasáin is marthanaí.
Is é an leasú is coitianta a deineadh ar an téacs ná ‘an leabhar seo’ a chur isteach in ionad ‘an suíomh seo’. Cé acu aistí atá istigh más ea? Ní sceithfidh mé an rún anseo: má theastaíonn an t-eolas sin uaibh, beidh oraibh an leabhar a cheannach.

08/10/2017

Alt dearmadta

An cófra mar a bhí agus mar atá.
Bhí na hinsí ag fiaradh ar chófra sa bhaile le tamall anuas agus bhí sé ag éirí níos deacra na doirse a oscailt le himeacht aimsire. Theip ar an iarracht a dheineas iad a dheisiú. Cúpla seachtain ó shin, chinneas gur mhithid fáil réidh leis na doirse ar fad agus comhlaí nua sleamhnáin a chur isteach ina n-ionad. Tá toradh na hoibre le feiscint sa phictiúr thuas. Ní ‘Cúrsaí Siúinéireachta’ atá ar an suíomh seo, ar ndóigh, agus ní luafainn an cófra mura mbeadh baint indíreach aige leis an stair.

     B’éigean dom an cófra a fholmhú sular cuireadh na comhlaí nua isteach agus tháinig mé ar bhosca cairtchláir ann nár osclaíodh le cúig bliana fichead. Bhí an bosca lán go béal le páipéir: ba shaghas ‘capsúl ama’ é. Fuaireas nótaí istigh ann a bhreacas nuair a bhíos i mo mhac léinn staire in UCD; bhí bileoga eolais ann a dháil léachtóirí staire ar na mic léinn; bhí páipéir scrúdaithe ann; bhí aistí liom féin ann a raibh ceartúcháin agus gráid breactha orthu ag teagascóirí nó ag léachtóirí. Is le mo stair phearsanta féin a bhain na cáipéisí sin go léir agus ní chuirfidh mé bhur gcuid ama amú á bplé anseo. Ach bhí ábhar níos suimiúla romham sa bhosca: mar atá, comhad tiubh a bhí lán le gearrthóga a tógadh as nuachtáin agus irisí na linne. Bhí blúirí áirithe ina measc a raibh cuimhne mhaith agam orthu cé nár leagas súil orthu le glúin anuas, agus bhí blúirí eile ann nach raibh cuimhne dá laghad agam orthu. I gcuid mhaith cásanna, níorbh fhéidir liom a dhéanamh amach cén fáth ar chuireas mír ar leith i dtaisce; i gcás nó dhó, níor léir dom cén taobh den bhlúire páipéir a bhí coinnithe agam. Bhí sé taitneamhach spléachadh gan choinne a fháil ar na hábhair a raibh suim agam iontu sna 1980aí, ach ní raibh drogall orm fáil réidh le 80 % de na cáipéisí a bhí curtha i dtaisce agam tríocha bliain ó shin. Is cinnte nach mbeadh an céatadán chomh hard sin murach an t‑idirlíon: cad is fiú forlíonadh an Irish Times ar thorthaí olltoghchán na bliana 1987 a choinneáil, mar shampla, nuair is leor dreas beag Googlála chun teacht ar an eolas céanna? Ar an láimh eile, d’aimsíos seoid nó dhó i dtóin an bhosca a bhí ligthe i ndearmad agam. Is é an mhír is suimiúla ar fad ná colún le Liam de Paor, staraí agus seandálaí, a foilsíodh ar an Irish Times agus a chuir ag machnamh mé ar an mbealach inar tháinig mé ar an tuiscint atá agam ar stair na hÉireann nuair a léas é.

Alt le Liam de Paor ar thugas suntas dó sa bhliain 1984.
     Cé nach bhfuil dáta ar cholún an Phaoraigh, tá sé le tuiscint ón tagairt inmheánach don Fhóram Nua-Éireann, agus ón gcartún d’Indira Gandhi le Martyn Turner a foilsíodh in éineacht leis, gur ag deireadh mhí na Bealtaine nó ag tús mhí an Mheithimh sa bhliain 1984 a scríobhadh é. Ní raibh cuimhne dá laghad agam ar an alt sular aimsíos é i measc na ngearrthóg, ach nocht Liam de Paor tuairimí ar stair na hÉireann atá go hiomlán cruinn, dar liom, cé gur annamh a fheictear iad i gcló. Féach an sliocht seo a leanas:
If the central nationalist tradition is not republican, what is it? Its roots go far back into Irish history, but we needn’t pursue them beyond, say, the 17th century. At that time serious attempts were made to re-formulate mediaeval political ideas. Two ideas in particular were formulated and emphasised. One was that Ireland was an old, civilised, Christian nation. The other was that the kingdom of Ireland was a distinct entity which should be autonomous. 
     The first formulation was given expression by the ‘Four Masters’ and Geoffrey Keating, among others, it opposed the view that the Irish had been brought to civility and, as it were, into European history, by Henry II, and his successors, from a state of benighted barbarism. 
     The second formulation was given expression in documents prepared for the Catholic Confederation of Kilkenny; and again by the ‘patriot parliament’ of James II. It was to re-surface within the 18th century Protestant ascendancy when they began to cast about for a formula of political autonomy. But it was difficult for them to handle. In its original, Catholic, form it carried the implication that the established Church of Ireland should be the Roman Catholic Church.
Leag de Paor a mhéar ar fhadhb a scrúdaíos sa leabhar liom dar teideal Irish Opinion and the American Revolution, 1760-83 (2002):
Had the great mass of the Irish people of the 18th century shared the fate of the American Indians, the colonial ascendancy might have been able to emulate the American colonists and sustain a formula of autonomy, perhaps even independence. But the ascendancy could not break with England without accommodating the Irish Catholics, and could not accommodate the Irish Catholics without losing its position of privilege.
Agus — an rud is annamh is iontach — d’aithin an staraí éirimiúil seo an leanúnachas idir cultúr polaitiúil an 18ú céad agus cultúr polaitiúil an 19ú céad:
Nationalist movements of the 19th century for the most part continued to draw, directly or indirectly, on the old concept of the ancient and autonomous kingdom of Ireland. That the old monarch should continue to wear the crowns of England (or Great Britain) and Ireland was acceptable. But the Irish crown should be seen to be a distinct one ... The idea is embodied in much of the imagery of the romantic nationalism of the last century. Tom Moore, for example, drew his model of Irish history from 18th century writers like Sylvester O’Halloran, whose own models can be traced back (through popularisations like [Aodh Buí] Mac Cruitín’s at the beginning of that century) to Keating. The sentimental laments of the ‘Irish ballads’ passed on the message to the English-speaking Ireland of the later 19th century.
Is leagan gonta é sin den téis atá curtha i láthair agam in Ó Chéitinn go Raiftearaí: mar a Scríobhadh Stair na hÉireann (2011) agus in The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland (2017).

Leabhair le Liam de Paor
     Níor ghabhas le stair i gceart go dtí an bhliain 1986 nuair a leagas cos ar an runga is ísle den dréimire acadúil: rang na chéad bhliana in UCD. Ar an drochuair, ní raibh aon teagmháil agam le Liam de Paor mar chuaigh sé amach ar pinsean an bhliain chéanna. Tháinig mé faoi thionchar ollaimh eile a bhí san ollscoil ag an am, áfach, cé nár bhain seisean le Roinn na Staire. Theastaigh uaim ón tús céim aon-ábhair sa stair a dhéanamh ach bhí trí ábhar éigeantach don chéad bhliain. Roghnaíos an Ghaeilge agus an Fhraincis mar cheapas gur lú an stró a bhainfeadh leis na hábhair sin ná le hábhar ar bith eile: léinn Comhar agus Le Monde go rialta, bhí rialacha gramadaí na dteangacha ar eolas agam ón meánscoil, agus ní bheadh le déanamh agam ach cúpla úrscéal agus dornán dánta a léamh. B’shin an plean a bhí agam agus b’shin mar a thit cúrsaí amach. D’fhágas na teangacha i mo dhiaidh ag deireadh na chéad bhliana, Tonn Tuile agus L’Étranger léite agam, agus chuas leis an stair go lán-aimseartha sa dara agus sa tríú bliain. Ach tharla rud nach raibh coinne agam leis: ba leor bliain amháin a chaitheamh ag plé leis an nGaeilge in UCD, agus Breandán Ó Buachalla ina ollamh le Nua-Ghaeilge ann, chun tábhacht na litríochta mar fhoinse staire a chur ar mo shúile dom. Ní cuimhin liom anois an rabhas sa chéad bhliain nuair a léas na haistí leis dar teideal ‘Na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn: Cing Séamas’ (1983), ‘An mheisiasacht agus an aisling’ (1983), agus ‘Annála Ríoghachta Éireann is Foras Feasa ar Éirinn: an comhthéacs comhaimseartha’ (1985), ach is cinnte gur léas iad sular bronnadh céim an B.A. orm (le céad onóracha, bíodh a fhios agat!) sa bhliain 1989. Ligeas mo scíth go ceann bliana sular chláraíos le haghaidh céim mháistreachta sa bhliain 1990. Roghnaíos M.Phil. sa léann Éireannach seachas M.A. sa stair toisc gur theastaigh uaim luí isteach ar na lámhscríbhinní Gaeilge agus ba léir dom nach bhfaighinn an oiliúint a bheadh riachtanach i Roinn na Staire. Chuas i dtaithí ar na foinsí Gaeilge de réir a chéile nuair a bhí an tráchtas máistreachta á scríobh agam. Dá gcuirfí ceist orm coicís ó shin, déarfainn gurbh í an taithí sin, maille le scríbhinní an Bhuachallaigh, a mhúnlaigh an tuiscint atá agam ar stair na hÉireann.

     Ach nílim cinnte go réitíonn colún Liam de Paor leis an insint thuas. Ní bheadh sé iomarcach a rá go bhfuil cur síos achomair san alt sin ar an léamh atá agam ar stair na hÉireann anois. Is áirithe gur léas an t-alt nuair a foilsíodh é sa bhliain 1984. Caithfidh gur imigh téis an údair i bhfeidhm orm nó ní bheadh an ghearrthóg curtha i dtaisce agam. An rabhas ar aon fhocal leis an bPaorach an tráth úd? An tuiscint atá agam ar stair na hÉireann anois, an amhlaidh go raibh sí agam chomh luath leis an mbliain 1984 — is é sin le rá, dhá bhliain sular thosaíos ar chúrsa an B.A. agus sé bliana sular thosaíos ag plé le foinsí príomha na Gaeilge? Nó an amhlaidh go rabhas idir dhá comhairle maidir leis an alt ach gur mhúscail sé fiosracht éigin ionam? Níl a fhios agam, mar ní cuimhin liom é a léamh, ach tá leide amháin ann: tá tagairt san alt d’Aodh Buí Mac Cruitín — an fear ceannann céanna a bhí mar ábhar do mo thráchtas máistreachta agus don chéad leabhar liom, An Crann os Coill (1995). Ní mise a roghnaigh é mar ábhar taighde, áfach. Seo mar a tharla. Bhí ábhar tráchtais á lorg agam a mbeadh baint aige leis an stair agus leis an nGaeilge ar aon, ach bhí sé ag dul díom ábhar oiriúnach a aimsiú. Chuas i gcomhairle leis an Dr Alan Harrison a bhí ina stiúrthóir ar chúrsa an Léinn Éireannaigh ag an am agus b’eisean a mhol dom taighde a dhéanamh ar Aodh Buí Mac Cruitín. A luaithe is a bhí an moladh sin cloiste agam, bhraitheas go raibh solas tar éis lasadh i m’intinn. D’aithníos ar an toirt nach bhféadfainn ábhar taighde níos feiliúnaí a fháil. Shiúlas caol díreach ó Roinn na Gaeilge go dtí rannóg na mbailiúchán speisialta sa leabharlann, d’iarras cóip de leabhar staire an Chruitínigh (A Brief Discourse in Vindication of the Antiquity of Ireland, 1717), agus chromas ar an taighde. Ach cén fáth ar ghlacas chomh réidh sin leis an moladh a dhein Alan? Cé gur údar tábhachtach é an Cruitíneach, caithfear a rá gur údar gan iomrá é chomh maith. Déarfainn gur fíor é sin fós, cé go bhfuil leabhar ar a shaothar scríofa agam agus díolaim roghnaithe dá chuid dánta curtha in eagar agam idir an dá linn. Is beag trácht a bhí déanta ar Aodh Buí Mac Cruitín nuair a bhí ábhar tráchtais á lorg agam sa bhliain 1990; dá ainneoin sin, bhí a fhios agam go maith cérbh é nuair a chualas a ainm. Is fíor go bhfuil tagairtí dó sa leabhar suimiúil le Alan Harrison dar teideal Ag Cruinniú Meala, leabhar a foilsíodh sa bhliain 1988, ach ní raibh an saothar sin léite agam sular thosaigh mé ag obair ar an tráchtas.

     Níl sa mhéid seo ach teoiric, ach sílim anois go mb’fhéidir go raibh ainm Aodha Bhuí neadaithe i mo cheann go fo-chomhfhiosach ón uair a léas an tagairt dó in alt Liam de Paor. Más fíor é sin, cá bhfios nár cuireadh síolta eile an tráth céanna a phéacfadh ar ball?

Liam de Paor: staraí, seandálaí agus colúnaí cumasach.

Iarscríbhinn:


Tá téacs an leabhair is déanaí liom i lámha foilsitheora anois. Beidh tuilleadh eolais le léamh anseo go luath.

20/08/2017

Ag scríobh liom 2

Ní rabhas anseo le ráithe anuas ach ná ceapaigí go bhfuilim díomhaoin. Nílim, ná baol air. Is amhlaidh go bhfuil leabhar nua á scríobh agam, i nGaeilge an babhta seo. Tá súil agam go mbeidh an téacs réidh roimh dheireadh na míosa seo chugainn agus go mbeidh sé le fáil sna siopaí in am do mhargadh na Nollag. Beidh tuilleadh eolais agam daoibh i dtaobh an leabhair seo an mhí seo chugainn.

     Idir an dá linn, tá díolaíocht mhaith ar The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland i gcónaí agus tá áthas orm a fhógairt go mbeidh leagan faoi chlúdach bog le fáil sna siopaí i gceann seachtaine nó dhó. Ar ndóigh, beidh an leagan bog cuid mhaith níos saoire ná an leagan crua. Athchló seachas eagrán nua atá i gceist agus níl athscríobh déanta ar an téacs, ach bhí deis agam botúin chló a cheartú. Anseo thíos tá liosta de na hathruithe go léir a dheineas:
Leathanach 43:           they were slain > who were slain
Leathanach 63, fonóta:            (9 William, c.1) > (9 William III, c.1)
Leathanach 102, fonóta:           an Talfhuil > an Tálfhuil
Leathanach 112:            Turgéisius > Turgésius
Leathanach 112:           dá gcéasadh > á gcéasadh
Leathanach 112:           Értoin > Éarton
Leathanach 203:            foresaking > forsaking
Leathanach 229:            bheith ‘na > bheith ’na
Leathanach 229:            Ó Dóirnín > Ó Doirnín
Leathanach 252:            monarch, George II was > monarch, George II, was
Leathanach 268:            of Gadelus who > of Gadelus, who
Leathanach 300:            scéal díbh > scéal daoibh
Leathanach 300:            baol díbh > baol daoibh
Leathanach 302            he’ll topple > they’ll topple
Leathanach 311            Habsberg > Habsburg
Leathanach 315, nóta 26:            an t-Aos > an tAos
Leathanach 315, nóta 29:            agus an taos > agus an t-aos
Leathanach 315, nóta 33:            Penal laws > Penal Laws
Leathanach 315, nóta 35:            Ó Cheitinn > Ó Chéitinn
Leathanach 317, nóta 43:            an t-Aos > an tAos
Leathanach 337:            an t-Aos > an tAos
Má cheannaigh tú an leagan crua, tig leat na ceartúcháin a bhreacadh i do chóip féin.

Clúdach cúil an leagain úir

07/05/2017

Tuarisc ar an seoladh

Seoladh an leabhar is déanaí liom, The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland, an 11 Aibreán, san Acadamh Ríoga i mBaile Átha Cliath. I measc na ndaoine a d’fhreastail ar an ócáid bhí scoláirí aitheanta mar James McGuire (a stiúir mo thráchtas máistreachta fadó), Andrew Carpenter, Bernadette Cunningham, Michelle O Riordan, Éamonn Ó Ciardha, Mícheál Ó Siochrú agus Éamon Ó Ciosáin. Thug Alan Titley caint mholtach a bhí téagartha agus géarchúiseach, cé gur bhraith sé go raibh roinnt de na haistriúcháin sa leabhar ró-shéimh agus nár éirigh liom boirbe, gairge agus graostacht na mbunleaganacha a thabhairt liom i gcónaí. Tá súil agam go bhfeicfear a chaint i gcló amach anseo.

     Ag tús mo chainte, ghabhas buíochas le hAlan as an moladh a thug sé don leabhar ag an seoladh agus, go mór mór, as an moladh a thug sé dó nuair a léigh sé an chlóscríbhinn ar son na bhfoilsitheoirí bliain nó dhó ó shin. Ghabhas buíochas chomh maith le Mike Collins agus le Maria O’Donovan, na baill d’fhoireann Chló Ollscoile Chorcaí a rabhas ag plé leo, as a gcuid cúirtéise agus gairmiúlachta ó thús deireadh an phróisis. Bhí sé de gheasa orm ábhar an leabhair a mholadh, ar ndóigh, ach shíleas go raibh cead agam dhá ghné den saothar a mholadh nach raibh baint agam féin leo: mar atá, an eagarthóireacht agus an dearadh—idir mhaisiú an chlúdaigh agus chlóghrafaíocht an téacs.

     Níor theastaigh uaim moill ró-mhór a chur ar an lucht éisteachta, ach bhraitheas gur chóir dom rud éigin a rá faoi théama an leabhair a bhí á sheoladh. Thógfadh sé ró-fhada orm achoimre a dhéanamh ar théis an leabhair—agus níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid ós rud é go raibh an dream a bhí i láthair ar tí é a cheannach. Ina ionad sin, dúras gur theastaigh uaim a n-aird a dhíriú ar roinnt impleachtaí a bhain leis an saothar. Is i mBéarla a labhair mé, ós rud é gur leabhar Béarla a bhí le seoladh, agus ní raibh téacs na cainte scríofa amach agam roimh ré. Ní raibh os mo chomhair ach cúpla pointe a bhí breactha ar chlúdach litreach. Fágann sé sin nach féidir liom téacs na cainte a thabhairt anseo focal ar fhocal, ach tá an clúdach litreach le m’ais agus an tuairisc seo á scríobh agam agus déanfaidh mé mo dhícheall leagan Gaeilge den chaint a thugas ar an oíche a athchruthú anseo thíos ...

Mise agus Alan Titley, ag labhairt i láthair Mike Collins ó Chló Ollscoile Chorcaí

Óráid an tseolta

Tá trí cinn de cheachtanna, de thátail, nó d’impleachtaí a eascraíonn ón leabhar seo ar mhaith liom bhur n-aird a dhíriú orthu.

     Is é an chéad tátal tábhacht an leanúnachais. I dtreo dheireadh an leabhair [féach leathanach 309], tá tagairt agam do ráiteas a dhein Roy Foster inar áitigh sé go bhfuil béim ar leith curtha ag staraithe na hÉireann ar an neamhleanúnachas le tamall anuas. Táim ar aon fhocal leis an Ollamh Foster faoin méid sin, ach creideann seisean gur rud maith é agus táimse ar mhalairt tuairime. Is annamh a bhíonn neamhleanúnachas le feiscint i stair tíre ar bith. Dá n-iarrfaí orm sampla den neamhleanúnachas a thabhairt i stair na hEorpa, is dócha go smaoineoinn ar na himeachtaí a tharla sa Phrúis Thoir sa bhliain 1945 nuair a aistríodh an pobal Gearmánach amach as an gcúige gur lonnaíodh pobail nua, idir Pholannaigh agus Rúisigh, ina n-áit. Ní léir dom gur tharla a leithéid d’eachtra riamh i stair na hÉireann. Cibé athruithe a tháinig ar an gcóras rialaithe nó ar úinéireacht na talún abhus, lean sciar maith den phobal dúchais orthu ag maireachtáil san áit inar mhaireadar riamh. Agus má thagann an pobal slán, tiocfaidh traidisiúin, creideamh, dílseachtaí, cultúr agus féiniúlacht an phobail sin slán. Athraíonn cultúir, ar ndóigh, ach ní thar oíche a tharlaíonn sé: éabhlóid a bhíonn i gceist agus ní bhriseann sé an leanúnachas. Is fearr liom i gcónaí bheith ag plé le samplaí ón stair ná le teoiricí teibí agus ritheann dhá shampla liom ós rud é go bhfuilimid bailithe anseo faoi dhíon an Acadaimh Ríoga. San 11ú céad, chum file darbh ainm Gilla Cáemáin dán dar tús ‘Éire ard inis na rí’ inar rianaigh sé ríthe págánacha na hÉireann ó Shláine, an chéad rí a bhí ar na Fir Bolg, go dtí Lóeguire, a bhí ina rí ar Theamhair nuair a chuir Pádraig tús lena mhisean in Éirinn. Céad éigin bliain dár gcionn, chum file darbh ainm Gilla Mo Dutu Ua Casaide dán dar tús ‘Éire ógh inis na naomh’ a rianaigh ríthe Críostúla na hÉireann ó Laoghaire go dtí Máel Sechnaill II. Is sa Mheán-Ghaeilge a cumadh na dánta seo, ar ndóigh, ach leasaigh scríobhaithe iad de réir a chéile chun an teanga a chur in oiriúint do Ghaeilge a linne féin agus leanadar orthu á gcóipeáil anuas go dtí lár an 19ú céad. Tuairim is tríocha cóip den dá dhán ón 18ú agus an 19ú céad atá ar caomhnú i gcnuasach an Acadaimh Ríoga amháín. Is eiseamláir ghlinn é seo de leanúnachas an chultúir in Éirinn. Leanúnachas is ea é a bhfuil formhór na staraithe dall air, ach caithfear é a chur san áireamh más mian linn stair na tíre seo a thuiscint.

     Is é an dara tátal ar mian liom bhur n-aird a dhíriú air tábhacht na heisceachtúlachta. Má tá an leanúnachas as faisean, ní taise don eisceachtúlacht é. Ní féidir a shéanadh go bhfuil claonadh sa staireagrafaíocht faoi láthair chun stair na hÉireann a shamhlú le cúrsa na staire i dtíortha Eorpacha eile, agus chun beag is fiú a dhéanamh de na tréithe sainiúla a dhealaíonn stair na tíre seo ón norm Eorpach. Ach ní féidir stair na hÉireann a scrúdú gan eisceachtaí suntasacha a thabhairt faoi deara inti. Sa 16ú céad, mar shampla, ba í Éire an t-aon ríocht i gCríostaíocht an iarthair nár ghlac leis an bprionsabal ‘cuius regio, eius religio’ (‘an té ar leis an réigiún, is leis an reiligiún’). Ina ionad sin, bhuail an Reifirméisean ding sa scoilt idir an pobal agus an stát. Arís, sa 17ú céad, díothaíodh na huaisle dúchasacha, idir Ghaeil agus Shean-Ghaill, agus fuair aicme cheannais nua thar cuan isteach seilbh ar thailte na hÉireann. Go bhfios dom, níl ach sampla amháin eile san Eoraip atá inchurtha le cás na hÉireann: mar atá, an Bhoihéim, ríocht inar chaill na huaisle Protastúnacha, ar Sheicigh iad a bhformhór, a n-eastáit nuair a bhris arm Caitliceach an Impire Ferdinand II orthu ag cath an tSléibhe Bháin [Bílá hora]. Cé nach raibh an t-aistriú talún chomh forleathan sa Bhoihéim is a bhí in Éirinn, b’fhéidir gur mhó an claochlú é ansiúd toisc gur tharla sé in aon gheábh amháin. Ach má tharla aistriú talún ar an scála céanna i dtír Eorpach eile sa ré nua-aoiseach, ní heol domsa é. Agus maidir leis an 18ú céad, ní fhéadfainn an leabhar atá á sheoladh anocht a scríobh in aon chor mura mbeadh cultúr eisceachtúil ag Éireannaigh na linne: is amhlaidh go raibh litríocht á saothrú i dteanga an phobail anseo a bhí neamhspleách go hiomlán ar an gclódóireacht. Go bhfios dom, ní raibh ach tír amháin eile in iarthar na hEorpa sa chás céanna: tír atá níos imeallaí fós ná Éire, mar atá, an Íoslainn. Agus tamall gearr i ndiaidh na tréimhse atá faoi chaibidil sa leabhar seo, tharla tubaiste mhillteanach an ghorta mhóir, tubaiste a chuir tús le himirce ar scála ollmhór agus a d’fhág go mbeadh titim leanúnach ar dhaonra na hÉireann go dtí an dara leath den chéad seo caite. Ní féidir a shéanadh go bhfuil eisceachtaí carntha ar eisceachtaí i stair na hÉireann. Is fíor, ar ndóigh, go bhfuil stair gach tíre eisceachtúil, sa mhéid is go bhfuil stair dhifriúil ag gach tír, ach ní féidir liom éalú ón tuairim go bhfuil stair na hÉireann níos éagsúla leis an norm Eorpach ná startha na dtíortha eile máguaird.

     Is é an tríú tátal ar mian liom labhairt faoi ná tábhacht na bhfoinsí príomha. Is é mionscrúdú na bhfoinsí bunaidh an bhunchloch a bhfuil staidéar na staire tógtha uirthi. Is éigean go mbeadh an staraí gairmiúil in ann na foinsí príomha a bhaineann leis an ábhar taighde atá idir lámha aige a thuiscint agus a scagadh. Ar an drochuair, is minic a dheintear neamhshuim den phrionsabal seo in Éirinn. In ionad iad féin a thumadh i bhfianaise chomhaimseartha na bhfoinsí bunaidh, tá luí aimhleasta ag staraithe na hÉireann le teoiricí réamhdhéanta a cruthaíodh i dtíortha eile. Is fusa go mór teacht ar thagairtí don ‘moral economy’, don ‘public sphere’ , don ‘ancien régime society’—coincheapa nach cuidiú dúinn iad chun stair na hÉireann a thuiscint—ná ar shleachta as litríocht chomhaimseartha na Gaeilge i staireagrafaíocht an 18ú céad. Is é Jonathan Clark, staraí Sasanach, a d’áitigh gur ‘ancien régime society’ é Sasana i rith an 18ú céad ‘fada’, aois nár chríochnaigh gur leasaíodh an pharlaimint sa bhliain 1832. Seo mar a mhínigh sé an téarma sin: ‘gentlemen, the Church of England, and the crown commanded an intellectual and social hegemony’. Sílim gur cur síos cruinn go leor é sin ar shochaí Shasana san 18ú céad, ach tugaim bhur ndúshlán The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland a léamh agus a rá liom ansin go raibh ceannas intleachtúil ag daoine uaisle, ag cléir na heaglaise bunaithe, nó ag ríthe Shasana in Éirinn an 18ú céad.

     Má spreagann an leabhar seo staraithe na hÉireann chun níos mó airde a thabhairt ar an leanúnachas, ar an eisceachtúlacht agus—go háirithe—ar fhianaise na bhfoinsí príomha, raghad abhaile, mo ghnó agam críochnaithe.

25/03/2017

Seoladh leabhair

An t-óráidí, an leabhar atá le seoladh, agus an láthair

Tá na socruithe déanta anois le haghaidh sheoladh an leabhar is déanaí liom, The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland, agus tá áthas orm gurb é Alan Titley, iar-ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, duine de na húdair is céimiúla agus is bisiúla dá bhfuil ag scríobh sa Ghaeilge faoi láthair, agus colúnaí seachtainiúil de chuid an Irish Times, a bhrisfidh an buidéal seaimpéine.

     Seolfar an leabhar Dé Máirt, an 11 Aibreán 2017 ag 6.00 p.m. i gceannáras Acadaimh Ríoga na hÉireann, 19 Sráid Dhásain, BÁC 2.

     Cuirfear sólaistí ar fáil agus beidh fáilte is fiche roimh léitheoirí Chúrsaí Staire ag an ócáid.


25/02/2017

Aigne an phobail san 18ú céad

An t-údar agus a leabhar
Tháinig réamhchóip den leabhar nua liom faoi mo bhráid an lá cheana. Cibé locht a gheobhaidh na staraithe nó (rud a chuireann i bhfad níos mó imní orm) na scoláirí Gaeilge ar théacs an tsaothair, táim sásta nach mbeidh siad in ann an dearadh a lochtú mar tá an slacht céanna ar an imleabhar seo is a bhíonn ar gach leabhar a chuireann Cló Ollscoile Chorcaí amach.

     Go deimhin, b’shin ceann amháin den dá chúis ar chuireas an chlóscríbhinn chucu seachas chuig aon fhoilsitheoir acadúil eile. An chúis eile a bhí agam, dála an scéil, go bhfoilsíonn Cló Ollscoile Chorcaí leabhair i nGaeilge agus i mBéarla. Bhí súil agam, mar sin, go gcaithfí an dua céanna leis na sleachta i nGaeilge is a chaithfí leis na haistriúcháin nó leis an tráchtaireacht i mBéarla. Ní raibh dul amú orm.

     Is gearr go mbeidh an leabhar le fáil sna siopaí maithe leabhar go léir. Ach má éiríonn tú mífhoighneach idir an dá linn, is féidir é a cheannach go díreach ó na foilsitheoirí. Ní gá dom a rá gur sladmhargadh é ar €39.

31/01/2017

Réamhspléachadh

Beidh an leabhar is déanaí liom, The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland, le ceannach sna siopaí leabhar go luath. Idir an dá linn, is féidir réamhspléachadh a fháil air: má tá gach rud ag feidhmiú mar is cóir, beidh sibh in ann an réamhrá a léamh anseo thíos. Nó, mura bhfuil an nasc ag obair, téigh go díreach chuig an leathanach seo.